CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Eaglais na gCatacómaí
Pádraig Standún Pádraig Standún

Seo sliocht as leabhar nua an Athar Pádraig Standún, Eaglais na gCatacómaí, ina bhfuil cur síos ar na trí bliana déag is fiche atá caite aige mar shagart i nGaeltachtaí na Gaillimhe agus Mhaigh Eo. Sa sliocht seo, tugann cuntas ar na deacrachtaí a bhí aige féin agus ag sagairt eile nuair a cuireadh iad chuig oileáin Árann den chéad uair.

Íomhá

Bhí an fharraige níos feiceálaí mar fhadhb don sagart nua an teanga, ach ba dheacra teanga a fhoghlaim dul i dtaithí ar an bhfarraige. nach raibh in ann Aifreann a léamh, fiú amháin seanmóir de chineál éigin a thabhairt. Bhí an foclóir agam, na léachtaí agus seachtain idir Aifrinn Domhnaigh le hobair a dhéanamh ar m’ábhar cainte. Gnáthchomhrá a mharaigh . Bhí na focail agus an ghramadach agam, ach ba rud eile ar fad é iad a chur i ndiaidh a chéile agus ag smaoineamh ar céard a bhí ag iarraidh a ag an am céanna. Obair chrua, agus is cuimhin liom chomh tuirseach is a bhínn tar éis a chaitheamh ag iarraidh éisteacht le daoine agus iad a fhreagairt. Bhí luas na cainte ina fhadhb agam freisin. Thuig gach focal as féin, an chuid ba mhó acu ar chaoi ar bith, ach nuair a tháinig sruth cainte bhí i dtrioblóid.

Beidh buíoch go deo de mhuintir na n-oileán a bhí chomh foighneach sin, agus a chuir leaganacha cearta cainte ar ais i mo bhéal nuair a rinne botúin. Níl a fhios agam chomh mór is a chuir mise mo chos ann le mo chaint bhriotach ach bhíodh go leor scéalta faoi mo leithéid ag iarraidh an teanga a fhoghlaim agus bheith ag obair mar shagart ag an am céanna. Insítear faoi shéiplíneach a tháinig amach as an mbosca faoistine an chéad uair a bhí ag éisteacht i séipéal Eoghanachta agus a dúirt lena shagart pobail: “Níl a fhios agam céard é an eascainí seo, ach an-chuid de ar siúl thart anseo.”

D’inis fear eile faoin iarracht a rinne cuntas a thabhairt phobal ar aon airgead a chaith . Tharla go raibh an suíochán ar bharr an leithris briste agus cheannaigh ceann nua. D’fhógair ón altóir an tseachtain dár gcionn: “Chuaigh go Gaillimh an cheana, agus cheannaigh cathaoir leictric …” inseoinn sin murach gur bhain an a dúirt an oiread pléisiúir as é a insint é féin. Déarfainn go bhfuil ag baint gáire as a bhotúin fós sna Flaithis.

Bhí blianta caite san Afraic ag an Athair Micheál Mac Aodha, a bhí ina shagart pobail sna hAille ina dhiaidh sin, sular seoladh mar shéiplíneach go Cill Rónáin é. Is minic a d’inis faoina chéad fhaoistin in Inis Mór. Ag na stáisiúin, nafaoistiní sna tithea bhí . Tháinig seanbhean isteach agus chaith a seál timpeall na beirte acu sular thosaigh ar a scéal. Bhí go leor feicthe sa Nigéir aige ach raibh aon súil aige leis sin.

Níl aon dabht ach gur chroith an t-athrú cultúir agus teanga mise agus go leor eile de shagairt na deoise. Is é an trua nach raibh réiteach níos fearr ann dár leithéid, ach tar éis chomh crua is a bhí , d’fhág go bhfuil Gaeilge líofa ag leath de shagairt na hArd-Deoise. Níor cheart go mbeadh aon ghá sa atá inniu ann sagart gan Ghaeilge a lonnú i bpobal Gaeltachta: níl ceart cóir don sagart féin do mhuintir na háite. Chaill cuid de na sagairt ar cuireadh ualach mar sin orthu misneach, agus chuir as do shláinte intinne tuilleadh acu.

