AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Lá Anzac
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Tuigtear do Bhearnaí Ó Doibhlin go bhfuil an t-athmheas, in ionad an drochmheasa mar a bhíodh, ag muintir na hAstráile ar na sluaite saighdiúirí a fuair bás ar an mblár catha ag Gallipoli sa Tuirc in earrach na bliana 1915.

Íomhá
Maraíodh an té a tharraing seo, Anzac 1915 (le Graham Bould ar Vicipéid)
Íomhá
Iarmhairt chatha ag Lone Pine (Vicipéid)
Íomhá
Taobh na Túirce ag Gallipoli (DBaba ar Vicipéid)

Is breá le muintir na hAstráile a laethanta saoire poiblí, mar a míníodh ar an iris seo anuraidh (Eagrán 96, Aibreán 2009). Tapaíonn na hAstrálaigh an deis lá saoire poiblí a chomóradh go fonnmhar, de ghnáth, agus bíonn cóisirí, fulachtaí fia agus imeachtaí sóisialta eile ar siúl fud fad na tíre ar lá saoire. Tá saoire phoiblí amháin, áfach, a chomórann siad go ciúin agus go hurramach: an tsaoire a dtugtar Lá Anzac air.

Is acrainm é an focal Anzac do Australian and New Zealand Army Corps, an t-ainm a tugadh go bunúsach don fhórsa as an dá thír a bhí páirteach san fheachtas míleata ar an leithinis Gallipoli, sa Tuirc, go luath sa Chéad Chogadh Domhanda. Cuireadh tús leis an bhfeachtas le solas an lae ar 25 Aibreán 1915, nuair a rinne fórsaí na gComhghuaillithe ionradh ar an leithinis, agus mhair sé ar feadh ocht mí. Tugadh an t-ainm na Anzacs ar na saighdiúirí a throid san fheachtas ní ba dhéanaí.

Ní raibh an Astráil ar an bhfód mar thír chónaidhme neamhspleách ach ar feadh trí bliana déag nuair a bhris an Chéad Chogadh Domhanda amach. Bhí fórsa beag Astrálach páirteach i gCogadh na mBórach san Afraic Theas sna 1890í, ach tháinig siadsan as coilíneachtaí de chuid Impireacht na Breataine, a bhí abhus roimh bhunú na tíre neamhspleáiche sa bhliain 1901. Ciallaíonn sé sin go raibh na Anzacs mar an chéad fhórsa fíor-Astrálach a bhí páirteach i gcogadh thar lear.

Ba thubaiste mhíleata uafásach í an feachtas ag Gallipoli, mar is eol do chách. Bhí sé mar aidhm ag an ionradh Cathair Chonstaintín – nó Iostanbúl mar a thugtar uirthi anois - a ghabháil go tapa agus deireadh a chur le páirteachas na Tuirce sa chogadh. Rinne ceannasaithe fhórsaí na gComhghuaillithe botúin mhíleata go leor roimh an bhfeachtas agus lena linn agus, tar éis leamhsháinn fuilteach fánach, b’éigean dóibh a gcuid fórsaí a aistharraingt gan aon sprioc gnóthaithe acu.

Blár an Chatha

Tugadh taismigh go leor ar an dá thaobh san fheachtas, inar cailleadh corradh is 8,000 saighdiúir Astrálacha agus 2,700 saighdiúir as an Nua-Shéalainn. Cé gur theip ar fhórsaí na gComhghuaillithe an leithinis a ghabháil, chuaigh crógacht agus spiorad na bhfear óg i gcion go han-mhór ar mhuintir na dtíortha ag an am.

Dúradh go raibh tionchar as cuimse ag na Anzacs ar fhorbairt na hAstráile. Maíodh go minic nach raibh san Astráil roimh an bhfeachtas ach comhaontas scaoilte na sé stát, agus gur mhothaigh muintir na tíre go raibh siad mar shaoránaigh na stát éagsúil seachas mar Astrálaigh. Measadh go ndearna fochaidh agus glóir na bhfear óg ag Gallipoli tír aontaithe as an Astráil.

Reáchtáladh comóradh náisiúnta ar 25 Aibreán 1916 agus ainmníodh an dáta go hoifigiúil mar Lá Anzac an bhliain dár gcionn. Ní raibh sé i bhfad tar éis dheireadh an chogaidh go dtí go raibh Lá Anzac aitheanta mar lá cuimhneacháin náisiúnta ar son na 61,720 fear Astrálach a cailleadh sa Chéad Chogadh Domhanda. Ní ba dhéanaí, leathnaíodh an cuimhneachán agus cuimsíodh na fir agus na mná Astrálacha sin go léir a throid agus a thug suas a mbeatha ar son a dtíre féin in aon chogadh thar lear.

deasghnátha an lae seanbhunaithe anois. Cuirtear tús le himeachtaí an lae le searmanas ar a dtugtar bigil bhreacadh an lae, a reáchtáiltear ag leachtanna cuimhneacháin de ghnáth. Bíonn mórshiúlta ar fud na tíre ní ba dhéanaí sa lá chuig na leachtanna cuimhneacháin céanna, agus reáchtáiltear seirbhísí acu ansiúd agus sna heaglaisí.

