Seo scéal as cnuasach nua gearrscéalta le Gabhán Ó Fachtna, Bás is Beatha ar an Bhóthar Chreagach.
Níor tháinig sé. Ní raibh a fhios aici cad é ba cheart di a smaoineamh. Ba é seo an chéad uair dár tharla a leithéid. Ní raibh sé mar sin, mar dhuine, agus bhí eagla uirthi.
D’fhan sí sa bhialann ar feadh uaire. B’éigean di admháil di féin go raibh sí ag mothú cineál seafóideach, í suite ina haonar ag tábla do bheirt, cosúil le bean luí dhearmadta. Ní raibh sé ceadaithe toitín a chaitheamh anseo, fiú. Rith sí léi go bhféadfadh sí an ceol a chur ar siúl ar a guthán póca, ligint uirthi go raibh scairt ann di, brostú isteach sa leithreas nó amach ar an tsráid le go mbeadh sí ábalta a rá leis an fhreastalaí go raibh teachtaireacht faighte aici. Athrú pleananna. Ní bheadh sí ag ithe tar éis an tsaoil: bhí a cara ag fanacht léi sa bhaile.
Ach ní raibh. Nuair a tháinig sí abhaile, bhí an chulaith ba cheart dó a bheith a chaitheamh ar crochadh i gclúdach plaisteach sa vardrús fós. Ba é ansin a tháinig an drochamhras faoi. Ach níorbh fhéidir leo an ceart a bheith acu faoina grá, na bastairdí uilig. Níorbh fhéidir.
Ba é bliain go leith roimhe sin a chéadléigh sí faoin cheapadóir Ultach a raibh saghas perpetuum mobile curtha le chéile aige sa bhothán ag bun an ghairdín. Chuir sí scairt ar an nuachtán.
Bhí an t‑eagarthóir thar a bheith sásta coinne a dhéanamh di. Cara Higgins. Bheadh sé ábalta tuairisc eile a scríobh faoin bhean oilte ón ollscoil a thug cuairt ar an cheardaí stuama a lean lorg Dunlop agus Ferguson.
Rinne sí cinnte de gur labhair sí go hoscailte leis an iriseoir. Dá mbeadh an tuairisc ceart, bheadh teoiric na coibhneasachta a chum Einstein mícheart, agus níor chuir sí mórán muiníne san fhéidearthacht sin. Bhí sí sásta nuair a chuir sí an glacadóir ar ais, áfach. Ba é saoire na Cásca é, agus ní bheadh uirthi an lá ar fad a chaitheamh ina haonar sa teach.
Thiomáin fear an nuachtáin chuig an teach í. Tháinig bean go dtí an doras nuair a bhuail sé an clog. Bhrúigh sí í féin in aghaidh na gloine gan an doras a oscailt. Ar éigean a bhí siad ábalta í a thuigbheáil. “Tá sé amuigh sa ghairdín, mar is iondúil. Shíl mé go mbeadh a fhios sin agaibh anois.”
Lean siad an cosán coincréite timpeall thaobh an tí agus shiúil thar cúpla cloch chora ar an fhéar go dtí an bothán. Osclaíodh an doras sula raibh seans ag an iriseoir cnagadh air: shíl sí go raibh díomá air de bhrí go raibh a sheans caillte aige teacht gan fhios ar an “cheapadóir” lena chuid caimiléireachta a nochtadh. Chonacthas do Chara go raibh an fear rompu ró-néata ar dhóigh inteacht. Níor chuir sé ceardaí i gcuimhne di. Bhí sé réasúnta beag, agus bhí geansaí Pringle á chaitheamh aige amhail is dá mbeadh sé i ndiaidh teacht ar ais ó chluiche gailf.
Chroith sé lámh léi. “Is mise Naoise.” Agus ó ba rud é go raibh a fhios aige gur Phrotastúnach í, dúirt sé, “Sin a thugtar go gearr orm. Ignatius an t‑ainm ceart, ar ndóigh.”
