CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Cead pleanála
Pól Ó Muirí Pól Ó Muirí

Coiméide dhubh le Pól Ó Muirí.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Carachtair:

Mánas, tógálaí

Denis, tógálaí atá ag obair le Mánas

Molly, seanbhean, aintín Mhánais

Susan Dobbin, oifigeach pleanála

Aindí, fear as Béal Feirste

RADHARC A hAON

FX: Istigh. Tá Mánas ag comhaireamh airgid os ard. Tá fuaimeanna tógála le cluinstin taobh amuigh. MÁNAS: Míle. Míle agus céad euro; míle agus dhá chéad euro; míle agus trí chéad euro; míle agus ceithre chéad euro...

FX: Buaileann Denis ar an doras agus tagann sé isteach gan fanacht le cead. Tá sé tógtha go mór le scéal rúnda. DENIS: Bhuel, a Mhánais, éist leis seo...

MÁNAS: Scrios ort, Denis. Chuir tú eagla mo bháis orm. Shíl mé gur gadaí a bhí ionat. Imigh leat, tá mé ag cuntas.

DENIS: Tchím sin. A Dhia, cé dó an t-airgead sin ar fad?

MÁNAS: Ná bac thusa leis sin. Imigh leat. Tá mé ag cuntas.

DENIS: Caithfidh sé go bhfuil cúpla míle euro agat ansin.

MÁNAS: Ná bac, a dúirt mé.

DENIS: An bhfuil tú ag dul síos go dtí an banc?

MÁNAS: Tá coinne agam le fear. Ní bhaineann sé leatsa. Míle is ceithre chéad euro, míle is cúig chéad euro.

DENIS: Nach méanar don fhear a bhfuil coinne aige leat.

MÁNAS: Duine céimiúil atá ann; fear mór le rá.

DENIS: Á, tchím. É féin atá i gceist agat.

MÁNAS: É féin go díreach. Ár bpolaiteoir grámhar...

DENIS: Santach...

MÁNAS: Cíocrach áitiúil féin.

DENIS: Súmaire de pholaiteoir.

MÁNAS: Sprionlóir de pholaiteoir.

DENIS: Tá tú ar lorg cead pleanála.

MÁNAS: Tá agus is é atá costasach mar chead pleanála.

DENIS: Tchím sin. Ach bhuel, tá neart airgid agat ansin, an mbeadh cúpla punt le spáráil agat?

MÁNAS: Nár dhúirt mé leat imeacht? Nach bhfuil obair le déanamh agatsa? Sin an fáth go bhfostaím thú.

DENIS: Ó, cinnte, neart oibre le déanamh agam. Neart.

MÁNAS: Gabh agus déan í mar sin. Míle is sé chéad.

DENIS: An bhfuil cúpla punt le spáráil agat?

MÁNAS: A Dhia!

DENIS: Arú, *sub *beag roimh mo thuarastal. Tá cúrsaí teann go leor an mhí seo.

MÁNAS: Ní thugaim subs. Tá a fhios sin agat.

DENIS: Ní thugann. Ach shíl mé go mb’fhéidir... Bhuel, beidh mé ar shiúl.

FX: Siúlann Denis a fhad leis an doras agus osclaíonn sé é. Cluintear na fuaimeanna tógála níos soiléire. MÁNAS: Go maith. Míle is seacht gcéad ... Hóigh, Denis.

DENIS: Sea?

MÁNAS: Cad é a thug isteach thú, cibé?

DENIS: Ó, ní tada é.

MÁNAS: Abair liom.

DENIS: Arú, scéal beag a chuala mé. Ní tada é. Tá tú gnóthach. Mar a dúirt tú, tá tithe le tógáil.

MÁNAS: Scéal beag?

DENIS: Arú, scéal beag faoi thalamh a bhí ar fáil.

MÁNAS: Cad é an deifre atá ort? Suigh síos. An mbeidh bolgam tae agat?

DENIS: Ní bheidh. Tá tithe le tógáil.

MÁNAS: Suigh. Lig do scíste. Tá tú ag déanamh obair mhór amuigh. Bíodh bolgam tae agat. Talamh, a deir tú.

DENIS: Ná bac. Níl ann ach scéal a chuala mé. Ráfla.

FX: Doirteann Mánas tae isteach i gcupán. MÁNAS: Siúcra?

DENIS: Ní bheidh ... ach beidh briosca agam.

MÁNAS: Cinnte le Dia. Bíodh beirt agat. Tá tú ag déanamh obair mhór amuigh.

