CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
An Brogús
Pádraig Standún Pádraig Standún

Gearrscéal le Jackie Mac Donncha.

Ba chosúil le neascóid ar dtús é. Neascóid bheag nach mbeadh mórán aoise aici. Bioránach, a mbeadh brach déanta go luath aici. A phléascfaí de thimpiste, b’fhéidir. Log beag fágtha sa gcraiceann théis a ligean. B’in a raibh ann ar dtús. Níorbh fhiú deich dtriuf é le breathnú air. Bhí sé chomh suarach sin nach mbreathnófá an dara huair air. Gan dochar ar bith faoin domhan ann ag an bpointe sin. Dá bhfanfaidís mar sin i gcónaí, ní bheadh rudaí chomh dona. Ach méadaíonn siad, na bastardaí. Méadaíonn siad agus leathnaíonn siad. Cuireann siad guaillí orthu féin. Cuireann siad amach a dteanga is tú ag dul tharstu. Bháfaidís thú dá mbeadh a ndóthain uisce acu.

Bhí barúil an diabhail aige seo de féin ón tús. Ní fios cén fáth. Ní raibh tada áirid ag baint leis. Ach mara raibh* high notions* aige, níor lá go maidin é. Cheapfá gur throid a sheanathair ag Cath na Binne Boirbe. Nó go ndearna duine éicint dá shliocht éacht mór millteach. Go raibh sé de cheart aige féin a bheith ag maíomh as. Éirí os cionn na coitiantachta. Go raibh fuil ársa ag rith istigh ann. Brogús camphusach a raibh an iomarca éirí in airde faoi. Ag ceapadh gur as a thóin féin a d’éiríodh an ghrian. B’fhéidir gur cheap sé, ina intinn míoltóige, go dtarraingeodh sé meas na ndaoine air féin dá mbeadh fuinneamh ina thóin.

An créatúr. Dá mbeadh a fhios aige. Ba é a mhalairt a bhí fíor. Ní raibh meas an ghadhair ag aon duine air. B’fhearr leo an diabhal féin lena chuid adharc ná an próiste seo a bheith sa gcosán rompu.

Cén bhrí, ach ní raibh aon duine ag cur chuige ná uaidh. É féin a tharraing a racht air féin. É féin is a mhímhúineadh. An ghráin shíoraí acu anois air. É faoi tharcaisne acu. Chuirfeadh sé gadhar gan tóin ag cac, a deir duine éicint. Agus, m’anam, nach raibh an duine sin i bhfad amach.

Ní raibh a fhios cé a thug Brogús air an chéad lá ariamh. Dá mbeadh breith ar a n-aiféala ag daoine, ní bhaistfí ar chor ar bith é. Ba dhona an oidhe air ainm a bheith air. Ach bhí an dochar déanta. Go leor ag caitheamh i ndiaidh an bhraon uisce a buaileadh sa mullach an lá sin air. B’iomaí áit níb fhearr a d’fhéadfaí an t-uisce sin a chur. Ach níl breith ar an gcloch ó chaitear í. Bhí ainm air, agus d’fhan sé air.

Ní raibh a fhios ag aon duine cá as a dtáinig sé. Dúradh go dtáinig sé go hÉirinn leis na Normannaigh. Go mba é a sheas le Strongbow an lá a phós sé. Daoine eile ag rá gur Gaeilgeoir a bhí ann, a fágadh de dhearmad nuair a chuaigh an chuid eile abhaile. Dúradh go mba é a rinne na seaftaí a bhí ar an gcarr asail a bhí ag Sean-Phádraic Ó Conaire. Dúradh go mba é a chuir an crann úll a bhí i nGairdín Pharthais. Smart alec a dúirt go mba é Caislín Cloch a bhí mar athair aige – caithfear a rá nár chreid é seo ach corrdhuine.

Go hiondúil bíonn chuile eolas ag fear an phoist. Agus, mo léan, bíonn na ráflaí ann. Go raibh litreacha ag teacht as Meiriceá.

Go raibh sé ag fáil pinsean Shasana de bharr a chuid blianta ar an mbeet. Go raibh litreacha registereáilte ag teacht go rialta. Go raibh sé san IRA fadó. Dúradh go leor. Agus bhí go leor leor nár dúradh.