Athrú saoil iomlán, beagnach, a bhí i saol na n-oileán deich mbliana fichead ó shin don a rugadh agus a tógadh amuigh faoin tuath. go raibh cuimhne agam ar an saol gan leictreachas, bhí cleachtadh agam air le cúig bliana déag. Bhí deacair dul ar ais chuig an gcoinneal agus chuig an ngás ina dhiaidh sin. sin le nach raibh córas réasúnta maith gáis sna tithe, curtha ar fáil trí scéim de chuid Roinn na Gaeltachta, le solas, cócaireacht agus cuisneoirí, fiú amháin, ag obair tríd. Ach bhí an oíche fada don a raibh taithí teilifíse aige le blianta beaga roimhe sin.

Bhí teilifís bheag i dteach an tsagairt a d’oibrigh ar chadhnra a bheadh le luchtú go minic ar cheann den chúpla gineadóir a bhí ar an oileán. D’úsáidtí go han-spárálach í, le nuacht fhíorthábhachtach, cluiche mór peile, scannán an-mholta a thaispeáint. Bhí gnáth-theilifís sna hallaí in Inis Meáin agus Inis Oírr, mar go raibh innill ghinte leictreachais iontu, agus is minic a thug m’aghaidh ar an halla le píosa den oíche a chaitheamh. Bhíodh scannáin ann go rialta freisin, agus le costais a laghdú, ba i mála an tsagairt maidin Domhnaigh a chuaigh an scannán ó oileán go hoileán.

Chomh fada le m’eolas bhí deontas le fáil ó Roinn na Gaeltachta le projector scannán a cheannach d’oileán ag an am. Nuair a fheicim scannán anois ar nós Hangem high *ar an teilifís, bím ag iarraidh cuimhneamh an in Inis Oírr in Inis Meáin a chonaic é den chéad uair. An deacracht ba mhó a bhaineadh leis na scannáin chéanna go bpléascadh bolgán an tsolais in amanna, go mbíodh mionrud éigin mícheart leis an *projector. raibh scil ag aon duine againn le caoi a chur air agus bhí am agus airgead i gceist le a chur go Baile Átha Cliath.

ar chúrsaí scannánaíochta a bhí m’aird dírithe ag an tús, áfach; theastaigh uaim aithne a chur ar na daoine agus eolas a chur ar na hoileáin. Thaitin na séipéil, ina raibh an chuid ba thábhachtaí de mo chuid oibre le déanamh, go mór liom: Inis Oírr de bharr na bhfuinneog glanghloine a fhágann go bhfuil ar cheann de na séipéil is gile in Éirinn, agus Inis Meáin de bharr dhraíocht na bhfuinneog ó stiúideo Harry Clarke.

Ceann de na rudaí ba mhó a d’ardaíodh mo chroí seasamh ag an altóir in Inis Meáin tar éis drochthurais ar an bhfarraige, agus breathnú ar an gcailéideascóp de dhathanna ag titim ar an altóir romham, altóir Shéamais Mhic Phiarais. Ach, ar ndóigh, dathanna ealaíontóir cáiliúil a dhéanann séipéal do lucht leanta Íosa Críost, ach creideamh i sacraimint na haltóra.

I measc na rudaí a chuaigh i bhfeidhm go mór orm ag an am bhí spioradáltacht na ndaoine agus spioradáltacht na háite féin. Nílim ag gur oileáin na naomh atá in Árainn, nach mbíonn oiread achrainn agus aighnis ann faoi chúrsaí agus farantóireachta agus a bhíonn in áiteanna eile. Ach is ar mhaithe leis an áit go fadtéarmach a bhíonn siad sin, tuairimí láidre agus pearsantachtaí láidre in árach a chéile. Ghoill naimhdeas mar sin go mór orm ó am go chéile, go dtí gur chuala duine ó oileán nach mbíonn mórán argóna ann ag : “Faraor nach mbíonn a leithéid againn. Ar a laghad chruthódh go bhfuilimid beo.”

