AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Ar Bharr an tSlabhra Bhia
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Anbhás atá i ndán don nach mbíonn ar a fhaicheall roimh chrogall fionnuisce na hAstráile. Tá fios na contúirte ag Bearnaí Ó Doibhlin.

Íomhá
In aice le Darwin
le Tourism NT ar Vicipéid
Íomhá
Crogall óg ar bhruach na Daintree
le Jan Loucka ar Picasaweb
Íomhá
Rabhadh
le Tourism NT ar Vicipéid
Íomhá
Crogall an inbhir
le Djambalawa ar Vicipéid
Íomhá
Tintreach os cionn Darwin
le Tourism NT ar Vicipéid

clú – nó b’fhéidir droch-chlú - ar an Astráil mar thír a bhfuil ainmhithe contúirteacha go leor inti. Sular chuir muid fúinn abhus ba mhinic a chuala muid trácht ar na siorcanna marfacha san fharraige, agus ar na nathracha nimhe agus na damháin alla nimhiúla ar an talamh. Ach b’ionadh linn a léamh go raibh ainmhí eile san Astráil a bhí ní ba chontúirtí ná aon cheann eile: an crogall inbhir. Thuig muid a chontúirtí is atá an t-arracht scanrúil seo a luaithe is a chonaic muid ceann acu den chéad uair.

Faightear dhá shaghas crogaill san Astráil, an crogall fionnuisce agus an crogall inbhir, agus tá siad araon ina gcónaí sa teochrios. Bíonn an crogall fionnuisce fásta idir 2-3 mhéadar ar a fhad agus bíonn sé níos lú ná an crogall inbhir. Cé go mbíonn siad réidh i dtólamh a ndúiche a chosaint, is fíorannamh a dhéanann ceann acu ionsaí ar aon duine. Mar a léiríonn a ainm, cónaíonn an crogall seo sna haibhneacha, sna seascainn agus sna lochanna fionnuisce intíre i dtuaisceart na hAstráile.

Bíodh is go bhfuil an t-ainm ‘inbhear’ ar an gcineál crogaill eile, cónaíonn sé i réimse leathan gnáthóg, mar shampla sna huiscebhealaí fionnuisce, sna hinbhir sáile agus san fharraige. Tá sé i bhfad níos mó ná an crogall fionnuisce agus faightear ceann acu uaireanta suas le sé mhéadar ar a fhad, a bhfuil meáchan os cionn míle cileagram ann.

An Uathphéist is Mó ar Domhan

Is breá le muintir na hAstráile ainmneacha a ghiorrú, agus –y, nó –ie, a chur leis an leagan giorraithe. Tugann muintir an tuaiscirt ‘saltie’ ar an gcrogall inbhir agus ‘freshie’ ar an gcrogall fionnuisce. Tá an saltie ar an uathphéist is mó ar domhan agus tá fianaise ann go bhfuil an saghas crogaill seo ag maireachtáil ar an domhan ón aimsir réamhstairiúil, aimsir na ndineasár.

Itheann an crogall inbhir fásta ainmhithe an uisce agus aon ainmhí eile a thagann isteach san uisce nó in aice leis, daonna san áireamh. Tá sé cumhachtach go leor le hainmhithe móra leithéidí an bhuabhaill uisce fhiáin agus na bó baile a mharú. Cé go bhfuil siad an-mhór, bogann siad go han-tapa thar achar gairid agus iad i mbun seilge. Bánn siad na hainmhithe talún a mbeireann siad orthu, ag baint úsáide as cleas darb ainm únfairt an bháis, agus ansin téann siad ar an talamh lena gcreach a ithe. Níl aon agó ach go bhfuil an crogall inbhir ar bharr an bhiashlabhra, ar thalamh agus san uisce araon, i dteochrios na hAstráile.

Nuair a tháinig muid chun na tíre seo beagnach ceathracha bliain ó shin, aisteach le rá, bhí an crogall inbhir ar liosta na gcineálacha i mbaol. Measadh nach raibh ach 3000 acu fós beo san fhiántas faoin am sin. Scaoil sealgairí na mílte acu, mar go raibh an-tóir ar a gcraiceann, as ar rinneadh málaí láimhe, bróga agus earraí faisin eile nach iad. Anuas ar sin, rinne na gabhálaithe Eorpacha léirscrios ar a ngnáthóga agus iad ag glanadh na talún le tionscail tuaithe éagsúla a bhunú.

