Seo sliocht as [i]Seosamh Mac Grianna: Míreanna Saoil[/i], leabhar nua le Pól Ó Muirí a fhoilseofar ag deireadh na míosa seo.
“M’athair an scéalaí b’fhearr a chuala mé riamh,” a chreid Séamus Ó Grianna agus an t-iomrá sin air ar fud Rann na Feirste go dtí an lá inniu ann. Tá urraim sa líne sin d’intleacht a athar agus urraim don duine beo nár thréig a intleacht in ainneoin anró. Níorbh aon fhágálach ná giolla na leisce é an duine céanna ach an oiread. Shaothraigh sé idir thalamh agus mhuir lena chuid páistí a chothú. Bhí Seosamh Mac Grianna ar dhuine de na daoine ab óige díobh agus ba ina measc a cuireadh oiliúint air.
Agus a leithéid d’fhoireann teagaisc a bhí aige. Má bhí a athair ina scéalaí maith, bhí a mháthair aitheanta as feabhas a hintleachta, agus bhain sí le filí an cheantair. Lena seal, aithníodh na páistí eile as a gcumas ceannasaíochta féin: bhí bua an cheoil ag Aodh agus Seán Bán; bhí deis a labhartha ag Annie agus Bríd; rinne Séamus scríbhneoir de féin; d’aithin a chuid comrádaithe san IRA cumas Dhónaill agus rinneadh captaen de. “Eisceachtúil” an focal a chluineann tú go minic agus daoine ag trácht ar mhuintir Mhic Grianna. Ní bréag ar bith í.
Agus má bhí buanna intleachtacha acu, bhí míbhuntáistí eile acu – d’imir an croí a thionchar féin ar an cheann. D’fhéadadh siad bheith chomh tobann le driseog agus dáigh ina ndearcadh. Lean an íogaireacht sin de Sheosamh Mac Grianna ar feadh a shaoil; ba dhuine goilliúnach é agus d’aithin seisean – agus a dhaoine muinteartha – na tréithe sin bheith ann óna óige féin.
Lá ní b’fhaide anonn, scríobh Seosamh:
Le fada riamh dá dtigeadh slaghdán ar dhuine eile dhéanfaí trua de; dá dtigeadh slaghdán ormsa ba mhór an náire dom é. Dá dtigeadh fearg ar dhuine eile ba sin an té nach ligfeadh a chnámh leis an mhadadh; dá dtigeadh fearg ormsa ba mé an tarbh de dhuine fiáin. Dá ndéanadh duine eile éagóir bhí sé amuigh aige; dá ndéanainnse éagóir ní thiocfadh a dheireadh a inse.
Téann goin na mothúchán i gcion ar an léitheoir. Tá Mac Grianna féin ris os comhair an tsaoil; ní cheileann sé chomh gonta agus a bhí sé. Mhair an chneá agus é ina dhuine fásta agus ní bhfuair sé maithiúnas ná faoiseamh. Is í an ghoin mhothálach sin an tobar as ar tharraing Mac Grianna a inspioráid mar scríbhneoir. Feicimid sa sliocht beag féin na téamaí a chíor Mac Grianna ina chuid gearrscéalta agus ina chuid úrscéalta. Feicimid fosta an meon neamhspleách, dáigh, dochloíte a bhí mar bhunús lena chuid ábhar eile próis – a chuid litreacha agus aistí.
Neamhspleách, dáigh, mothálach, goilliúnach, spioradálta – is iad seo airde a chompáis chultúrtha; is iad seo na tréithe a threoraigh é le linn dó bheith ag scríobh.
Is in aois a cheithre bliana a cuireadh Mac Grianna chun na scoile. “Ní raibh mé an-chliste ar an scoil ach bhí mé i gcónaí ard i mo rang,” a scríobh sé faoi na chéad laethanta scoile sin.