DENIS: Ach tá rudaí teann go leor an mhí seo.

MÁNAS: Sub, a dúirt tú?

DENIS: Mura gcuirfeadh sé trioblóid ar bith ort.

MÁNAS: Talamh, a dúirt tú?

DENIS: Talamh mór, de réir mar a chluinim.

MÁNAS: Sub, mar sin.

DENIS: Talamh, mar sin.

FX: Déanann Mánas cuntas os ard agus go cúramach. MÁNAS: Caoga euro?

FX: Suimíonn Denis as a chuid tae go callánach.

MÁNAS: Céad euro?

FX: Itheann Denis a bhriosca go callánach. MÁNAS: Céad go leith euro?

DENIS: Tá an tae seo rud beag te.

MÁNAS: Seo, bíodh tuilleadh bainne agat.

FX: Doirteann Mánas an bainne. DENIS: Go raibh maith agat.

FX: Suimíonn sé an tae arís. MÁNAS: Dhá chéad euro?

DENIS: Díreach i gceart. Tá Molly ag díol.

MÁNAS: M’aintín! An tseanbhitseach sin?

DENIS: Tá sí ag díol.

MÁNAS: Ní dhíolfadh an chailleach sin oiread agus orlach féir leat.

DENIS: Tá sí ag fáil réidh leis an Chluain. Tá sí ag díol gach aon uile acra di.

MÁNAS: Dom mo chuid airgid ar ais.

DENIS: Tá mé i ndáiríre. Gach acra.

MÁNAS: Dá mbeifeá ag fáil bháis den tart, ní dhíolfadh sí drúcht na maidine leat. Níl inti ach seanchailleach cham chantalach chorr.

DENIS: Níor cheart duit labhairt faoi d’aintín mar sin. Níl sé Críostúil.

MÁNAS: Dom mo chuid airgid ar ais.

DENIS: Gach acra.

MÁNAS: Cá gcuala tú an finscéal seo?

DENIS: Bhí an sagart thuas aici.

MÁNAS: Agus?

DENIS: Agus luaigh seisean fáth a chuarta le fear an phoist, a luaigh le Jimí GAA é, a luaigh leis an mhúinteoir scoile é, a luaigh le mo mháthair sa tsiopa é.

MÁNAS: Tá sí ag díol.

DENIS: Gach uile acra.

MÁNAS: Cad chuige?

DENIS: Creideann sí i nDia anois.

MÁNAS: Ní raibh sí le feiceáil sa tséipéal le cuimhne na ndaoine.

DENIS: Ba mhaith léi gníomh mór carthanachta a dhéanamh as a faillí. Mar a dúirt tú, tá a beo ag brath air - a beo síoraí sna flaithis.

MÁNAS: Gach uile acra.

DENIS: Leis an Eaglais atá sí ag dul a dhíol.

MÁNAS: Ar son Dé.

DENIS: Sin an rud a dúirt sí féin – ar son Dé atá sí á dhéanamh, mar chúiteamh ar a peacaí ar fad thar na bliantaí.

MÁNAS: Cén úsáid a bheadh ag an Eaglais leis?

DENIS: Cill.

MÁNAS: Cill?

DENIS: Tá an tseanchill lán go béal le mairbh.

MÁNAS: Peaca a bheadh ann daoine marbha a chur isteach sa talamh sin.

DENIS: Cill. Sin a dúirt sí.

MÁNAS: Ach smaointigh ar na daoine bochta gan dídean.

DENIS: Daoine bochta?

MÁNAS: Sea. Na daoine bochta as an Tuaisceart. Na náisiúntóirí bochta.

DENIS: Ní thuigim.

MÁNAS: Na náisiúntóirí bochta agus iad faoi chois ag na Brits diabhalta.

DENIS: *Brits *diabhalta?

MÁNAS: Iad ag teacht anseo gach samhradh. Chan é, iad ag teitheadh anseo gach samhradh. Teifigh ó na Fir Bhuí...

DENIS: Huh?

MÁNAS: Iad ag éalú ón stát brúidiúil Briotanach agus ag teacht anseo. Gan dídean.

DENIS: Á, tuigim. Gan dídean.

MÁNAS: Gan teach dá gcuid féin.

DENIS: Na *Brits *lofa.

MÁNAS: Agus na mílte mílte euro ina bpócaí acu...

DENIS: Na *Brits *cáidheacha...

