Neamart an pholaiteora i leith fhulaingt agus marú saighdiúirí na hAstráile san Afganastáin a tharraing aird Bhearnaí Uí Dhoibhlin.
Tá saighdiúirí de chuid Arm na hAstráile ar fiannas leis an gcomhfhórsa idirnáisiúnta san Afganastáin le naoi mbliana anuas. Cé gur tréimhse an-fhada í sin, ní raibh ceist Arm na hAstráile sa chogadh ina cnámh spairne polaitiúil ná ina mórábhar i mbéal an phobail abhus go dtí le déanaí, in ainneoin gur maraíodh 21 saighdiúir agus gortaíodh tuairim is 150 acu ann. Tuigtear go mbíonn taismigh i gceist i dtólamh in aon chogadh ach tá líon na dtaismeach Astrálach inghlactha, de réir dealraimh.
É sin ráite, ámh, baineadh siar as daoine go leor nuair a thug an Príomh-Aire, Julia Gillard, le fios ar na mallaibh gur mheas sí go mbeadh fórsaí Astrálacha fós gníomhach san Afganastáin go ceann deich mbliana eile ar a laghad.
Ní raibh aon díospóireacht sna tithe parlaiminte go fiú faoi fhórsaí na hAstráile a bheith sa chogadh go dtí mí ó shin. Is gné shuntasach den chóras rialtais abhus go bhfuil an chumhacht ag aon rialtas náisiúnta tús a chur le feachtas míleata thar lear gan chead a fháil ón bparlaimint roimh ré. Anois atá rialtas mionlaigh san Astráil, áfach, níl aon agó ach go bhfuil ar an rialtas náisiúnta a bheith níos freagraí don pharlaimint as a gcuid cinneadh, an dúnghaois i dtaca leis an gcogadh san Afganastáin san áireamh.
Bhí fórsaí na hAstráile páirteach san ionradh ar an Afganastáin i dtús báire i mí Dheireadh Fómhair 2001, mar chuid den fhreagra idirnáisiúnta ar na hionsaithe sceimhlitheoireachta ar na Stáit Aontaithe ar 11 Meán Fómhair 2001. Faomhadh a misean ar bhonn dépháirteach de bharr go raibh beannacht na Náisiúin Aontaithe air. Baill den Reisimint Seirbhísí Speisialta Aeir, nó SAS sa Bhéarla, a cuireadh chun na hAfganastáine agus a luaithe is a bhí treascairt Rialtas na dTalaban bainte amach, corradh is bliain ní ba dhéanaí, tugadh abhaile formhór na buíne bige Astrálaí.
Cúraimí Breise
Chuaigh cúrsaí san Afganastáin in olcas arís sul i bhfad agus, dá bhrí sin, iarradh ar Rialtas na hAstráile na fórsaí SAS a chur ar ais ann sa bhliain 2005, le bheith páirteach sa chogadh in éadan na dTalaban. Cuireadh ceithre mheitheal atógála ann chomh maith an bhliain dár gcionn, chuig cúige i ndeisceart na tíre darb ainm Uruzgan. Tugadh cúram sa bhreis do na fórsaí Astrálacha sa chúige ní ba dhéanaí nuair a iarradh orthu saighdiúirí de chuid Arm na hAfganastáine sa chúige a oiliúint. Tá saighdiúirí na hAstráile sa chúige fós agus na trí ról úd fós idir láimhe acu, an troid, an atógáil agus an oiliúint airm.
Nuair a theip ar aon pháirtí polaitíochta móramh a bhaint amach san olltoghchán san Astráil ar na mallaibh, shínigh Páirtí an Lucht Oibre comhaontú leis an bPáirtí Glas lena thacú a fháil. I measc chuntair an chomhaontaithe, gheall ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Julia Gillard, go mbeadh díospóireacht faoin gcogadh sna tithe parlaiminte dá n-éireodh léi rialtas a bhunú. Fuair sí an tacaíocht chuí le rialtas a bhunú agus chuir sí lena briathar ag deireadh mhí Mheán Fómhair nuair a bhí an cogadh idir chamáin sa dhá theach parlaiminte ar feadh trí lá.
Mar a rabhthas ag súil leis, thug gach ar labhair sa díospóireacht teasmholadh do chrógacht agus d’fhulaingt na saighdiúirí – ní dhiúltaíonn aon pholaiteoir don deis leas bolscaireachta a bhaint as íobairt na saighdiúirí! Mar a rabhthas ag súil leis freisin, thug an príomhaire agus ceannaire an fhreasúra araon, Tony Abbott, tacaíocht láidir don mhisean san Afganastáin.