Gar don Óstán a chuir sé faoi, thar áiteacha an domhain. Dá mbeadh sé in aon áit eile, b’fhéidir nach mbeadh rudaí chomh dona. Mar, séard a bhí ann ná deargscabhaitéara. Bhí faisean an diabhail aige a bheith ag breith ar chosa ar dhaoine. Cúplaí óga nach raibh ach ag gabháil amach le haghaidh an chraic ag an deireadh seachtaine. Seanchúplaí nach raibh lúth na gcos go maith acu mar a bhíodar. Chuir sé seo stop le go leor acu, an chuid nach raibh in ann a ghabháil thart an bóthar eile. A theacht aniar aduaidh air.

Bhí deár an diabhail aige ar bhróga sálaí arda. Gan mórán airde ar bhróga foundry ná bróga FCA. É ag cur drochbhail ar a gcuid éadaigh freisin, nuair a thitidís. Bhí sé ráite gur tigh Anthony Ryan a cheannaíodh sé féin a chuid éadaigh, bíodh sé fíor nó ná bíodh.

Úinéirí an Óstáin a tharraing an cruinniú. Bhí an titim sa* till* tugtha faoi deara acu. Chaithfí rud éicint a dhéanamh faoin mBrogús. Sin nó an tÓstán a dhúnadh.

D’oibrigh siad an cloigeann air. Chuir siad bus amach. Ní raibh beann ar bith ag an mbus air. Thug sí lucht an chruinnithe go doras an Óstáin. É féin ag tochas a mhullaigh nuair a chonaic sé an bus ag gabháil thairis. Céard a bhíodar a phleanáil? An faoi féin a bhí an cruinniú? An raibh rún é a dhíbirt? É a chur as seilbh. É a bhaghcatáil. Ar cheap siad go raibh diomar air?

Tharraing an cruinniú caint. Agus argóintí. Ar feadh seachtaine ina dhiaidh sin bhí lucht páipéar is raidió is teilifíse ag triall ar an gceantar. Ina bplódaí. Ag iarraidh agallaimh. Ag tógáil pictiúirí. Ag tairiscint breabanna. Ag ceannacht deochanna do chuile dhuine san Óstán. Rinne an tÓstán go maith air. Gach a raibh de sheomraí ann tógtha. Airgead maith á íoc. Bairillí pórtair á n-ól ar nós uisce. Ceoltóirí ag tarraingt ar an áit as chuile cheard den tír. Teachtaí Dála agus seanadóirí. Campaí acu seo nach raibh áit san Óstán dóibh. Caint mhór go raibh an tUachtarán ag teacht. Gan duine amháin féin fágtha i gceannas na tíre. Í fágtha ansin léi féin, gan duine ná deoraí ag breathnú amach di.

Ní raibh tásc ná tuairisc ar an mBrogús. Chinn orthu agallamh a fháil leis. Chinn orthu a phictiúr a fháil. Théis a raibh de chaint déanta faoi. Théis a raibh de dheochanna ólta air. Théis a raibh d’airgead déanta air. Anois, ní raibh tásc ná tuairisc air.

D’imigh lucht na bpáipéar. D’imigh lucht na teilifíse. Burláladh na campaí is d’imigh chuile dhuine de réir a chéile. Chruinnigh gasúir na buidéil fholmha is na gloiní briste. Tháinig an áit chuige féin. Tháinig misneach do dhaoine. Thosaigh siad ag siúl chuig an Óstán aríst, ag an deireadh seachtaine. Gan scáth gan faitíos. Muinín acu astu féin aríst. Iad níos dána anois. Beagán leitheadach, fiú. Á rá nach raibh faitíos ariamh orthu. Nach raibh siad ach ag ligean orthu féin.

Céard faoin bpoiblíocht a fuair an ceantar? A n-ainm i mbéal an domhain. An áit ar an mapa acu!

Ach rinne Julia Shéamais praiseach den scéal, ó b’annamh léi a ghabháil amach.

Níor chreid Julia an scéala ó thús deireadh go tosach. Chreid sise nach raibh sa rud uilig ach samhlaíocht. Nach raibh sé ach á fheiceáil do dhaoine. Daoine nach raibh tada eile ar a n-aire.

