CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Dhá dhán úra le Cathal Ó Searcaigh

Dhá dhán úra le Cathal Ó Searcaigh

Íomhá

Kathmandu

Le teacht an lae músclaíonn sí mé i dtobainnele glao coiligh a póige.Nuair a fhéachaim amach ó m’fhuinneog mullaightchím í ag siúl na sráide i *sari *buí-ómra na maidine;bruth anála a tráchta ag éirí chugam ina mhúr teasa.

Níl suí suaimhnis aici anois ach í ar a cosaag cur líon a muintire ina suí;á ndúiseacht le cága callánacha a gutha, á ngríosúis a ngiúmaráil lena n-aghaidh a thabhairt go breabhsántaar an lá atá ag buíú as meall gréine a súl.

Am lóin, ó bhalcóin an óstáin, tchím ísínte ina cnap codlata,a cabhail chathrach spréite go hanásta, í tnáite ón lábasár a brollaigh ag borradh le saothar tráchtáladlaoithe casa a gruaige cíortha aici ina gcabhsaí dúshlánacha.

Inniu tá na bochta lena mbeatha ghnách á gclutharú féingo heaglach i gcúlsráideacha a clóca,agus is mór an méala dithe a mbuairt agus a gcruachásagus is minic í ag déanamh tochta nuair a tchí sí an tréanag tromaíocht ar an trua, an meannán ag múineadh méilí dá mháthair.

Sprid chaomhnaithe na scrínte sráide, staidbhean na bpálás briste, bean feasa na gclós ársa;Ar ball dhorchaigh spéir a súl agus bhuail daol chaointe na himní íag faire cheannairc a clainne agus iad ag deargadh airm na réabhlóidei gcoinne na ceannasaíochta a d’fheall orthu le fada.

Tá boige paidre ina briathra agus í le báiníag an bhruth bréan bildeálaatá ag déanamh angaidh i gceithre cnámha a colainneach dá ainneoin sin cluinim í ag canadh amhráin dóchais dá daoinei bhforógraí bagracha lucht léirsithe, i dteanga bhachlógach na n-óg.

Tráthnóna, a cuid pagódaí ar crochadh léithesiogairlíní glémhaiseacha a cluaise;tchím í ag siúl go ríogúil i measc a muintire, á mbeannúlena teanga túise, cloigíní ag clingireacht ina gáireagus í ag déanamh gleo le bantracht bheoshúileach an mhargaidh.

Le coim na hoíche téann sí timpeall ag spréamhcheannbhrat glé an dorchadaisos cionn a daoine, lampaí sráide ina mbioráin airgidag lonrú ina clóca sróil, gealach ómra á hiompar aiciina tóirse lasta, adharca tráchta a port aigeanta béil.

Chuicise, buime m’anama, a thógaim mo shúilar bhuille an mheán oíche agus mé ag gabháil a luí, tráth a dtugann sí deoch shuain chugamlán de spréach shúgach na spéire. Agus í ag imeacht fágann sí réaltógag glinniúint i m’fhuinneog chomh bog binn le póg.

Cor eile

B’aoibhinn liom tú a mhuirniú, a dhúiche m’anama,do shúil ghorm uisce fómhair a phógadh i linnte portaigh Mhín na bPoll; suaitheadh a thabhairt do mhínteloma do bhrollaigh i Mín an Leagha; croí isteach d’uchta dhéanamh leat i nGort an Choirce. Ach anocht, tá mé i bhfad uait i gcéin, i gcathair ard, rua na mbasár, áit nach bhfuil d’ainm i mbéal an tslua;

is tig cumha orm i do dhiaidh, a dhúiche mo chroí, nuair a tchím an ghealach bhuí in ard na spéire agus íar a slí chugatsa le tú a aoibhnniú go béal maidine. Is cuimhním ar do chorp ionúin, do bhéal teasaí ar an Bhealtaine, do mhásaí cnocacha i dtóin na ceathrúna; d’alt fraoigh ag ceann Loch an Troisc, óir is tusa anois agus i gcónaímo chéadsearc, mo rún na héigse, a niamhraigh mo dhán le do phóg

agus mé óg. Anois siúlaim leat i gcaorán na bhfuiseog is éistim le monabhar abhna do bhriathra ó Bhéal an Áthaagus cuirim mo bheola le do chneas atá cumhra, a ghrá, le sméara dubha Ghleann an Átha …i dtobainne, tá mé lán díot, a mhian, is níl a dhath le déanamh agam ach luí síos leat go dianar leaba seo an dáin agus tú a bhriatharú chun beatha …

Gluais • Glossary

glao coiligh a póigethe rooster call of her kiss

mullaightop of house

buí-ómrayellow-amber

bruth análahot breathing

múr teasabank of heat

cága callánachanoisy jackdaws

á ngríosúinciting them

a ngiúmaráilhumouring them

go breabhsántasprightly

meall gréineorb

cabhail chathrachcity body

spréite go hanástaspread awkwardly

tnáitejaded

basár a brollaighthe bazaar of her bosom

ag borradhswelling

dlaoithe casacurly tresses

cabhsaí dúshlánachachallenging lanes

á gclutharú féinhiding themselves

méalasorrow

buairtvexation

cruachásdistress

ag déanamh tochtagrieving silently

an tréanthe strong

ag tromaíocht ar an truadenigrating the wretch

meannánkid

méileachbleating

scrínteshrines

bean feasa na gclós ársawise woman of the ancient yards

dhorchaigh spéir a súlthe sky of her eyes darkened

ceannaircrevolt

a d’fheall orthuwhich failed them

boige paidrethe softness of prayer

le báinífurious

bhruth bréan bildeálathe foul heat of the building site

ag déanamh angaidhfestering

i bhforógraí bagracha lucht léirsithein the threatening proclamations of the demonstrators

bhachlógachindistinct

siogairlínípendants

glémhaiseachexquisitely beautiful

go ríogúilregally

teanga túisetongue of incense

ag clingireachtringing

bantracht bheoshúileachthe quickeyed women

le coim na hoícheat nightfall

ag spréamh cheannbhrat glé an dorchadaisspreading the bright canopy of darkness

bioráinpins

ag lonrúshining

clóca sróilcloak of satin

aigeantaspirited

buimefoster-mother

deoch shuainsleeping-draft

spréachspark

súgachmerry

ag glinniúintsparkling

tú a mhuirniúto caress you

linntepools

cumhaloneliness

le tú a aoibhnniúto make you blissful

ionúinbeloved

másaíthighs

a niamhraigh mo dhánwho made resplendent my poem

i gcaorán na bhfuiseogin the bog of the larks

monabharmurmur

chneasskin

cumhrafragrant

miandesire

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.