AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Fadhb na Pokies
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Tugann Bearnaí Ó Doibhlin cuntas ar cheist an chearrbhachais san Astráil, cearrbhachas a dhéanann dochar mór i saol an chearrbhaigh, saol an teaglaigh agus i saol mórán eile nach iad.

Íomhá
An Feisire Andrew Wilkie, i ngleic leis an gcearrbhachas
le Barrylb ar Vicipéid
Íomhá
Meirleach na leathláimhe
le Jeff Kubina ar Vicipéid
Íomhá
Seaninnill chearrbhachais
le Billy Hicks ar Vicipéid

Is dream atá tugtha don imirt iad muintir na hAstráile agus tá beagnach gach saghas cearrbhachais dleathach abhus dá bharr. Cailltear níos mó airgead ar chearrbhachas san Astráil in aghaidh an duine ná in aon sochaí eile. Tá an fearas cearrbhachais, ar a dtugtar an meaisín pócair, ar an tslí is coitianta le geall a chur abhus. Tugadh meaisíní torthaímeirligh na leathláimhe orthu in Éirinn, más buan mo chuimhne. Bíonn sé de nós ag na hAstrálaigh ainmneacha a ghiortú agus an foirceann ‘–ie’ a chur leo, agus tugann siad ‘pokies’ orthu.

Tá fearas cearrbhachais ar fáil go forleathan sna clubanna sóisialta agus sna tithe tábhairne fud fad na tíre, cé is moite d’Iarthar na hAstráile, áit nach bhfuil siad ar fáil ach amháin sa chasaíne. Ceadaíodh meaisíní cearrbhachais sna clubanna sóisialta in New South Wales (NSW) i dtús báire sa bhliain 1956, ar an gcuntar go mbainfí feidhm as cuid den bhrabús le tairbhí don chomhphobal a mhaoiniú. Ghearr rialtas an stáit cáin ar bhrabús an inneallra, dar ndóigh.

Chuaigh na hinnill i gcion go mór ar mhuintir NSW gan mhoill agus tháinig borradh suntasach faoi líon na gclubanna sa stát dá bharr. Ceadaíodh pokies i dtithe tábhairne an stáit ní ba dhéanaí agus sna stáit eile agus sna críocha le himeacht na mblianta, agus ghearr na rialtais iontu cáin orthu freisin. Tá tuairim is 200,000 inneall san Astráil anois agus meastar go bhfuil corradh is 20 faoin gcéad de na hinnill cearrbhachais ar domhan sa tír seo.

Cniogadh an Duine, Biseach Chiste an Stáit

Cailltear amuigh is istigh ar $10 billiún sna meaisíní cearrbhachais in aghaidh na bliana agus bailíonn rialtais na stát agus na gcríoch sa bhreis ar $4 billiún gach bliain as an gcáin a ghearrtar orthu. Ní áibhéil a rá go bhfuil na rialtais seo ag brath ar an bhfoinse airgid seo. Maítear go mbíonn leisce orthu dul i ngleic leis na fadhbanna sóisialta a eascraíonn go rialta as daoine a bheith ag cailleadh an iomarca airgid sna fearais chearrbhachais dá dheasca. Tugtar ‘cearrbhaigh le fadhbanna’, nó ‘cearrbhaigh anó’, orthu siúd a scaipeann a gcuid ag imirt ar na fearais.

Tá ceist na pokies agus na gcearrbhach anó go mór i mbéal an phobail faoi láthair mar gheall ar thuarascáil de chuid an Productivity Commission ar Chearrbhachas, agus ar iarracht chonspóideach atá faoi chaibidil ag an rialtas cónaidhme córas nua náisiúnta a chur i bhfeidhm le gealltóireacht ar na meaisíní a riaradh. http://www.pc.gov.au/projects/inquiry/gambling-2009/report

Foilsíodh tuarascáil an Choimisiúin i mí an Mheithimh anuraidh agus maíodh inti go raibh na hinnill chearrbhachais ar an gcineál gealltóireachta ba chontúirtí ó thaobh na gcearrbhach anó de. Léirigh an tuarascáil go raibh 15 faoin gcéad de na daoine a d’imir na hinnill go rialta, nó tuairim is 95,000 duine, ina gcearrbhaigh anó. Mar bharr ar an donas, chaill an 15 faoin gcéad seo sa bhreis ar 40 faoin gcéad den airgead a cailleadh sna meaisíní. Mheas an Coimisiún freisin go raibh na rialtais éagsúla ag caitheamh $4.7 billiún in aghaidh na bliana ar chearrbhaigh anó na tíre.

