AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Saol Crua na Talmhaíochta san Astráil
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Goirt agus machairí faoi uisce, éileamh feirmeoirí na hÉireann ar fhaoiseamh, nó go fiú ar chúiteamh, as an drochaimsir? Sin an cith a d’fhliuch an saol, mar a léiríonn Bearnaí Ó Doibhlin san alt seo as an Astráil.

Íomhá
Dorothea Mackellar
le D. MacKellar stad com, Vicipéid
Íomhá
Cumar Abhainn na Namoi agus Manilla
M Gillaus ar Vicipéid
Íomhá
Gunnedah
le J. Folley ar Vicipéid
Íomhá
Abhantrach Murray-Darling
le Martyman, Vicipéid

‘My Country’, an dán a chum an scríbhneoir Dorothea MacKellar (1885-1968), ar cheann de na dánta is so-aitheanta san Astráil. Scríobh an file óg é sa bhliain 1906 agus í i bhfad i gcéin, ag cuimhneamh le cumha ar a tír dhúchais. Chronaigh sí a tír uaithi go géar ag an am. Tá na línte is cáiliúla sa dán ag tús an dara véarsa:

I love a sunburnt country,
A land of sweeping plains,
Of rugged mountain ranges,
Of drought and flooding rains.

Déanann beagnach gach gasúr bunscoile abhus staidéar ar an dán agus, cé go bhfuil nathanna seanreicthe go leor ann agus go bhfuil na mothúcháin maothintinneach in áiteanna, níl aon amhras ach go ndeachaigh na rainn i gcion go mór ar mhuintir na hAstráile. Is tearc an duine fásta abhus, dá bhíthin sin, nach bhfuil in inmhe na ceithre líne thuas a aithris de ghlanmheabhair.

Bíodh is gur rugadh MacKellar in Sydney, chaitheadh sí sealanna fada go rialta sa cheantar tuaithe in aice le Gunnedah, áit a raibh gabháltais ag a muintir. Is baile beag é Gunnedah, lonnaithe ar bhruach na habhann Namoi, ar an taobh thiar den Imleach Mór, a scarann an stiall chaol ar chósta thoir na hAstráile ó na machairí ollmhóra intíre. Is sa sliabhraon seo atá foinse fhormhór mór na n-aibhneacha a sceitheann amach san abhainnchóras is mó sa tír, ar a dtugtar an Abhantrach Murray-Darling. Tógadh beagnach gach baile mór intíre in oirdheisceart na hAstráile le hais na n-aibhneacha seo.

Creidfidh an tSúil an Ní a Fheiceann Sí

Is léir go raibh an file óg ag cuimhneamh ar a taithí phearsanta faoin tuath nuair a scríobh sí an dán, ach go háirithe an cheathrú líne sa sliocht thuas. Idir 1895 agus 1902 a bhí an triomach is measa i luathstair na nEorpach san Astráil, ar ar tugadh An Federation Drought, agus chonaic an cailín óg an tionchar uafásach a bhí aige ar na feirmeacha timpeall ar Gunnedah. Bhí sí ann, freisin, nuair a chuir báisteach throm deireadh leis an triomach, ach chonaic sí an tuile a tharla mar gheall ar an mbáisteach in Gunnedah, sa cheantar máguaird agus i dtuilemhá na habhann. Ritheann na haibhneacha intíre trí cheantar an-chothrom agus ní chailleann cuid acu ach cúpla méadar d’airde i rith a dturas fada trasna na machairí. Sceitheann an t-uisce dá bhrí sin thar achar an-leathan le linn na dtuilte.

Bhain na meáin áitiúla an-reacaireacht as an líne cháiliúil Of drought and flooding rain agus iad ag cur síos ar an méid a thit amach in oirdheisceart na tíre ar na mallaibh. Bhí an triomach is measa i stair na tíre sa chéad deich mbliana den aonú haois is fiche agus chuir sé an-bhrú ar an Abhantrach Murray-Darling. Tá 72 faoin gcéad d’fheirmeacha na tíre lonnaithe san abhantrach agus is é ‘babhla bia na hAstráile’ a thugtar uirthi sa Bhéarla.

líon na ndaoine ar fheirmeacha agus atá fostaithe ar an talamh san abhantrach ag laghdú le blianta fada anuas agus cuireadh go mór leis an gclaonadh seo le linn an triomaigh thuas. Tá cuid nach beag den talmhaíocht san abhantrach ag brath ar uisciú ó na haibhneacha, ach ní raibh ach céatadán an-bheag den uisce ar fáil don lucht talmhaíochta i rith an triomaigh. Chuir an rialtas náisiúnta togra nua i bhfeidhm le cearta uiscithe a cheannach ar ais ó fheirmeoirí na habhantraí, agus soláthraíodh cúrsaí oiliúna dóibh siúd a thréig an talamh le scileanna nua a fhoghlaim.

