Seo sliocht as “Jude”, le Micheál Ó Conghaile, ceann de na trí dhráma atá le fáil i leabhar a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta le gairid, Jude, Gaeilgeoir Deireanach Charna agus Incubus.
Tá Peadar agus a mháthair chéile, Mary, sa seomra suite. Tá Máire díreach tagtha abhaile ó bheith ag siopadóireacht sa bhaile mór agus tá cúpla blús ceannaithe aici.
(Buailtear trí chnag cineál láidir ar dhoras na sráide agus baintear geit bheag as an mbeirt acu.)
Peadar: Ach cén deabhal? (Sos) Peaitín Rua, siúráilte.
(Cuireann *Mary na blúsanna síos sa mála.* Osclaíonn doras na sráide agus tagann *Peaitín Rua isteach agus gearranáil air. Seanfhear atá ann a bhfuil maide aige. Ach tá sé bríomhar agus fuinniúil go maith agus níl sé ag brath ar an maide*.)
Peaitín (ag siúl isteach i lár an urláir amhail is dá mbeadh taithí mhaith aige air): Dia anseo, Dia anseo is go raibh sé anseo i mo dhiaidh. Cén chaoi a bhfuil sibh inniu?
Peadar: Beo ar éigean, agus thú féin?
Peaitín: Maraithe, a mhac, maraithe ag rith i ndiaidh bitseachaí bodógaí ó mhaidin is gan a’m ach dhá sheanchois is maide agus Rex bocht atá ag éirí caoch. Tá siad chomh badaráilte, na striapachaí.
Mary: Nár cheap mé go raibh tú ag fáil réidh leo cúpla mí ó shin?
Peaitín: Ar ndóigh, bhí is ní raibh, a Mhary, a leana. Bhí is ní raibh, ach d’athraigh mé m’intinn. Bheinn caillte dá n-uireasa. Nach comhluadar iad? Cá bhfios nach ar ais ar an ól a rachainn théis scór bliain. Caitheann siad an t-am dhom, má bhím maraithe amach féin acu.
Peadar: Tá sé in am a’dsa anois, a Pheaitín, an saol a thógáil go réidh dhuit féin.
Peaitín: Cosúil leatsa, ab ea? (Sos) Ar ndóigh tá, ach sé an chaoi a bhfaighinn depressed ar nós leath na tíre, ag déanamh tada. Nach therapy dhom é, an strus a chuireann siad orm.
Mary: Bhuel, is dóigh gur fearr é ná bheith ar tablets, cosúil linne.
Peaitín: Anois atá sé ráite a’d. Tablets nó ól. Nárbh é díol an deabhail é dúiseacht ag a sé a chlog chuile mhaidin, gan a bheith in ann fanacht sa leaba, agus gan aon chúis bheith a’d le n-éirí amach aisti seachas le do bhleadar a fholmhú. (Sos) Níl sí thart, ar ndóigh?
Mary: Níor tháinig sí abhaile fós.
Peaitín: Sin a cheap mé nuair nach bhfaca mé an carr taobh amuigh. Meas tú an mbeidh aon mhoill uirthi?
Peadar: Cá bhfios do Dhia na Glóire. Ceann de na beithígh tinn?
Peaitín: Níl. Dáir. An bhodóg bhuí a bhfuil an dáir caite aríst aici ó aréir, tá sí ag imeacht craiceáilte is ag causeáil trioblóide.
Peadar: Ó!
Peaitín: Céad slán leis na laethantaí nuair a d’fhéadfá bó a bheadh faoi dháir a chur chuig an tarbh gan hup ná há eile bheith faoi. Bhí an bhó happy is bhí an tarbh happy is bhí suaimhneas ag an té a bhí ag breathnú ina ndiaidh. Ach maidir le bheith ag brath ar leithidí veiteannaí leis an jaibín a dhéanamh . . .
Mary (Sos): Nár ghlaoigh tú uirthi?
Peaitín: Nár fhág mé teachtaireacht ar an mobile tráthnóna inné don deabhal, is bhí mé ag ceapadh go bhfeicfinn aréir í nó ar an gcéad rud ar maidin. Ach mo léan. Huh huh. Ba chuma leat dá mbeadh jab mór le déanamh aici, ach nuair nach bhfuil ann ach . . . prodín beag den leaid siúd a thabhairt di. Huh huh.
Peadar: Ní dhearna sí ach casadh thimpeall anseo tráthnóna inné. Agus imeacht.
Mary: Deifir. Meetings.
Peaitín: Ó, deile, meetings. Tá gnótha chuile áit aici ach san áit ar cheart di bheith. Dá reportáilfí í, sách maith aici a bheadh sé.
Peadar: Reportáil ...
Mary: Céard?
(Cloistear duine ag teacht isteach doras na sráide taobh amuigh sa bpóirse. Bíonn *Peadar ar tí éirí.* Tagann Gráinne isteach, mála faoina hascaill.)
Gráinne: Heileo, chuile dhuine. Tá sibh an-chiúin.
Peaitín (go ceanúil): Á, muise, cén chaoi a bhfuil an lady bheag inniu?
