AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Aitheantas Bunreachta do Mhuintir Dhúchais na hAstráile?
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

iarsmaí an choilíneachais le cartadh amach as Bunreacht na hAstráile go fóill agus tá Bearnaí Ó Doibhlin ag faire ar an réiteach go léir atá ar bun chuige sin.

Íomhá
Cathy Freeman le dhá bhratach na hAstráile 2000
(le Ian@thePaperBoy ar Flickr)
Íomhá
John Howard an drogaill
Íomhá
An Príomh-Aire Gillard
(le Adam Carr ar Vicipéid)
Íomhá
Oileáin Shruth Torres
(le Kelisi ar Vicipéid)
Íomhá
Noel Pearson, abhcóide, scríbhneoir agus fear feachtais
(le SAM ar Vicipéid)

Cuireadh tús oifigiúil le cur chuige an athmhuintearais idir muintir dhúchais na hAstráile agus muintir eile na tíre – nó Indigenous agus non-Indigenous Astrálaigh, mar a thugtar orthu abhus - sa bhliain 1991, nuair a bunaíodh an Council For Aboriginal Reconciliation. Bhíothas ag súil ag an am go mbeadh clár an athmhuintearais i gcrích faoin mbliain 2001, mar lármhír i measc na n-imeachtaí ceiliúrtha a bhí beartaithe le céad bliain bhunú an náisiúin a chomóradh.

Cé gur baineadh amach cuid mhór de na spriocanna a leag an Chomhairle síos, theip ar an gclár ar chúiseanna áirithe. Ba ea droimdhiúltú John Howard, Príomh-Aire na hAstráile um an dtaca sin, leithscéal oifigiúil a ghabháil leis an mhuintir dhúchais as an dochar a d’fhulaing siad mar gheall ar theacht na gcoilíneach Eorpach cionsiocair na teipe.

Ba chéim mhór chun tosaigh san athmhuintearas í, mar sin, nuair a ghabh Kevin Rudd, a ceapadh ina phríomhaire i gcomharbacht ar Howard, leithscéal oifigiúil leis an mhuintir dhúchais as ucht a saíocht a bheith scriosta ag muintir eile na tíre (Eagrán 83, Márta 2008). Anuas ar sin, tá togra nua idir chamáin ag an rialtas náisiúnta faoi láthair a chuideodh go mór leis an athmhuintearas – dá n-éireodh leis i reifreann.

Leasú an Bhunreachta

Is iontach an scéal é, ach níl aon tagairt do mhuintir dhúchais na hAstráile sa bhunreacht, cáipéis bhunaidh na tíre. Cheap Julia Gillard, an Príomh-Aire, coiste comhairleach saineolaithe i mí na Nollag, 2010, le moltaí a chur faoi bhráid an rialtais ar an dóigh is fearr aitheantas a thabhairt dóibh sa bhunreacht. Ba coiste ollmhór é, le ceannairí Bundúchasacha, ceannairí ó na hearnálacha poiblí agus gnó, saineolaithe an dlí agus ionadaithe na bpáirtithe polaitíochta. Bhí an t-aon fheisire de shliocht Bundúchasach i dTeach na n-Ionadaithe sa pharlaimint náisiúnta, Ken Wyatt, ar an gcoiste freisin.

Ceapadh beirt fhear iomráiteacha ina gcomhchathaoirligh ar an gcoiste: an dlíodóir aitheanta, Mark Leibler, agus an tOllamh Patrick Dodson, ceannaire an mhuintir dhúchais. Baisteadh ‘Athair an Athmhuintearais’ ar Dodson mar gheall ar a shaothair éachtach ar son na cúise (Eagrán 96, Aibreán 2009).

Chaith an coiste bliain ag taisteal timpeall na tíre ina gclár comhairliúcháin agus reáchtáladh cruinnithe in 84 áit éagsúla. D’fhreastail tuairim is 4,600 duine ar na cruinnithe seo agus fuair an coiste corradh is 3,500 aighneacht scríofa chomh maith. Chuir comhchathaoirligh an choiste a thuarascáil, Recognising Aboriginal and Torres Strait Islander Peoples in the Constitution, i láthair an rialtais ar na mallaibh.