Reáchtáiltear athaontú na seansaighdiúirí tar éis gach imeachta agus is gné lárnach gach athaontaithe an cluiche cearrbhachais ar a dtugtar ‘two-up’. Caitear trí phingin san aer sa chluiche seo agus cuirtear geallta ar an toradh, an ar an ‘gceann nó ar an gcruit’ a dtitfidh siad. D’imir na Anzacs bunúsacha an cluiche seo, caitheamh cianóg, ar an ármhá in Gallipoli nuair a bhíodh sosanna sa chogaíocht.

Míshásamh

Bíodh is go bhfuil ardmheas ag muintir na hAstráile ar Lá Anzac faoi láthair, níorbh amhlaidh a bhí cúrsaí nuair a chuir muid fúinn abhus go luath sna seachtóidí. Bhí gluaiseacht an fhrithchultúir faoi lán seoil ar fud an domhain agus bhí agóidí móra ar siúl abhus in éadan rannpháirtíocht fhórsaí na hAstráile sa chogadh i Vítneam. B’fhacthas do lucht an fhrithchultúir go raibh an comóradh ar Lá Anzac ag glóiriú cogaidh agus reáchtáladh agóidí ag na himeachtaí éagsúla ceiliúrtha.

Is dócha go bhfuil an dearcadh seo in éadan chomóradh Lá Anzac le feiceáil go soiléir san amhrán ‘The Band Played Waltzing Matilda’, a chum Eric Bogle, an t-amhránaí Albanach-Astrálach, sna seachtóidí. Thíos atá smaointe an tseansaighdiúra san amhrán agus é ag féachaint ar mhórshiúl ar Lá Anzac: And the old men march slowly, all bent, stiff and sore, The forgotten heroes from a forgotten war. And the young people ask, “What are they marching for?” And I ask myself the same question. And the band plays Waltzing Matilda And the old men still answer the call, But year after year their numbers grow fewer. Some day no-one will march there at all.

Fuíoll an Áir

Caithfear a rá go raibh an chuma ar an scéal go raibh an líne dheiridh thuas ceart um an dtaca sin, toisc go raibh líon na rannpháirtithe sa chomóradh ag meath bliain i ndiaidh bliana. Ní mar a shíltear a bhítear, ámh. Tháinig athrú suntasach ar dhearcadh muintir na hAstráile i dtaca le Lá Anzac ó na hochtóidí ar aghaidh agus ní áibhéil a rá go mbíonn níos mó éilimh ar imeachtaí ceiliúrtha an lae anois ná a bhí riamh.

Cuireadh go mór le hathrú in aigne phobal na hAstráile i leith an lae sa bhliain 1990 nuair a reáchtáladh cineál oilithreachta chuig Gallipoli le cothrom 75 bliain an fheachtais a cheiliúradh. Tógadh beagnach gach Anzac bunúsach a bhí fós beo san Astráil agus sa Nua-Shéalainn ar ais go Gallipoli agus craoladh sraith de chláir fhaisnéise inar labhair na seansaighdiúirí ar a dtaithí ann.

Chuaigh umhlaíocht na ngaiscíoch críonna i gcion go han-mhór ar an lucht féachana ollmhór agus ba ríshoiléir nár chreid na seansaighdiúirí go raibh aon mhaitheas i gcogaíocht. Thug siad le fios nach raibh siadsan ag comóradh Lá Anzac le cogadh a ghlóiriú, ach le meas a léiriú ar íobairt a seanchomhghleacaithe. Is dóigh liom go mbíonn an dearcadh fulangach a thug na seansaighdiúirí thuas chun solais fiche bliain ó shin sna cláracha faisnéise le haireachtáil go forleathan abhus i dtaca le Lá Anzac a chomóradh.

Naisc: http://en.wikipedia.org/wiki/AnzacDayhttp://www.anzacsite.gov.au/http://ga.wikipedia.org/wiki/DaraCogadhnamB%C3%B3rachLiam Mac Fhlanncha, The Band Played Waltzing Matilda: http://www.youtube.com/watch?v=PFCekeoSTwg&feature=relatedEric Bogle http://www.youtube.com/watch?v=WG48Ftsr3OIhttp://www.youtube.com/watch?v=kgC9bOB1l2gIostanbúl an ama: http://www.youtube.com/watch?v=kXHUKhedtsQ

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.