“Is mise—”
“Tá a fhios agam cé thú féin. Cuirim spéis sna tuairiscí faoi do chuid oibre sa phreas.”
Rinne sí miongháire múinte mar fhreagra.
“Tagaigí isteach.”
Bhí an bothán beag ní ba chosúla le seomra codlata ná áit ina gcuirfí gléasanna garraíodóireachta agus seanrothair. Bhí saghas leaba luascáin os a gcionn agus seilf leabhar ar an bhalla, a bhí clúdaithe le leacáin polystyrene. D’aithin Cara cóip de Portrait of the Artist as a Young Man sa leathdhorchadas. Bhí dhá chathaoir ann, agus shuigh an bheirt chuairteoirí síos. Bhí an ceapadóir ar a ghogaide.
“An dtig liom cupán tae a thairiscint daoibh?”
Bhí Cara trína chéile. Ní raibh a fhios aici cad é ba cheart di a rá; bhí rud inteacht mícheart anseo. Ach bhí an t‑iriseoir ar a shuaimhneas. “Bheadh sé sin go breá.” Achan seans go raibh agallaimh déanta aige le paraimíleataigh agus dúnmharfóirí — níor chuir rud ar bith isteach air anois.
“Cara?”
“An bhfuil caife agat?” Ní raibh a fhios aici cén fáth ar dhúirt sí é sin. B’fhuath léi caife.
“Cinnte. Cupán tae agus cupán caife.” D’imigh Naoise chun an tí.
Chrom an nuachtóir ina treo agus labhair os íseal. “Tá cead aige úsáid a bhaint as an chistín.”
“Cad é?”
“Talamh neodrach í. Níor chaith sé oíche sa teach le dhá bhliain, agus ní raibh oíche caite aige i leaba a mhná le trí bliana roimhe sin. Tá a fhios ag na comharsana uilig.”
Bhí sé doiligh a chreidbheáil. Chuir Cara an cheist fhollasach. “Ach cén fáth nach n‑imíonn sé?”
“Ó, níl a fhios agam. Bród, b’fhéidir... Caitliceachas... grá dá chuid páistí. Ach tá deireadh leis anois. Tá bean an tí ar tí colscaradh a fháil, agus cuirfear amach é go ceann cúpla bliain. Cuirfidh siad an teach ar an mhargadh nuair a fhágfas an iníon is óige an scoil.”
“Ach—”
“Cogar, tá sé ag teacht ar ais.”
Bhí cuma osréalach ar an chomhluadar. Bhí na cathaoireacha deice ar a raibh siad róbheag, agus bhí an tábla sa chúinne ró-ard. B’éigean do na haíonna na fochupáin phoircealláin a choinneáil ina n‑uchtanna. Mhothaigh Cara an teas fríd. D’ól sí go gasta é: bhí eagla uirthi go dtarlódh tubaiste de chineál inteacht leis an deoch the. Labhair Naoise leo amhail is nach raibh rud ar bith as an ghnách. Nuair a smaoinigh Cara air, thuig sí go raibh sé cleachtaithe lena thimpeallacht. Bhí achan rud pleanáilte le nach ngabhfadh sé an iomarca áite, fiú na cathaoireacha canbháis. Chuir Naoise an buidéal bainne ar cheann de na seilfeanna beaga a bhí scaipthe go neamhrialta thar na ballaí. “Sa gheimhreadh, thig liom é a chur ar leac na fuinneoige.” Rinne sé meangadh gáire. “Sin an cuisneoir s’agamsa.”
Labhair siad faoi rudaí gan tábhacht ar feadh tamaill. Bhí Naoise ag baint taca as an bhalla in aice leis an doras oscailte. Ansin, agus an deoch ólta acu, sheas sé go díreach. “Tá brón orm, ach caithfidh mé iarraidh oraibh na suíocháin a fhágáil anois, a dhaoine uaisle.” Chruinnigh sé na cupáin agus d’fhág ar an chéim iad.
