Léiríonn scéal Ghandi Mallak, as an tSiria, gnéithe den chóras deimhniú eadóirseachta in Éirinn, dar le Alan Desmond, gnéithe ar chóir dúinn a chur ina gceart.
I 2002 tháinig Ghandi Mallak, dlíodóir ón tSiria, go hÉirinn in éineacht lena bhean. Chuir an bheirt acu isteach ar stádas dídeanaí, stádas a bronnadh orthu roimh dheireadh na bliana sin. Ag deireadh 2005, d’fhonn stádas níos socra a fháil, rinne an tUasal Mallak iarratas ar dheimhniú eadóirseachta, rud a dhéanfadh saoránach Éireannach de. Scríobh sé litir ghearáin i 2008 chuig an Aire freagrach, an tAire Dlí is Cirt, faoin moill a bhí ag baint leis an iarratas a bhí déanta aige breis is dhá bhliain go leith níos luaithe. Go gairid ina dhiaidh sin, bronnadh deimhniú eadóirseachta ar a bhean, rud a fhágann gur saoránach de chuid na hÉireann anois í.
Easpa Trédhearcachta…
Níor glacadh, áfach, le hiarratas an Uasail Mallak féin. Cuireadh in iúl dó go bhféadfadh sé iarratas nua a dhéanamh dá mba mhaith leis ach níor luadh aon chúis leis as an diúltú a tugadh dó.
Chuaigh Mallak i muinín an dlí chun iallach a chur ar an Aire cúiseanna a lua leis an diúltú eadóirseachta. Mhaígh sé ar an gcéad dul síos nach bhféadfadh sé áitiú éifeachtach a dhéanamh in aghaidh chinneadh an Aire mura raibh na cúiseanna leis an diúltú ar eolas aige. Thairis sin, mhaígh sé nach bhféadfaí iarratas nua a dhéanamh go héifeachtach gan eolas na gcúiseanna. Dá mbeadh amhras nó gearán éigin ag an Aire faoin Uasal Mallak, conas a d’fhéadfadh Mallak an bonn a bhaint ón amhras nó ón ngearán sin in iarratas nua murar cuireadh aon chúis in iúl dó agus a chéad iarratas á dhiúltú?
Níor thaobhaigh an Breitheamh John Cooke san Ard-Chúirt le Mallak, áfach. Is é an tAcht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann 1956 a leagann síos na coinníollacha a ghabhann le deonú saoránachta agus rinne an Breitheamh tagairt don chuid den Acht a deir gur “dá rogha féin amháin” a bhronnfaidh an tAire deimhniú eadóirseachta ar iarratasóirí. Dar leis an mBreitheamh Cooke gur fhág an abairt “dá rogha féin amháin” nach raibh aon dualgas ar an Aire cúiseanna a lua le diúltú iarratas ar shaoránacht. Ní hé seo an t-aon Bhreitheamh Ard-Chúirte amháin a bhfuil an chiall sin bainte aige as an Acht Náisiúntachta agus Saoránachta, faraor.
… Agus Fadhbanna Eile
Ní léiríonn cás an Uasail Mallak ach fadhb amháin a bhaineann leis an bpróiseas deonú saoránachta in Éirinn. Ós rud é go bhfuil na céadta míle imirceach tar éis cur fúthu sa tír seo ó na nóchaidí ar aghaidh, tá méadú tagtha ar líon na ndaoine a dteastaíonn uathu bheith ina saoránaigh Éireannacha, stádas a mbainfí tairbhí éagsúla as. Is mó constaic ar an mbóthar rompu, áfach, mar a léiríonn tuairisc a d’eisigh an Chomhairle um Inimircigh na hÉireann anuraidh.
In Living in Limbo: Migrants’ Experiences of Applying for Naturalisation in Ireland, ar na lochtanna a fhaightear ar an bpróiseas iarratais ar shaoránacht in Éirinn luaitear táillí arda, tréimhsí fada feithimh agus caighdeán íseal seirbhíse do chustaiméirí. Thairis sin, i gcásanna ina dtugtar cúiseanna as diúltú iarratais, is minic a bhíonn iarracht den mhífhéaráilteacht ag baint leis na cúiseanna sin.
Ar na coinníollacha atá le comhlíonadh ag iarratasóir sula mbronnfaidh an tAire deimhniú eadóirseachta air, caithfear taispeáint gur duine measúil é. Ach cad is brí leis an gcoinníoll seo go díreach? I gcás amháin, mar shampla, chuir an tAire cionta mótarthráchta bheirt mhac fhásta an iarratasóra san áireamh agus cinneadh á dhéanamh aige nár dhuine measúil an t-iarratasóir. Cúiseanna eile atá luaite ag an Aire as diúltú iarratais ná úsáid a bheith bainte ag iarratasóir as an gcóras leasa shóisialaigh agus aird na nGardaí a bheith tarraingthe ag iarratasóir air féin, ach gan aon choir a bheith curtha ina leith.
Sa réamhrá a scríobh an tSiúr Stanislaus Kennedy leis an tuairisc deir sí go dtugann tíortha eile uchtach d’inimircigh saoránacht a lorg le gur fearr a roinnfidh na saoránaigh nua luachanna na dtíortha sin. Ach dar léi go bhféadfaí féachaint ar Éirinn mar thír a bhaineann úsáid as an bpróiseas eadóirseachta chun cosc a chur ar dhaoine saoránacht a bhaint amach. Is í tuairim na mná rialta seo ná go léiríonn seo nach bhfuil glactha againn go fóill leis gur sochaí éagsúil í sochaí na hÉireann anois agus gur gné bhuan di an éagsúlacht sin.
Léaró Dóchais?
Tá seans go bhfuil feabhas ag teacht, diaidh ar ndiaidh, ar an scéal. Rinne Ghandi Mallak achomharc ó bhreithiúnas na hArd-Chúirte agus ghlac an Chúirt Uachtarach le hargóintí an tSiriaigh ag tús mhí na Nollag. Dar leis an gCúirt go bhfuil ceart ag daoine a dtéann cinntí riaracháin i gcion orthu eolas bheith acu ar na cúiseanna leis na cinntí sin. Dúirt an Breitheamh Nial Fennelly go mbeadh sé neamhghnách ag an bpointe seo go ligfí do chinneadóir gan cinneadh dá chuid a mhíniú.
Ní réitíonn an breithiúnas na fadhbanna eile a thréithríonn próiseas na headóirseachta in Éirinn, ná an easpa trédhearcachta is cuntasachta a thréithríonn roinnt mhaith den chóras inimirce is saoránachta in Éirinn. Ní chiallaíonn sé ach oiread go mbeidh ar an Aire saoránacht a bhronnadh ar Mallak féin. Ach beidh air an t-iarratas ar shaoránacht a athbhreithniú agus cúiseanna a sholáthar sa chás nach nglacfar leis an athuair.
Is trua, leis, go raibh ar Mallak cás fada costasach a bhrú trí na cúirteanna chun bua a fháil. Ach is cinnte gur bua tábhachtach atá bainte amach ag an dídeanaí ón tSiria, ní hamháin dó féin, ach do gach inimirceach a mbeidh iarratas ar shaoránacht Éireannach á dhéanamh aige as seo amach. Ba chóir dúinn caitheamh níos fearr le hÉireannaigh ionchasacha, is cuma mar ar tháinig siad chun an tsaoil ar an gcéad dul síos.