MÁNAS: Na céadta mílte euro ina bpócaí acu...

DENIS: Na náisiúntóirí bochta...

MÁNAS: Agus iad ar lorg suaimhnis

DENIS: Suaimhneas...

MÁNAS: Chan é – agus iad ar lorg tearmainn...

DENIS: Tearmann...

MÁNAS: Ina dtithe samhraidh féin...

DENIS: Cois na farraige...

MÁNAS: Ar shiúl ó na *Brits *bradacha...

DENIS: Agus ó na bancanna bradacha fosta...

MÁNAS: Na náisiúntóirí bochta sin le cuntais mhóra bainc.

DENIS: Na créatúir bhochta agus iad faoi chois ag na Brits.

MÁNAS: Peaca a bheadh ann iad a chur ó dhoras, iad a chur thar teorainn ar ais...

DENIS: Peaca a bheadh ann, ceart go leor.

MÁNAS: Peaca marfach a bheadh ann iad a chur thar teorainn ar ais — gan a gcuid airgid a thógáil uathu.

FX: Tosaíonn Mánas agus Denis beirt a gháire go mire diabhalta.

DENIS: Ach níl an talamh agat.

MÁNAS: Chan go fóill. Ach más gníomh Críostúil atá Molly ag iarraidh a dhéanamh...

FX: Leanann Mánas den gháire. CRÍOCH RADHARC A hAON

RADHARC A DÓ

FX: Amuigh. Mánas agus Denis ag caint os íseal le chéile. MÁNAS: Anois, an dtuigeann tú cad é atá le déanamh agat?

DENIS: Em, tuigim.

MÁNAS: Denis, tá sé seo tábhachtach. An dtuigeann tú cad é atá le déanamh agat?

DENIS: Em, ní thuigim.

MÁNAS: Éist, a ghligín. Fág an chaint fúmsa. Labharfaidh mise le Molly, ceart go leor?

DENIS: Ceart go leor.

MÁNAS: Rachaidh mé amach go teach an asail ar ball.

DENIS: Teach an asail ar ball.

MÁNAS: Scaoilfidh tusa mo rún.

DENIS: Scaoilfidh tusa do rún i dteach an asail.

MÁNAS: A phleidhce! Éist. Scaoilfidh tusa mo rún a fhad is atá mé amuigh.

DENIS: Ceart go leor.

MÁNAS: Pillfidh mé, pléifidh muid mo rún. Gheobhaidh mise an talamh agus beidh an lá linn.

DENIS: Pillfidh tú. Ceart go leor. Tá sé agam anois.

MÁNAS: Iontach maith. Anois, ar aghaidh linn.

FX: Buaileann Mánas cnag ar an doras. DENIS: Níl duine ar bith istigh. Tiocfaidh muid ar ais.

FX: Buaileann Mánas cnag eile ar an doras. MÁNAS: Fan. Cluinimse rud inteacht istigh.

FX: Molly ag caint taobh thiar den doras. Ní osclaíonn sí é. MOLLY: Cé atá ann?

MÁNAS: Mise atá ann, a aintín. Mánas, do nia.

MOLLY: An gadaí sin de nia.

MÁNAS: Tháinig mé ar cuairt.

MOLLY: Imigh leat. Níl rud ar bith istigh anseo is fiú a ghoid.

MÁNAS: Ach tháinig mé ar cuairt.

MOLLY: Imigh leat. B’fhearr liom cuideachta na mballaí balbha ná bheith ag éisteacht le do chuid glagaireachta. Scread leat.

DENIS: (sotto voce) Tá muid buailte.

FX: Buaileann Mánas sna heasnacha é.

DENIS: (sotto voce) Óóóóóó.

MÁNAS: Bhuel, ceart go leor, ach níl sé Críostúil agat mé a chur ó dhoras mar seo. Ach bíodh agat. Tá mo dhiúite Críostúil déanta agamsa.

FX: Osclaíonn Molly an doras ar éigean. MOLLY: Críostúil, a dúirt tú, diúite Críostúil?

MÁNAS: Arú, ná bíodh imní ort. Imeoidh mé.

MOLLY: Cad é a thug anseo thú?

MÁNAS: Le tusa a fheiceáil. Ach ná bíodh imní ort. Is dócha go bhfuil an nimh i do chroí i gcónaí.

MOLLY: Fan. Tar isteach.

FX: Osclaíonn sí an doras. Siúlann Mánas agus Denis isteach. MÁNAS: Go raibh maith agat, a Mholly.