Cuireadh na cathaoireacha ar leataobh, rud a d’fhág spás réasúnta mór ar an urlár. D’oscail Naoise cófra mairnéalaigh faoin tábla nach raibh tugtha faoi deara ag Cara go nuige sin. Thóg sé gléas aisteach amach a bhí cosúil le rótar ó héalacaptar páiste. Ach ba léir go raibh sé curtha le chéile aige féin as corrphíosaí adhmaid. Ní bheadh sé ábalta móran a thógáil, mar héalacaptar.
Chrom Naoise chun an urláir leis an deis a chur ar mheá chothrom ar choirceog a bhí curtha i gcroílár an bhotháin aige. Shleamhnaigh sé tairne trom fada isteach le go bhfanfadh an rud san áit a bhí ceaptha dó. Thiontaigh sé ar ais ar an chófra agus ransaigh ar feadh bomaite. Chuir sé iontas ar Cara nuair a tharraing sé gíorascóp amach den chineál a bhí aici nuair a bhí sí ina cailín scoile. Níorbh é sin ach an chéad cheann, áfach. Chomhairigh sí ceithre cinn acu i líne néata i ngar don ghléas. Chuir Naoise an bailiúchán aisteach ar casadh agus d’fhág ar cheithre chúinne an rótair iad le cúram nár bheag. Sa deireadh, tharraing sé an tairne amach as an choirceog.
Níor tharla a dhath.
D’amharc Cara ar an leabhragán arís. Ní raibh sí ábalta an cheist a fhreagairt ar chur amú ama é. Bheadh sé ina scéal greannmhar nuair a bheadh an ollscoil ar ais, ach bhí eagla uirthi go raibh mealladh bainte aisti. Thiocfadh léi an scéal a shamhailt. An dubh curtha ina gheal ar bhean na hollscoile.
Ach ansin labhair an nuachtóir aríst, agus bhí an port céanna aigesean, buíochas le Dia. “Dúirt tú go n-oibreodh sé. Níl rud ar bith ag tarlúint.”
“Níl rud ar bith ag tarlúint,” ar Naoise. “An ceart agat ansin. Ach fan go bhfeice tú anois.”
Sháigh sé a lámh isteach ina phóca ag cuardach go cúramach lena mhéaracha. Mhair sé cúpla soicind sular aithin sí go raibh slisne tanaí de rud inteacht ina láimh. Bhí sé lonrach liath. Chuir Naoise san áit a raibh an tairne é. Bhí na ceithre ghíorascóp ag rince ar an rótar fós. Níor tharla a dhath.
Ansin, go díreach nuair a bhí sí ar tí rud inteacht tarcaisneach a rá, d’éirigh an rótar ón choirceog. Ní raibh ach leathorlach i gceist, ar ndóigh, ach níorbh fhéidir é a shéanadh. Ba shoiléir go raibh an rud ag eitilt ar dhóigh inteacht. Ní thiocfadh léi rud ar bith a rá. Chuala sí an t‑iriseoir ag mallachtú faoina anáil.
“Cad é mar a oibríonn sé?”
“Níl a fhios agam.”
Níor mhair an t‑iomlán ach sé nó seacht soicind. Rinne an gléas liongadán nuair a stad an chéad ghíorascóp. Thit sé de phreab ar an urlár.
Labhair Cara go díreach. “Cuir ar ais le chéile é.”
Níor shásaigh dada í ach Naoise á dhéanamh arís is arís eile. D’iniúch sí an bothán go cúramach. Ní raibh sreang ná maighnéad ná píosa dorú áit ar bith. Agus d’oibir an cleas achan uair. Ní raibh sí ábalta é a mhíniú. D’impigh sí ar an iriseoir gan an scéal a chur i gcló sa chéad eagrán eile dá nuachtán. Dhiúltaigh sé glan. Bhí an iomarca ama curtha isteach aige dó sin. Sa deireadh, d’aontaigh siad faoi fhoirm focal — rud inteacht faoi “níos mó taighde”. Bhí deacracht aici méid a buíochais a cheilt.
