CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Vortex
Anna Heussaff Anna Heussaff Anna Heussaff

Is sliocht é seo as úrscéal nua eachtraíochta le hAnna Heussaff, atá lán de theannas is de spleodar. Tá sé ag plé le saol samhlaíoch pháistí an lae inniu: gluaisteáin ghasta, ríomhchluichí agus turais i mórchathracha cáiliúla. Tá an saothar oiriúnach do dhaoine óga idir naoi mbliana agus dhá bhliain déag.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

‘Cén fáth...?’

‘Cén fáth cad é? Cén fáth nár chuala sibh mé, an ea?’

‘Ní hea, cén fáth a bhfuil tusa anseo? Nach dtuigeann tú...?’

Evan agus a dheirfiúr Síofra a bhí ag argóint lena chéile. Ní raibh Evan istigh i ngluaisteán níos mó. Ní raibh abhainn an Thames ná an London Eye os a chomhair. Bhí greim aige ar an roth stiúrtha ach ní raibh sé ag tiomáint.

Bhí sé ina sheomra codlata féin sa bhaile in Éirinn. Bhí Londain istigh i gcluiche. Cluiche darbh ainm dó Vortex, a bhí á imirt aige cúpla nóiméad roimhe sin.

Bhí an cluiche á imirt ag Evan is a chairde den chéad uair riamh. Ní cluiche do Playstation ná X-Box ná a leithéid a bhí ann. Chun imirt ar Vortex, chuir tú spéaclaí móra ort, spéaclaí 3D. Chonaic tú saol eile istigh sna spéaclaí sin.

Chreid tú go raibh gluaisteán á thiomáint agat. Bhí roth stiúrtha i do lámha, agus istigh sna spéaclaí, chonaic tú an roth céanna sin, chonaic tú fuinneoga an ghluaisteáin, chonaic tú na sráideanna a raibh tú ag tiomáint orthu.

‘Cén fáth a bhfuil tú anseo?’ Ba bheag nár scread Evan ar a dheirfiúr. Bhí sí ina seasamh in aice leis, ach bhí an seomra dorcha agus ní fhaca siad a chéile i gceart. ‘Cé a thug cead duit stop a chur leis an gcluiche? Tharla rud éigin dom...’

‘Tóg go bog é,’ arsa Síofra. Ach bhí sí féin ag labhairt go hard, glórach freisin. ‘Níl ann ach cluiche...’

Not just cluiche cosúil le cluichí eile, though.’ Rio a ghearr isteach uirthi. Meascán Gaeilge is Béarla a bhíodh aige i gcónaí. ‘Virtual Reality atá ann, you know, so nuair atá tú istigh sa Vortex, ceapann tú gurb é sin an real reality agus nach bhfuil an saol amuigh anseo...’

‘Tharla rud éigin dom agus ní Réaltacht Fhíorúil a bhí ann,’ arsa Evan. Ní bhíodh meascán cainte aige siúd ná ag a dheirfiúr. ‘Tharla sé i ndáiríre. Fuair mé buille nimhneach i mo lámh. Cosúil le buille leictreach.’

Chas Síofra agus chonaic Evan an cábla a bhí ina lámh aici. Cábla leictreach an Vortex a bhí ann.

‘Nach tú atá cliste!’ ar sé lena dheirfiúr. ‘Ghearr tú an leictreachas chun an cluiche a stopadh. Agus ba bheag nár mharaigh tú mise ag an am céanna!’

‘Ná cuir an locht ormsa!’ arsa Síofra. ‘Tháinig mé isteach sa seomra chun rud éigin a rá libh. Ach caithfidh go raibh sibh ar phláinéad éigin eile, mar níor chuala aon duine mé.’

Thug sí an cábla dá deartháir. ‘An chéad uair eile a imreoidh sibh an cluiche sin,’ ar sí, ‘fágaigí uimhir fóin nó rud éigin. Ansin ní bheidh orm an cluiche a stopadh chun labhairt libh.’

Leag Evan an cábla ar an leaba agus shiúil sé go dtí an fhuinneog chun na cuirtíní a oscailt. Bhí mearbhall air. Níor theastaigh uaidh argóint lena dheirfiúr níos mó. Theastaigh uaidh labhairt le Rio is le hOisín faoin méid a tharla sa chluiche. Bhí an Vortex iontach agus aisteach ag an am céanna.

Mar bhronntanas a fuair sé an cluiche cúpla lá roimhe sin. A uncail Zak a thug dó é, ach níor cheannaigh Zak an Vortex in aon siopa. Fuair sé ó chara éigin é, a bhí ag obair le comhlacht cluichí sa tSín. Ní raibh an Vortex réidh do na siopaí fós, a mhínigh Zak. Bhí an cluiche á thriail den chéad uair ag Evan is a chairde. Ní raibh aon eolas acu air ach an méid a d’fhoghlaim siad istigh sa chluiche féin.

‘Ar aon nós,’ arsa Síofra ansin, ‘tháinig mé isteach chun teachtaireacht a thabhairt d’Oisín.’ Bhí an doras ar oscailt aici agus í ar tí dul amach. ‘Cheap mé go raibh sé anseo sa seomra nuair a tháinig mé isteach. Ach má tá sé imithe...?’

D’oscail Evan na cuirtíní ag an nóiméad céanna. D’fhéach sé féin agus Rio ar a chéile. Ní dúirt ceachtar acu focal ar feadh tamaill.

‘Cá bhfuil sé?’ arsa Evan ar deireadh.

Is as Baile Átha Cliath d’Anna Heussaff. Tá taithí fhada aici mar scríbhneoir, mar thaighdeoir agus mar léiritheoir/stiúrthóir ar chláracha raidió agus teilifíse.

*Tá *Vortex le ceannach ar €8 ag www.coislife.ie

Tá cóipeanna den leabhar le buachan i gcomórtas mhí Dheireadh Fómhair Beo!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.