
Anbhás atá i ndán don té nach mbíonn ar a fhaicheall roimh chrogall fionnuisce na hAstráile. Tá fios na contúirte ag Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»Comhrialtas faoin Lucht Oibre a bhain cumhacht de mhaoil a mhainge amach san Astráil. Chaith Bearnaí Ó Doibhlin a vóta san olltoghchán, bíodh gur in iardheisceart Dhún na nGall a bhí sé, lá na vótála féin.
»»»Turasóireacht go lár na hAstráile, nó sotal an fhir ghil? Ní féidir líon mór de na ‘fámairí’ a choinneáil anuas de Uluru, ionad naofa Mhuintir Anangu. Caithfidh siad satailt air agus is measa an scéal le tamall anuas, mar is eol do Bhearnaí Ó Doibhlin.
»»»Tá athruithe curtha i bhfeidhm ar chúrsaí inimirce na hAstráile ag rialtas an Lucht Oibre arbh fhéidir a rá fúthu, dar le Bearnaí Ó Doibhlin, nach bhfuil siad aon bhlas éagosúil leis an Pacific Solution, córas na gCoimeádach féin.
»»»Míshásamh, corraíl, uisce faoi thalamh, - tá scéal Phríomh-Aire úr na hAstráile ag Bearnaí Ó Doibhlin dúinn te bruite as taobh theas an domhain.
»»»Tá taobh eile ar an mbád - níl deireadh caillte - i gcás teangacha dúchais na hAstráile, ná baol air. Tá an dea-scéala ag Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»Tuigtear do Bhearnaí Ó Doibhlin go bhfuil an t-athmheas, in ionad an drochmheasa mar a bhíodh, ag muintir na hAstráile ar na sluaite saighdiúirí a fuair bás ar an mblár catha ag Gallipoli sa Tuirc in earrach na bliana 1915.
»»»Tá an Astráil ag athrú ina leagan amach cumachta agus freagrachta ón rialtas láir/náisiúnta anuas go dtí na rialtais stáit. B’fhearr le Bearnaí Ó Doibhlin go mbeadh a gcuid airgid féin ag rialtais na stát.
»»»Is é biaiste mhór na peile san Astráil é anois teacht an Fhómhair acu ó dheas. Chaith Bearnaí Ó Doibhlin súil ar mhodhanna éagsúla caide an Astrálaigh.
»»»Cloisfear trácht i mbliana ar Mary MacKillop na hAstráile. Tá cuid dá naomhsheanchas san alt seo ag Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»Léiríonn Bearnaí Ó Doibhlin thíos cuid den teasaíocht cainte agus tuairime a ghin an téamh domhanda i bpolaitíocht na hAstráile ar na mallaibh.
»»»Chaill Bearnaí Ó Doibhlin cúpla cianóg le rás capaill san Astráil i mbliana. Má chaill, bhí comhluadar líonmhar ina theannta ó cheann ceann na tíre.
»»»Tá roinnt daoine san Astráil ag dearcadh siar le brón ar an drochdhóigh a caitheadh le muintir Thíomór Thoir le glúin anuas. Tá an scéal ag Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»Tá scéal ag Bearnaí Ó Doibhlin ar na mílte saighdiúirí as an Astráil a throid is a thit ar ghort an bhaile lena dtír a chosaint breis is trí scór bliain ó shin. Cosán dearg, a bhféadfaí an dá chiall a roinnt leis an aidiacht sin, a bhí i gCosán Kokoda.
»»»Tá trácht ag Bearnaí Ó Doibhlin anseo ar an ‘sit down money’, nó an dól, a thugtar do Mhuintir Dhúchais na hAstráile. Ní fearrde iad an t-airgead éasca céanna, dar leis.
»»»Ní hionann is talamh na hÉireann, is doiligh turlaigh an Gheimhridh a líonadh le báisteach i lár na hAstráile. Ríomhfaidh Bearnaí Ó Doibhlin an scéal dúinne nár leag súil ar ‘cheann de na heachtraí is iontaí ar dhromchla an domhain’.
»»»Ní hiad muintir Róma na Sé Chontae amháin a mhothaigh buille doirn agus ainspíd le scaitheamh. Míníonn Bearnaí Ó Doibhlin dúinn go bhfuil a gcuid doghrainne féin ar muintir na hIndia san Astráil le tamall anuas.
