Comhrialtas faoin Lucht Oibre a bhain cumhacht de mhaoil a mhainge amach san Astráil. Chaith Bearnaí Ó Doibhlin a vóta san olltoghchán, bíodh gur in iardheisceart Dhún na nGall a bhí sé, lá na vótála féin.
Bhí olltoghchán san Astráil ar 21 Lúnasa i mbliana ach b’éigean dúinn fanacht ar feadh seacht lá dhéag ina dhiaidh sular fógraíodh go raibh rialtas náisiúnta nua againn, agus tá rialtas mionlaigh ag an tír den chéad uair ó cuireadh tús leis an gcóras dhá pháirtí siar sa bhliain 1944. Bhí tromlach ag ceann amháin de na mórpháirtithe - Páirtí an Lucht Oibre, nó an Comhrialtas Coimeádach, a bhíonn comhdhéanta as an bPáirtí Liobrálach agus as an bPáirtí Náisiúnta - ó shin i leith ag gach olltoghchán roimhe seo.
Tá córas rialtais na hAstráile bunaithe ar chóras Westminster de chuid na Ríochta Aontaithe. Tá dhá theach parlaiminte abhus agus bíonn an páirtí a bhfuil móramh aige sa teach íochtarach, ar a dtugtar Teach na nIonadaithe, i gcumhacht. Bíodh is go bhfuil an córas rialtais anseo bunaithe ar an chóras Westminster, tá cúpla gné thábhachtach aige atá an-éagsúil leis an gcóras bunaidh. Bhí na difríochtaí seo freagrach as cuid den mhoill thuas agus as an gcinneadh a rinneadh ag deireadh an lae cumhacht a thabhairt ar ais do Pháirtí an Lucht Oibre.
Is ea an chéad difríocht – agus an ceann a chuireann iontas ar dhaoine go leor thar lear – ná go bhfuil sé éigeantach vótáil san Astráil, ní hamháin sna holltoghcháin ach sna toghcháin stáit chomh maith. Gearrtar fíneáil $20 ar dhaoine nach gcaitheann vóta mura bhfuil leithscéal inghlactha acu. Tá an t-éigeantas seo seanbhunaithe agus glactar go forleathan leis, cé gur daoine frithúdaráis iad na hAstrálaigh don chuid is mó.
Tá Coimisiún Toghcháin na hAstráile freagrach as riar na dtoghchán agus as na nósanna imeachta vótála. Déanann an Coimisiún dianiarracht a chinntiú go mbíonn an deis ag gach éinne vótáil sna toghcháin de bharr go bhfuil sé éigeantach. Bíonn bothanna vótaíochta ar oscailt sna cathracha agus sna bailte móra fud fad na tíre ar feadh trí seachtaine roimh lá na vótála dóibh siúd a bheidh as baile ar an lá áirithe féin. Chaith beagnach dhá mhilliún duine, as an 14 milliún ar an rolla toghthóirí, a gcuid vótaí sna bothanna seo san olltoghchán i mbliana.
Vótaí ó Cheann Ceann na Cruinne
Anuas air sin, soláthraítear vótaí neamhláithreacha do dhaoine ar lá vótaíochta ag bothanna speisialta i ngach toghcheantar agus bíonn vótaí poist ar fáil freisin, pé áit a bhfuil tú ar fud na cruinne. Bhí mé féin i nGleann Cholm Cille ar lá vótaíochta, mar shampla, agus is deacair a shamhlú aon áit atá níos faide i gcéin ón Astráil ná an gleann álainn iargúlta sin, ach fuair mé vóta poist ann. Glactar le vótaí poist suas le 13 lá tar éis an toghcháin, ar an gcuntar go gcuirtear sa phost iad roimh dhúnadh na mbothanna ar lá vótaíochta.
Níor caitheadh ach tuairim is 75 faoin gcéad de na vótaí ar lá na vótaíochta féin i mbliana mar gheall ar na nósanna vótála thuasluaite. Anuas air sin, níor comhaireadh ach na vótaí a caitheadh ar an lá ar oíche lá na vótaíochta agus dá bhrí sin, bhí sé corradh is seachtain eile sula raibh sé soiléir cé mhéad suíochán a bhí ag na mórpháirtithe.
Tá 150 suíochán i dTeach na nIonadaithe agus bhuaigh na mórpháirtithe 72 suíochán araon. Bhuaigh an Páirtí Glas ceann amháin, toghadh beirt fheisirí neamhspleácha nua agus toghadh arís an triúr feisirí neamhspleácha a bhí sa pharlaimint cheana. Tugadh na feisirí neamhspleácha tuaithe ar an triúr seo, atá ag obair as láimh a chéile le tamall anuas.
