AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
An Pósadh Comhghnéis
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Is é dearcadh mhuintir na hAstráile é gur ceart an deis chéanna, nó mar a deir siad, ‘a fair go’, a thabhairt do chách. Feictear do Bhearnaí Ó Doibhlin go roinntear an chóir le daoine an chuid is mó den am ach is cosúil go bhfuiltear ag déanamh leithcheala ar aicme amháin faoi láthair.

Íomhá
An tArd-Aighne Philip Ruddock
le USGOV ar Vicipéid
Íomhá
Penny Wong, Aire Rialtais lena hata Sustainable Penrith
Vicipéid
Íomhá
Feisire Adam Bandt na nGlasach
le Kajute ar Vicipéid

Bhí clú ar an Astráil, tráth den saol, mar thír a bhí forásach ó thaobh bheartas i réimse sóisialta de, tír ina mbíodh ardmheas ar chomhionannas agus ar chothroime. Bhí ceart vótála ag mná na tíre, cuir i gcás, beagnach ón lá ar bhain an Astráil neamhspleáchas amach céad agus deich mbliana ó shin, tréimhse fhada sula raibh an ceart céanna ag mná i dtíortha forbartha go leor eile. (Bhí an ceart seo ag mná geala amháin, le bheith beacht, mar níor tugadh aon cheart daonna do mhuintir dhúchais na tíre faoin am sin.)

beartas sóisialta amháin, ámh, is é sin an pósadh comhghnéis a dhéanamh dleathach, go mór i mbéal an phobail ar na mallaibh, agus is léir nach bhfuil an Astráil chun tosaigh ar thíortha forbartha áirithe eile i dtaca leis an mbeartas seo. Tá an chuma ar an scéal nach mbeidh ceart pósta ag muintir aerach na tíre seo go ceann tamaill eile.

dul chun cinn bainte amach ag an muintir aerach i ndáil lena gcearta le blianta beaga anuas. Ritheadh leasú don Acht Bunchíosa náisiúnta sé bliana ó shin, cuirim i gcás, a thug pinsean do dhuine de lánúin chomhghnéis tar éis bhás an chomhpháirtí. Ritheadh dlíthe eile dhá bhliain ó shin a thug na cearta céanna is atá ag lánúnacha heitrighnéasacha neamhphósta do lánúnacha comhghnéis i dtaca le cúrsaí cánach, slándáil sóisialta agus sláinte, cúram na sean agus fostaíochta.

É sin ráite, níl cead ag aon lánúin ach amháin fear agus bean pósadh in aon áit san Astráil mar go bhfuil pósadh sainmhínithe sa Marriage Act 1961 mar “the union between a man and a woman”.

An Cur is Cúiteamh

D’eascair an díospóireacht phoiblí is déanaí i dtaca le pósadh comhghnéis as rún a ritheadh trí Theach na nIonadaithe cúpla mí ó shin. Mhol an t-aon fheisire de chuid an Pháirtí Ghlais, Adam Bandt, an rún, a d’iarr ar a chomhghleacaithe sa teach dhá rud a dhéanamh: a thabhairt faoi deara go raibh pósadh comhghnéis dlite i dtíortha go leor eile, agus ceist an phósadh chomhghnéis a spíonadh leis an lucht vótála ina gcuid toghcheantar. Thacaigh baill Pháirtí an Lucht Oibre leis an rún, ach dhiúltaigh baill den fhreasúra, atá comhdhéanta as dhá pháirtí coimeádacha, tacú leis.

Tá an Páirtí Glas i bhfabhar pósadh comhghnéis a dhéanamh dleathach le fada an lá. Beidh cothromaíocht na cumhachta ag an bpáirtí sa Seanad i gceann cúig mhí agus beidh an deis aige, dá bhrí sin, roinnt dá dhúnghaoisí a chur i bhfeidhm. Tá sé beartaithe ag an bpáirtí bille a chur faoi bhráid na parlaiminte sna míonna amach romhainn le pósadh comhghnéis a dhéanamh dleathach.

Ní raibh an rún thuas ag déanamh iarrachta an dlí a athrú, de réir dealraimh, ach chuir sé brú ar na páirtithe móra an cheist a chíoradh go hoscailte, ábhar ab fhearr go mór leo a fhágáil ar an méar fhada. Tá imní orthu araon go mbeadh frithradadh ina n-éadan ó na heaglaisí, agus ón mionlach éadulangach san Astráil atá fíorláidir in aghaidh na muintire aeraí, dá dtacóidís le pósadh comhghnéis.

