AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Feirmeoireacht Mhuintir Dhúchais na hAstráile
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Feictear do Bhearnaí Ó Doibhlin go bhfuil taighde as úire agus foilsiú i réimsí den léann acadúil ag oscailt súile daoine san Astráil i leith sochaí an mhuintir dhúchais thar mar a tuigeadh a scéal le cúpla glúin anuas.

Íomhá
William Dampier, 'Captain Bel'
(le Project Gutenberg ar Vicipéid)
Íomhá
The Biggest Estate on Earth, How the Aborigines Made Australia
Íomhá
Batman ag 'ceannach' 600000 acra talún sa bhl. 1835
(ar Vicipéid)
Íomhá
Fir Oileán Bathurst
(le Cartlann Náisiúnta na hAstráile ar Vicipéid)

Meastar go forleathan san Astráil fós nach mbíodh i muintir dhúchais na tíre roimh theacht an chine ghil ach sealgairí/cnuasaitheoirí diúide. Is é barúil choiteann na ndaoine abhus go bhfágadh an mhuintir dhúchais gach uile shórt faoin chinniúint agus go mbíodh a mbeathú ó lá go lá ag brath go hiomlán ar an méid a bhíodh le fáil gan dua sa dúiche ina mbídís ina gcónaí. Creidtear sa dearcadh diúltach seo d’ainneoin go bhfuil fianaise fhollasach go leor ann go bhfuil a mhalairt ar fad fíor.

Ní hionadh é go gcreidtear san íomhá tharcaisneach thuas nuair a bhreathnaítear ar an dóigh ar chuir cuairteoirí Eorpacha síos ar mhuintir dhúchais na hAstráile ón gcéad lá riamh. William Dampier ab ainm don chéad Sasanach a thug cuairt ar an Astráil, thiar sa bhliain 1688, cuirim i gcás. Níor chuir Dampier fiacail ann ina thuairim faoi na daoine a chonaic sé: “The inhabitants of this country are the miserablist people in the world … and setting aside their humane shape, they differ but little from brutes.”

Nuair a thug an nádúraí táscmhar, Charles Darwin, cuairt ar an Astráil sa bhliain 1836 ba léir nach ndeachaigh an mhuintir dhúchais i bhfeidhm air ón méid seo a scríobh sé fúthu ina leabhar aistir:

“… harmless savages wandering about not knowing where they shall sleep at night and gaining their livelihood by hunting in the woods.”

Cuireann sé alltacht orm go raibh Darwin, duine de na bunmhachnóirí is iontaí riamh, chomh claonta i gcoinne shaíocht an mhuintir dhúchais.

Faoi Athmheas

Foilsíodh leabhair agus staidéir go leor thar na blianta a chuir faoi bhráid an phobail an cruthúnas go mbíodh bainistíocht úsáide talún ar siúl ag an mhuintir dhúchais ar feadh mílte bliain sular cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach abhus. D’fhoilsigh an seandálaí Breatnach, Rhys Maengwyn Jones, staidéar sa bhliain 1969, fágaim, inar thug sé “firestick farming” ar an dóigh a riaraidís a ndúiche. Ní raibh an céachta acu, leoga, ach bhainidís feidhm as dóiteoireacht rialta leis an fhásra a dhó chun sealgaireacht a éascú agus le lusanna áirithe fónta a chur chun cinn. Leasaíodh an luaithreach an ithir agus mhealladh an gasarnach a d’fhásadh ann cangarúnna agus creacha eile.

Ní léann Tadhg an mhargaidh foilseacháin mar seo de ghnáth, ámh, agus cloíonn sé lena thuairim mhícheart i dtaca le stíl mhaireachtála an mhuintir dhúchais thuasluaite dá bhíthin sin. Foilsíodh leabhar eile ar na mallaibh, áfach, a chothaigh díospóireacht shuimiúil ar an ábhar. ‘The Biggest Estate on Earth: How Aborigines Made Australia’ is teideal don leabhar, a scríobh an staraí, an Dr. Bill Gammage.

clú agus cáil ar Gammage as a shaothar faoi stair na hAstráile. Scríobh sé an leabhar, ‘The Broken Years’, bunaithe ar na cíona lae agus ar litreacha a scríobh tuairim is 1000 saighdiúir Astrálacha le linn an Chéad Chogadh Domhanda. Thug an leabhar léargas ar mhothúcháin na bhfear a bhí ag troid sa chogadh, ag baint feidhme as foinsí barántúla le tuairimí na bhfear a thaispeáint.

