AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Teorainn le Daonra na hAstráile
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

athruithe curtha i bhfeidhm ar chúrsaí inimirce na hAstráile ag rialtas an Lucht Oibre arbh fhéidir a rá fúthu, dar le Bearnaí Ó Doibhlin, nach bhfuil siad aon bhlas éagosúil leis an Pacific Solution, córas na gCoimeádach féin.

Íomhá
Ag fearadh fáilte chun na hoibre 1928
Cartlann na hAstráile
Íomhá
Le Oifig Staidrimh na hAstráile
ar Vicipéid
Íomhá
Cathair Adelaide
le Uncle Spitfire ar Vicipéid
Íomhá
An Bhruach Theas, Brisbane, faoi thine ealaíne
Vicipéid

Níl ach daonra de 22.5 milliún duine ag an Astráil cé go bhfuil sí ar an séú tír is mó ar domhan. Cónaíonn tuairim is 40 faoin gcéad de mhuintir na hAstráile sa dá chathair is mó, Sydney agus Melbourne, agus tá cónaí ar beagnach 25 faoin gcéad den daonra sna trí phríomhchathair stáit eile ar an mór-roinn, Brisbane, Perth agus Adelaide.

Tá na cathracha móra seo go léir lonnaithe ar an gcósta agus cónaíonn níos mó ná 80 faoin gcéad de dhaonra na tíre in aice na farraige. Tá bánú na tuaithe ar siúl le blianta fada chomh maith, agus meastar go gcuirfear leis an gclaonadh seo i ngeall ar an triomach a thit amach ní ba mhinice le fiche bliain anuas.

plé ar siúl san Astráil i dtaca le daonra na tíre beagnach ó cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach sa bhliain 1788. Is tír í an Astráil atá fothaithe ar inimirce agus glacadh leis go forleathan le linn stair na nEorpach abhus go raibh daonra mór ag teastáil leis an tír a fhorbairt agus a chosaint. Ní raibh sé mar dhúnghaois oifigiúil ag aon rialtas riamh teorainn a chur le fás an daonra, ach, aisteach le rá, tá teorainn le fhás an daonra ina chnámh spairne idir na páirtithe polaitíochta le tamall anuas.

Cuireadh tús leis an aighneas eatarthu nuair a d’fhoilsigh an Roinn Airgeadais an tuarascáil, Intergenerational Report 2010: Australia to 2050: Future Challenges, i mí Dheireadh Fómhair anuraidh. Measadh sa tuarascáil go mbeadh daonra de 36 milliún duine ag an Astráil faoin mbliain 2050. Chuir an príomhaire ag an am, Kevin Rudd, fáilte roimh an tuarascáil nuair a dúirt sé:

I actually believe in a big Australia, I make no apology for that. I think it’s good news that our population is growing.

An Cur i gCoinne

Cháin an tAire Inimirce cúil, Scott Morrison, Rudd de bharr nach raibh aon dúnghaois chruinn aige i dtaca le daonra na tíre. Rinne Morrison iarracht láidir ina ráiteas cáinteach ceangal a dhéanamh idir dearcadh an phríomhaire i dtaca le fás an daonra agus dúnghaois an rialtais i ndáil le hinimirce gan chead:

Just like illegal boat arrivals, Mr Rudd believes population growth is just another global tectonic force outside his control that he is not responsible for.

Tá ceist an daonra fite fuaite le dúnghaois inimirce mar go bhfuil fás an daonra ag brath beagnach go hiomlán ar inimirce, ní hionann is an ráta beireatais atá ag titim san Astráil le fada an lá. Is ábhar imní é an ráta ard inimirce reatha ag daoine áirithe abhus, ach go mór mór i measc na ndaoine a chónaíonn i mbruachbhailte na gcathracha móra. Tá bonneagar na gceantar seo faoi an-bhrú agus níl aon amhras ach go gcuirfidh an bhuíon is mó de na hinimircigh nua fúthu sna ceantair chéanna.

