CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Searasad
Seán Ó Siadhail Seán Ó Siadhail

Gearrscéal le Seán Ó Siadhail.

Íomhá

Feartlaoi

Cúig chéad focal le mo bheo a shábháilt, ceithre chéad nócha a naoi fáth le nach mbainfeá mo chloigeann díom, a Rí, ceithre chéad nócha a hocht sobaldráma nach mbéifeá ag iarraidh a ndeireadh a chailliúint, bheadh ceithre chéad nócha a seacht “más é mur dtoil é” níb fhaide ná ceithre chéad nócha a sé “le mur dtoil”, ach ní mhaolódh sin ar fhaobhar bhur gceithre chéad nócha a cúig scian, a Shabhdáin, is eagal liom...

An inseoidh mé scéal Fiannaíochta daoibh, an sásóidh sin sibh? Lá dá raibh Fionn Mac Cumhaill ar thaobh mhala shléibhe is é ar thóir eilite nó carria nó caidé mar thig le duine sruth a shamhlaíochta a shaorú ar mhaithe lena mhuinéal a choinneáil in aon chuid amháin? Caidé mar thig liom fear na hordóige a thaithíodh críocha driseacha na hÉireann a chur in oiriúint do sceimhlitheoirí an Mheánoirthir? Lá dá raibh sé ag tóraíocht ola/arm ollscriosta ar ghaineamhlach na Trá Bréagaí, ach teipeann ar mo chuid prislíní is triomaíonn na focla, galaítear cibé maothas bhí i spúinse mo mheanman. Is seanphlaisteach m’eagna chinn....

Leithscéalta atá sibh a lorg ar ndóigh. Nanach dtig liom tosú arís?

Shíl mé, a Chalaif, go bhféadfainn cuidiú leis an tír, le bochta na tíre, leis an gheilleagar a ardú ó na ceithre bhonn bhuamáilte aníos. Ní fíor gur shíl mé go dtiocfadh na leithscéalta ina dtuile amhola a luaithe a rómhróinn fúm, a Shíc, ná ní thuigim cás na mná úd, a chuir í féin i mbaol a blaosc a scoitheadh ar mhaithe le bantracht na Ríochta is leis an Rí féin, libhse a Shoilse. Shíl sí go bhféadfadh sí dallamullóg a chrochadh ar bhur súile, bhí sí chomh cinnte sin dá dóigh, dá cumas ceaptha scéalta is de chumas a cuid ceapachán le sibh a choinneáil ar bhur bhfionraí ó oíche go hoíche thar trí bliana. Is ag deireadh na dála, go maithfeadh sibh di, bhí sí dathúil gan amhras, nó chomh bíogúil sin go mba chuma libh a cuid easpaí dathúlachta. Is ba bhean í, bheadh buntáistí aicise i ndiaidh a cuid scéalaíochta nach mbeadh choíche agamsa. Fágaimis na mná as, mar scéal.

Céad seasca a dó is gan a dhath agam dá bharr. Dá dtiocfadh liom na smaointe a spíonadh, céad seasca a haon, focal in aghaidh na soicinde, sin “focal in aghaidh na soicinde” ní “céad seasca focal in aghaidh na ..” Tuigeann sibh sin. Cé go mb’fhearr domsa mar siúd é, céad caoga a naoi focal in aghaidh na …

Tá céad caoga a hocht ceist agam oraibh, caidé an mhaitheas a dhéanfas mo bhás daoibh? Cén chaoi a rachaidh mo dhícheannadh chun leasa bhur gcúise? Conas a thairbheoidh bhur dtír is bhur gcreideamh de mo dhianéag is de m’anbhás? Tá céad caoga bealach eile agam leis an cheist chéanna a dhéanamh níos casta. Ach ní fheictear dom...

Éist: Lá dár tháinig Sanbad Seoltóir i dtír i gcathair By-Dad, sheas sé i gceapaire caca camaill, mar a shíl sé. Ar seisean, tar éis babhta mionnaí móra a chur thairis, bhí a shlipéirí uilig dubh, ar seisean, “Tá’s a’m fir gheala bhómánta a cheannós a leithéid.” Níor creideadh é, ar ndóigh. “Éistí,” ar seisean, “creidfidh siad seo cibé rud. Inis dóibh go bhfuil airm againn a ...” ach níor ligeadh dó an abairt a chríochnú....Trí, a dó, a haon. Pi--an!

Cha raibh sé ábalta cúig chéad focal a scríobh a shábhálfadh a bheo.

Is as Doire ó dhúchas é Seán Ó Siadhail, ach tá sé ina chónaí i gContae na Mí anois, áit a bhfuil sé ag múineadh scoile. Tá úrscéalta agus gearrscéalta foilsithe aige agus duaiseanna Oireachtais gnóthaithe ag saothar dá chuid. Tá úrscéal nua, *Finnscéalaíocht an Ghrá, díreach foilsithe aige.*

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)

Gluais • Glossary

le mo bheo a shábháiltto save my life

sobaldrámasoap opera

ní mhaolódh sin ar fhaobharthat wouldn’t blunt the edge

ar thaobh mhala shléibheon a mountainside

eilitdoe

carriastag

sruth a shamhlaíochta a shaorúto free his stream of imagination

a thaithíodhwho used to frequent

driseachbriary

sceimhlitheoirí an Mheánoirthirterrorists from the Middle East

airm ollscriostaweapons of mass destruction

gaineamhlachdesert

prislínídribbles (at mouth)

maothasmoisture

i spúinse mo mheanmanin the sponge of my mind

m’eagna chinnmy intelligence

nanach dtig liom ...?can I not ...?

geilleagareconomy

ina dtuile amholain a flood of crude oil

a rómhróinn fúmthat I would dig the ground under me

i mbaol a blaosc a scoitheadhin danger of having her head cut off

bantrachtwomen

dallamullógdeception

dá cumas ceaptha scéaltaher ability to make up stories

bíogúilsprightly

is gan a dhath agam dá bharrwith nothing to show for it

maitheasgood

mo dhícheannadhmy decapitation

cúiscause

mo dhianéagmy violent death

anbhásviolent death

babhta mionnaí móraa bout of cursing

bómántaslow-witted

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.