Gráinne: Go maith, a Pheaitín. Agus tú féin?
Peaitín: Cheap muid gurb í do mhama a bhí ag teacht, i dtosach.
(Téann *Gráinne trasna an tí agus go béal dorais a seomra féin, ag caitheamh a mála scoile siar ann*.)
Gráinne: Mama! (Gáire) Do chuid beithígh-se!
Peaitín: Deabhal fáil ar bith uirthi nuair is géire a theastaíonn sí. Tá ceann de na bodógaí faoi dháir.
Gráinne: Ó, an-exciting. Breá nach bhfanann sí thuas uilig le do chuid beithígh-se. Cead aici an oíche a chaitheamh le do chuid bodógaí. Shábhálfadh sé badar dhuitse is bheadh suaimhneas anseo a’inne.
Peaitín (ar tí imeacht): Bheadh! Bhuel má thagann sí, tabharfaidh sibh teachtaireacht di.
Gráinne: Cinnte, a Pheaitín. Mura mbeidh mise anseo beidh Mamó anseo. Nó sin scríobfaidh Deaide síos di é. (Gáire)
Peaitín: Lá maith agaibh, mar sin, is go gcúití Dia libh é. Má chastar i mo bhealach féin í stopfaidh mé í.
Peadar: Beidh jab a’d.
Mary: Slán, a Pheaitín.
Gráinne: Slán. (Imíonn *Peaitín.) Ó, bhí tú sa mbaile mór, a Mhamó? (Ag tógáil an mhála den* bhord agus ag féachaint isteach ann)
Mary: Chuaigh mé isteach ar bhus a haon déag.
Gráinne: Blúsannaí? Hmm. Go deas. An bhfuil sé i gceist a’d a dhul chuig ócáid éicint, nó ag taisteal?
Mary: Ó, ní bheadh fhios a’d anois. Taisteal b’fhéidir. Tá Mamó lán le surprises! (Sos) Cé acu dath is fearr leat?
Gráinne: I don’t know. (Féachann sí ar an dá léine agus ansin ar Mhary amhail is dá mbeadh ag iarraidh a dhéanamh amach cé acu ab fheiliúnaí di.) Déarfainn féin an béis, somehow. Tá sé níos nádúrtha dhuitse, níos subtle.
Mary (amhail is nach dtuigeann an focal): Níos . . . subtle?
Gráinne:Yeah, tá an pinc cineáilín . . . cineáilín teann. Aerach. Daring somehow. Thaithneodh an ceann pinc leis an mBulldozer, I’d say. Ach ní pinc ceart é ach oiread. Pinc scéiniúil. No, ní maith liom an pinc théis tamaillín a chaitheamh ag breathnú air. An ceann béis is dóigh. Céard a déarfá thusa, a Dheaide?
Peadar: Bhí an ceann béis roghnaithe a’msa freisin. (Féachann *Gráinne ar a huaireadóir. Tosaíonn sí á hullmhú féin le dul amach arís.*) Ag dul amach aríst!
Mary: Date?
Gráinne: Tá mé ag meeteáil Liam ar feadh tamaillín beag bídeach. Caithfidh mé teachtaireacht a thabhairt dhó. Ní bheidh mé rófhada.
Mary: Déanfaidh mé sandwich sciobtha dhuit.
Gráinne: No, ná déan. Beidh mé alright.
Peadar: Níl sé go maith a’d bheith ag imeacht ag rambleáil ar bholg folamh.
Gráinne: Don’t worry, Dad. Sure, níl aon chuma ocrais ormsa, is tá mé ag iarraidh bheith glanta liom sul má thagann sí. (Sos) Níl mé sa mood le haghaidh inquisition eile nó coinneoidh sí moill orm.
Mary: Níl ná muide, a stór, ach nach féidir linne imeacht i bhfad.
Gráinne: Má chuireann sí ceist, abair nach bhfuil a fhios agaibh cail mé.
Mary: Níl fhios a’inne tada.
Gráinne (ag imeacht le luas): Slán go fóill.
Mary: Slán.
Peadar: Slán, is tabhair aire dhuit féin. (Sos. Ag breathnú amach ina diaidh) Bíonn imní orm faoin gcailín sin.
Mary: Tá beirt a’inn ann.
Peadar: Agus an Liam sin.
(Filleann *Gráinne ar ais le luas agus croitheann a cloigeann i dtreo an dorais.*)
Gráinne: Tá an carr ag teacht. (Ag dul amach an doras cúil) Gabhfaidh mé amach an doras cúil.
Peadar: Dia idir sinn is an t-olc. (Tógann sé scaird nó dhó as an *inhaler agus déanann ar dhoras a sheomra.*) Ní dhéanfaidh tú dearmad bodóg Pheaitín Rua a mheabhrú di?
Mary: Ní dhéanfaidh. Jude, Gaeilgeoir Deireanach Charna agus Incubus
le Micheál Ó Conghaile, Breandán Ó hEaghra, Caitríona Ní Chonaola
(Cló Iar-Chonnachta, 2007, €12)
Le ceannach ar an suíomh www.cic.ie