B’in an toiseacht, ansin. D’éirigh léi deonú substaintiúil ollscoile a fháil don cheapadóir. Bhí díospóireacht fheargach ann, ach bhí sí ábalta úsáid a bhaint as a clú.
An rud ba chonspóidí ná an tantalam. Fuair Naoise an rud beag liath a chonaic sí ina láimh as seanghuthán póca nach raibh ag oibriú i gceart. Ní raibh a fhios aige cad é a bhí ann, ar ndóigh, ach bhí tantalam — uimhir 73 sa tábla ar a balla — ar cheann de na miotail ba luachmhaire ar an phlainéad. Níor éirigh an rótar le miotal ar bith eile. Bhí páirt nach beag ag na mianaigh thantalaim in oirthear an Chongó i gcogadh brúidiúil na tíre sin. Maraíodh ceathrú mhilliún sular cuireadh an sos cogaidh i bhfeidhm. Agus anois bhí an miotal céanna de dhíth ar cheapadóir craiceáilte a raibh cónaí air ag bun an ghairdín ionas go mbeadh sé ábalta leanstan ar aghaidh lena chuid iarrachtaí díchéillí.
Ba léachtóir sóisearach a chéadluaigh an fhéidearthacht go raibh caimiléireacht airgid i gceist. Chuir fearg a freagra iontas ar Chara. Scanraigh sí an leaid bocht lena nimh. Ach ansin rith sí léi cad é a bhí ar siúl: bhí sí ag titim i ngrá le Naoise.
Ní raibh mórán spéise curtha aici i bhfir — ná mórán áidh uirthi ina caidreamh leo — go nuige sin. Bhí a cuid oibre san ollscoil ní ba thábhachtaí, agus níor chuir sé mórán díomá uirthi agus é ag éirí ní ba chosúla nach mbeadh clann aici. Seans nach raibh a corp ar aon intinn léi. Ach ní raibh sí ábalta míniú di féin cén fáth a raibh mothúcháin aici don fhear bheag liath sin. Níor tháinig siad den aicme chéanna. Ní raibh sé ar an duine ba dhathúla. Ach b’éigean dóibh a bheith ag obair go dlúth le chéile ar na hiarrachtaí. Ba é Naoise an t‑aon fhear a raibh aithne curtha aici air leis na blianta nach raibh sáite i saol na hollscoile. Ba rud úr agus aoibhinn é. Ag am lóin théidis go dtí ceann de na bialanna i ngar don roinn. Bhí trua aici dó roimhe sin mar gheall ar na ceapairí a thógadh sé leis ar maidin, cáis ar arán bán den chuid ba mhó. An créatúr. Agus í níb óige, shíl sí go ndearna na fir d'aon turas é; bhí sí ag éirí róbhog anois.
Ba chuimhin léi an chéad uair amhail is gur tharla sé inné. Bhí cuireadh tugtha acu do thriúr eile as an roinn le feiceáil an mbeidís in ann uisce faoi thalamh de chineál inteacht a chruthú nó rud inteacht a fháil nach raibh á dhéanamh i gceart aici. Ní raibh siad ábalta locht ar bith a aimsiú, ar ndóigh. Chuaigh siad a cheiliúradh le lón measartha i Duke’s. Níor shíl sí go raibh mórán airgid ag Naoise, agus ba léir go mbeadh sé ag iarraidh íoc as a bhéile féin ar an laghad. Duine den seandream ab ea é. Ach sa deireadh rith sí go dtí an freastalaí ba ghaire nuair a bhí sé imithe ag cuardach an leithris. Chlaon sé ina treo le póg buíochais a thabhairt di, ach thiontaigh sí a haghaidh le nach mbeadh an dara rogha aige ach í a phógadh ar na beola. Bhí sé trína chéile ar dtús, ach ina dhiaidh sin ghéill sé di. Dúirt sé a hainm go híseal faoina anáil. “Cara.”