MOLLY: Is fada ó bhí muid ag caint.

MÁNAS: Is fada. Tá aithne agat ar Denis, nach bhfuil?

DENIS: An bhfuil tú go maith?

MOLLY: Fáilte romhaibh. Anois. Cuirfidh mé an ciotal síos agus beidh bolgam tae againn.

MÁNAS: Ná cuir trioblóid ar bith ort féin.

DENIS: An bhfuil brioscaí ar bith agat?

FX: Buaileann Mánas é. MÁNAS: (sotto voce) Bíodh múineadh ort.

FX: Molly sa chistin. Scairteann sí leo.

MOLLY: Suígí síos, suígí síos.

FX: Tagann Molly isteach agus tráidire léi. MÁNAS: Cuideoidh mise leat. Seo.

MOLLY: Go raibh maith agat.

FX: Doirteann Molly an tae. MOLLY: Tá bainne agus siúcra ansin daoibh.

DENIS: Agus brioscaí.

MOLLY: Tá dúil agat sna rudaí milse.

DENIS: Bíonn tae rófhliuch gan bhriosca.

MÁNAS: Bhuel, a Mholly, is fada ó bhí muid ag caint.

MOLLY: Is fada ach cá bhfios nach fada go leor é?

MÁNAS: Arú, a Mholly, a aintín, fágaimis na nithe sin san am atá thart.

MOLLY: Bhuel, b’fhéidir.

MÁNAS: Is é rud atá i gceist agam nach bhfuil againn ach muid féin anois. Níl de ghaolta fola agat ach mise agus níl de ghaolta fola agam ach tusa ó, ó, fuair mo thuismitheoirí féin bás. Ar dheis Dé go raibh siad. Suaimhneas síoraí lena n-anam.

MOLLY: Áiméan.

DENIS: Ó, aidh, áiméan.

MOLLY: Tá iontas orm tú bheith ag guí ar son do thuismitheoirí. Ní duine thú a bhí tugtha riamh do phaidreacha.

MÁNAS: Ba pheacach mé.

DENIS: Ó, ba pheacach é; an peacach ba mhó sa cheantar seo. Ainmnigh thusa peaca agus rinne sé é. Drúis, saint, goid. Ó, tá siad uilig déanta aige. Sin an fáth gur tógálaí é. Dá ndéanfadh seisean a fhaoistin anois, thiontódh sé gruaig an tsagairt liath. Tá mé á rá leat.

MÁNAS: Ach chonaic mé an solas.

MOLLY: Cad é an dóigh?

MÁNAS: Ní thig liom a rá.

MOLLY: Abair.

MÁNAS: Ní thig liom. Ach chuala tú faoi Naomh Pól agus é ar an bhealach go Damascus?

MOLLY: Chuala.

MÁNAS: Bhí mise ar an bhealach abhaile oíche amháin nuair a d’éirigh rud inteacht mistéireach dom.

MOLLY: Labhair Dia leat?

MÁNAS: Chan go díreach. Chuaigh an carr den bhealach mhór agus fágadh sáinnithe i ndíog mé.

DENIS: Díog lán uisce.

MÁNAS: Bhí mé i mbaol mo bháis agus chonaic mé na peacaí uilig a bhí déanta agam.

DENIS: Iad uilig. Drúis agus saint agus na mná pósta ar bhuail sé craiceann...

MÁNAS: Éist do bhéal. Is leor a rá go bhfaca mé an solas.

MOLLY: Tháinig Dia chugat.

DENIS: Ní hé ach seanleaid le tarracóir.

MÁNAS: Bhuel, em, chuir sé ar bhealach mo leasa mé agus shocraigh sé nach bpeacóinn níos mó.

MOLLY: Bhí lámh Dé san obair.

DENIS: Aililiú, aililiú. Glóir do Dhia. Aililiú. An bhfuil brioscaí ar bith eile agat?

MÁNAS: Ó, tá tocht orm. Caithfidh mé dul go dtí an seomra folctha. Gabh mo leithscéal bomaite.

FX: Imíonn Mánas as an seomra. MOLLY: Ní chreidimse é.

DENIS: Ná mise. Rinne tú dearmad de na brioscaí.

MOLLY: Eisean bheith ar bhealach a leasa.

DENIS: Ó, níl ansin ach tús an scéil.

MOLLY: Cad é?

DENIS: Ó, dúirt mé barraíocht. Rún atá ann.

MOLLY: Abair liom. Seo, bíodh briosca eile agat.