Bailc in Ionad Bairr

Cuireadh deireadh leis an triomach le linn an earraigh, nuair a bhí báisteach mhaith san abhantrach, agus bhí an lucht talmhaíochta ag tnúth le barr an arbhair den céad scoth. Ní mar a shíltear a bhítear, ámh. Bhí siad ar tí tús a chur le baint an bhairr nuair a thit díle báistí ag deireadh mhí na Samhna agus tús mhí na Nollag. Bhí cuid mhór den abhantrach báite agus bhí an talamh róbhog dá bharr sin le feidhm a bhaint as na comhbhuainteoirí agus as an trealamh trom eile. Rinneadh an-dochar do na barraí agus díolfar an chuid ba mhó d’fhómhar an arbhair faoina luach mar bheatha stoic.

Tógadh coraí timpeall na mbailte san abhantrach blianta fada ó shin mar chuid den rialúchán tuilte inti. Bhí na bailte sábháilte sa tuile, cé go raibh ar chorradh is 2,000 duine a dtithe a athlonnú as áiteanna in íochtar talún a bhí i mbaol. Ní féidir na tuilemhánna a chosaint, áfach, agus sceith an t-uisce thar feirmeacha go leor. Cailleadh a lán ainmhithe agus rinneadh dochar millteanach do bhonneagar na habhantraí. Ní fios fós costas an dochair, ach is léir go bhfuil na céadta milliún dollar caillte ag lucht talmhaíochta na habhantraí.

Níl aon ghaoth nach séidfidh cóir do dhuine éigin, mar a deir an seanfhocal. Tá na feirmeoirí ríse san abhantrach in ann an barr a chur den chéad uair le deich mbliana anuas.

Hanrahan agus Deilín na Diúltachta

Tá dán cáiliúil eile san Astráil a bhaineann leis na deacrachtaí atá ag lucht talmhaíochta abhus, dán a scríobh an tAthair Patrick Joseph Hartigan (1878-1952). ‘Said Hanrahan’ an teideal aisteach atá ar an dán, a foilsíodh sa bhliain 1921 faoina ainm cleite, John O Brien. Chaith Hartigan an chuid ba mhó dá shaol ag friotháil ar mhuintir na tuaithe i mbailte éagsúla san Abhantrach Murray-Darling. Déanann an dán scigaithris ar fheirmeoirí atá ag plé gnóthaí aimsire, ar dhuine amháin ach go háirithe darb ainm Hanrahan, a bhíonn go hiomlán diúltach. Tá triomach ann ag tús an dáin, ach tagann an bháisteach faoi dheireadh agus bíonn fómhar maith ag muintir na háite.

Sa chéad líne den dán deir Hanrahan “We’ll all be rooned”, agus is é píobaire an aon phoirt é an duine céanna. Déanann sé athrá ar an tairngreacht dhiúltach seo go rialta i rith an dáin. Níl Hanrahan sásta fiú nuair a thagann an bháisteach agus tá fómhar maith sábháilte. Tá sé fós den tuairim go mbeidh siad go léir “rooned” ag deireadh an dáin, ach an iarraidh seo de bharr “bush-fires” mar gheall ar an iomarca féir tar éis na báistí.

Is maith a thuig MacKellar agus Hartigan na deacrachtaí a bhaineann le talmhaíocht san Astráil, ach d’airigh siad dís an misneach a thug spreagadh do mhuintir na tuaithe, in am an ghátair go háirithe. Beidh misneach ag teastáil go géar ina measc anois agus iad ag tabhairt aghaidhe ar an dúshlán atá rompu tar éis na tubaiste is déanaí a tharla dóibh. Bíonn saol na talmhaíochta an-chrua ar lucht a chleachta sa tír seo, gan aon agó.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.