Seo sliocht as úrscéilín nua le Colm Ó Snodaigh, Pat the Pipe, Píobaire.
Fuair Pat The Pipe – píobaire – bás inné. Dúirt sé riamh gur beag píobaire a rinne slí bheatha as an gceol – ba eisean ceann acu.
*Cormac Ó Cofaigh *fear gnó, iar-hippy. Bhíodh sé ag díol T-léinte i siopa beag i Georges St Mall. É ag iompórtáil éadaí ón tSín anois. D’fhás sé féin agus Pat aníos i mBré.
“... Focann pleidhce. Dhein mé iarracht gig a eagrú dó i Malaga blianta ó shin – bhí pub Éireannach ag cara liom ann, The Dubliner nó ainm éigin mar sin, agus bhí sé ag lorg ceol Gaelach do Lá Fhéile Pádraig, tá a fhios agat an saghas ruda.
Anois, níl aon tuairim agamsa faoi cheol ach bhí Pat i gcónaí ag seinnt (ón uair a chuireas aithne cheart air sa mheánscoil) agus cén fáth nach mbeadh gig ag teastáil uaidh – bia, deoch, leaba don oíche, grian is girseacha na Spáinne? Ach, focann hell, ghlaoigh mé isteach chuige ar a laghad dosaen uair agus fiú agus mé ina theannta ar feadh dhá uair an chloig agus cnapáin ollmhóra raithní caite againn, bhíodh sé fós ag rá ‘b’fhéidir’ nó ‘níl mé cinnte an oirfeadh mo chuidse ceoil don tábhairne seo. Tá mo cheol beagáinín beag difriúil, an dtuigeann tú?’! Faoi dheireadh, d’éirigh mé as a bheith ag cur ceiste air.
Chuala mé go bhfuair sé bás ach ní raibh sé feicthe agam le blianta, blianta fada. Tá a fhios agat mar a tharlaíonn rudaí, clann agus dualgaisí clainne do do tharraingt ó lár na cathrach. Sure, Jesus, níor chaith mé le bliain anois, fiú!
Ní raibh a fhios agam go raibh sé tinn. Cheapas i gcónaí go raibh an iomarca á chaitheamh aige, b’in an méid. Dála an scéil, cad a tharla dá phíobaí?”
Ribe as Dialann Pat the Pipe (62)
Fuair Tommy C an jab mar chartlannaí i gCumann na bPíobairí Uilleann i Sráid Henrietta i dtuaisceart na cathrach. Dúirt sé liom go bhfuil seomraí acu atá plódaithe le boscaí de nuachtáin is irisí is doiciméidí is ticéid cheolchoirme is cláracha comórtais is comhfhreagras idir píobairí ar chúrsaí feadán agus aon ní a bhaineann le hábhar na bpíb.
Is éard is gá dó siúd a dhéanamh ná dul tríothu agus ord éigin a chur orthu agus an t-eolas a bhreacadh síos i gcomhad éigin ar an ríomhaire. Agus sin post Tommy an Cartlannaí!Bhuaileas leis inniu. Am lóin – chips ag a haon. Dúirt mé leis go raibh ábhar leabhair aige – ‘Seoidíní Eolais Tommy C - Cartlannaí’.
*Cheannaigh John Lennon píobaí. Samhlaigh é, cromtha thar na píobaí. A ghruaig ag gliúcáil thar a spéaclaí, é ag seinnt sóló i lár ‘Imagine’ agus Yócó Onó bhocht sa chúinne, a méaracha ina cluasa, ag guí go stopfaidh sé! *
*Bhí trí phíob Taylor ag an aisteoir Mickey Rooney – meas tú an raibh a fhios aige go bhfuil treibh de Thaistealaithe den ainm céanna a sheinnean píobaí thall i Leeds Shasana? *
Sheinn James Cagney na píobaí a bhí aige agus shroicheadar leaid éigin i Seattle tar éis dó bás a fháil.
Ach ba é seoidín an lae inniu uaidh ná gur cheannaigh mac le Woody Guthrie, Arló, píobaí tráth, agus gur mhaígh sé go hard sollúnta leo siúd ina thimpeall go mbeadh sé ábalta iad a mháistriú i dtrí lá. Fuair sé réidh leo i gceann trí mhí! Ha! Ní raibh an seanfhocal cloiste aige faoi sheacht mbliana ag foghlaim, seacht mbliana ag smachtú agus seacht mbliana ag máistriú.
Bliain is fiche, a mhac. Sin an fhad a thógann sé. Dhá bhliain fágtha agam. C’mon Arló!
“Ar an mbóthar fada díreach a shíneann ó thriantán Ranallach go seanphictiúrlann an Stella i Ráth Maoinis a bhí mo chéad árasán - 77 Ascaill Fhiodh an Chaisleáin. Deannach is dreancaidí. Doirse is staighrí bacacha. Tír na nÓg. Teach álainn trína chéile. Na hurláir ag sciorradh le fána is fios an bhealaigh ag an ngaoth is an fuacht trí gach poillín is scoilt sa tigh.
Go luath tar éis dom bogadh isteach a chuireas an ciorcailín soláthair raithní ar bun. Timpeall scór duine a bhí i gceist, cairde is mó óir níor theastaigh uaim an iomarca airde a tharraingt orm féin agus i ndáiríre níor thosaíos é ach ionas nach mbeadh orm aon airgead a chaitheamh ar mo raithneach féin.