Bhain Gammage feidhm as foinsí fíoriontaofa arís ina leabhar is déanaí: na cáipéisí agus an ealaín inar chuir coilínigh agus taiscéalaithe síos ar thírdhreach na hAstráile sula ndearna na hEorpaigh aon athrú air. Bhain sé feidhm ina thaighde as tuairiscí ar shochaí an mhuintir dhúchais agus as eolas ar ghnáthóga lusanna éagsúla freisin.

Machairí Féir agus Coillte Craobhacha

Léiríonn Gammage an dóigh ar chuir luathchoilínigh go leor síos ar a n-iontas nuair a tháinig siad ar mhachairí féir sna háiteanna ina raibh cré bheatha agus ar choillte ag fás sa chré scáinte. Bhíothas ag súil lena mhalairt. Níor rith an smaoineamh leo go raibh an mhuintir dhúchais - daoine fiánta danartha, dar leo, - freagrach as an mbainistíocht. Léiríonn taighde Gammage iontas na gcoilíneach go raibh na machairí i measc na gcoillte in aice le Sydney agus Melbourne réidh le hinnilt gan aon ullmhúchán a luaithe is a bhain siad an tír amach. Bhí an ithir chomh méiniúil go mbeifeá in ann “run your fingers through the soil” de réir coilíneach amháin.

Nuair a chonaic Arthur Bowes Smyth, duine de na coilínigh a tháinig ar an Chéad Loingeas sa bhliain 1788, an tírdhreach timpeall ar Sydney scríobh sé: ’'The fresh terraces, lawns and grottos with distinct plantations of the tallest and most stately trees I ever saw in any nobleman’s grounds in England, cannot excel in beauty those whose nature now presented to our view.’' Chuaigh an tírdhreach cóngarach do Melbourne i bhfeidhm go mór ar John Batman, duine de bhunaitheoirí na cathrach, agus scríobh seisean go raibh sé, “The most beautiful sheep pasturage I ever saw in my life.”

Ní hamháin go raibh feirmeoireacht ar siúl ag an mhuintir dhúchais, ach ba chóras é a bhí díonach ar fhásach. D’aimsigh Gammage teisteanna go leor a léirigh nach raibh aon chreimeadh le sonrú nuair a cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach. Ní raibh sé i bhfad go dtí go raibh fadhb an chreimthe ag cur isteach ar na feirmeoirí Eorpacha, áfach, mar gheall ar thabhairt isteach ainmhithe feirme le crúba crua. Cuireadh deireadh le loscadh rialta talún an mhuintir dhúchais agus tharla an chéad fhalscaí thubaisteach taobh istigh de thréimhse ghairid dá bharr. Tá falscaithe fíochmhara ag tarlú san Astráil go rialta ó shin i leith.

An Fhírinne Daite

Is dóigh liom go bhfuil an chaibidil, ‘Canvas of a Continent’, ar an cheann is suntasaí sa leabhar. Déanann Gammage mionstaidéar inti ar na radhairc a phéinteáil na healaíontóirí go luath i stair na coilíneachta, agus ar an dóigh ar dhiúltaigh na criticeoirí glacadh leis go raibh a n-íomhánna cruinn. Maíodh arís is arís eile go raibh na healaíontóirí seo ag smaoineamh ar an mháthairthír nuair a léirigh a gcuid phictiúr na féarghoirt agus na coillte oscailte. Maíonn Gammage, ámh, go raibh a bpictiúir beacht de bharr go ndeimhníonn siad an méid a scríobh na luathchoilínigh thuasluaite.

Caithfear a admháil gur bhain mé feidhm go neamartach as na focail ‘sealgairí/cnuasaitheoirí’ le cur síos ar shaíocht thraidisiúnta an mhuintir dhúchais go minic, ach is léir dom anois go gcuireann an leagan seo in iúl gur saíocht mhothaolach a bheadh i gceist. Léirigh leabhar Gammage dom go mbíodh bainistíocht talún dheaslámhach ar siúl ag an mhuintir dhúchais leis na cianta agus go mbíodh sí bunaithe ar eolas cuimsitheach faoi éiceolaíocht shobhriste chasta na tíre ollmhóire seo. Is mór an trua é nach raibh na luathchoilínigh réidh le foghlaim uathu sular léirscriosadh an tsaíocht.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.