Tá 300 leathanach sa tuarascáil agus tá na moltaí casta go leor, ach thar aon ní eile moladh inti go gcuirfí alt nua sa bhunreacht “recognising that the continent and its islands now known as Australia were first occupied by Aboriginal and Torres Strait peoples”. Mhol an coiste freisin go gcuirfí ailt eile sa bhunreacht a dhearbhódh “advancement” don mhuintir dhúchais agus a chuirfeadh toirmeasc ar aon rialtas san Astráil leatrom a dhéanamh ar aon duine mar gheall ar a chine, ar a chneasdath nó ar a bhunadh eitneach nó náisiúin. Tá dhá alt sa bhunreacht a thugann an chumhacht do rialtais na stát ceart vótála a dhiúltú do dhaoine de “chiníocha áirithe” agus moladh sa tuarascáil go n-aisghairmfí iad.

Chuir Gillard fáilte is fiche roimh an tuarascáil agus d’impigh sí ar mhuintir na hAstráile tacú leis na moltaí, ag rá, “It is the right time to say yes to an understanding of our past … and to a future more united and more reconciled than we have ever been before.” Thug Tony Abbott, ceannaire an fhreasúra, le fios go bhfuil sé báúil leis an moladh aitheantas a thabhairt don mhuintir dhúchais sa bhunreacht freisin, cé go bhfuil sé in amhras faoi na moltaí a bhaineann le cearta daoine agus idirdhealú thuasluaite.

An Móramh faoi Dhó a Theastófas

Ní féidir aon athrú a dhéanamh ar bhunreacht na hAstráile ach trí mheán reifrinn agus is fíorannamh a d’éirigh le reifreann abhus. Cuireadh 44 reifreann faoi bhráid lucht na vótála in imeacht na mblianta agus níor éirigh ach le hocht gcinn acu. Tá ‘móramh dúbailte’ ag teastáil sula n-éiríonn le reifreann san Astráil. Ciallaíonn sé sin go bhfuil móramh ag teastáil sa tír ina hiomláine agus móramh i móramh na stát. Níor éirigh le haon reifreann riamh mura raibh tacaíocht láidir ó na páirtithe polaitíochta go léir, ó rialtais na stát agus ó mhuintir na tíre i gcoitinne.

É sin ráite, d’éirigh le reifreann cáiliúil amháin a bhain leis an mhuintir dhúchais thiar sa bhliain 1967. Níl aon tagairt don mhuintir dhúchais sa cháipéis bhunaidh, mar a luaigh mé thuas, ach bhí dhá cheann ann roimh an reifreann i 1967. Chuir ceann amháin acu toirmeasc ar an rialtas náisiúnta an mhuintir dhúchais a chomhaireamh sa daonáireamh, alt a léirigh nach raibh siad ina saoránaigh ina dtír féin. Ní raibh an rialtas náisiúnta in ann aon reachtaíocht a rith i dtaca leis an mhuintir dhúchais de réir an dara hailt.

Mhol an reifreann i 1967 go n-aisghairmfí an dá alt thuas agus thug na páirtithe polaitíochta náisiúnta go léir agus rialtais na stát tacaíocht dhíograiseach dó. Vótáil 91 faoin gcéad de mhuintir na tíre i bhfabhar thogra an reifrinn, an líon is airde riamh san Astráil, tír ina bhfuil sé éigeantach vóta a chur.

Ag Ullmhú don Reifreann

Reáchtáladh pobalbhreith ar an moladh go ndéanfaí athrú ar an mbunreacht le haitheantas a thabhairt don mhuintir dhúchais go díreach tar éis fhoilsiú na tuarascála thuas agus léirigh na torthaí gur thacaigh dhá dtrian de na rannpháirtithe leis. Ní raibh ach 26 faoin gcéad díobh ina choinne. Níos tábhachtaí fós, bhí móramh i ngach stát i bhfabhar an mholta.

In ainneoin na dtorthaí dearfacha seo, dúirt Gillard nuair a ceistíodh í fúithi nach gcuirfí an reifreann faoi bhráid na vótálaithe go dtí go raibh “tacaíocht dhépháirteach thar na bearta” le sonrú. Tá freagracht ar an rialtas foclaíocht rún an reifrinn a cheapadh, ach ba chóir dó dul i gcomhairle thomhaiste chomhoibríoch leis an bhfreasúra le rún simplí soiléir a chur le chéile. Mhol an coiste don rialtas “a properly resourced public education and awareness program” a chur i bhfeidhm mar chuid den ullmhúchán don reifreann.

Ní fios cathain a chuirfear an moladh faoi bhráid mhuintir na hAstráile ach feictear dom gur deis uathúil í aitheantas agus léiriú measa a thabhairt do shaíocht agus do stair chéad mhuintir na tíre. Ba mhór an náire í dá gcaillfí an deis.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.