Ach ba ghearr gur chreid sí, nuair a rug an Brogús ar chois uirthi is í ag teacht abhaile ó chuartaíocht.

Agus marach chomh súpláilte is bhí sí, diabhal fata a changlódh sí choidhchin. Níor fhan ag an mBrogús ach an bhróg. Thug sí na cosa léi ar éigean. Ar ndóigh, rinne sí scéal an ghamhna bhuí de. Ag rá gur rug sé ar dhá chois uirthi. Gur tharraing sé an t-éadach di. Nár fhág sé folach uirthi. Go raibh sí chomh nocht le pláta. Go raibh slaitín saileach aige á lascadh sa tóin. Go dtug sé dath dearg uirthi. Go mb’éigean di éalú abhaile ar chúl na gclaíocha le náire go bhfeicfí í. Nach bhféadfadh sí a héadan a thaispeáint sa gceantar aríst go brách. Dá mba fear í, deir sí, ní dhéanfadh sé a leithéid. Ach bhí deár an diabhail aige ar bhróga sálaí arda.

Chuadar níos faide leis an scéal an iarraidh seo. Chomh fada ó bhaile le Stáit Aontaithe Mheiriceá.

NASA a chuir anall an eagraíocht a thug an CRA orthu féin. Cuardaitheoirí Rudaí Aisteacha, a mhínigh duine acu nuair a cuireadh an cheist air. Saineolaithe a bhíodh ag scrúdú UFO-anna agus na ráflaí a bhain leo. Bhíodar an-cheirdiúil lena gcuid ceisteanna: Cé a chonaic an Brogús ar dtús? Cén lá? Cén t-am de lá a bhí ann? An raibh gaolta aige i Meiriceá? An raibh cleamhnaithe aige? An bicycle fir nó bicycle mná a bhí aige? Bhfuil cárta leighis aige? Má tá, cén uimhir atá air? Cén teacht isteach atá aige? Arbh fhéidir a theacht ar P60 nó fiú P45 le heolas a bhaint as? Cén áit a dtéadh sé chuig an leithreas? An raibh sé fireann nó baineann? An transvestite a bhí ann?

Ceisteanna mar seo ar chréatúir nár cheannaigh* transvestite* ariamh. Nár chaith an *drawer *féin, cuid acu.

Coicís go díreach a chaith na Yanks san áit. D’imigh siad leo ansin agus a ndrioball idir a gcosa deiridh acu. Report mór eile le haghaidh dusta an Phentagon a chruinniú. Bheadh cruinnithe rúnda ag an SS ina thaobh. Chaithfí an scéal a choinneáil ón Uachtarán. Ní chuideodh sé leis an gcaidreamh idir Meiriceá agus an tSín. Bhí rudaí sách tendereáilte mar a bhíodar. Chaithfí ceangal na gcúig gcaol a chur ar an eolas seo a bhí bailithe faoin mBrogús. Dhúnfaí an file. Cead fuarú a thabhairt dó. D’fhéadfaí é a athoscailt sa mbliain 2098. Ace in the hole a bheadh ann. Go mór mór ó bhí gorta eile á phleanáil do North Korea. Níos tábhachtaí fós, d’fhéadfaí a theacht ar ais chuige dá mbeadh ganntan ola ann. Idir an dá linn, b’fhearr é a phlugáil.

Sa bpríomhchathair a bhí an tOireachtas an bhliain sin. An halla plódaithe le daoine. Ag éisteacht le comórtas amhránaíochta ar an sean-nós. Iad leath bealaigh nuair a glaodh ar an mBrogús. B’in an t-am ar baineadh stangadh as an lucht féachana. Agus as an dream a bhí sa mbaile, a gcluasa bioraithe acu ag éisteacht leis an raidió.

Cé a chuir isteach a ainm? An ag magadh a bhíodar? Cén bealach a bhí go Bleá Cliath aige? Ar shiúil sé é, mar a rinne Bríd na nAmhrán fadó?

Baineadh fad as muiníl an oíche sin. Ag breathnú thart ag súil le radharc a fháil air. Iad ag luí is ag éirí. Ag útamáil. Ag casacht. Ag cogarnaíl.