Ní gá dúinn géilleadh d’umhlaíocht bhréige Mhic Grianna sa chás seo nó tugann cuntais a chomrádaithe scoile le fios gur mhinic é chun tosaigh orthu. Ní hé amháin go raibh eagna chinn as an ghnách aige ach bhí sé ní ba chruthanta ná na páistí scoile eile. Chreid sé – agus a ábhar sin aige, is cosúil – go raibh eagla ar a mhuintir roimhe. De réir comrádaí amháin scoile, Éamonn Neidí Frainc, col ceathair dá chuid, “fear mór láidir” an tuairim a bhí ag daoine de agus é ag freastal ar an scoil náisiúnta. Ba láidre é ná na gasúir eile agus iad ag súgradh thíos ar an trá. Chaitheadh siad cloch mar chaitheamh aimsire agus ba é Seosamh i gcónaí a chaitheadh an fad ab fhaide í. Ní raibh na gasúir eile ábalta an sprioc a shárú a bhaineadh seisean amach leis an mheáchan.
Agus má bhí sé ní ba neartmhaire ná iad taobh amuigh de theach na scoile, bhí sé níb éirimiúla ná iad taobh istigh de fosta. D’aithin a chuid comhghleacaithe scoile go raibh eagna chinn as an choitiantacht aige. Bhíodh sé ar thús báire sa rang agus aistríodh ó na ranganna sóisearacha chun na ranganna sinsearacha go tapa é. Bhí suim aige sa léann agus acmhainn aige dó. Chuidigh sé le hÉamonn Neidí Frainc ceachtanna a dhéanamh. Ní raibh éirí in airde ar bith ann; bhí ciall aige don chomhar agus don chuidiú. Thiteadh sosanna fada machnaimh air agus gan aird aige ar cheisteanna an mhúinteora. Leanadh na taomanna Sócraiteacha seo dó ar feadh a shaoil agus is iad na chéad chomharthaí atá againn den suaitheadh aigne a bhain dó ó am go ham.
D’fhéadfaí, ar ndóigh, nach raibh sna taomanna céanna ach samhlaíocht páiste óig ar strae le linn am scoile nó chothaigh Mac Grianna an tsamhlaíocht go dílis lena chuid léitheoireachta. Léigh sé The Arabian Nights:
I was about nine when I read The Arabian Nights’ Entertainments. It was a magnificent book, I thought, with its cover gilt with designs rich in Oriental lamps and other figures not so clear to me. I met there many Khalifs and Khalenders, and the dreadful lodestone mountain thrilled me with awe, and the burial of Sinbad alive, and the struggles of Ali Baba and the forty robbers. At that time I must have been book-mad.
Chan sé an fhírinne ach, má chan féin, bhí Mac Grianna siosmaideach go leor gan a chuid comrádaithe scoile a bhodhrú lena chuid léitheoireachta; bhí sé tugtha don súgradh agus don chuideachta oiread céanna le gasúir eile a aoise agus thuig sé, is léir, nach bhfóirfeadh an maíomh as leabhair don chuideachta a bhí á coinneáil aige.
De réir a chuntais féin, agus é deich mbliana d’aois:
. . . I had a fierce hunger for books, a hunger which was let gnaw me; for in my humble home there was no literature but the schoolbooks which were a necessity to school-going children.
Tháinig Mac Grianna slán ó eachtra uafásach amháin agus é deich mbliana d’aois. Chaith sé é féin isteach san fharraige, gan snámh aige: “Is iomaí uair a bhí mé i gcontúirt an bháis ón tráthnóna a léim mé isteach i seacht dtroithe uisce ar chladach uaigneach agus gan bang ar bith snámha agam.”
Mura raibh snámh aige an t-am sin, is léir gur fhoghlaim sé go gasta é. Cad é a thabharfadh ar ghasúr chomh hóg leis a leithéid a dhéanamh? Ní hé go raibh comrádaithe scoile thart le go mbeadh ábhar mórtais as an eachtra aige. An raibh sé chomh gann i gcéill léim gan iarraidh a dhéanamh, nó an raibh cúis éigin eile i gceist leis an ghníomh díchéillí?