DENIS: Tá sé ag fágáil.

MOLLY: Ag fágáil. Cad é an dóigh ag fágáil?

DENIS: Gach aon rud.

MOLLY: Ní thuigim.

DENIS: Gach aon rud ina dhiaidh, an dtuigeann tú? Tá sé ag fágáil gach aon rud ina dhiaidh.

MOLLY: Tá sé ag dul thar sáile?

DENIS: Ní hé. Ag dul bheith ina shagart atá sé.

MOLLY: Sagart!

DENIS: Ach ná habair tada.

MOLLY: Sagart. Eisean. Ní chreidim go nglacfadh an Eaglais leisean mar ábhar sagairt – dá olcas cúrsaí faoi láthair.

DENIS: Nach raibh Naomh Agaistín ina pheacach chomh mór is a shiúil clár an domhain riamh? Agus rinneadh easpag agus fealsamh de. Cá bhfios nach mbeadh an rud céanna i ndán do Mhánas?

MOLLY: Tá sé dochreidte.

DENIS: Chomh dochreidte le do chreideamh féin, b’fhéidir.

MOLLY: Cad é atá tú á mhaíomh?

DENIS: Ní maith duit a shéanadh. Tá tú ar bhealach do leasa féin anois.

MOLLY: Tá, tá.

FX: Tagann Mánas ar ais sa seomra. MÁNAS: Anois, caithfidh muid bheith ag imeacht.

MOLLY: Fan. An fíor go bhfuil tú ag dul bheith i do shagart?

MÁNAS: Denis, d’iarr mé ort gan sin a rá le duine ar bith.

DENIS: Thug sí brioscaí dom.

MOLLY: An fíor?

MÁNAS: Tá mé ag smaointeamh air ach ...

MOLLY: Cad é?

MÁNAS: Ba mhaith liom gníomh mór aithreachais a dhéanamh sula dtugaim faoi.

MOLLY: Ó?

MÁNAS: Tá smaointeamh mór amháin i mo cheann agam ach níl an acmhainn agam le é a chur i gcrích.

MOLLY: Airgead atá de dhíobháil ort.

MÁNAS: Ní hé ach talamh.

MOLLY: Ó?

MÁNAS: Bhí mé ag smaointeamh gur dheas an rud tithe samhraidh a thógáil do shagairt. Tá a fhios agat an drochphoiblíocht a fhaigheann na créatúir sa lá atá inniu ann. Ba mhaith liom baile beag saoire a thógáil dóibh, áit a dtiocfadh siad ar saoire, tearmann.

MOLLY: Tearmann na Sagart.

MÁNAS: Ach an talamh a fháil. Faraor, tá a bhfuil de thalamh agam díolta agus líon lán le tithe.

DENIS: Gach orlach de.

MOLLY: Ach tá, tá...

MÁNAS agus DENIS: Sea?

MOLLY: Tá talamh agamsa.

MÁNAS: Ní thiocfadh liom.

DENIS: Ní thiocfadh leis.

MÁNAS: Bheadh sé éagórach.

DENIS: Bheadh sé éagórach.

MOLLY: Ach ba mhaith liom cuidiú leat.

DENIS: A Mhánais, ba mhaith léi cuidiú leat.

MOLLY: Tóg an talamh agus tóg do thearmann.

DENIS: Tóg do thearmann, a Mhánais.

MOLLY: Tóg é.

MÁNAS: Tógfaidh. Ar son glóire Dé agus onóra na hÉireann, tógfaidh.

FX: Bualadh bos agus liúnna áthais ón triúr. CRÍOCH RADHARC A DÓ

RADHARC A TRÍ

FX: Istigh. Buaileann Mánas cloigín tábla. MÁNAS: Heileo? An bhfuil duine ar bith ag obair inniu?

FX: Tagann Susan isteach san oifig. SUSAN: Is mise Susan Dobbin. An dtig liom cuidiú leat?

MÁNAS: An bhfuil sé féin istigh, an tOifigeach Pleanála?

SUSAN: Níl sé anseo.

MÁNAS: Cá huair a bheidh sé ar ais? Tá gnaithe agam leis.

SUSAN: Bhuel, níl a fhios againn.

MÁNAS: Dia ár sábháil. An ar saoire atá sé?

SUSAN: Bhuel, tá caint ann gur thar lear atá sé.

MÁNAS: Ar saoire?

