Bhuail Alan Desmond isteach i dTeach Laighean d’fhonn agallamh a chur ar an Seanadóir Ivana Bacik. Bean í nár chúlaigh ón chonspóid go luath ina saol agus í, fiú amháin, ag freastal ar an ollscoil ag an am. An bhfuil, nó an mbeidh, an fuinneamh ag fuarú is ag maolú? Conas is féidir cúram teaghlaigh, cúram suí ollaimh le dlí agus cúram an tSeanadóra a fhreastal?
Bhuail mé le hIvana Bacik i dTeach Laighean ar Shráid Chill Dara le déanaí, áit a bhfuil sí ina Seanadóir neamhspleách ag Ollscoil Bhaile Átha Cliath ó 2007. Cé gur lú i bhfad líon na ndaoine a bhíonn timpeall an Oireachtais le linn sos an tsamhraidh, ba dheacair teacht ar áit chiúin go leor leis an agallamh a thaifeadadh gan an iomarca torainn a bheith sa chúlra orainn.
Toisc gur i bhfad róthormánach istigh ina hoifig féin a bhí sé mar gheall ar obair foirgníochta, chuamar isteach i mbialann Theach Laighean 2000. Agus cupán caife an duine againn, buailimid fúinn ar chathaoireacha sócúla, ach is gearr go gcaithfimid crochadh linn arís as an áit mar gheall ar ghlór is ghlisiam na gcustaiméirí. Amach linn mar sin sa ghairdín inár mbeirt Ríordánach ar chúl an Tí agus tagaimid faoi dheireadh ar áit chiúin ar chéimeanna stroighne lasmuigh den tslí Dála.
Ceist Phearsanta
Tosaím le ceist an-phearsanta, róphearsanta, b’fhéidir, mar gheall ar thuismitheoirí Ivana atá scartha lena chéile. Fiafraím di ar tharla an scaradh agus í fós óg ach ní ceist í a mheallann freagra. “Rinneadh tagairt d’idirscaradh mo thuismitheoirí i bpróifíl a scríobhadh ar an Irish Times i 2005 gan aon eolas a iarraidh orm féin. Ach ní labhraím go poiblí faoin ngné seo de shaol mo thuismitheoirí agus abraimis nach róshásta a bhí mé go ndearnadh trácht air sa phróifíl sin.” Níl aon rud athruithe ó 2005. Níl sí sásta labhairt go poiblí ar an ábhar fós. “Níl sé cothrom. Baineann sé le daoine eile.” Luaim léi nach foláir nó go ndeachaigh sé i bhfeidhm uirthi féin chomh maith ach tá sí tiomanta an cheist a sheachaint. “Níl labhartha agam go poiblí faoi sin. Fágfaimid mar sin é, mura miste leat.”
Saol Broidiúil
Tá slí bheatha ceathrair nó cúigir curtha isteach cheana féin ag Ivana, a rugadh i 1968. Is abhcóide cleachtais í, léachtóir i gColáiste na Tríonóide, Seanadóir agus is beag seachtain a rachas thart gan í a bheith ar an raidió nó an teilifís, nó alt dá cuid ar na nuachtáin. Chomh maith leis sin, tá páirtí aici agus beirt iníonacha óga orthu. Nach bhfuil sé deacair saol teaghlaigh a chur in oiriúint don iliomad cúraim eile atá uirthi? “Bhuel,” a deir sí agus gáire ard croíúil á dhéanamh aici, “is amhlaidh go raibh an bhliain seo a d’imigh thart i bhfad róbhroidiúil agus ag deireadh Mheán Fómhair beidh mé ag éirí as an bpost i gColáiste na Tríonóide...”
Ach sula n-éiríonn le hIvana an abairt a chríochnú, tagann an fear garraí ionsorainn is cuireann in iúl go mbeidh an lomaire faiche á úsáid aige. Bogaimid linn mar sin go ceann de na binsí atá ar ardán íseal os comhair Theach Laighean, áit a gcuirtear agallamh teilifíse ar pholaiteoirí minic go leor, agus leanann Ivana uirthi ag caint faoina saol cruógach.
