Seo ceann de na scéalta atá le fáil sa leabhar Taisce Focal, bailiúchán de shé scéal déag a bhí i gcló san iris seo thar roinnt blianta. Is iad Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy údair na scéalta, atá bunaithe ar shaol an lae inniu agus a thugann léargas maith don fhoghlaimeoir ar leaganacha cainte agus struchtúir dhúchasacha. Tá gluais chuimsitheach ag deireadh gach scéil agus tá dhá dhlúthdhiosca leis an leabhar ar a bhfuil ceathrar cainteoirí dúchais as Rann na Feirste le cloisteáil ag léamh na scéalta. Tá an comhad fuaime a théann leis an scéal áirithe seo le fáil ag bun an leathanaigh.
Bhí Ingrid ina seasamh os coinne an scátháin agus smut uirthi. Ní raibh an tsamhail a bhí roimpi ina sásamh.
“Amharc air sin,” ar sise le Máire, “thar lá ar bith eile, goirín mór millteanach.” Bhí crith ina glór.
“Níl sé comh holc sin,” arsa Máire.
“Ó nach bhfuil?” arsa Ingrid. “Cnapán mór ar bharr mo ghaosáin agus é ag déanamh angaidh. Ní thiocfadh leis a bheith níos measa.”
Níor labhair Máire.
“Níl mé ag dul,” arsa Ingrid “Sin é. Ní thiocfadh liom bualadh le Caoimhín agus mé mar seo.”
“Ná bí amaideach,” arsa Máire, “cuirfidh muid bail air, agus ní aithneoidh Críostaí beo go bhfuil a dhath ort.”
“Hmm,” arsa Ingrid, “beidh do sháith féin romhat sin a chur i bhfolach.”
Chrom Máire ar an obair agus ní raibh de chógaisí nó de smideadh fán teach nach raibh tarraingthe amach sula raibh an jab déanta aici.
“Cad é do bharúil? Chuimil mé isteach go maith an smideadh,” arsa Máire.
“Cyrano de Bergerac,” arsa Ingrid.
“Sin an buíochas atá agat ar mo chuid saothair uilig,” arsa Máire. “D’fhéad mé gan mo cheann a bhuaireamh.”
“Bhuel, is dóiche go bhfuil sé níos fearr ná mar a bhí,” arsa Ingrid.
“Giota maith níos fearr,” arsa Máire. “Seo, déan neamhiontas de anois agus caith ort, nó ní bheidh tú réidh achoíche don hocht a chlog. Nach sin an t-am a bhfuil sé ag teacht?”
“Sin an rud a dúirt sé,” arsa Ingrid, “ach le cuidiú Dé beidh sé mall. Caith anall an sciorta dubh sin atá ar an leabaidh.”
“An ceann seo?” arsa Máire agus í ag amharc anuas agus suas air. “Ar chrup sé sa níochán nó rud inteacht? Tá cuma iontach bheag air.”
“Taispeáin,” arsa Ingrid agus chuir sí isteach a dhá cois sa sciorta agus thoisigh á tharraingt aníos. Ní rachadh sé thar na másaí uirthi.
“D’éirigh mé ramhar,” arsa Ingrid agus thiontaigh sí i dtreo an scátháin arís. Sheasaigh sí anois agus lámh amháin ar a tóin agus an ceann eile ar mheall chruinn a boilg. “Bróis déanta,” arsa Ingrid agus chraith sí a ceann. Stróic sí an sciorta díthe agus chaith sí anonn sa choirnéal é. Shuigh sí síos ar an stól agus a cloigeann crom.
“Nár dhúirt mé leat gur shíl mé gur chrup sé?” arsa Máire. “Caithfidh sé go bhfuil rud inteacht eile a thig leat a chaitheamh. Seo, craith suas thú féin.”
“... nó beidh mé mall,” arsa Ingrid. “Nach bhfuil a fhios agam? Foscail an prios sin thall. Anois, tusa a bhfuil an tsúil mhaith agat, pioc rud inteacht ansin agus caith anall chugam é nó is léir nach féidir a dhul i mo mhuinínse nuair is ag caint ar éadach atá tú.”
Shiortaigh Máire fríd a raibh sa phrios agus chaith sí cupla ball éadaigh ar an leabaidh. “Bain triail as cupla ceann acu sin,” arsa Máire le hIngrid.
“Féadann tú an ceann buí sin a chaitheamh uait, láithreach. Ní lú orm an diabhal ná é. Tugadh Big Bird orm an iarraidh dheireanach a chaith mé sin,” arsa Ingrid.
Ní ligfeadh an eagla do Mháire fiú meangadh gáire a dhéanamh. Rinne sí go díreach mar a hiarradh uirthi agus chaith sí an chulaith bhuí anonn i mullach an sciorta dhuibh.
“Cad é fá ghorm?” arsa Máire. “Bíonn gorm i gcónaí deas ort. Tógann sé dath do chuid súl.”
“Tá rud inteacht níos feiceálaí ná sin a dhíth orm,’’ arsa Ingrid. “Rud inteacht a bhainfeas an droch-chuma den ghaosán seo.”
Ní raibh fágtha ar an leabaidh anois ach culaith shlíocthaí dhubh amháin. “Cad é fá seo?” arsa Máire.
“Taispeáin,” arsa Ingrid agus tharraing sí an chulaith anuas thar a ceann agus shín síos thar a cuid másaí í. Sheasaigh sí ansin agus d’amharc sí ar Mháire sular thiontaigh sí i dtreo an scátháin.
“Bhuel?” arsa Ingrid.
“Sin an ceann,” arsa Máire. “Cuireann sé cuma iontach chaol ort. Ní sin le rá go bhfuil tú ramhar nó a dhath, ach tá a fhios agat an rud atá mé a mhaíomh.”
D’amharc Ingrid ar a samhail.
“Tá an ceart agat, níl sé comh holc. Tá sé measúil ach gan a bheith rómheasúil, má thuigeann tú mé?” arsa Ingrid.
Lig Máire osna faoisimh. Gheofaí amach as an teach í sa deireadh.
“Dhéanfaidh mé gnoithe breá,” arsa Ingrid, agus tharraing sí uirthi péire bróg agus bheir sí ar an mhála agus síos léithe an staighre.
“Bain sult as,” arsa Máire as ceann an staighre.
“Dhéanfaidh mé mo threándícheall,” arsa Ingrid.
Bhuail an chlog agus d’fhoscail Ingrid an doras. Bhí Caoimhín ina sheasamh ansin. “Tá tú réidh,” ar seisean. “Gearr ig.” Agus don chuid eile den oíche, is cuma cad é a dhéanfadh sé, ní thiocfadh leis a shúil a bhaint den neascóid mhór a bhí ar bharr ghaosán Ingrid.Beidh an leabhar Taisce Focal agus an dá dhlúthdhiosca (Iontaobhas Ultach) á seoladh ar an 25 Aibreán agus beidh an pacáiste ar díol i siopa Oideas Gael (www.oideas-gael.com/siopa). Praghas: £10 nó €15 Tá beirt údar an leabhair seo ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste. Tá Róise Ní Bhaoill ina Leas-Stiúrthóir agus Gordon McCoy ina Oifigeach Trasphobail leis an eagras sin.