SUSAN: Bhuel, chan go díreach. (Labhraíonn sí i siosarnach) Tháinig na Gardaí ar a lorg inné. Tásc ná tuairisc air níl le fáil. Deir a bhean go bhfuil sé imithe chun na Spáinne le striapach inteacht.

MÁNAS: Na Gardaí!

SUSAN: Tá fiosrúchán ar siúl faoi na hiarratais a cheadaigh sé. Agus tá caint ann go raibh sé ag fáil airgid ó thógálaithe – agus ná habair gur dhúirt mise sin. Ach sin an chaint ar an tsráidbhaile.

MÁNAS: Tá sin náireach. Náireach ar fad. Caitheann sé smál ar dhea-ainm thógálaithe na hÉireann ar fad. Fiosrúchán a deir tú?

SUSAN: Tá siad ag dul fríd na comhaid.

MÁNAS: (sotto voce) Agus ar lorg na gclúdach donn, gan amhras.

SUSAN: Gabh mo leithscéal? Cad é a dúirt tú?

MÁNAS: Arú, tada, a thaisce, tada. Abair seo liom, cé atá freagrach as cead pleanála a thabhairt anois?

SUSAN: Mise.

MÁNAS: Bean chomh hóg leat, chomh hálainn leat.

SUSAN: Ó, nach agat atá an béal bán. Tá céim sa phleanáil agam.

MÁNAS: Agus tá na rialacha ar eolas agatsa?

SUSAN: Ó, tá cinnte.

MÁNAS: Na rialacha oifigiúla agus neamhoifigiúla?

SUSAN: Ní raibh a fhios agam rialacha neamhoifigiúla bheith ann.

MÁNAS: Níl na rialacha ar eolas agat, mar sin.

FX: Osclaíonn Susan tarraiceán agus tógann amach páipéir. SUSAN: Tá léarscáil agam anseo. Cá háit ar mhaith leat tógáil agus cá mhéad teach atá i gceist?

MÁNAS: Anseo, an Chluain. 100 teach.

SUSAN: Á.

MÁNAS: Cad é an dóigh “á”?

SUSAN: Beidh ráiteas tionchar teanga de dhíth ort ar dtús.

MÁNAS: Ráiteas tionchar teanga. Is cuma liomsa cén tionchar a bhíonn ag teanga ar dhaoine.

SUSAN: Ní bhfaighidh tú cead pleanála gan a leithéid. Agus má tú rún agat céad teach a thógáil, bhuel, tá eagla orm nach bhfaighidh tú go deo é. Smaointigh ar an dochar a dhéanfadh a leithéid d’fhorbairt na teanga. Ní tír gan teanga, tá a fhios agat.

MÁNAS: Níl duine ar bith ina chónaí sa cheantar. Fuair siad uilig bás aimsir an Ghorta Mhóir. Níl ach féar ag fás sa Chluain. Ní tír gan tithe, tá a fhios agat.

SUSAN: Taobh istigh de na teorainneacha Gaeltachta atá sé. Beidh ort ráiteas a aimsiú nó ...

MÁNAS: Abair leat.

SUSAN: Iarraidh ar na polaiteoirí na teorainneacha a athrú.

MÁNAS: Bhí sé chomh maith agam iarraidh orthu na bóithre a dheisiú. Ach, Susan, a rún, níl duine ar bith ina chónaí sa cheantar sin.

SUSAN: Ach an teanga. Caithfidh muid an teanga a chaomhnú.

MÁNAS: Níl tada le caomhnú ann; níl ann ach páirc fholamh.

SUSAN: Ní thig leat oidhreacht na hÉireann a scrios le scéim tithíochta den chineál sin. Ní bheadh na daoine thuas i mBaile Átha Cliath sásta dá ndéanfá sin.

MÁNAS: Oidhreacht na hÉireann! Cén cineál amaidí í sin agat? Nach Éireannach mise? Nach bhfuil mise i mo chónaí anseo oiread chéanna leis na boic mhóra thuas i mBaile Átha Cliath?

SUSAN: Is dócha é.

MÁNAS: Cad é an fhadhb, mar sin, cúpla teach a thógáil ar pháirc fholamh? Ní bheidh duine ar bith i mBaile Átha Cliath ábalta iad a fheiceáil.

SUSAN: Ach...

MÁNAS: Tá a fhios agam...an teanga.

SUSAN: Go díreach.

MÁNAS: A leithéid de sheafóid.

SUSAN: Tá dóigh amháin thart ar an fhadhb.