Bhraith féin spioradáltacht faoi leith i bhformhór na ndaoine. Thabharfá faoi deara í ina bhfreastal ar Aifrinn, ar an bPaidrín, agus go háirithe ar ócáidí urnaí sna reiligí, go speisialta i na marbh, na Samhna. Is beag áit eile a bhfeictí fir óga i mbun thuras na croise le linn an Charghais, suas leis an gcúigiú cuid den phobal ag gnáth-Aifreann na maidine seachas Domhnaigh, rud a d’fheicfeá in Inis Meáin, go háirithe. Chuidigh nach raibh teach ar bith rófhada ón séipéal, ach cheap mise gur a meas air mar nach mbíodh Aifreann acu chomh minic le háiteanna eile anuas trí na blianta.

Is mór an spórt é an tAifreann,” a dúirt Pádraig Ó Cadhain, duine den bheirt a casadh orm ar an Naomh Éanna ar mo chéad ar na hoileáin, liom amháin. Don nach raibh Gaeilge ó dhúchas aige, bhí a chaint sórt aisteach, mar nach luafainnspórtle hAifreann. Thuig ag an am céanna gur gníomh creidimh a bhí ina ráiteas. “Léigh *gospel *dúinn, a Athair,” a deireadh freisin ag am a n-iarrfadh duine eile Aifreann a léamh, rud a thaispeáin meas na ndaoine ar bhriathar sular cuireadh béim chomh mór ar Aifreann do gach ócáid eaglasta.

an Eaglais trí chéile ag foghlaim ó áiteanna ar nós Inis Meáin sa atá inniu ann, ó d’éirigh sagairt gann. Bhí agus fós traidisiún ar an oileán sin go ndéarfadh duine ón bpobal paidrín agus paidreacha eile, an nach mbeadh in araíocht don sagart taisteal de bharr na drochaimsire. Is féidir lena leithéid comaoineach a roinnt anois freisin. Seáinín Thomáis Ó Conghaile ó Bhaile an Mhúir atá á dhéanamh le mo chuimhne, agus mbeinnse i m’easpag, dhéanfainn sagart de láithreach. Is tábhachtaí i bhfad creideamh staidéar i gcúrsaí den sórt sin. a leithéid, fireann baineann, i ngach paróiste ar domhan. Cén fáth, mar sin, a bhfuil pobal fágtha gan Eocairist?

Cúis amháin atá leis an spioradáltacht a thabharfá faoi deara sna hoileáin is ea go maireann na daoine an-ghar don nádúr, don fharraige, do bhaol a mbáite, do chontúirt na n-eitleán, don dainséar a bhaineann leis an iascaireacht, do ghálaí, do stoirmeacha, agus d’fharraigí móra an gheimhridh, rudaí a chaithfidh duine a fheiceáil lena gcreidiúint. Bhí aithne phearsanta agamsa ar scór ógánach, ar a laghad, a bádh ó bhí plé agamsa leis na hoileáin i dtosach, gach cás acu chomh truamhéalach leis an gcás ar ar bhunaigh Synge a dhráma Riders To The Sea.

Seanbhean a bhíonn i bpáirt Maurya sa dráma sin go minic, ach máithreacha i bhfad níos óige feicthe agamsa a chuirfeadh Pietà Michaelangelo an tríú stáisiún déag de thuras na croise i gcuimhne, Muire an Mháthair, le corp stromptha a mic ina baclainn aici. Is iomaí máthair ar oileán ar chósta na hÉireann a dtéann na mothúcháin sin go smior na gcnámh inti mar gur sciob an fharraige mac clann mhac, agus clann iníonacha freisin i gcásanna áirithe, uaithi. Níl ag nach mbíonn mothúcháin mar iad ar tír mór chomh maith mar gheall ar bhás cliabháin timpiste, daoine óga ag cur láimhe ina ms féin. Ach d’aireofá ar bhealach faoi leith ar oileán le linn thuras na croise.