“Mar a bhí á rá agam, táim chun saoire gan phá a thógáil – tá sos gairme á mholadh acu san earnáil phoiblí faoi láthair agus is maith an chiall dom é sin a dhéanamh anois fad is atá na cailíní óg agus suíochán agam sa Seanad. D’fhéadfainn suas le trí bliana a fháil ach feicfidh mé conas mar a bheidh cúrsaí i ndiaidh na chéad bhliana.”
Is é an post ollscoile atá ag Ivana ó 1996 ná Ollúnacht Reid sa Dlí Coiriúil, Coireolaíocht agus Pionóseolaíocht ach tá sé éagsúil le gnáthphost acadúil. “Ba dhaonchara é James Reid a mhaoinigh an post a ainmníodh as agus bhí sé mar choinníoll aige nach amháin go ndéanfadh an sealbhóir oifige obair acadúil i ngort an dlí choiriúil, ach go mbeadh sé nó sí ag cleachtadh sa ghort sin chomh maith. Beidh mé in ann níos lú ama a thabhairt ar chúrsaí cleachtais mar sin nuair a thógfaidh mé an sos gairme.”
Muintir Mhaith
Rud amháin a chuireann ar chumas Ivana saol gníomhach gairimiúil agus saol teaghlaigh a bheith aici ná muintir thuisceanach chabhrach. “Tá páirtí agam a thugann an-tacaíocht go deo dom agus oireann a chuid uaireanta oibre do na huaireanta oibre atá agam féin. Chomh maith leis sin, tá teaghlach mór sínte againn araon i mBaile Átha Cliath. Is iad an bheirt chailíní an t-aon gharchlann amháin atá ag an dá theaghlach. Tá an t-ádh linn mar sin mar bíonn an tacaíocht sin ag teastáil go géar.”
Saol na Polaitíochta
Is léir gur bean í Ivana atá thar a bheith cumasach is lán de bhrí, ach ar tháinig iarracht den aiféala uirthi riamh nár dhírigh sí a cuid fuinnimh go léir ar an aon réimse amháin a bhféadfadh sí a rian a fhágáil air? “Tá dlúthbhaint ag na réimsí go léir lena chéile – an cleachtas, an obair acadúil agus an pholaitíocht, ní bhraithim go bhfuil mo chuid fuinnimh á scaipeadh go róleathan agam.”
Is fíor, áfach, nach go tapa a ghlac toghthóirí le hIvana mar pholaiteoir. I dtoghcháin na bliana 1997 níor éirigh léi suíochán a fháil sa Seanad mar iarrthóir neamhspleách i dtoghcheantar Ollscoil Bhaile Átha Cliath. An toradh céanna a bhí ar an iarracht chéanna i 2002. Ní raibh an t-ádh léi mar iarrthóir de chuid Pháirtí an Lucht Oibre ar shuíochán sa Pharlaimint Eorpach i 2004. San fhothoghchán i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Lárnach i mí an Mheithimh níor toghadh chun na Dála í agus í curtha ar aghaidh mar iarrthóir ag Páirtí an Lucht Oibre ar an suíochán a d’fhág Tony Gregory ina dhiaidh nuair a fuair sé bás mí Eanáir. Is é an t-aon bhua toghcháin a bhí aici go dtí seo ná an suíochán atá aici sa Seanad ó 2007. (http://wapedia.mobi/ga/Tony_Gregory)
An Aigne Choiteann
Mura léiríonn na díomuanna seo go léir go bhfuil an dá iarann déag sa teallach aici, b’fhéidir go léiríonn sé nach bhfuil tuiscint aici ar aigne an phobail? Is fianaise breise leis an easpa tuisceana sin an taobh a ghlac sí san fheachtas reifrinn i 2004 mar gheall ar shaoránacht. Ó 1922 ar aghaidh bronnadh saoránacht na hÉireann ar gach duine a rugadh sa Stát ach i 2004 chuir rialtas Bertie Ahern leasú bunreachtúil faoi bhráid an phobail a d’athródh cúrsaí sa mhéid is nach mbeadh ceart ag leanaí a shaolófaí in Éirinn chun saoránachta ach amháin ar choinníoll go mbeadh duine dá dtuismitheoirí ina shaoránach sa stát. Bhí sé seo dírithe, ar ndóigh, ar inimircigh a bhí ag teacht go hÉirinn agus leanaí á mbreith dóibh. Dar leis an rialtas gur mar gheall ar na dlíthe saoránachta féin a bhí roinnt mhaith ban torrach ag triall ar Éirinn. Labhair Ivana amach go láidir i gcoinne an leasaithe. Vótáil 80% ar a shon.