MÁNAS: Tá a fhios agam. Cad chuige nach n-iarrfainn orainn na teorainneacha a athrú? B’éigean dom díol as gach rud eile. Maith an bhean, Susan, maith an bhean. Dhéanfaidh mé sin.

FX: Imíonn Mánas.

DEIREADH RADHARC A TRÍ

RADHARC A CEATHAIR

FX: Istigh. Denis ag caint ar an ghuthán. DENIS: Arú, níl mórán daoine thart ansin ... le Béarla. Féadaim a rá nach bhfuil ach Gaeilge ag na clocha. Sea, ceantar álainn atá ann. An gcuirfidh mé bróisiúr chugat? Cad é an seoladh atá agat? Tchím... Á há, Bóthar na bhFál. Tá cuid mhór daoine ó Bhóthar na bhFál ag ceannach tithe sa taobh seo tíre. Bhuel, go raibh maith agat anois agus, agus, tiocfaidh ár lá.

FX: Crochann Denis an guthán. Labhraíonn leis féin. DENIS: Tá siad uilig díolta. Beidh mé chomh saibhir le rí na Spáinne. FX: Buaileann an guthán. Freagraíonn Denis é. DENIS: Tearmann na Cluana, tithe samhraidh.

MÁNAS: Mánas atá ann. Éist...

DENIS: Tá siad uilig díolta. Gach ceann acu. Beidh muid chomh saibhir le Brian McEniff.

MÁNAS: Go maith. Éist. Caithfidh muid ráiteas tionchar teanga a ullmhú.

DENIS: Faoi Dhia, cad é sin?

MÁNAS: Tá, caithfidh muid a léiriú nach ndéanfaidh na tithe seo dochar ar bith don Ghaeilge sa cheantar.

DENIS: Níl duine ar bith ina chónaí ann – ach amháin d’aintín.

MÁNAS: Tá a fhios sin agam. Ach sin na rialacha. Caithfidh muid labhairt léi agus gach aon rud a chur ina cheart.

DENIS: Is trua nár chuir tú scairt orm cúpla bomaite ó shin nó tá mé i ndiaidh fear a chur suas chuici. Rachainn leis dá mbíodh a fhios agam...

MÁNAS: Chuir tú fear suas chuici?

DENIS: Aindí a bhí air. Bhí sé ar lorg suíomh tí agus chuir mise suas chun na Cluana é.

MÁNAS: Tá tú chomh tiubh le ...

DENIS: Cad é an dochar?

MÁNAS: Dúirt muid léi gur ag tógáil tithe do shagairt a bhí muid. Má fhaigheann sí amach go bhfuil muid ag díol tithe le lucht samhraidh...

DENIS: Á, bhuel, beidh gach aon rud i gceart; bhí cuma naofa air.

MÁNAS: Gheobhaidh tusa amach cad é an chuma atá ar na naoimh má labhrann seisean le Molly – cuirfidh mise ina gcuideachta thú.

FX: Múchann Mánas an guthán.

DENIS: Heileo? Heileo, a Mhánais. An bhfuil tú ann? Ó, a Dhia, an éistfidh duine ar bith m’fhaoistin?

DEIREADH RADHARC A CEATHAIR

RADHARC A CÚIG

FX: Amuigh. AINDÍ: Dia duit, a bhean uasal Gaeltachta. An bhfuil mé ag an Chluain?

MOLLY: Ó, heileo. An Chluain atá ar an áit seo.

AINDÍ: Iontach. Ionach ar fad. Tá mé anseo don teach.

MOLLY: Ach tá mise i mo chónaí sa teach seo.

AINDÍ: Chan do theach, a bhean chóir. Teach nua. Tá mé ag tógáil teach nua anseo.

MOLLY: Ó, níor thuig mé, a Athair. Fáilte romhat. Níor thuig mé gur sagart a bhí ionat. Níl éide sagairt ort.

AINDÍ: Ní sagart mise, a bhean chóir.

MOLLY: An bhfuil tú ag traenáil le bheith i do shagart? I Má Nuad, b’fhéidir.

AINDÍ: Ní raibh mé riamh i Má Nuad. Chaith mé cúpla bliain sa Cheis. Is dócha go raibh sin cosúil le bheith i do shagart. Bhí cillín beag agam.

MOLLY: Ní sagart thú?

AINDÍ: Ní sagart mé.

MOLLY: Ach cad é an dóigh a bhfuil tú ag tógáil tí anseo?

AINDÍ: Dúirt Denis liom ...