Ach níor fhreagair mo dhuine a ghlaoch. Ní bheidh a fhios go brách cé a chuir a ainm ar aghaidh. Ní bheidh a fhios go brách an raibh amhrán aige nó nach raibh. Ní bheidh a fhios go brách cé a thug go Bleá Cliath é, má bhí sé ann.

Bhí go leor ag rá (cé gur i gcogar é, nuair a bhíodh na gasúir gaibhte a chodladh) go raibh baint éicint ag an CRA leis. Sórt baoite, a deir duine éicint. Ag ceapadh go mbéarfaidís air nuair a bheadh sé leath bealaigh thríd an amhrán.

Bhuail drochfhliú é seachtain théis an Oireachtais. Bhí sé cragtha ceart. A chliabhrach plúchta. Cáirseán aisteach ann mar a bheadh coileach a mbeadh triomacht air. Bhí fadhb aige leis na duáin is é ag fual ina threabhsar. Daoine ag rá gur fliuchán a fuair sé ar an mbealach go Bleá Cliath (má bhí sé ariamh ann). Daoine ag rá go raibh sé ag fáil a chuid féin ar ais. Go ndearna Julia Shéamais eascaine air. É rómhaith aige, deir cuid acu. Bá is múchadh air, ag cuid eile.

Ach tháinig sé thríd. D’fhéadfá a rá go dtáinig. Gan bhanaltra gan dochtúir. Gan cóir leighis.

Ní féidir an drochrud a mharú. Nár dhúirt siad ariamh é? É níos mó anois ná a bhí sé ar dtús. É ar a sheanléim aríst. Ar ais ag na cleasanna céanna. Ag baint na gcos uathu taobh amuigh den Óstán.

Tharraing an sagart anuas é ag Aifreann an Domhnaigh. Níor cheap aon duine gur faoin mBrogús a bheadh an tseanmóir. Dá mbeadh a fhios acu é, is cinnte go mbeadh teach an phobail lán go doras. Ach ní ar an mBrogús a lig an sagart a racht. Ach ar an dream a bhí ag tarraingt ar an Óstán. Fanaigí glan ar an Óstán, a phaca diabhal, a deir sé. Fanaigí glan ar an Óstán agus ní chuirfidh sé chugaibh ná uaibh. Tá sibh ar bhealach bhur n-aimhleasa, a phaca diabhal. Labhair sé go bagrach agus chuir sé fainic orthu. Dúirt sé go gcuirfeadh sé adharca ar chuile mhac máthar acu. Chreid cuid acu é. Chuaigh láimh anseo is ansiúd go baithis. Dúirt sé go ruaigfeadh sé amach as an Eaglais iad. ‘Na damantaigh’ a thug sé orthu. Cúr lena bhéal. A chuid fiacla ag gíoscán. Ní bhfuair sé siúd locht ar bith ar an mBrogús. Shílfeá gur trua a bhí aige dó. Gan aithne ar bith aige air. A locht air; b’fhurasta a raibh ar an bpláta a chomhaireamh an lá sin.

Chlis ar an CRA. Chinn ar an SS. Bhí an teilifís agus lucht na bpáipéar théis loiceadh orthu. Bhíodar i ngábh. Agus, anois, bhí an sagart théis a chuid cártaí a leagan ar an mbord.

Deirtí nár ól an Brogús tada ariamh níos láidre ná Ballygowan. Má d’ól sé tada eile, ba ar an g*quiet *a d’ól sé é. Ach nach hin iad is measa.

Bhí rud amháin cinnte: bhí tionchar ag an ngealach air. Bhíodh sé deas múinte sibhialta, nuair a bhíodh an ghealach lán. É chomh nádúrtha is a chonaic tú ariamh. Ach nuair a théadh an ghealach ar gcúl, b’in an t-am ba chontúirtí é. *Antichrist *ceart a bhí ansin ann. Collach nárbh fhéidir drannadh leis. Ach théis an méid sin, agus théis go raibh an diabhal istigh ann, bhogfadh sé an croí ba chrua an lá ar stop leoraí na Comhairle Contae os a chionn. Nuair a d’oscail siad an clár deiridh. Nuair a scaoil siad scuaid tearra is clocha beaga isteach ina chlab, a dhún a bhéal go brách.

