CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Cuairt ar Majdanek
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

Sa sliocht seo as leabhar taistil mar gheall ar an bPolainn atá á scríobh ag Alan Desmond agus a fhoilseofar i gceann cúpla mí, tá cur síos ar chuairt a thug an t-údar ar shluachampa géibhinn Majdanek in aice le Lublin, i gcuideachta an amhránaí John Spillane agus an fhile Louis de Paor.

Íomhá
An leacht cuimhneacháin ag sluachampa Majdanek
Íomhá
Giúdaigh Lublin á dtabhairt go Majdanek, 3 Samhain 1943
Íomhá
Coirp dhóite in Majdanek
Íomhá
Cuid d'oighinn an tsluachampa géibhinn
Íomhá
An másailéam in Majdanek

Thiocfadh an turasóir is gearr-radharcaí amuigh ar Majdanek gan aon dua. Gar don phríomhbhóthar a thugann cuairteoirí go dtí an sluachampa géibhinn seo tá leacht cuimhneacháin millteach mór a tógadh i 1969 chun comóradh a dhéanamh ar an bhfuascailt a rinne an tArm Dearg ar an áit 25 bliain roimhe sin.

Taobh thiar den leacht cuimhneacháin síneann an sluachampa siar ar mhachaire fairsing féarmhar, agus tá sraitheanna beairicí adhmaid, sreang dheilgneach agus túir faire le feiceáil.

Bhí aon sluachampa dhéag ar thalamh atá laistigh de theorainneacha na Polainne mar atá siad inniu agus ba de réir ordú Heinrich Himmler, an Naitsíoch a bhí i gceannas ar an SS agus ar an Gestapo, a cuireadh Majdanek ar bun. Is iad torthaí an taighde is déanaí go bhfuair 78,000 duine bás anseo san iomlán, agus gur Ghiúdaigh iad 59,000 de na mairbh. B’as Lublin do bhreis is leath na nGiúdach sin, ní nach ionadh agus Lublin ina ionad Giúdach chomh tábhachtach sin roimh an gcogadh. Sna tríochaidí bhí breis is céad sionagóg ag feidhmiú sa chathair agus beagnach 40,000 Giúdach ina gcónaí ansin. Níl fiú 40 ina gcónaí ann anois.

Agus forlámhas glactha ag na Naitsígh ar an gcathair i Meán Fómhair 1939, thug siad faoi na háitritheoirí Giúdacha a locadh. Agus Giúdaigh á dtabhairt go dtí an chathair ó chearnaí eile den Eoraip cuireadh geiteo ar bun i mí an Mhárta 1941 chun iad a choinneáil agus in earrach na bliana dár gcionn luíodh isteach ar mhuintir an gheiteo seo a dhíothú.Bhí 18,000 duine fágtha i ngeiteo Lublin ar an 3 Samhain 1943. Ar an lá seo tugadh go Majdanek iad agus lámhachadh iad go léir. Cuireadh ceol ar siúl le nach gcloisfí na meaisínghunnaí agus scréacha na ndaoine a bhí á gcur chun báis.

Bheadh gá lena leithéid de cheol. Ar na rudaí a théann i gcion ar an té a thugann cuairt ar Majdanek tá a ghiorra is atá sé don chathair. Tá radharc maith ar fhoirgnimh na cathrach ón sluachampa.

Níl aon seans nár chuala bunadh Lublin an sléacht agus an t-ár a rinneadh ar an 3 Samhain 1943.

Bhí an ghrian ag taitneamh ar an lá i mí an Aibreáin ar thóg mé an GHF go Majdanek ach ba bheag a rinne na gathanna teo gréine chun gruaim dhosheachanta na háite a mhaolú.

Téimid ar dtús isteach san fhoirgneamh ina mbíodh na seomraí gáis. Ceanastair gháis ar taispeáint ach seachas sin tá an foirgneamh áir seo nocht folamh. Cóincréit lom féin na mballaí an t-aon rud a leagfá súil air agus gan ar an urlár ach cosán adhmaid. Ach dá loime an foirgneamh is ea is mó a théann uafás an mhéid a tharla ann i gcion ort. Níl mórán ag teastáil chun na mílte a chur chun báis.

Taispeántas Bogaimid ar aghaidh agus téann Louis agus John isteach i gceann de na beairicí adhmaid ina bhfuil taispeántas a dhéanann cur síos ar roinnt de na daoine a cimíodh in Majdanek, mar aon le heolas faoi na Naitsithe a rith an sluachampa. I mbeairic eile tá cás miotail ina bhfuil na mílte bróg ar leis na Giúdaigh a dúnmharaíodh sa champa iad.

Fanaimse féin amuigh faoin aer, áfach. Seo an tríú huair dom cuairt a thabhairt ar Majdanek agus is mó an tsuim atá agam sa ghrúpa Iosraelach atá sa champa in éineacht linn. Déagóirí iad a bhformhór. Iad ar thuras scoile gan dabht. Tá an bhratach Iosraelach ag cúpla duine, buachaill amháin agus an bhratach cuachta thart air, leaid eile agus siombail a thíre crochta os a chionn agus í ar foluain go mórtasach.na cnaipí ar cheamaraí digiteacha á mbrú gan tairiseamh agus roinnt de na déagóirí ag spraoi agus ag suairceas mar a bheidís i bpáirc aonaigh nó in iarsmalann ina bhfuil stair ársa á léiriú nach bhfuil aon bhaint acu in aon chor léi.

corrdhuine, áfach, a bhfuil na deora leis agus cairde cruinnithe timpeall air ag iarraidh sólás a thabhairt dó. Cuireann sé seo an chéad chuairt a thug mé ar Majdanek i gcuimhne dom. Bhí Gearmánach mná i m’fhochair agus níor luaithe cos leagtha aici ar thalamh an tsluachampa ná gur bhris gol glórach faíoch uirthi. Níor fhéad sí dul níb fhaide ná an chéad fhoirgneamh agus rinne cara léi í a thabhairt ar ais go dtí an chathair.