Ba é Pat duine de na custaiméirí ab fhearr a bhí agam. D’úsáid sé an raithneach mar chóir leighis. ‘Féinleigheas’ a thug sé air - ten-spot laethúil, dhá channa Arthur, ocht gcupán Nescafé (nó tae Barry’s), idir fiche is tríocha rólaí Drum agus pé ar bith diabhlaíocht eile a tháinig faoina raon ó thráth go chéile.
Toisc go raibh an úsáid seo aige agus toisc gur thaitin a chomhluadar liom, bhíos lách leis, mar is annamh go mbíodh an deich bpunt glan aige. Uair amháin ghlaoigh sé isteach chugam is sheas go sollúnta i bhfráma an dorais, aghaidh liath dháiríre air, súile faiteacha, a chrúca sínte amach, lán le pinginí an lae, agus dúirt go mall béasach mar ba dhual dó: ‘Luach dhá phunt ochtó naoi de do hash is fearr, led’ thoil.’
Bhí ceol sa tigh i gcónaí – daoine ag teacht is ag imeacht, ag ceannach is ag caitheamh, ag canadh is ag jamáil go maidin. Ar an drochuair, d’osclaíodh Pat a bhosca píobaí le dul i mbun seinnte. Bhí sé deacair a bheith san aon seomra leis is é ag seinnt. Ní raibh smacht ceart aige ar na píobaí ná ar na foinn, ach ceol níos ionraice ní chloisfeá riamh. Gach tuisle is taisme dá shaol is dá thinneas le cloisteáil sna nótaí cráite.
Is, uaireanta, chloisfeá na diabhail ina cheol. Gach nóta ag lorg faoisimh is sóláis. Gach nóta ag éalú as an bpíb is ag streachailt leis an domhan. Mar a bheadh mála cat dá mbá in abhainn; mar a bheadh brú tráchta na cathrach cúig a chlog tráthnóna fliuch Samhna, le gach bíp focann bíp mífhoighdeach; mar a bheadh gach mungailt sna carranna céanna le ham teann ag brú anuas orthu. Níor ghrástúil, réidh, mín a cheol. Níor dhea-éisteacht a phíobaireacht. Ach, bhí sí ionraic.
Bhí a árasán féin ar nós a chuid ceoil: maol-ionraic. Dhá sheomra i dteach Seoirseach, dearg-bhríceach trasna an bhóthair ón Staid Náisiúnta ar an gCuarbhóthar Theas. Dhá sheomra dhorcha fholmha le fallaí is cuirtíní tuirseacha. Seanphóstaer de Bono ag pósáil ar Dhroichead Manhattan i Nua-Eabhrac ar fhalla a sheomra codlata. Teilifís agus tolg caite glas sa chistin/seomra suí suarach. Cóip rí-mhéaraithe de leabhar an Chaptaein O’Neill, 1001 Irish Tunes, ar an mbord.
Agus bia? B’fhéidir go mbeadh bulóg d’arán bán batch, bosca de mhálaí tae Barry’s, próca mór Nescafé ina aice an tsoirn agus ruainne ime, bainne, ispíní is corrshlis bagúin sa chuisneoir.
Anseo a chuireas aithne i ndáiríre air. Ar na séasúir a bhí ag a thinneas, na bealaí diamhra a bhí ag a mheabhair, a shíceolaíocht agus an domhaintuiscint a bhí aige air féin, a thinneas is na modhanna neamhghnácha a d’úsáid sé le fanacht slán. Bhí dochtúir aige, níos faide suas an cuarbhóthar, i mbaile Rialto, gar do Bhailtíní Fatima, a choinnigh súil air, a d’athraigh na táibléid nuair ba ghá nó a threoraigh isteach chuig an ospidéal é dá mba ghá súil níos géire a choinneáil air dá mbeadh sé ag sleamhnú, dá mbeadh ag teip ar a chóir ‘fhéinleighis’ nó dá mba ghá bleaist den ECT (electro-convulsive therapy) a thabhairt dó dá mbeadh sé tar éis sleamhnú.
‘Cuidíonn an ECT go mór liom,’ ar sé liom nuair a dúras leis gur cheapas gur teiripe fhíorbharbartha a bhí ann. Ansin, agus é ag scige go ciúin leis féin, dúirt sé. ‘Tá sé i bhfad, i bhfad níos láidre ná aon focann hash a dhíolann tusa liom.’”
Ribe as Dialann Pat the Pipe (41)
Lá Coille
Sráideanna ciúin. Puinn tráchta. Ceo ag cuimilt na canála.
I mbliana:
Dhein mé 342 sit-up.
D’fhoghlaim mé seasca fonn, ar a laghad.
£1,352.84p tuillte agam ar an tsráid.
Chaith 7,562 feag.
Bhuail le Suzanne trí huaire.
*Thóg cúig thab, ocht líne dhéag cóic agus cnocáinín *hash.
Is as Baile Átha Cliath é Colm Ó Snodaigh agus is ball é den ghrúpa ceoil Kíla. Seo an dara leabhar uaidh – foilsíodh cnuasach gearrscéalta dá chuid, Turasóireacht, cheana féin. Scríobhann sé alt do *Beo! gach mí.*