Chuir glacadh Maurya leis an mbá agus leis an mbás i ndráma Synge iontas ar go leor. Nílim ag go nglactar go héasca leis an mbás le sciobadh na farraige, ach glactar leis go bhfuil an saol crua agus nuair a tharlaíonn a leithéid nach bhfuil de shólás ann ach corp a fháil le cur i gcré i ngaineamh na cille. Ach is minic nach mbíonn an sólás sin féin ann, faraor.

cleachtadh ag daoine ó bhíonn siad an-óg ar uaigneas imeachta agus ar áthas fillte, é seo fíor go speisialta sna hoileáin ina mbíonn ar pháistí dul chuig meánscoileanna cónaithe, mar nach bhfuil a leithéid acu sa bhaile. Bíonn ar thuismitheoirí scaradh lena bpáistí in aois a a trí bliana déag, agus is moite de na laethanta saoire, is beag duine acu a fhilleann go lánaimseartha arís, de cheal postanna feiliúnacha. Thug faoi deara gur choinnigh roinnt aithreacha agus máithreacha buachaillí, go háirithe, ó mheánscoil ar fad, mar nach bhfaca siad aon mhaith ann do pháistí a raibh níos spéise acu san iascaireacht mar a bhí sna hábhair acadúla. Is éard a rinneoideachasi gcásanna go leor daoine a oiliúint amach as na traidisiúin inar tógadh iad.

Eaglais na gCatacómaí le Pádraig Standún Foilsitheoirí: Cló Iar-Chonnachta Bog €15

*Is as Baile na Córa i lár Chontae Mhaigh Eo do Phádraig Standún. Is sagart é, agus ag obair faoi láthair mar shéiplíneach i dTuar Mhic Éadaigh ina chontae dúchais. tréimhsí fada caite aige chomh maith ag obair mar shagart ar an gCeathrú Rua, in Inis Oírr agus in Inis Meáin. Is úrscéalaí é a bhfuil ocht n-úrscéal i nGaeilge i gcló aige agus leagan Béarla ann de chúig cinn acu, mar aon le haistriúcháin Ghearmáinise agus Rómáinise ar cheann acu. *

GluaisGlossary

dul i dtaithí arget used to

seanmóirsermon

léachtaíreadings

gnáthchomhráordinary conversation

chomh tuirseach is a bhínnhow tired I used to be

luasspeed

sruth caintea stream of words

foighneachpatient

botúinmistakes

séiplíneachchaplain

bosca faoistineconfession box

ag éisteachthearing confessions

eascainíswearing

iarrachtattempt

leithreastoilet

sna Flaithisin Heaven

seálshawl

sa Nigéirin Nigeria

deoisediocese

gáneed

ualachburden

misneachhope

leictreachaselectricity

cuisneoirífridges

cadhnrabattery

a bheadh le luchtúwhich would have to be charged

gineadóirgenerator

go han-spárálachvery sparingly

scannán an-mholtaa highly-praised film

deontasgrant

bolgánbulb

mionrud éiginsome small thing

le caoi a chur airto repair it

m’airdmy attention

draíochtmagic

a d’ardaíodh mo chroíwhich used to lift my heart

a chuaigh i bhfeidhm go mór ormthat really made an impression on me

spioradáltachtspirituality

achrannquarrelling

aighnisdisputes

tuairimí láidrestrong opinions

pearsantachtaí láidrestrong personalities

in árach a chéileat loggerheads

Ghoill naimhdeas mar sin go mór ormthat sort of hostility really upset me

chruthódh it would prove

turas na croisethe stations of the cross

an CarghasLent

aisteachstrange

gníomh creidimhan act of faith

ráiteasstatement

briathar Déthe word of God

béimemphasis

trí chéilein general

gannscarce

comaoineachcommunion

fireann baineannmale and female

an-ghar don nádúrvery close to nature

do bhaol a mbáiteto the danger of being drowned

scór ógánachtwenty young men

a bádhwho were drowned

truamhéalachheart-breaking

strompthastiff

ina baclainnon her arm

mothúcháinemotions

ar tír móron the mainland

ag cur láimhe ina mbás féincommitting suicide

d’aireofáyou would feel

bádrowning

sciobadh na farraigethe sea’s snatching

sólássolace

i gcréin the soil

i ngaineamh na cillein the sand of the grave

faraoralas

uaigneas imeachtathe loneliness of departure

is moite de na laethanta saoireapart from the holidays

a fhilleann go lánaimsearthawho return on a full-time basis

de cheal postanna feiliúnachadue to a lack of suitable jobs

ábhair acadúlaacademic subjects

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.