Seo sliocht as An Bóthar go Santiago (Cois Life, 2007), an chéad leabhar le Mícheál de Barra as Contae an Chláir. Cín lae oilithrigh atá ann ina rianaíonn sé a thuras pearsanta ar an gconair cháiliúil seo.
Lá a ceathair
5 Meán Fómhair
Ó Cizur Menor go dtí Puente la Reina
Ceathrú tar éis a seacht maidin Dé Domhnaigh. Mé ag siúl trí pháirc phoiblí Cizur Menor amach as an sráidbhaile. Déagóirí callánacha faoi thionchar an óil (agus rudaí nach é, b’fhéidir) ar fud na páirce. Beagán neirbhíseach ag gabháil tharstu. Beannaíonn siad dom – beannú ardghlórach áibhéileach na póite. Maidin aoibhinn álainn gréine gan ach ualach mo mhála ag cur as dom. Fuair mé amach inné go raibh oilithrigh ag dul i gcomhar le chéile lena gcuid málaí a sheoladh ar aghaidh go Puente la Reina i dtacsaí. Cinneadh déanta agam, áfach, an bealach ar fad a chur díom de shiúl na gcos agus mo chuid ‘earraí agus airnéise’ a iompar ar mo dhroim go Deireadh an Domhain ar nós na meánaoiseach.
Tírdhreach na bPiréiní i bhfad taobh thiar díom faoi seo. Thart orm anois tá taobh tíre oscailte, aimhréidh, cnocach clúdaithe le réimsí móra coinligh. Barr na gcnoc faoi bhrat fáschoille. Ní fheadar cén barr a bhí ag fás anseo sular baineadh an fómhar. Arbhar nó cruithneacht, déarfainn.
Lus na gréine gan baint go fóill. Nach gránna an barr é nuair a bhíonn sé aibí le haghaidh an fhómhair. Dath dúdhonn feoite air. Rud marbh, a déarfá. Ní mar a shíltear a bhítear, áfach. Na céadta, na mílte b’fhéidir, d’éin bheaga an aeir ag baint buntáiste as an bhfoinse shaibhir chothaithe seo. Feicim iad ag déanamh ruathair i ndiaidh ruathair ar na síolta. Cothú anama domsa a bheith ag breathnú orthu. Dlúthcheangal idir bás agus beatha. An mbíonn críoch choíche le rud ar bith? An mbíonn bás gan aiséirí? Timthriall ar timthriall. An mar sin a bheidh sé lastall den uaigh?
Leath i ndiaidh a hocht, bainim sráidbhaile *Zariquiegui *amach. Gabhaim thar Eaglais Rómhánúil San Andrés ar mo bhealach isteach. Aon tsráid amháin de thithe seanda cloiche a bhfuil armas teaghlaigh ar chuid acu. Stádas sóisialta san am atá thart? Mustar gan ghustal, b’fhéidir? Éirí in airde gan bhunús? Siar beagáinín ar thaobh na láimhe clé, tá eastát tithe nua á thógáil. Cóngaracht Phamplona is cúis leis an mborradh seo, is dócha. Gan duine ná deoraí le feiceáil ach beirt fhear le gránghunnaí agus madraí ag fiach amuigh sa choinleach.
Tosaíonn an cosán ag ardú i dtreo *Alto del Perdón *(Ard an Mhaithiúnais), mám atá beagnach 800 méadar os cionn leibhéal na farraige.Tamall sula mbainim an mullach amach, tagaim ar an bhfoinse uisce ar a dtugtar *Fuente Reniega *(Tobar an tSéanta). Fuair an fhoinse a hainm ó fhinscéal ag oilithrigh na meánaoise. Ba mhinic iad cráite ag an tart, ar ndóigh. De réir an scéil, nocht an diabhal é féin i riocht siúlóra oilithrigh a bhí stiúgtha ag an tart sa cheantar seo a bhfuil Gambellacos mar ainm air. Gheall sé go dtabharfadh sé chuig foinse fhuar uisce é dá séanfadh sé a chreideamh i nDia. Dhiúltaigh an t-oilithreach sin a dhéanamh. Faoi mar a bheifeá ag súil leis, tháinig *Santiago Peregrino *(Séamus Oilithrigh) chuige agus thug sé uisce le hól do as sliogán an mhuirín.