Ba chosúil le neascóid ar dtús é. Bioránach, a phléascfaí de thimpiste. Log beag fágtha sa gcraiceann théis a ligean. Dá bhfanfaidís mar sin, ní bheadh rudaí chomh dona. Ach méadaíonn siad, na bastardaí. Méadaíonn siad.

Is as Cill Chiaráin, Conamara é Jackie Mac Donncha. Tá cáil air mar fhile agus foilsíodh cnuasach filíochta leis, Gaineamh Séidte, in 2003. Is é a scríobh geamaireacht an Phléaráca, Oisín, i gcomhar le Seán Ó Loideáin agus Seán Leainde. Bhuaigh an cartún Cúilín Dualach, bunaithe ar ghearrscéal leis, duais Pulcinella amach don ghearrscannán is fearr ag féile idirnáisiúnta i bPositano na hIodáile. Oibríonn sé mar áisitheoir i Scoil Phobail Mhic Dara, Carna, áit a dtugann sé ceardlanna sa scríbhneoireacht chruthaitheach. Cé go bhfuil corr-ghearrscéal scríofa aige, níl aon chnuasach curtha i gcló aige fós. Bhí sé pósta le Frances, nach maireann, agus tá triúr clainne air: Déirdre, Cormac agus Seán.

Gluais • Glossary

neascóidboil

bioránachsprat

brachpus

logindent

Níorbh fhiú deich dtriuf é le breathnú air.It wasn’t worth looking at.

leathnaíonn siadthey spread

is tú ag dul tharstuas you pass them

duine éicint dá shliochtone of his offspring

éachtfeat

ag maíomh asboasting about it

brogús camphusacha sour-faced humourless person

ina intinn míoltóigein his midge mind

a mhalairtthe opposite

próistethin, spindly person

ag cur chuige ná uaidhbothering him

a mhímhúineadhhis unmannerliness

an ghráin shíoraídeep hatred

faoi tharcaisneheld in contempt

dá mbeadh breith ar a n-aiféala ag daoineif people could undo what they had done

seaftaíshafts

corrdhuinethe odd person

deargscabhaitéaraa total blackguard

airdheed

nuair a thitidíswhen they used to fall

ag tochas a mhullaighscratching the top of his head

rúnintention

é a dhíbirtto drive him out

go raibh diomar airthat there was something wrong with him

plódaícrowds

Ag tairiscint breabanna.Offering bribes.

ceardcorner

chinn orthuthey failed

scáthfear

muinínconfidence

leitheadachconceited

praiseachmess

samhlaíochtimagination

cuartaíochtvisiting

marach chomh súpláilte is bhí síif it wasn’t for her fitness

diabhal fata a changlódh sí choidhchindevil the potato she would ever chew

Thug sí na cosa léi ar éigean.She barely escaped.

folachcovering

nochtnaked

slaitín saileachwillow rod

á lascadhthrashing her

ar chúl na gclaíochabehind the stone walls

an iarraidh seothis time

Cuardaitheoirí Rudaí AisteachaSearchers for Strange Things

saineolaitheexperts

ráflaírumours

cleamhnaitherelations by marriage

fireann nó baineannmale or female

a ndrioballtheir tail

ganntan olaoil shortage

stangadhstart

ag útamáilfumbling

ag cogarnaílchewing

gaibhte a chodladhgone to bed

sórt baoitea kind of bait

go mbéarfaidís airthat they would catch him

drochfhliúa bad flu

cragtha ceartbadly hit

cliabhrachchest

cáirseán aisteachstrange wheeze

duáinkidneys

ag fual ina threabhsarwetting his trousers

fliuchándrenching

eascainecurse

bá is múchadh airdrowning and smothering on him

cóir leighistreatment

seanmóirsermon

a rachthis outburst

a phaca diabhalyou pack of devils

ar bhealach bhur n-aimhleasaon the road to ruin

go bagrachthreateningly

fainicwarning

cúrfoam

ag gíoscángrating

i ngábhin a dangerous situation

collachcrude, fleshy person

scuaid tearraa splattering of tar

isteach ina chlabinto his mouth

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.