Léiriú smachta thar aon ní ciallmhar nó feidhmiúil is ea iompar stáit ár linne i gcoinne na hinimirce. Ceistíonn Alan Desmond sriantacht inimirce an stáit san alt seo.
»»»Dearcadh cúng craplaithe an AE is údar báis (sa Mheánmhuir go minic) do dhaoine a shantaíonn tearmann san AE. Cíorann Alan Desmond gné na teorann.
»»»Bhain Alan Desmond an-sult as breis is scór go leith scannán a fheiceáil le linn Féile Scannáin na Veinéise. Níl sé ach ina thús agus beidh sé ar ais ann.
»»»Tá Alan Desmond den bharúil go mb’fhéidir go bhfeicfimid roinnt na córach i réimsí na himirce faoi dheireadh má éiríonn le cruinniú áirithe sna Náisiúin Aontaithe an mhí seo chugainn (DF).
»»»Is iomaí bean, roinnt milliún acu, a chaill a cearta i bhfad óna muintir ar shaol leochaileach na himirce, mar a fhuair Alan Desmond amach.
»»»Tugann Alan Desmond léargas i mbeagán focal ar bhunteachtaireacht Harvest of Empire, scannán faisnéise a ríomhann scéalta móra an chos ar bolg.
»»»Léiríonn Alan Desmond san alt seo a dhonacht is a thig le scéal na díbirte a bheith nuair a thugtar cead a gcinn do roinnt de na comhlachtaí príobháideacha atá i mbun na hoibre.
»»»Ríomhann Alan Desmond san alt seo scéal tubaisteach Eric Tabo as an gCamarúin atá fágtha in anchaoi i gceart i Maracó le tamall fada.
»»»Míníonn Alan Desmond go bhfuil Éire cáinte ag an Aontas Eorpach mar gheall ar idirdhealú neamhdhleathach a dhéanamh ar oibrithe a thagann as tíortha lasmuigh den AE.
»»»An mac léinn eachtrannach a íocann táille an-ard le teacht chun na Breataine, maíonn Alan Desmond san alt seo nach mbeidh, is cosúil, fáilte chroíúil roimhe ann feasta.
»»»Léiríonn scéal Ghandi Mallak, as an tSiria, gnéithe den chóras deimhniú eadóirseachta in Éirinn, dar le Alan Desmond, gnéithe ar chóir dúinn a chur ina gceart.
»»»Míníonn Alan Desmond san alt seo gur gnó ollmhór é an gháinneáil daoine gur deacair dul i ngleic leis. Bíonn diachair mhillteanach ag baint leis an gcineál sclábhaíochta seo, faraor.
»»»Cíorann Alan Desmond san alt seo gnéithe de dhlí agus de dhearcadh mhuintir na hÉireann ar ár gcuid Éireannaigh óga úra.
»»»Bhí Alan Desmond ag iniúchadh athruithe in iompar na Stát Aontaithe i leith na nInimirceach, athruithe a bheas tábhachtach do na céadta míle Gael sna Stáit Aontaithe.
»»»Ní in Éirinn amháin a bhí deacrachtaí le hinimirce lasmuigh den dlí agus níor d’aon iarracht amháin a thug siad faoin gceist a réiteach mar a mhíníonn Alan Desmond.
»»»Tugann Alan Desmond cur síos san alt seo ar na deacrachtaí agus na contúirtí atá roimh an inimirceach a thagann go hÉirinn lasmuigh den dlí.
»»»Bhuail Alan Desmond le bean a tháinig anoir as an bPolainn sé bliana ó shin, d’fhoilsigh dhá leabhar Ghaeilge agus a bhfuil foilsitheoir aimsithe cheana féin don tríú leabhar Gaeilge óna méarchlár. Tá sí i mbun obair aistriúchán agus tá a comhlacht féin bunaithe aici. Tá sí tosaithe cheana féin, leis, ar theanga eile a fhoghlaim anois mar go mbeidh sí ag caitheamh an chéad chaibidil eile dá saol le Fraincis i Quebec.
»»»‘déan obair nó lig dó, ... má shaothraíonn an bhean an dollar ann, bíonn an fear amuigh á ól.’ Is iomaí bean sa lá inniu féin nach mbíonn de rogha aici ligean den obair, mar a fuair Alan Desmond amach.
»»»Léiríonn Alan Desmond thíos gur beag beann mhuintir an AE agus mhuintir oileán seo ‘na naomh is na n-ollamh’ ar an duine a thiocfas anall ag obair inár measc sa phost a mbeadh drogall orainn féin tabhairt faoi.
»»»Tharraing sláimíní airgid na n-imirceach a sheoltar abhaile go seasta, aird Alan Desmond. Sláimíní deasa nuair a áirítear le chéile iad. Seoltar suim 8 billiún as an bhFrainc gach aon bhliain.
»»»Chaith Alan Desmond súil ar ghnéithe de dhearcadh an duine ar an inimirce in Éirinn, in Arizona agus i gcoitinne. Chun donachta a chuaigh an scéal in Arizona le déanaí.
»»»Is iomaí cineál mionlaigh ar an saol, ach is tearc mionlach chomh líonmhar leis na Dalit in oirthear domhain. Ní go maith a caitheadh leo leis na cianta cairbreacha. Tá a scéal ag Alan Desmond.
»»»Míníonn Alan Desmond go leor de scéal an mhionlaigh seo, muintir Emberá sa Cholóim. Ar nós mionlach eile go leor ar fud an domhain, níl a saol le maíomh orthu.
»»»Geofair scéal Mhuintir Endorois na Céinia san alt seo le Alan Desmond, scéal na héagóra. D’fhéadfadh Aontas na hAfraice cor chun feabhais a chur ina scéal go fóill.
»»»Ríomhann Alan Desmond scéal anróiteach mionlaigh eile san alt seo, an Rohingya. Is dream iad atá sáinnithe ag drong mhíleata Maenmar a imríonn gach feall is féidir lena ndíothú de dhroim na talún.
»»»Chaith Alan Desmond seal ag iniúchadh scéal an phobail líonmhair iltírigh úd in iarthuaisceart na hAfraice, na hImazighen, nó mar a thugtar go contráilte orthu, na Beirbeirigh.
»»»Tá a fhios againn faoi na Sunnaígh, na Siaigh agus Coirdínigh, ach bhailigh Alan Desmond eolas dúinn ar Mhandaean na hIaráice, mionlach sa tír sin nach gcloistear mórán tráchta orthu.
»»»Is ar mhuintir na seilge agus cnuais sa Chéinia, na hOgiek, a dhírigh Alan Desmond aghaidh a thuairisce san alt seo. Is beag a líon agus ní cosúil go bhfuil oiread tábhachta leo i súile an rialtais is atá lena gcuid tailte foraoise.
»»»Níl fanta beo den phobal Afra-Pharaguach i gCambacuá ach cúpla míle duine a thuairiscíonn Alan Desmond agus níl an saol le maíomh orthu. Is dream daoine iad a chuaigh faoi chuing an anró go minic le bunáite 200 bliain anuas.
»»»Bhuail Alan Desmond isteach i dTeach Laighean d’fhonn agallamh a chur ar an Seanadóir Ivana Bacik. Bean í nár chúlaigh ón chonspóid go luath ina saol agus í, fiú amháin, ag freastal ar an ollscoil ag an am. An bhfuil, nó an mbeidh, an fuinneamh ag fuarú is ag maolú? Conas is féidir cúram teaghlaigh, cúram suí ollaimh le dlí agus cúram an tSeanadóra a fhreastal?
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.