Agus b’in an rud a bhí de dhíth uirthi anois. Cá raibh sé? Thug sí iarraidh ar scairt a chur ar a theach. A iníon a d’fhreagair, agus í cineál fuar, gan a bheith mímhúinte go díreach. Seans go raibh brionglóid inteacht aici go mbeadh a tuismitheoirí le chéile arís. Is ualach trom í an óige. Ach ar a laghad bhí an cailín sásta insint di nach raibh sé feicthe acu ón mhaidin sin. Thiocfadh léi scairt a chur ar na péas anois.
Níor chodail sí ar chor ar bith an oíche sin. D’amharc sí ar an teilifís, gloine bainne ina láimh nach raibh sí ábalta a chríochnú. Bhí seanrudaí ar siúl ba chuimhin léi as na seachtóidí — an saol iomlán dearmadta sin a bhí aici agus í ag staidéar fós. Ba thrua nár chas siad ar a chéile ansin. Ach ba chuma. Bhí siad le chéile anois. Agus chuirfeadh sé scairt uirthi roimh bhánú an lae, nó gheobhadh sí scairt ó na péas á rá go raibh timpiste aige ach go mbeadh sé ceart go leor. Níor cheart di imní a bheith uirthi.
Níor scairt duine ar bith. Chuaigh sí a luí ar a ceathair, í traochta, chomh fuar neirbhíseach sin go raibh sí ar crith.
Nuair a d’oscail sí doras a hoifige ar an Luan, bhí póilín ag fanacht léi. Tugadh go dtí an stáisiún í. Bhí an t‑airgead uilig a bhí acu don taighde ar iarraidh —chomh maith leis an tantalam ab fhiú i bhfad ní ba mhó ná é sin.
Tharla go raibh éadaí Naoise faighte ar thrá inteacht in aice le Baile an Chaisleáin. Ach níor chreid siad go raibh sé marbh. Rud beag múinte ab ea é. Bhí sé ag iarraidh cruthúnas a thabhairt dá chuid páistí go raibh sé marbh. Ní bheadh aon airgead árachais i gceist i gcás féinmharaithe, ar ndóigh, ach bheadh sé níb fhusa leis an teach agus mar sin de. Ní bheadh ar a bhean é a dhíol anois.
I ndiaidh do na póilíni í a cheistiú ar feadh trí huaire, bhí sé soiléir nach raibh baint ar bith aici lenar tharla. Bhí sé soiléir fosta go raibh sí fágtha ina haonar, chomh haineolach amaideach le duine ar bith eile.
Smaoiníodh sí air ó am go ham agus í sa roinn. Cibé cleas a bhí i gceist leis an ghléas, níor oibir sé anois agus é as láthair. Ní raibh sí ábalta fearg a bheith uirthi leis; bhí grá aici dó fós, a sheafóidí is a bhí sé. Thiocfadh an fuath am inteacht, ar ndóigh.
Smaoinigh sí ar a shaol sa bhothán ag bun an ghairdín, an saol truamhéalach sin. Maith é gur éalaigh sé. Maith é go raibh clóca draíochta curtha le chéile aige as seanrudaí a fuair sé i gcófra a óige, as bubblewrap is Cremola Foam. B’fhada léi é, agus ba mhaith léi iad a bheith le chéile arís. Ba mhaith léi a bheith ag eitilt leis sna scamaill — thar a cathair is thar a saol.
Bás is Beatha ar an Bhóthar Chreagach (Coiscéim, €7.50)
Rugadh Gabhán Ó Fachtna i nGlaschú i 1974. Rinne sé staidéar ar an Ghearmáinis agus ar Léann na hÉireann i Learpholl, agus tá dochtúireacht ar pholasaí teanga i leith Albainis Uladh á críochnú aige faoi láthair in Ollscoil na Ríona. Bronnadh duais Oireachtais ar a ghearrdhráma Blondie, agus tá scéalta leis foilsithe ar *Comhar agus Feasta. Tá cónaí air i mBéal Feirste Thoir.*