Nuair a labhair an feisire Bandt sa díospóireacht ba ríléir a láidre a chreideann sé gur chóir pósadh comhghnéis a cheadú. Mhaígh sé nach féidir “teorainn a chur ar an ngrá” agus go bhfuil seisean ag tnúth go mór leis an lá ina mbeidh comhionannas iomlán i dtaca le cúrsaí pósta ar fáil do gach duine san Astráil.

An Pósadh mar a Bhíodh

Labhair Philip Ruddock, a bhí ina Ard-Aighne san iar-rialtas coimeádach, ar dtús in éadan an rúin, ag maíomh gurb é an pósadh traidisiúnta an t-aon chomhthéacs oiriúnach ina mbeirtear agus ina dtógtar páistí. Níor luaigh sé, áfach, go bhfuil an ceart ag lánúineacha comhghnéis páistí a uchtú agus a altramú, nó fiú iad a bhreith ag baint feidhme as toirchiú in vitro nó as an máthairionadaíocht, cuir i gcás. Mhaígh na daoine eile a labhair in éadan an rúin go ndéanfar dochar don phósadh “mar fhoras” - go mbainfí an bonn uaidh fiú - dá mbeadh cead ag lánúnacha comhghnéis pósadh.

Má tá aon athrú le tarlú i dtaca le pósadh comhghnéis san Astráil beidh tacaíocht ag teastáil ó Pháirtí an Lucht Oibre, atá i gcumhacht faoi láthair. Ba léir le linn na díospóireachta thuas nach mbeadh aon tacaíocht ón bhfreasúra. Tá deighilt mhór ar an gceist i bPáirtí an Lucht Oibre, gan aon agó, ach beidh an cheist ar an gclár oibre ag a gcéad chomhdháil náisiúnta eile, a reáchtálfar i mí na Nollag i mbliana.

stocaireacht ar siúl idir an dá linn taobh istigh den pháirtí le hathrú dúnghaoise a chur i bhfeidhm. Cuireadh go mór leis an bhfeachtas ar son an athraithe nuair a labhair an tAire Airgeadais, an Seanadóir Penny Wong, ar son rúin ag tacú le pósadh comhghnéis, a ritheadh ag comhdháil den pháirtí san Astráil Theas. Is í an Seanadóir Wong an chéad aire náisiúnta sa tír riamh a deir go hoscailte gur leispiach í.

Foilsíodh torthaí pobalbhreithe go luath tar éis na díospóireachta thuasluaite inar léiríodh go bhfuil 57 faoin gcéad den daonra ar son an pósadh comhghnéis a dhéanamh dleathach, agus nach bhfuil ach 37 faoin gcéad ina éadan. Léirigh na torthaí freisin go bhfuil sa bhreis ar dhá dtrian den lucht vótála a thacaigh le Páirtí an Lucht Oibre ar son tacú le pósadh comhghnéis. Tá formhór na ndaoine i ngach stát agus críoch, cé is moite de Queensland, ina fhabhar chomh maith.

Bíodh is go bhfuil an feachtas i bhfabhar phósadh comhghnéis ag bailiú nirt i bPáirtí an Lucht Oibre, níltear ag súil go mbeidh an tacú cuí ann ag an gcomhdháil náisiúnta i mbliana le dúnghaois i bhfabhar an pósadh comhghnéis a ghlacadh. Is dócha go mbeidh comhghéilleadh éigin ann, ag soláthar clárlann pháirtíocht teaghlaigh náisiúnta do lánúineacha comhghnéis, mar shampla. Is dócha, freisin, go dtabharfaí an ceart do na feisirí vótáil de réir coinsiasa nuair a phléifear an bille thuasluaite atá beartaithe ag an bPáirtí Glas.

Tá ardmheas ag muintir na tíre seo ar chothrom na Féinne, mar a luaigh mé ag tús an ailt, agus tugtar ‘a fair go’ air i mBéarla na hAstráile. Feictear dom, ámh, nach bhfuiltear ag tabhairt ‘a fair go’ do mhuintir aerach na tíre seo fad is nach bhfuil an ceart pósta céanna acu is atá ag muintir eile na tíre.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.