MOLLY: Denis!

AINDÍ: Go raibh tithe ar díol anseo.

MOLLY: Don chléir amháin.

AINDÍ: Níor luaigh sé sin liom.

MOLLY: Muirfidh mé é.

AINDÍ: An gcuirfidh mise fios ar shagart, mar sin?

DEIREADH RADHARC A CÚIG

RADHARC A SÉ

FX: Istigh. Buaileann Mánas cnag ar dhoras Mholly agus osclaíonn go faiteach é. MÁNAS: A Mholly, a stór, Mánas atá ann. An bhfuil tú istigh? Ó, d’éirigh rud iontach greannmhar domsa inniu. Denis, nach mbeadh a fhios agat, chuir sé fear anseo ar lorg tí. Amadán déanta é Denis. Shíl sé gur dhúirt an fear gur sagart a bhí ann. Ach is é rud a dúirt sé gur, gur saidhleoir a bhí ann. Tá a fhios agat na daoine sin as Béal Feirste. Bíonn sé iontach doiligh a gcuid Gaeilge a thuigbheáil in amannaí. A Mholly, an bhfuil tú istigh?

FX: Buaileann Molly Mánas ar a cheann le scilléad agus leanann de bheith á bhualadh le linn an chomhrá. MOLLY: Bréagach! Bréagach!

MÁNAS: A Mholly, cuir an scilléad sin síos. Tig liom gach rud a mhíniú. Míthuiscint a bhí ann.

MOLLY: Bréagach! Muirfidh mé thú. D’inis tú bréag dom; d’inis tú bréag do Dhia.

MÁNAS: Ouch. Molly. Stad. Déanfaidh tú dochar ...

MOLLY: Cuirfidh mé do chorp bradach síos go hifreann.

FX: Buaileann Molly ollbhuille ar Mhánas. DEIREADH RADHARC A SÉ

RADHARC A SEACHT

FX: Amuigh. Clog theach an phobail ag bualadh. Daoine ag rá paidreacha go ciúin le chéile. AINDÍ: Hé, Denis, hé.

DENIS: Heileo, Aindí. Cad é mar atá tú?

AINDÍ: Aidh. Ceart go leor. Hé, Denis, cad é a tharla do do chara?

DENIS: Tragóid atá ann. Maraíodh i dtaisme é.

AINDÍ: Taisme bóthair?

DENIS: Taisme scilléid.

AINDÍ: Cad é an dóigh?

DENIS: Scéal fada atá ann.

AINDÍ: Fuair sé uaigh iontach deas.

DENIS: Fuair. Is é an chéad duine atá curtha sa chill nua seo, Cill na Cluana.

AINDÍ: Ní bheidh tú ag tógáil tithe anseo.

DENIS: Ní bheidh. Bhí an fear thíos ag iarraidh cead pleanála don talamh seo – agus fuair sé cead pleanála de chineál eile, is dócha.

AINDÍ: Mór an trua. Tá cúpla punt le caitheamh agam.

DENIS: Bhuel, tá aithne agam ar sheanbhean atá i dteach na ngealt faoi láthair a bhfuil áit le ligean ar cíos aici. AINDÍ: Níor mhiste liom sin. Aidh. Bheadh sé sin go deas.

DENIS: Bí liom. Teach an-deas atá ann. Níl sé i bhfad ón áit seo. Tá radharc breá ann, trí sheomra leapa...

FX: Scaifte ag imeacht as cill; fuaim sluasaidí ag caitheamh cré isteach in uaigh. CRÍOCH

Gluais • Glossary

tógálaíbuilder

ag comhaireamhcounting

fuaimeanna tógálabuilding noises

Chuir tú eagla mo bháis orm.You really startled me.

gadaíthief

Tchím sin.I see that.

coinneappointment

céimiúildistinguished

santachgreedy

cíocrachgreedy

súmairescrounger

sprionlóirmean

neart airgidplenty of money

go bhfostaím thúthat I employ you

tuarastalsalary

teanntight

beidh mé ar shiúlI’ll be off

níos soiléiremore clearly

gnóthachbusy

bolgam taesup of tea

Lig do scíste.Have a rest.

ráflarumour

beirttwo [biscuits

go callánachnoisily

seanbhitseachold bitch

an chailleach sinthat hag

orlach féiran inch of grass

Dom mo chuid airgid ar ais.Give me my money back.

drúcht na maidinethe morning dew

cantalachquerulous

corrodd<

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.