Cuireadh deireadh le seilg na gcrogall inbhir go luath sna seachtóidí agus bunaíodh feirmeacha crogaill le craiceann a sholáthar don tionscal faisin. Rinneadh cuid mhór taighde eolaíochta ag na feirmeacha seo freisin a chuidigh go mór le cothú na gcrogall.

Meastar go bhfuil corradh is 100,000 crogall inbhir san Astráil faoi láthair, agus tá daoine áirithe den tuairim go bhfuil sé thar am ciorrú de shaghas éigin a chur i bhfeidhm lena líon a ísliú. Tá cead ag muintir dhúchais an tuaiscirt crogaill inbhir fhásta a mharú ina ndúiche traidisiúnta má mheastar go bhfuil siad á mbagairt. Tá traidisiún fada ag an mhuintir dhúchais na crogaill a sheilg mar bhia, ach is annamh a mharaíonn siad crogall inbhir sa lá atá inniu ann.

A Líon a Laghdú

Is díol spéise do thurasóirí é an crogall inbhir i dtuaisceart na hAstráile agus soláthraíonn comhlachtaí éagsúla turais ar thalamh agus i mbáid leis an míol réamhstairiúil seo a fheiceáil. Cé go bhfuil sé tábhachtach sa tionscal turasóireachta, tá na húdaráis áitiúla agus náisiúnta faoi bhrú líon na gcrogall inbhir san fhiántas a laghdú.

Cuireadh go mór leis an éileamh seo anuraidh nuair a mharaigh crogaill inbhir triúr taobh istigh de thréimhse ghairid. Bhí beirt pháistí i measc an triúir, cailín óg in aice le Darwin, príomhchathair na Críche Thuaidh, agus buachaill an-óg san Abhainn Daintree i dtuaisceart Queensland. Tá an feachtas Crocwise ar siúl ag rialtas na Críche Thuaidh le meabhair chinn faoi chontúirt na gcrogall a ardú i measc mhuintir na críche agus turasóirí araon.

D’eisigh an rialtas sa Chríoch Thuaidh dréachtphlean bainistíochta anuraidh inár moladh go gceadófaí sealgaireacht safari na gcrogall inbhir. Ní raibh ach 25 ainmhí i gceist sa togra seo agus bhí cuntair dhochta bainteach leis an moladh. Dhiúltaigh an tAire Comhshaoil sa rialtas náisiúnta ag an am, Peter Garrett, an t-iarratas, áfach, mar gur mheas sé nach raibh an cur chuige oiriúnach do riar na n-ainmhithe. B’fhacthas dom go raibh sé ar iarraidh cáil na tíre a chosaint ag an am mar go raibh droch-chlú ar dhaoine a mharaíonn ainmhithe mar spórt amháin.

Ar Cosaint

criosanna maolánacha i dtaca leis na crogaill timpeall na limistéar uirbeach sa tuaisceart agus tá clár gaistithe ar siúl iontu. Tógtar na crogaill a ghaistítear go dtí na feirmeacha thuas nó scaoiltear iad in áiteanna san fhiántas. Meastar go dtugann an clár seo muinín gan bhonn do mhuintir na gcathracha agus na mbailte seo agus nach mbíonn siad ar a bhfaichill in aice na n-uiscebhealaí áitiúla mar ba chóir dóibh.

Is léir go bhfuil deighilt le sonrú i measc mhuintir an tuaiscirt i dtaca le riar na gcrogall inbhir. Má theipeann ar an gclár maoláin agus gaistithe thuas, cuir i gcás, agus maraíonn crogaill daoine sa bhreis sna ceantair uirbeacha, beidh an-bhrú ar na húdaráis ciorrú a chur i bhfeidhm. Tá traidisiún sealgaireachta láidir sa tír seo agus níl aon amhras ach go mbeadh sealgairí go leor abhus lán sásta páirt dhíograiseach a ghlacadh in aon chlár díothaithe.

Idir an dá linn is léir go bhfuil ar mhuintir thuaisceart na hAstráile glacadh leis an tuiscint go bhfuil an t-ainmhí ollásach creathnach seo ina chónaí sna huiscebhealaí go díreach in aice láimhe leo. Glacadh siad chomh maith leis an tuiscint go bhfuil an t-ainmhí seo ar bharr an bhiashlabhra.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.