AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Meas ag Muintir na hAstráile ar a mBanríon Fós
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Braitheann Bearnaí Ó Doibhlin go bhfuil cuid mhaith de mhuintir na hAstráile á saobhadh féin le híomhá de fhéiniúlacht na heasurraime, íomhá nach dtagann le fírinne an scéil.

Íomhá
Eilis II lá a corónaithe1953
le Cartlann Cheanada ar Vicipéid
Íomhá
Earc na hAstráile ag an am dar le meáin Shasana
le IdPercy ar Flickr.com
Íomhá
An dá bhratach
Íomhá
Turas 2011 ag Baile Reid
le Peter Ellis ar Vicipéid

Nuair a thug Éilís II, Banríon na hAstráile, (nó Banríon Shasana/na Ríochta Aontaithe/na Breataine mar is fearr aithne uirthi i measc thomhaltóirí na meán Gaeilge) cuairt ar a géillsinigh dhílse sna Fritíortha sa bhliain 2006, bhí tráchtairí áirithe abhus den tuairim go raibh sí ag tabhairt a cuairte deiridh ar an Astráil. Bhí sí ag tarraingt ar cheithre scór faoin am agus measadh go mbeadh sé ródhian ar an tseanbhean an t-achar fada a thaisteal arís.

Ní raibh sa tuairimíocht thuas ach tráchtairí ag déanamh dóighe dá mbarúil, áfach, agus thug an Bhanríon cuairt eile ar an Astráil i mí Deireadh Fómhair i mbliana, le hoscailt oifigiúil a dhéanamh ar an gcomhdháil dhébhliantúil den Commonwealth Heads of Government Meeting in Perth. Tá seantaithí ag muintir na hAstráile ar a cuairteanna mar gur thug sí cúig cuairt déag orthu cheana féin le linn a tréimhse fhada i gcoróin. Is mór an t-athrú atá tagtha ar an dóigh a bhreathnaíonn muintir na tíre uirthi ón am a thug Éilís II a céad chamchuairt ar an Astráil sa bhliain 1954, cé gur cuireadh fáilte is fiche roimpi an iarraidh seo.

Bhí an Banphrionsa Éilís óg sa Chéinia sa bhliain 1952, ar a bealach chun na hAstráile den chéad uair, nuair a chuala sí gur cailleadh a hathair, an Rí Seoirse VI. B’éigean di filleadh láithreach abhaile agus cuireadh a turas chun na hAstráile siar go dtí tar éis a corónaithe an bhliain dár gcionn. Bhí sceitimíní ar mhuintir na hAstráile nuair a chuala siad go dtabharfadh an Banphrionsa cuairt orthu i 1952 agus bhí fíordhíomá orthu nuair a cuireadh ar atráth an chamchuairt dá bhíthin sin.

An Suí Ríoga

Tá sé deacair a shamhlú sa lá inniu an cineál gliondar croí agus támhnéal áthais a spreag an Bhanríon óg nuair a tháinig sí chun na hAstráile faoi dheireadh. Measadh go raibh tuairim is milliún go leith duine bailithe thart ar na bruacha nuair a bhuail a long cloch is cuan in Sydney ar 3 Feabhra 1954. Ní raibh ach daonra de 8 milliún duine san Astráil um an dtaca sin agus creideadh go bhfaca 75 faoin gcéad acu an Bhanríon uair amháin ar a laghad le linn a dhá mhí abhus. Bhí slua ag feitheamh léi gach áit a ndeachaigh sí le spléachadh den bhean óg a fháil.

Ba ríogaí amach is amach é Robert Menzies, Príomh-Aire na hAstráile an tráth sin, agus mhol sé go barr bata tionchar na camchuairte ar mhuintir na hAstráile. Mhaígh sé, cuirim i gcás, nach raibh sna hAstrálaigh ach “a mass of individuals” roimh an gcuairt ach go raibh siad ina “a great cohesive nation” ina diaidh. Scríobh sé i nuachtán amháin ag an am “the common devotion to the Throne is a part of the very cement of the whole social structure” den Astráil.