Scríobh an scoláire Anraí Mac Giolla Chomhaill go raibh cosúlachtaí idir an chéad saothar de chuid Mhic Grianna, Dochartach Dhuibhlionna, agus míreanna as a shaol in Mo Bhealach Féin. Tá cruth an fhicsin ach cuma na fírinne ar chuid de na heachtraí a chumann Mac Grianna. Shonraigh Mac Giolla Chomhaill an-chosúlacht idir na línte sin as Mo Bhealach Féin agus na línte seo as Dochartach Dhuibhlionna: “Thiginn chun an bhaile ón scoil agus mé i mo thachrán bheag, agus d’éalaínn síos fán chladach. Bhínn ag amharc ar an lán mhara a bhí ag lapadán ar na carraigeacha sa chladach.”
Ní luann Mac Giolla Chomhaill, ámh, na línte eile san alt: “Óg is mar bhí mé, thigeadh fiche smaoineamh tríom léim a thabhairt síos agus mé féin a bhá, agus deireadh a chur le cuid magaidh na bpáistí.”
Aithníonn an léitheoir grá Mhic Grianna don mhuir sa sliocht beag sin; tá línte an charachtair bunaithe air féin gan amhras. Níl sé míréasúnta a chreidbheáil go raibh rún aige lámh a chur ina bhás féin agus é an-óg agus, ar ámharaí an tsaoil, níor éirigh leis.
Cad chuige an fuath seo dá óige? D’aithin a mhúinteoir scoile go raibh sracadh i Mac Grianna mar scoláire agus rinne sé monitor de nó “cúntóir ranga” i mbéarlagair ár n-aoise. D’fhágadh an múinteoir i mbun an ranga é dá mbíodh sé féin ar shiúl nó ligtí dó rud beag teagaisc a dhéanamh leis an ualach oibre a thógáil den mhúinteoir féin.
Ní hionann, ar ndóigh, ranganna bunscoile an lae inniu agus ranganna óige Mhic Grianna. Ní raibh sé ar bhealach ar bith eisceachtúil go mbíodh suas le seachtó páiste faoi chúram aon mhúinteora amháin, páistí a bhí chomh hóg le ceithre bliana agus chomh sean le ceithre bliana déag d’aois. Faoin mhúinteoir a bhí sé na caighdeáin éagsúla uilig a theagasc, tasc nár éascaíodh nuair a chuimhnítear gur gann in áiseanna a bhí na scoileanna agus gur beag maith a chreid muintir na bpáistí bheith sa scolaíocht. D’aithin Mac Grianna é féin ina éan corr i measc na bpáistí eile. Bhí an doicheall ann roimh chlisteacht agus intleacht. Ní bhíodh ag cur bhuartha ar pháistí óga ach cuideachta agus greann. Ag an am sin níor ghnách le muintir na tuaithe tuiscint a léiriú don mhionlach sin a chuaigh i mbun léinn.
Bhí an méid sin fíor faoi Dhún na nGall go háirithe, áit a raibh traidisiún na himirce séasúraí i dtreo fheirmeacha an Lagáin agus na hAlban buanaithe le fada. B’éigean don Chonallach Gaeltachta a chontae féin a fhágáil dá mba mhian leis slí bheatha a bhaint amach. Shaothraigh siad i gcuibhrinn nár leo. Bhí aicme amháin ann a bhí saor ar an imirce seo, ámh: na múinteoirí. Ní raibh an múinteoir aitheanta i measc uasaicmí an phobail; níor shagart ná dhochtúir é ach ba dhuine difriúil é; ba dhuine ón taobh amuigh é; duine nárbh ionann agus náibhí. Diaidh ar ndiaidh, bhí an mhúinteoireacht ag feabhsú mar shlí bheatha agus deis ag pobail bhochta tuaithe – fiú pobal Rann na Feirste – daoine a chur i dtreo na gairme sin. Murar den chéim chéanna iad le sagairt agus dochtúirí, bhí an obair céim nó dhó chun tosaigh ar náibhíocht. Is i dtreo na slí beatha sin a cuireadh Mac Grianna.
Seosamh Mac Grianna: Míreanna Saoil le Pól Ó Muirí
Cló Iar-Chonnachta, €15
Tháinig Pól Ó Muirí ar an saol i mBéal Feirste Lá Nollag, 1965. Is Eagarthóir Gaeilge de chuid an Irish Times* é; colúnaí spóirt le Foinse agus scríobhann sé colún ar an Belfast Telegraph. Le cois bheith ina iriseoir, is file agus scríbhneoir é.*