Cártaí Ceada

Chuir tuarascáil an Choimisiúin moltaí éagsúla faoi bhráid an rialtais chónaidhme, ach tá aird an phobail dírithe ar mholadh amháin ach go háirithe. Mhol an Coimisiún go mbeadh pre-commitment technology, nó teicneolaíocht réamhchoinníll, bunaithe ar chárta cliste, éigeandáil ar na meaisíní taobh istigh de thréimhse sé bliana. Ciallaíonn sé sin go mbeadh ar na himreoirí a roghnú cé mhéad airgid a bheidís réidh le cailleadh sa seisiún sula dtosóidís ag imirt.

Cháin an Coimisiún go géar na cineálacha fearais ar ar thug siad high-intensity, nó ard-dhianas, mar is féidir le himreoirí corradh is $1,500 in aghaidh na huaire a chailleadh iontu. Mhol siad go bhfaigheadh na clubanna agus tithe tábhairne fearais lagdhianais ina mbeadh dollar amháin mar uasteorainn ar aon gheall iontu agus $500 mar an pota óir is airde a bheadh ar fáil iontu.

Tá an rialtas cónaidhme faoi an-bhrú na moltaí thuas a chur i bhfeidhm, cé nach raibh a leithéid riamh mar dhúnghaois acu. Nuair a theip ar aon pháirtí mór tromlach glan a bhaint amach san olltoghchán anuraidh, b’éigean do Pháirtí an Lucht Oibre idirbheartú le triúr feisirí neamhspleácha lena dtacaíocht a mhealladh. Tá feisire as an Tasmáin darb ainm Andrew Wilkie ina measc agus gheall Wilkie go dtacódh sé leis an rialtas ar an acht go rithfí reachtaíocht le dul i ngleic le ceist na gcearrbhach anó faoi mhí na Bealtaine 2012. Mura dtacódh Wilkie leis an rialtas bheadh olltoghchán ann agus bheadh an rialtas i mbaol a chaillte, de réir na bpobalbhreitheanna.

Rinne coiste de chuid na parlaiminte náisiúnta fiosrúchán poiblí ar thuarascáil an Choimisiúin agus mhol siad go mbeadh rogha ag na clubanna móra idir an cárta cliste nó innill lagdhianais a chur ar fáil faoin mbliain 2014. Ní bheadh ar na clubanna agus tithe tábhairne le 15 inneall ná níos lú acu aon athrú a dhéanamh roimh an mbliain 2018.

Feachtas ar Son an Anó?!

Ní mó ná sásta a bhí lucht na gclubanna móra leis na moltaí thuas agus chuir siad tús le feachtas láidir ina gcoinne sna meáin. Rinne siad beag is fiú de cheist na gcearrbhach anó, ach chuaigh siad thar fóir nuair a mhaígh siad go mbeadh aon smacht ar chearrbhachas “neamh-Astrálach”. Mheabhraigh an maíomh seo dom an sainmhíniú a thug an Dochtúir Samuel Johnson ar thírghrá: “the last refuge of the scoundrel”! B’fhearr le lucht na meaisíní go leanfaí ar aghaidh leis an gcóras self-exclusion, nó féintoirmeasc, atá i bhfeidhm acu le tamall anuas. Sa chóras seo tá an fhreagracht ar na cearrbhaigh anó iarraidh ar na clubanna agus ar thithe tábhairne iad a thoirmeasc óna gcuid inneall.

Foilsíodh pobalbhreith le linn fheachtas na gclubanna móra inar léirigh dhá thrian de na rannpháirtithe go dtacóidís le haon iarracht dul i ngleic le fadhb an iomarca gealltóireachta ar na fearais chearrbhachais. Ní hionadh go bhfuil formhór mór mhuintir na tíre ar son na hiarrachta smacht éigin a chur ar na pokies. Tá aithne againn go léir ar dhaoine atá thíos leo de bharr gur scaip siad a gcuid sna hinnill chearrbhachais. Bíonn féimheacht, caillteanas an tí, foréigean teaghlaigh, meabhairghalar, féinmharú agus go fiú dúnmharú i measc na bhfadhbanna sóisialta a eascraíonn as daoine a bheith ag cailleadh an iomarca sna hinnill.

Tá an freasúra náisiúnta agus cuid de na rialtais stát in éadan na n-athruithe atá beartaithe, agus is léir go bhfuil constaicí go leor le sárú ag an rialtas cónaidhme sula rithfí aon reachtaíocht. Nuair a smaoiním ar an dochar a dhéanann na pokies ar dhaoine leochaileacha, áfach, feictear dom gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.