AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Teangacha Dúchais na hAstráile
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Tá taobh eile ar an mbád - níl deireadh caillte - i gcás teangacha dúchais na hAstráile, ná baol air. Tá an dea-scéala ag Bearnaí Ó Doibhlin.

Íomhá
Saothar na nDúchasach greanta c. 30-45,000 bl. ó shin
Íomhá
Uluru
Íomhá
An tAire Jenny Macklin, An Roinn Teaghlaigh, Tithíochta, Seirbhísí Pobail agus Gnóthaí Dúchais

Chuir muintir dhúchais na hAstráile fúthu sa tír seo den chéad uair corradh is ceathracha míle bliain ó shin, de réir na fianaise seandálaíche, agus maítear go minic go bhfuil an tsaíocht bheo is ársa gan bhriseadh ar domhan acu. Tá eolas go leor ar fáil faoin modh maireachtála a bhí acu mar cnuas-shealgairí agus faoin dóigh a raibh siad roinnte ina dtreibheanna fud fad na tíre. Níl a fhios ag éinne, áfach, cén daonra go beacht a bhí abhus nuair a cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach sa bhliain 1788.

Meastar go raibh idir 300,000 agus 750,000 duine sa tír go díreach roimh theacht an chine ghil, agus creidtear go raibh idir 600-700 treibh éagsúla ann. Ní fios líon na dteangacha a labhair an mhuintir dhúchais ach an oiread, ach meastar go raibh 250 teanga éagsúla ar a laghad acu, chomh maith le tuairim is 600 canúint. Ní raibh aon scríbhinn ag an muintir dhúchais agus, dá bhrí sin, tá sé deacair a bheith cinnte cé acu teangacha nó canúintí a bhí i gceist anois agus iad ar lár, gan rian ná a lorg fanta ina ndiaidh. Níl aon amhras ach go ndéantar léirscrios ar shaíocht an mhuintir dhúchais mar thoradh ar theacht an chine ghil chun na tíre, agus dealraíonn an méid a tharla do na teangacha bundúchais a dhonacht is a bhí an scéal. D’fhoilsigh an Australian Institute of Aboriginal and Torres Strait Islander Studies (AIATSIS) an tuarascáil, an National Indigenous Languages Survey (NILS) sa bhliain 2005, a léirigh an stádas uafásach atá ag na teangacha bundúchais i láthair na huaire.

An Chontúirt

Níl ach 145 teanga bundúchais fós ar marthain, de réir NILS. Tá a bhformhór mór lagaithe go mór agus tá 110 teanga acu i mbaol agus i gcontúirt a mbás. Níl ach dornáin bheaga daoine in inmhe na 110 teanga thuas a labhairt, tá formhór mór na ndaoine seo níos sine ná daichead bliain d’aois agus ní dhéantar na teangacha a sheachadadh go dtí an chéad ghlúin eile, dá bhrí sin. Níos measa arís, tá cuid de na teangacha nach bhfuil éinne in ann a labhairt go hiomlán agus níl ach roinnt focal agus nathanna acu fós in úsáid.

Measadh ag NILS nach raibh ach sé faoin gcéad de na teangacha bundúchais a bhí á labhairt sa bhliain 1788 “in a healthy condition” faoi am seo, de bharr go bhfuil siad á labhairt ag gach aoisghrúpa sa chomhphobal. Tá na comhphobail seo ina gcónaí ina ndúichí traidisiúnta, atá sna ceantair is iargúlta sa tír de ghnáth. Bíodh is go bhfuil na teangacha seo láidir, bhí údair na tuarascála den tuairim go raibh gníomhaíocht phráinneach ag teastáil leis na teangacha láidre a chosaint agus a chothú.

Is ríshoiléir ón staidreamh thuas go bhfuil drochbhail ar theangacha bundúchais na hAstráile, ach níl an scéal caillte go huile is go hiomlán. Tuigeann na rialtais náisiúnta agus stát luach uathúil na dteangacha bundúchais agus tá siad ag maoiniú gníomhaíochtaí éagsúla le dul i ngleic leis na fadhbanna atá acu. D’fhógair Jenny Macklin, an t-aire atá freagrach as cúrsaí bundúchasacha sa rialtas náisiúnta, tionscadal nua leis na teangacha a chaomhnú ar na mallaibh.

An Mórtas Féiniúlachta agus Múineadh na dTeangacha

Beidh dhá sprioc ag croílár an chur chuige nua seo: mórtas as féiniúlacht chultúir a threisiú i measc an mhuintir dhúchais agus múineadh na dteangacha bundúchais sna scoileanna a spreagadh. Tuigtear go soiléir a thábhachtaí is atá sé na teangacha a mhúineadh. Léirigh an tuarascáil, Indigenous Language Programs in Australian Schools – A Way Forward, go raibh corradh is 16,000 mac léinn bundúchasacha agus 13,000 mac léinn eile ag foghlaim teangacha bundúchais sna blianta 2006-7. Bhí 80 teanga bundúchais ar fáil i 260 scoil ar fud na tíre.

Léirigh an tuarascáil NILS thuasluaite, ámh, go bhfuil cor sa scéal a mheasaim go bhfuil i bhfad níos tábhachtaí ná aon togra rialtais. Thug na taighdeoirí a bhí páirteach sa tuarascáil faoi deara go raibh tacaíocht láidir le haireachtáil sna comhphobail bhundúchasacha, ní hamháin le teangacha a chaomhnú, ach le teangacha a d’éag a athbheochan arís.

Tugaim an focal scoir do dhuine de mhuintir dhúchais na hAstráile, agus é ag labhairt ina theanga féin. Aden Ridgeway is ainm dó, tá sé sna luathchaogaidí agus is iarsheanadóir é. Sular chaill sé a shuíochán san olltoghchán trí bliana ó shin, ba é an t-aon duine amháin de shliocht bundúchasach a bhí ina fheisire sa pharlaimint náisiúnta.

Rugadh i dtuaisceart New South Wales Ridgeway agus is duine de mhuintir Gumbaynggirr é. Is cuimhin leis gur labhair a sheanmháthair agus na seandaoine eile a dteanga féin nuair a bhí sé ag fás aníos, ach gur athraigh siad go Béarla nuair a tháinig sé isteach sa seomra. Bhí an méid seo le rá aige i dtaca le cúrsaí teanga, agus an t-athrú atá tagtha ar a mhuintir i dtaca lena dteanga, in agallamh a foilsíodh i nuachtán ar na mallaibh:

Nganyundi gamiiga ngaawa, Gumbaynggirr giiligirr jurraang jaany girrwaa gala ngiyaala yarrang ngaldayi. (Níl ach dornán beag daoine atá ag labhairt mo theanga féin, Gumbaynggirr, faoi láthair, ach tá muid meáite ar an scéal a athrú.)

agus

Ngaaja nyaagu manggarla gaywagu Canberra-ndi juun.gu jaali Julgaagany daalgiyaygu Girrwaanbila ngaawawa. (Táim ag súil go mór leis an lá nuair a chinnfidh Canberra [an rialtas náisiúnta] go mbeidh véarsa amháin san amhrán náisiúnta scríofa i dteanga dhúchais éigin.)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.