Am Scoir
Luaigh an príomhaire an dá phríomhaidhm a bhaineann le misean na nAstrálach san Afganastáin: le cinntiú nach mbeadh an tír ina tearmann ag lucht sceimhle arís agus leis an bhfód a sheasamh leis an “gcomhghuaillí is neasa dúinn”, Stáit Aontaithe Mheiriceá. Luaigh Gillard ceist an bheartais scoir ina ráiteas sa pharlaimint, ach dhiúltaigh sí scun scan aon dáta a chur in iúl don scor mar gur mhaígh sí go mbeadh an cinneadh seo ag brath ar “na cúinsí ar an talamh”.
Thug Abbott a thacaíocht don ról atá ag na fórsaí Astrálacha san Afganastáin, ach mheas daoine go leor go ndeachaigh a chuid reitrice thar fóir nuair a mhaígh sé ina aitheasc go raibh an cogadh “the central front in the most important civilisational struggle of our time”, an feachtas in éadan “antoisceachais Ioslamaigh”.
Bhí an Páirtí Glas glan in aghaidh fhiannas na bhfórsaí Astrálacha i gcogadh na hAfganastáine ón gcéad lá riamh agus níorbh aon ionadh é gur labhair a chuid fheisirí go neamhbhalbh ina éadan. Cháin siad an príomhaire go géar as a drogall aon bheartas scoir a thabhairt do mhuintir na tíre. Bhíothas ag súil lena seasamh, ach bhí iontas ar dhaoine nuair a labhair baill shinsearacha áirithe de chuid na bpáirtithe móra in éadan an mhisin chomh maith.
D’admhaigh na feisirí a labhair in éadan an mhisin nach raibh aon mhaitheas i Rialtas na dTalaban, a bhí i gcumhacht nuair a rinneadh an t-ionradh sa bhliain 2001. Mhaígh cuid acu, áfach, nach bhfuil an rialtas de chuid Hamid Karzai, a tháinig i gcomharbas ar na Talaban, thar mholadh beirte ach an oiread. Luaigh siad ceannach agus breabaireacht, a chreideann siad a bheith go forleathan san Afganastáin, agus an bhaint atá ag cuid nach beag de chomhghleacaithe Karzai i saothrú phoipíní an chodlaidín agus trádáil na hearóine. Luadh freisin an chalaois a bhí le sonrú ar fud na tíre san olltoghchán ann ar na mallaibh.
An tSíorchogaíocht nó Cainteanna
Meastar go bhfuil sa bhreis ar $6 billiún caite ag an Astráil san Afganastáin le linn na naoi mbliana anuas, agus caithfear $1.1 billiún eile i mbliana. Níltear ag súil go laghdófar an méid airgid a chaithfear sa chogadh le blianta amach romhainn. Glactar leis go forleathan abhus nach féidir bua míleata a bhaint amach agus go bhfuil comhréiteach polaitiúil ag teastáil go géar. Is léir freisin nach mbeidh aon chomhréiteach buan fadtéarmach muna mbíonn na Talaban – an namhaid faoi láthair – istigh leis.
Thacaigh muintir na hAstráile leis an ionradh ar an Afganastáin, de réir na bpobalbhreitheanna ag an am, ach le blianta beaga anuas tá leibhéal a dtacaíochta don mhisean ann ag titim. Foilsíodh pobalbhreith náisiúnta go díreach roimh an díospóireacht thuas inar léiríodh nach raibh ach 24% de na rannpháirtithe i bhfabhar an mhisin san Afganastáin. Anuas air sin, bhí 49% den tuairim gur chóir na trúpaí Astrálacha a aistarraingt as an tír láithreach bonn.
Beidh díospóireacht fhoirmiúil i dtithe na parlaiminte faoin airm a bheith san Afganastáin gach bliain fad is a fhanann Arm na hAstráile ann. Níor labhair ach mionlach an-bheag de na feisirí in éadan an mhisin ann sa díospóireacht i mbliana. Má thiteann leibhéal na tacaíochta don chogadh i measc mhuintir na tíre, nó má éiríonn líon na dtaismeach Astrálach níos measa, cuirfidh mé geall nach mbeidh cúrsaí amhlaidh sna díospóireachtaí bliantúla amach anseo.