AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Léargas ar Éireannaigh na hAstráile
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

scagadh as úr ar scéal Ghaeil na hAstráile dúisithe ag taispeántas atá ar siúl san Iarsmalann Náisiúnta i gCanberra. D’fhreastail Bearnaí Ó Doibhlin ar an taispeántas áit a raibh sé in ann éisteacht lena ghlór féin agus le glór a bhean chéile.

Íomhá
Ned Kelly
Íomhá
Clogad catha de chuid Ned atá ar taispeáint
Íomhá
Pictiúr de Ned san iargúil leis an ealaíontóir Sidney Nolan
Íomhá
Jack Donohoe
le Leabharlann Stáit New South Wales
Íomhá
Mícheál Ó Duibhir
le TerryM@iol.ie
Íomhá
Ó Duibhir

Meastar go forleathan go bhfuil Ned Kelly, an ceithearnach coille a crochadh sa bhliain 1880 nuair nach raibh sé ach cúig bliana fichead, ar an duine Éireannach-Astrálach is clúití – nó míchlúití – i stair na hAstráile. Saolaíodh an Ceallach san Astráil, ach ba’s Éirinn a thuismitheoirí. Ba dhaoránach é a athair, a cuireadh chun na hAstráile sa bhliain 1841 as dhá mhuic a ghoid. Tá deighilt i measc mhuintir na hAstráile i dtaca leis an gCeallach, mar a mhínigh Daithí Ó Colchúin ar an iris seo (Eagrán 5, Meán Fómhair 2001). Measann daoine go leor abhus gur laoch é, ach tá cuid nach beag eile den tuairim láidir gur chladhaire a bhí ann.

Bhí ainm an Cheallaigh in airde arís le déanaí mar gheall ar thaispeántas ollmhór, atá ar siúl in Iarsmalann Náisiúnta na hAstráile, Canberra, dar teideal: Not Just Ned: A true history of the Irish in Australia. Déanann an teideal tagairt, ní hamháin don cheithearnach coille iomráiteach, ach don úrsal de chuid Peter Carey, True History of the Kelly Gang, a foilsíodh sa bhliain 2000, agus a bhuaigh an duais Man Booker an bhliain dár gcionn. Léiríonn teideal an taispeántais go bhfuil sé d’aidhm aige scéal na nÉireannach abhus ina iomláine a chur ar fáil, seachas an dearcadh simplí seanda go raibh na hÉireannaigh go léir a tháinig chun na hAstráile cosúil le leithéidí an Cheallaigh agus a mhuintire.

An Náire Shaolta

Osclaíodh an taispeántas ar Lá Fhéile Pádraig agus rinne an scríbhneoir aithnidiúil, Thomas Keneally, an oscailt oifigiúil. Tá scéal scaipeadh na nÉireannach sna ceithre hairde scagtha go minic ag Keneally ina shaothar, sa leabhar The Great Shame ach go háirithe. Chuir sé fáilte faoi leith ina aitheasc roimh éagsúlacht an taispeántais a léirigh, dar leis, a ilghnéithí agus a chasta a bhí taithí agus tionchar na nÉireannach san Astráil.

Bhí an dúiche daoine i láthair ag an oscailt, ina measc an tAire um Ghnóthaí Leanaí, Francis Fitzgerald, a bhí ar cuairt chun na hAstráile, agus táthar ag súil go mbeidh na scórtha míle cuairteoirí ar an taispeántas, a leanfaidh go dtí deireadh mhí Iúil.

Is Éireannach é an coimeádaí sinsearach ar an taispeántas, an Dr. Richard Reid, arb as Port Róis dó. Chaith Reid blianta fada ag stocaireacht leis an taispeántas seo a chur i dtreoir agus bhí rún aige ón gcéad lá riamh go n-inseofaí scéal iomlán na nÉireannach ann. Tá tuairim is 500 réad uathúla le feiceáil sa taispeántas, a bailíodh as iarsmalanna agus ó úinéirí príobháideacha fud fad na hAstráile agus thar lear.