Tá cuma lúitéiseach an phlámásaí ar thuairimí Menzies anois, ach is dócha go raibh formhór a chomhshaoránach ar aon intinn leis, de réir cosúlachta. Foilsíodh torthaí an chéad phobalbhreithe ar cheist na monarcachta sa bhliain 1953 agus léirigh 77 faoin gcéad de na rannpháirtithe gur thacaigh siad leis an status quo. Ní raibh ach 15 faoin gcéad acu ar son poblacht a bhunú.

Is léir go bhfuil cion agus meas ag muintir na tíre ar a gceann stáit fós, cé nach raibh na radhairc ollghairdis a tharla 57 bliain ó shin abhus le feiceáil an iarraidh seo. Chaith an Bhanríon sé lá in Canberra, an phríomhchathair, ar a bealach chuig Perth, agus thug sí sciuirdeanna ar Brisbane agus ar Melbourne freisin. Reáchtáladh imeachtaí éagsúla le linn a cuairte le deis a thabhairt do mhuintir na tíre an Bhanríon a fheiceáil agus bhí na mílte duine ann gach am ó chian agus ó chóngar le fáilte Uí Cheallaigh a chur roimpi.

Béal Druidte, Ceann Críonna

Bhí conspóidí poiblí éagsúla bainteach le cuairteanna ríoga ar an Astráil thar na blianta. Tharla an ceann is clúití, nó míchlúití, sa bhliain 1992 nuair a chuir an Príomh-Aire reatha, Paul Keating, a lámh timpeall ar an mBanríon chun í a threorú le linn fáiltithe i dTeach na Parlaiminte. Mar bharr ar an donas, níor fheac bean chéile Keating a glúin nuair a bhuail sise leis an mBanríon cúpla uair. Chuaigh na tablóidí Sasanacha le craobhacha, mar is iondúil leo, ag maíomh go raibh an “lánúin choilíneach” seo ag maslú bhanríon “na hathartha”. Thug siad an “lizard of Oz” ar Keating.

Bhí cúrsaí amhlaidh leis i gcaitheamh na cuairte i mbliana, bíodh is nach raibh i gceist ach rith searraigh. Nuair a bhuail Julia Gillard, Príomh-Aire na hAstráile, leis an mBanríon, chrom sí a ceann seachas a glúin a fheacadh, agus cháin monarcaithe áirithe í as a heaspa measa. B’éigean d’urlabhraí ar son ‘an Pháláis’ ráiteas a eisiúint le cur in iúl go raibh iompar an Phríomh-Aire go hiomlán ceart sular cuireadh deireadh le cogadh na sifíní áiféiseach seo.

Tháinig fear céile na Banríona, an Prionsa Pilib, léi mar is gnáth, agus bhí faoiseamh ar mhonarcaithe na tíre de bharr nach ndearna sé an cineál gaffe, nó botúin teanga, a bhfuil droch-chlú air astu. Nuair a bhí sé abhus sa bhliain 2002, cuirim i gcás, thug sé cuairt ar Queensland thuaidh agus casadh fear darb ainm William Brim air. Is gnó-eagraí rathúil é Brim agus is ceannaire é ar mhuintir dhúchais an cheantair. D’iarr an Prionsa air, agus é den tuairim gur nathaíocht ghreannmhar a bhí i gceist aige, “An bhfuil sibh [ag tagairt do mhuintir dhúchais] ag caitheamh sleánna ar a chéile fós?”

Is iontach an scéal é go bhfuil meas ar an teaghlach ríoga le sonrú abhus go fóill mar go maíonn muintir na hAstráile go bhfuil siad mórtasach as a bheith easurramach, féintuilleamaíoch agus frithúdarásach. Is fuath leo na deighiltí idir na haicmí sóisialta atá coitianta i Sasana thar aon ní eile agus maíonn siad go bhfuil an tsochaí Astrálach go hiomlán cothrom ó thaobh aicme sóisialta de.

Léiríonn na pobalbhreitheanna is déanaí, ámh, nach bhfuil ach tuairim is 40 faoin gcéad de mhuintir na tíre ar son an nasc leis an gcoróin Shasanach a bhriseadh. Taispeánann an aigne seo dom go bhfuil dul amú ar na hAstrálaigh i dtaca lena bhféiníomhá.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.