»»»Is iomaí ainmhí a tháinig nó a cuireadh i dtír is a rinne leas. An coinín, an luchóg mhór, an madra, an cat, is féidir le ceann ar bith díobh a bheith ina scrios i dtír chomh mór leis an duine féin. Tá le rá ag Bearnaí Ó Doibhlin go bhfuil lucht eolaíochta buartha faoi lusra Oileáin Mhic Guaire laisteas den Tasmáin.
»»»Ba chóir amharc ar an inimirceach le barr trua in áit a bheith á gheimhliú dar le Bearnaí Ó Doibhlin. Ní chóir don Astráil a bheith i dtuilleamaí ‘oilbhéim an naíonán thar bord’ dar leis, eachtra thruamhéala as ar tharraing John Howard uisce ar a mhuileann féin.
»»»Bí ag caint ar an nath ‘tiocfaidh ár lá’! Tá muintir na hAstráile ag cur is ag cúiteamh faoin lá náisiúnta a athrú agus faoi athruithe eile chomh maith leis an mhéid sin a chur i bhfeidhm ag an am chéanna ar leagan amach reachtúil na tíre. Tuigeann Bearnaí Ó Doibhlin an scéal agus soiléiríonn sé san alt seo gnéithe de stair na tíre agus de thionchar na staire ar dhreamanna éagsúla de mhuintir na hAstráile go dtí an lá inniu féin.
»»»D’fhan Bearnaí Ó Doibhlin lena theach a choinneáil slán le linn na bhfalscaithe fíochmhara a thit amach san Astráil roinnt seachtaine ó shin. Déanann sé cur síos san alt seo ar a bhfaca sé is ar a mhothaigh sé le linn ceann de tubaistí tine is measa sa taobh sin domhain.
»»»Bhí deis ag Bearnaí Ó Doibhlin machnamh ar mhuintir na nOileán Filipíne, Vanuatú agus an Nua-Chaladúin san Aigéan Ciúin le linn saoire ar bord sóloinge, an Pacific Dawn, faoi Nollaig. Saol eile ar fad atá ag muintir na nOileán agus ní hé saol na sóloinge é, ach a mhalairt ghlan.
»»»Tá saol na mbochtán le hathrú san Astráil, dar le Bearnaí Ó Doibhlin. Tá gach cuma ar an scéal go ngníomhóidh an Príomh-Aire, Kevin Rudd, ar bhonn náisiúnta agus go háitiúil le deireadh a chur le heaspa dídine san Astráil.
»»»Meabhraíonn Bearnaí Ó Doibhlin eachtraí báis agus beatha dúinn as taobh na hIndinéise, eachtraí a d’fhág ábhar dóláis ag muintir na hAstráile. Chuaigh an gháir amach as an Astráil ar son phionóis an bhais i dtosach, ach tharla údar athmhachnaimh ar an scéal nuair a gabhadh naonúr Astrálach san Indinéis as coir eile.
»»»Tugann Bearnaí Ó Doibhlin cur síos ar ghné de truamhéile na staire, an bád bán a thug girsí is mná óga, amach as Teach na mBocht, anonn chun na hAstráile.
»»»Tá daoine áirithe san Astráil ag gearán faoina laghad bonn a bhain an fhoireann náisiúnta sna Cluichí Oilimpeacha agus iad á rá gur chóir maoiniú sa bhreis a chur ar fáil do spóirt éilíteacha sa tír dá bharr. Tá Bearnaí Ó Doibhlin idir dhá chomhairle faoi sin, áfach.
»»»Fógraíodh le gairid go bhfuil maolú le teacht ar na polasaithe géara atá i bhfeidhm san Astráil i dtaca le lucht iarrtha tearmainn. Tá Bearnaí Ó Doibhlin den tuairim gur céim mhór chun tosaigh é seo.
»»»Thug Rialtas na hAstráile cuid trúpaí na tíre ar ais ón Iaráic le gairid, mar a gheall an Príomh-Aire roimh an olltoghchán anuraidh go ndéanfadh sé, ach, dar le Bearnaí Ó Doibhlin, níl aon dochar déanta ag an gcinneadh seo don chaidreamh idir an tír agus na Stáit Aontaithe.
»»»Tá gach cosúlacht ar an scéal go ngearrfar an sean-nasc bunreachtúil idir an Bhreatain agus an Astráil san am atá romhainn. Seans, áfach, gur mall seachas luath a tharlóidh sé, dar le Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»Ó thaobh na hAstráile de, bítear ag caint go minic ar chomh hiontach agus atá Melbourne agus Sydney. Ach tá Bearnaí Ó Doibhlin den tuairim gur áit ar leith í an phríomhchathair, Canberra, chomh maith.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.