Níl a fhios agam arbh é nádúr mothálach ba chúis leis an ngol nó mothúchán tobann ciontachta a bhuail í nuair a chonaic sí an trealamh a chuir a comhthírigh chun feidhme d’fhonn na milliúin a dhúnmharú.

Pé rud go díreach a bhain deora as an nGearmánach mná, is beag a chuaigh aon cheann de na trí chuairt atá tugtha agam ar Majdanek i gcion orm ar leibhéal na mothúchán. Súim isteach an t-atmaisféar duairc, cuirim figiúirí uamhnacha uafáis de ghlanmheabhair. Tuigim go ndearnadh feall mharfach ar an gcine daonna ar an láthair seo ach is beag a ghoilleann an t-eolas agus an tuiscint seo orm.

Gan baint dhíreach a bheith ag Éire le cúrsaí an Dara Cogadh Domhanda is cúis le patuaire seo na mothúchán, b’fhéidir. Nó an méid sin ama a bheith imithe ó na blianta barbarthachta sin.eirleach a bheith déanta ar an méid sin daoine go bhfuil sé thar chumas na samhlaíochta é a thuiscint i gceart. Nárbh é Stalin a dúirt gur tragóid é bás duine amháin, ach níl i mbás na mílte ach staitistic.

Feicim go bhfuil John ag iarraidh dul i ngleic le staitisticí Majdanek. Léann sé os ard an líon daoine a fuair bás ansin, an líon daoine ar éirigh leo éalú agus an líon daoine a fuasclaíodh. Croitheann sé a cheann le díchreideamh agus léann sé na huimhreacha in athuair.

SracfhéachaintAr aghaidh linn taobh thiar de na hIosraelaigh agus na malaí cruinnithe ag John. Siúlann sé leis agus a cheann cromtha. Cuireann sé in iúl nach dteastaíonn uaidh mórán níos mó ama a thabhairt sa sluachampa géibhinn seo. Aontaíonn Louis leis agus téimid thar bheairicí eile gan ach sracfhéachaint a thabhairt orthu.

Scoithimid na hIosraelaigh agus tugann Louis malartú ról faoi deara. Dar leisean gur siombail í bratach Iosrael den chos ar bolg agus den dúnmharú atá ar siúl faoi láthair, iompar a shamhlódh roinnt daoine leis an íde a d’imigh ar na Giúdaigh le linn an Dara Cogadh Domhanda.

Siúlaimid linn go tapa thar na beairicí codlata agus stiúraim an bheirt eile i dtreo an chréamatóiriam. Ait go leor, tá achar maith idir an foirgneamh créamtha agus na seomraí gáis, rud a fhágann go mbíodh na coirp le tabhairt fad an champa ó na seomraí gáis sula ndófaí iad. Ní foláir mar sin nó gur léir do dhaoine a bhí ina seasamh i scuaine chun dul isteach i bhfoirgneamh na seomraí gáis cad a bhí i ndán dóibh.

I gceann de na seomraí sa chréamatóiriam tagaimid ar na hoighinn. Tá na doirse iarainn oscailte agus tá an taobh istigh mór fairsing. Ní ligeann m’intinn ná mo shamhlaíocht dom glacadh leis gur daoine daonna a cuireadh isteach iontu. Is é an t-aon íomhá amháin a thiocfaidh isteach i m’intinn ná taos aráin á chur isteach agus bollóga breátha blasta á dtarraingt amach.

In aice leis an gcréamatóiriam tá másailéam millteach ina bhfuil luaithreach roinnt de na daoine a dúnmharaíodh in Majdanek. Ag barr an struchtúir shuntasaigh seo tá an abairt Pholainnise “Nasz Los Dla Was Przestroga”, “ár gcinniúint mar rabhadh daoibh”.

Is léir go bhfuil dearmad déanta ag an gcine daonna ar an rabhadh sin breis is uair amháin ón Dara Cogadh Domhanda ar aghaidh, ach b’fhéidir nach cóir iontas a dhéanamh de sin nuair is deacair do shamhlaíocht agus d’intinn an duine meabhair a bhaint as a leithéid d’oilc.

Cuirim glao ar thacsaí chun sinn a thabhairt ar ais go dtí an chathair. Bogaimid i dtreo an phríomhbhóthair, droim á tabhairt againn ar an másailéam. Ag a bhun tá amhrán as Eabhrais á rá ag an ngrúpa Iosraelach. Seans nach dtuigeann siad féin an rabhadh atá le léamh os a gcionn.

Foilseoidh Comhar (www.comhar-iris.ie) an leabhar as ar tógadh an sliocht seo, *Seal sa Pholainn, roimh an Nollaig.*

Is Corcaíoch é Alan Desmond atá ag múineadh na Gaeilge in Ollscoil Chaitliceach Lublin ó bhí mí Dheireadh Fómhair 2003 ann. Foilsíodh úrscéal gearr d’fhoghlaimeoirí leis, An Foghlaimeoir Fásta (Comhar) ag deireadh 2006. Bronnadh an chéad duais air as ábhar léitheoireachta d’fhoghlaimeoirí fásta i gComórtais Liteartha Oireachtas na Gaeilge anuraidh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.