Bíodh is go bhfuil an teideal Not Just Ned aige, níl aon amhras ach gurb é an chathéide a chaith an ceathrar ball de dhrong an Cheallaigh an déantán is mó díol spéise ag na cuairteoirí. Seo an chéad uair atá siad go léir ar taispeáint le chéile i bhforas náisiúnta, agus bíonn slua timpeall orthu gach lá. Caithfear a rá freisin go bhfuil réada go leor eile ann a bhaineann le hÉireannaigh abhus a bhí frithúdarás, go fiú réabhlóideach, leithéidí William Smith O Brien, Charles Gavan Duffy agus Michael Dwyer as Cill Mantáin.

Ilghnéitheacht na nImirceach

É sin ráite, bhí éagsúlacht ag baint le stair na nÉireannach san Astráil ón gcéad lá a bunaíodh an choilíneacht mar áitreabh pionóis sa bhliain 1788. Bhí Éireannaigh go leor i measc na ndaoránach sa Chéad Loingeas, gan aon agó, agus i measc na 162,000 daoránach a cuireadh chun na hAstráile sa chéad ochtó bliain den choilíneacht. Bhí Éireannaigh go leor i measc na saighdiúirí agus na gcoilíneach ar an gCéad Loingeas freisin, áfach, agus i measc na gcoilíneach a chuir fúthu de bhonn tola ina dhiaidh sin. Anuas air sin, cé go raibh formhór na nÉireannach a tháinig i luathstair na tíre ina gCaitlicigh agus ina náisiúnaithe, bhí go leor eile ina bProtastúnaigh agus ina ndílseoirí, agus tá a lán réad sa taispeántas a thugann léargas ar a scéalta abhus.

dhá mhír suite ar an mbealach amach ón taispeántas a léiríonn go bhfuil scéal na nÉireannach san Astráil beo beathach fós. Sa chéad dul síos tá mála droma de chuid mhná óige a bhí i measc na ndaoine óga a thagann go rialta as Éirinn le bliain nó dó a chaitheamh san Astráil. Tá seomra beag, taobh leis an réad sin, ina bhfuil na cuairteoirí in ann breathnú ar scéalta a taifeadadh le fíordhéanaí, Irish in Australia

Roghnaíodh cúig dhuine dhéag, meascán idir Éireannaigh a tháinig chun na hAstráile ar inimirce agus dhaoine de shliocht Éireannach, agus iarradh orthu a mbaint reatha le hÉirinn a insint. Bhí mo bhean chéile agus mé féin ina measc agus labhair mise go dátheangach faoin áit is ansa liom in Éirinn - Gleann Cholm Cille, dar ndóigh! Táthar ag súil go dtaifeadfar scéalta go leor eile le linn an taispeántais.

Díol Mórtais

Is é seo an chéad uair a bhí an t-aitheantas agus oineach mar seo bronnta ar aon aicme eitneach san Astráil, nó go bhfios dom, in aon áit eile. Foilsíodh an t-alt, ‘I measc na nGael san Astráil’, a scríobh Ambasadóir na hÉireann chun na hAstráile, a shoilse Máirtín Ó Fainín, san iris, An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDéise, anuraidh (Uimhir 14). Feictear dom go léiríonn an sliocht thíos an fáth a bhfuil an ardurraim seo tuillte go maith ag Éireannaigh na hAstráile.

… tá mé san Astráil – an tír is Gaelaí ar domhan taobh amuigh d’Éirinn féin. Ba Éireannaigh iad beagnach a thrian den bhunlonnaíocht Eorpach san Astráil sa 17ú agus san 18ú céad… Dá bharr sin, bhí an-tionchar ag na Gaeil ar phearsantacht na hAstráile, níos mó ná ar thír ar bith eile. Murach na Gaeil a tháinig, is dócha go mbeadh na hAstrálaigh díreach cosúil leis na Sasanaigh. Thugamar dóibh tréithe na hÉireann. Chothaigh na Gaeil a chur fúthu ann machnamh ar neamhspleáchas, ar cad atá cothrom sa saol agus cad ná fuil. Chothaíodar, leis, meas ar Chothrom na Féinne – an fair go mar a deirtear sa tír seo.

Is díol mórtais do shliocht na hÉireann san Astráil an taispeántas gan sárú seo agus chuaigh sé i bhfeidhm go han-mhór orm. D’airigh mé ón gcéad lá a tháinig muid chun na hAstráile, beagnach ceathracha bliain ó shin, go raibh mé i measc mo chairde gaoil abhus agus thug an taispeántas dom léargas ar bhunús an mhothúcháin sin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.