Bronnadh duaiseanna Chomórtais Liteartha an Oireachtas sa Cheoláras Náisiúnta ag tús mhí Dheireadh Fómhair. D’éirigh le Sadhbh Ní Cheallaigh, arb as an gCeathrú Rua di, duais chomórtas na hiriseoireachta idirlín a bhuachan. Seo é an t-alt lenar bhuaigh Sadhbh, atá sé bliana déag d’aois, an comórtas.
Leag mé síos an peann, thug mé an páipéar scrúdaithe don fheitheoir den uair dheireanach, agus bhrostaigh mé amach as an halla scrúduithe. Saoirse faoi dheireadh! Bhí cúpla mí d’obair chrua déanta agam agus mé ag déanamh réidh le haghaidh an Teastais Shóisearaigh, agus creid uaim é, bhí sos tuillte agam. Tar éis oíche chraiceáilte cheiliúrtha a chaitheamh le mo chairde, bhíos chun mo scíth a ligean. Chaith mé seal taitneamhach ag tógáil rudaí go bog - ag siopadóireacht sa chathair, ag luí os comhair an teilifíseáin agus ag caint le cairde ar an idirlíon. Tar éis cúpla lá, áfach, bhíos tinn de bheith i mo shuí ansin ag cur ama amú. Tar éis na míonna gnóthacha ar fad a chaith mé i mbun staidéir agus spóirt, agus ag coinneáil mo shaol sóisialta ag imeacht, ní raibh mé cleachtaithe ar rudaí a thógáil go réidh.
Shíl mé go raibh mé i ndiaidh éirí fíorleisciúil, agus bhraith mé ar nós príosúnaigh ar an tolg - ag titim níos faide agus níos faide isteach sna cúisíní. Ba chuma cé acu a bhí sé ag stealladh báistí nó grianmhar, ní dhearna sé pioc difríochta domsa mar bhí na cuirtíní dúnta go daingean agam agus mé deas teolaí taobh istigh. Ní raibh a fhios agam cén lá den tseachtain a bhí ann - nó cén t-am den lá, fiú - mar níor athraigh mé as na héadaí compordacha oíche a bhí á gcaitheamh agam ó bhreacadh an lae go luí na gréine.
Bhreathnaigh mé isteach sa scáthán lá amháin agus bhí m’aghaidh chomh bán le sneachta an gheimhridh mar gheall ar easpa aeir úir agus sholas na gréine. Baineadh geit uafásach asam nuair a chonaic mé an duine míshláintiúil seo sa scáthán agus thuig mé ansin go raibh orm mé féin a shaoradh sula mbáfaí ar fad mé i measc na gcúisíní agus na bpluideanna! Ar thóir oibre
Dúirt mé liom féin go mbeadh orm dul sa tóir ar phost samhraidh. Níor thaitin an smaoineamh liom ar chor ar bith nuair a luaigh mo mháthair liom é cúpla mí roimhe sin, ach d’athraigh mé m’intinn tar éis dom seal a chaitheamh mar dhuine dífhostaithe.
Ar dtús, rinne mé iarracht post a fháil sa choláiste áitiúil samhraidh. Bhí a fhios agam go mbeadh obair chrua ar bheagán airgid i gceist, ag déanamh ceapairí do na “Gaeilgeoirí” nó ag glanadh suas ina ndiaidh. Ach bhí post ag teastáil uaim agus, ar aon nós, ní hé gurbh é airgead an t-aon luach saothair a bhainfinn as post a bheith agam i gcoláiste Gaeilge – coláiste a bhí lán de bhuachaillí, iad ar comhaois liom féin ...
Faraor, bhí na postanna ar fad tógtha cheana ag an dream a d’oibrigh ar chúrsa mhí an Mheithimh, agus bhí orm dul ar thóir oibre arís. Shíl mé go bhfeadfainn tairbhe a bhaint as mo thaithí aisteoireachta ... bhuel, taithí a bhí agam mar aisteoir breise sa chúlra! Rinne mé iarracht post de shórt éigin a fháil dom féin ar sheit na sraithe drámaíochta Aifric. Bhíothas i mbun léirithe ar an tsraith Ghaeilge seo, atá dírithe ar dhaoine óga agus ar dhéagóirí, ar feadh an tsamhraidh, agus craoladh é ar TG4 ina dhiaidh sin.