Bainim barr an mháma amach. Scata oilithreach ag glacadh sosa ann. Aithním roinnt mhaith acu. Cuid acu ag ithe ceapairí faoi theas na gréine, cuid eile ag breacadh dialainne nó ag tógáil grianghraf. Is beag duine a théann thar an áit seo gan grianghraf a thógáil de na dealbha déthoiseacha d’oilithrigh ‘ag gabháil thar bráid’ ar muin capaill nó de shiúl na gcos, cuid acu le hasal mar bheithíoch iompair acu. Dealbha iad a gearradh as miotal láidir tanaí. Ábhar iontais dom nach scuabann na ráigeanna gaoithe a shéideann tríd an mbearna ard seo chun siúil iad. É an-ghaofar go deo anseo inniu in ainneoin gur lá breá gréine atá againn.
Léim inscríbhinn ar leacht a deir: ‘Donde se cruza el camino del viento con el de las estrellas’ (An áit a dtrasnaíonn bóthar na gaoithe agus bóthar na réaltaí a chéile). Is ionann Bealach na Bó Finne agus an Camino de Santiago. Go deimhin, táthar ag baint feidhme as an ngaoth anseo. Sraith de mhuilte gaoithe bána ag síneadh amach ar dheis agus ar chlé. Siosarnach ard ag teacht ó liáin na muilte, an fhuaim ag méadú agus ag laghdú le gach casadh den lann. Níor mhaith liom bheith i mo chónaí róchóngarach dóibh. Crochaim an mála ar mo dhroim. Tógaim cúpla nóiméad chun na radharcanna iontacha siar go dtí Pamplona agus ar aghaidh chomh fada le Puente la Reina a shú isteach. Buailim bóthar arís.
Imeacht le fána atá romham anois go ceann scríbe. Fiche tar éis a deich agus táim ag gabháil trí Utrega, sráidbhaile álainn de thithe cloiche. Preabann mo chroí nuair a thagaim ar chaifé-bheár nua-aimseartha a bhfuil boird faoi scáth amuigh ar an bpatio. Béile breá d’arán úr bán, uibheagán agus Coca-Cola agam. Dreas comhrá agam le Hans, an tEilvéiseach. An-áthas air go bhfuil toradh fónta ar an gcomhairle a chuir sé orm faoi chriosanna an mhála a fheistiú orm. Nach gcuireann sé ardú meanman i gcónaí orainn gar a dhéanamh do bhráthair? É tugtha faoi deara agam nach bhfuil leigheas níos fearr ar an ngalar dubhach ná gar a dhéanamh do chomharsa i ngátar.
Ar an mbóthar arís. An ceantar thart orm ar nós uibheacha i gciseán – cnoic, cnocáin agus tulacha – iad ar fad faoi choinleach ach go bhfuil corrphaiste caschoille sna clúideacha nach féidir leis an innealra a shroichint. Ní fada go bhfeicim an chéad fhíonghort atá tugtha faoi deara agam ar an *gCamino *go dtí seo.
Ar bhuille a haon déag siúlaim isteach i sráidbhaile Muruzábal. Buailim isteach in Eaglais San Estéban chun retablo *(clabhar altóra) atá thart ar 400 bliain d’aois a fheiceáil. Níl radharc ceart le fáil air toisc go bhfuil an tAifreann ar siúl. Amach liom arís ón eaglais dhorcha, fhionnuar i ndallrú gréine an mheán lae sa Spáinn. Tugaim comharthaí faoi deara dár dtreorú go hEaglais Santa María de Eunate, teampall ochtagánach atá thart ar dhá chiliméadar ón gCamino *ar thaobh na láimhe clé. Deirtear go raibh sé de nós ag Ridirí an Teampaill eaglaisí ochtagánacha den chineál seo, bunaithe ar Eaglais an Tuama Naofa in Iarúsailéim, a thógáil sna ceantair ina raibh mainistreacha acu. Táim i gcás idir dhá chomhairle. Beartaím bogadh chun cinn, áfach. Ní dóigh liom go bhfuil dóthain ama agam ná mo shá spionnaidh fágtha ionam timpeall de cheithre chiliméadar a chur orm i mbrothall an lae. Beidh lá eile ag an bPaorach.
Rugadh agus tógadh Mícheál de Barra ar imeall na Boirne, gar do Chill Fhionnuarach i gContae an Chláir. Is é An Bóthar go Santiago (2007) an chéad leabhar foilsithe aige. Cín lae oilithrigh atá ann ina rianaíonn sé a thuras pearsanta ar an gconair cháiliúil seo. Tá sé ag déanamh taighde le tamall anuas ar na Gaeil ba cháiliúla a chuaigh go dtí an Airgintín ó 1500 go dtí 1900. Tá sé ina chónaí faoi láthair i gContae Chill Dara lena bhean chéile, Siobhán.
Tá An Bóthar go Santiago ar díol ar shuíomh Cois Life (www.coislife.ie). Praghas: €18