Bhuaigh Páirtí an Lucht Oibre suíocháin go leor sna bruachbhailte seo san olltoghchán trí bliana ó shin agus ba léir do na cúlbhinseoirí nua iontu go raibh imní ar lucht vótála ina dtoghcheantair roimh dhaonra mór. Nuair a toghadh Rudd ina phríomhaire sa bhliain 2007 cuireadh i bhfeidhm dúnghaois inimirce nua a bhí ní ba bháúla le lucht iarrtha tearmainn a tháinig i dtír as báid neamhúdaraithe, mar a míníodh ar an iris seo (Eagrán 97, Bealtaine 2009). Cuireadh deireadh le dúnghaois an iar-rialtais, ar ar tugadh an Pacific Solution de bharr gur tógadh na daoine a rinne iarracht teacht i dtír gan chead go hoileáin éagsúla san Aigéan Ciúin fad is a rinneadh meas ar a n-iarratais dídine.

An tIonradh

Cháin an freasúra an dúnghaois nua ag an am, ag maíomh go raibh Rudd lag ó thaobh teorannacha a chosaint. Cuireadh go mór leis an ionsaí seo nuair a tháinig an-bhorradh faoi líon na mbád neamhúdaraithe a gabhadh ar a mbealach chun na hAstráile i mbliana. Bhain urlabhraithe de chuid an fhreasúra úsáid as an bhfocal ‘ionradh’ go rialta agus iad ag cáineadh bheartas an rialtais, cé nach raibh ach cúpla míle duine i gceist, mná agus gasúir san áireamh.

Tháinig formhór na ndaoine ar na báid seo as dhá thír: an Afganastáin agus Srí Lanca. Bhí Rudd scanraithe ag ionsaí an fhreasúra agus chuir sé ar fionraí aon iarratas dídine ó dhaoine as an dá thír. Anuas ar sin, cheap sé Tony Burke mar Aire Daonra i mí Aibreáin, an chéad uair a raibh a leithéid ann. Idir an dá linn d’fhógair ceannaire an fhreasúra, Tony Abbott, go gcuirfeadh sé an Pacific Solution ar ais i bhfeidhm dá n-éireodh leis san olltoghchán i mbliana. Thug sé le fios freisin go gcreideann a pháirtí go bhfuil an ráta inimirce reatha ró-ard, cé nár luaigh sé aon ráta nua.

Fuair Rudd a thópar i mí an Mheithimh agus ba léir ina céad ráiteas go raibh a chomharba, Julia Gillard, ag éisteacht leis na cúlbhinseoirí thuas. Dúirt sí go neamhbhalbh go raibh dearcadh an-éagsúil aici lena réamhtheachtaí:

Australia should not hurtle down the track towards a big population. I don’t support the idea of a big Australia. I support a population that our environment, our water, our soil, our roads and freeways, our buses and our services can sustain.

Agus d’athraigh sí an teideal atá ag Tony Burke thuas go dtí an tAire Daonra Inbhuanaithe!

An Tíomór Thoir

D’eisigh Gillard ráiteas eile seachtain ní ba dhéanaí i dtaca le lucht dídine ag déanamh iarrachtaí teacht i dtír i mbáid neamhúdaraithe. Thug sí le fios go raibh sí ag idirbheartú leis an rialtas sa Tíomór Thoir le hionad próiseála réigiúnach nua do na daoine a ghabhtar ar a mbealach chun na hAstráile a bhunú ar an oileán. Beidh orthu seal a chaitheamh san ionad seo fhad is a mbeifear ag meas a n-iarratas dídine, má éiríonn leis an tionscadal. Feictear dom nach bhfuil sa chur chuige ‘nua’ ach leagan eile den Pacific Solution.

Léiríonn an dianiarracht atá Gillard agus Abbott a dhíriú ar chúrsaí an daonra go dtuigeann siad dís gur cúis imní é sna toghcheantair imeallacha i mbruachbhailte na gcathracha móra, na ceantair chéanna inar bhuaigh an rialtas an t-olltoghchán sa bhliain 2007. Is tír shaibhir í an Astráil atá go maith in ann caitheamh go fial leis an líon beag daoine sna báid atá ag éalú ó chruachás ina dtíortha féin. Is mór an trua é mar sin go bhfuil coimhlint ghéar ar siúl idir na páirtithe móra leis an dúnghaois inimirce is dúire agus is danartha a chur faoi bhráid mhuintir na tíre agus iad ar tí a nguth a thabhairt san olltoghchán ar 21 Lúnasa.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.