Tá stiúideonna Concorde, an áit a ndearnadh an tsraith a thaifeadadh, lonnaithe deich nóiméad siar an bóthar ó m’áit chónaithe - mar sin, bheadh post ar Aifric an-áisiúil. Bhí an mí-ádh liom arís, áfach, mar go raibh na trialacha caillte agam mar gheall ar na scrúduithe a bheith ar siúl, agus ní raibh aon pháirt fágtha dom. Ní raibh clú agus cáil i ndán dom an samhradh seo, tar éis an tsaoil!
Gan dóchas ar bith fágtha go bhfaighinn post, ghlac mé leis go raibh saol an duine dhíomhaoin i ndán dom. Thosaigh an tolg ag fáil an ceann is fearr orm arís, gan seans dá laghad a bheith agam ina choinne. Bhí orm rud éigin eile, rud ar bith, a thriail chun mé féin a shábháil.Bhí an t-ádh liom go bhfuil cúpla caitheamh aimsire agam chun mé a choinneáil gníomhach. Thosaigh mé ag imirt camógaíochta nuair a bhíos timpeall trí bliana d’aois agus táim ag imirt ó shin. Thóg sé an méid sin blianta orm an áit cheart a aimsiú dom féin ar an bpáirc, agus táim sona sásta anois mar leath-thosach láir. Ciallaíonn sé seo go mbíonn rud éigin le déanamh agam ar a laghad trí huaire sa tseachtain. Ach bhí a fhios agam go mbeadh rud éigin eile ag teastáil chomh maith.Taithí oibre le TG4
Tá an-spéis agam sa smideadh - tugadh ‘Umpa Lumpa’ orm minic go leor - mar sin, chaith mé lá ar thaithí oibre in TG4 ag tabhairt cúnaimh don rannóg smidithe ar an gclár Comhrá. Chaith mé an lá ag dul isteach agus amach as an stiúideo, ag breathnú ar na haíonna agus smideadh á chur orthu. B’éigean dom glanadh suas ina ndiaidh fosta.
D’fhoghlaim mé chomh maith go gcaitear formhór an ama ag ól tae sa cheaintín nuair a bhíonn clár ar nós Comhrá á dhéanamh. Tá a fhios ag lucht TG4 conas é a thógáil go bog ar aon nós!
Cé nár íocadh mé as an lá sin, bhí mé breá sásta go raibh obair de shórt éigin á déanamh agam faoi dheireadh. Agus gur bhuail mé le réalta mór TG4, Máirtín Tom Sheáinín. Creid uaim é, caitheann sé a lán den stuif oráiste! Agus bítear ag tabhairt Umpa Lumpa ormsa!
Bhraith mé spreagtha anois agus bhí mé réidh le dul sa tóir ar thionscadal eile. Agus mé ag machnamh, céard a chonaic mé istigh sa seomra scíthe ach clár do Chomórtais Liteartha an Oireachtais! D’oscail mé an clár agus phioc mé comórtas dom féin. Bhí mé lánsásta cúpla lá a chaitheamh ag pleanáil agus ag breacadh síos mo chuid smaointe agus ansin ... bhí alt agam! Agus é ar cheann de na tionscadail is tairbhí atá déanta agam fós an samhradh seo, ceapaim.
Anois agus an t-alt críochnaithe agam, tá mé ar thóir tionscadail eile. Ach d’fhoghlaim mé nach mbíonn sé riachtanach post a bheith agat i rith an tsamhraidh má bhíonn do dhóthain nirt agat chun tú féin a choinneáil amach ón tolg. Tá mé breá sásta cúrsaí a thógáil go réidh agus deiseanna a thapú de réir mar a thagann siad chun cinn. É sin ráite, ní dhiúltóinn don phost sin thiar le réaltaí Aifric ...