Difríocht thábhachtach eile atá ag córas rialtais na hAstráile i gcomparáid le Westminster ná go dtoghtar baill an tí uachtaraigh, ar a dtugtar an Seanad. Tá dhá sheanadóir déag ag gach ceann de na sé stát agus beirt ag an dá chríoch araon. Toghtar leath na seanadóirí stáit agus an ceathrar críche ag gach olltoghchán. D’éirigh go han-mhaith leis an bPáirtí Glas i dtoghchán an tSeanaid an iarraidh seo agus anois beidh cothromaíocht na cumhachta acu ann. Ní chuirtear aon reachtaíocht i bhfeidhm mura ritear tríd an dá theach í.
Idir Dhá Cheann na Meá
Nuair nach raibh tromlach ag aon mhórpháirtí sa teach íochtarach bhí an rogha ag an seisear feisirí eile ann tacú le ceann amháin acu le móramh a bhunú. Chuir an feisire de chuid an Pháirtí Ghlais in iúl a luaithe is a toghadh é go dtabharfadh sé tacaíocht don Lucht Oibre, agus shínigh an dá pháirtí comhaontú. D’fhógair duine amháin de na feisirí neamhspleácha nua go dtacódh sé le Lucht Oibre freisin agus dúirt an duine nua eile go dtabharfadh sé tacaíocht do rialtas coimeádach.
D’fhág na cinntí sin go raibh cothromaíocht na cumhachta ag na feisirí neamhspleácha tuaithe thuas. Is iarbhaill den Pháirtí Náisiúnta gach duine acu agus bhíothas ag súil go dtabharfaidís tacaíocht do chomhrialtas coimeádach. Ba léir go luath, áfach, go raibh siad idir dhá chomhairle. Chaith siad seachtain eile ag idirbheartú leis an dá mhórpháirtí, agus ag bualadh le státseirbhísí sinsearacha.
D’fhógair siad a gcinntí ag preas ócáid ar 7 Meán Fómhair agus bhí an chuma ar an scéal i dtús báire go mbeadh rialtas coimeádach againn. Thug an chéad duine a labhair ann tacaíocht do na páirtithe coimeádacha, ach baineadh siar as go leor daoine nuair a d’fhógair an bheirt eile go dtacóidís leis an Lucht Oibre.
Luaigh an bheirt acu ina ráitis gur chuir siad an-bhéim ar shocracht pholaitiúil fhadtéarmach agus iad ag déanamh cinnidh. Mheas siad dís go mbeadh cúrsaí níos éasca ag Páirtí an Lucht Oibre comhoibriú leis an Seanad agus cothromaíocht na cumhachta ag an bPáirtí Glas. Gheall siad dís go dtabharfaidís tacaíocht don cháinaisnéis bhliantúil agus in éadan aon rún mímhuiníne, ach go ndéanfaidís cinntí ar aon reachtaíocht eile ar a tuillteanas.
Míshásamh
Tá móramh ar éigean ag an bPríomh-Aire, Julia Gillard, 76 vóta in éadan 74 ag an bhfreasúra, mar gheall ar na cinntí thuas. Mar a bheifeá ag súil leis, bhí an-díomá ar na páirtithe coimeádacha nach raibh siad ar ais i gcumhacht, go háirithe mar go bhfuair siad tuairim is 700,000 vóta céadrogha ní ba mhó ná an Lucht Oibre. Mhaígh ceannasaithe an pháirtí nach raibh rialtas Gillard dlisteanach mar nach bhfuair sé saintaca na dtoghthóirí, ach is léir nach bhfuair ceachtar acu a leithéid.
Is taithí nua í do mhuintir na hAstráile rialtas náisiúnta mionlaigh a bheith acu, mar a luaigh mé. Tá taithí go leor acu, ámh, le rialtais mhionlaigh ag an leibhéal stáit agus críche. Tá rialtais gan tromlach ag an dá chríoch agus ag dhá cheann de na stáit faoi láthair, agus bhí rialtas mionlaigh ar na ceithre stát eile ar na mallaibh. Tá agus bhí socracht pholaitiúil fhadtéarmach le sonrú ag an leibhéal seo agus rialtais mhionlaigh i bhfeidhm iontu. Neosfaidh an aimsir má tá an tsocracht chéanna ag an rialtas náisiúnta, nó nach bhfuil ann ach sceach i mbéal bearna, mar a mhaíonn cuid de na tráchtairí reatha abhus.