“Níl an ceart agat nach bhfuil tuiscint agam ar aigne an phobail. Measaim go bhfuil sé tábhachtach a bheith i do pholaiteoir prionsabail; sin é an cineál polaiteora a raibh meas agam uirthi/air riamh anall. Is cuid d’obair an ionadaí phoiblí rudaí a áiteamh ar dhaoine agus mura n-éiríonn leat, caithfidh tú glacadh leis sin. Sin é an daonlathas. Ach tá sé tábhachtach seasamh le do chreideamh is le do thuairimí féin. Is fíor nár toghadh chun an tSeanaid mé go dtí an tríú hiarracht, ach is cuimhin liom go ndúirt David Norris liom, go cineálta, nár éirigh leis féin ach ar an gceathrú nó an cúigiú hiarracht. Táim sásta leis an méid atá bainte amach agam ó thaobh na dtoghchán de.”
Fiafraím d’Ivana nach amhlaidh gur ionadh é nach bhfuil níos mó bainte amach aici ós rud é go mbíonn sí chomh minic sin le feiceáil is le cloisteáil ar na meáin, ach níl sí ar aon tuairim liom. “Ní bheadh aon dul amú orm ar an bpointe sin, níl oiread sin aithne orm dáiríre. Tá tráchtairí eile atá i bhfad níos feiceálaí agus táim tar éis tarraingt siar rud beag as na meáin ó tháinig na leanaí. Pé scéal é, ní chiallaíonn próifíl mhór ar na meáin go dtoghfar thú. Chuaigh de Mary Robinson suíochán Dála a bhuachan, gan ach sampla amháin a thabhairt.”
An Chéad Uachtarán Eile
Ní annamh a luaitear Ivana in aon abairt le Mary Robinson agus Mary McAleese. Bhí an bheirt Mháire ina nOllúna Reid i gColáiste na Tríonóide agus, ar ndóigh, bhaineadar beirt araon oifig Uachtarán na hÉireann amach. Is minic a dhéantar trácht ar Ivana féin mar ábhar uachtaráin, ach ní spéis léi an post, dar léi. “Is cuma cad a scríobhfaidh Phoenix Magazine, ní ceann de mo chuid uaillmhianta é. Níor mhaith liom a bheith im’ Uachtarán.”
Ach cad a déarfadh sí dá dtiocfadh Eamon Gilmore féin anuas ar a dhá ghlúin ag achainí uirthi glacadh le hainmniúchán Pháirtí an Lucht Oibre mar iarrthóir? “Déarfainn nach bhfuil suim agam ann. [Eag. Modh Coinníollach aici ansin] Agus chun an fhírinne a rá, ní dóigh liom go n-iarrfaí orm seasamh. Tá daoine i bhfad níos oiriúnaí le roghnú.”
Cé hé mar sin a bheidh mar chéad uachtarán eile, dar léi? “Tá súil agam gurb é pé duine a bheidh ainmnithe ag Páirtí an Lucht Oibre,” a deir sí agus gáire á dhéanamh. “Ach tá súil agam gur duine é a mbeidh stádas is clú maith air.” An do Bhertie Ahern atá sí ag tagairt? “Ní hé.
Ainm amháin atá i m’aigne ná Michael D. Higgins. Measaim gur uachtarán den chéad scoth a bheadh ann, is duine é a bhfuil an méid sin taithí aige, tá a ainm in airde agus tá gnaoi na ndaoine air. Measaim gur uachtarán an-mhaith í Mary McAleese, tá aithne bhlasta agam uirthi. Bhí sí mar theagascóir agam agus mé ar an ollscoil, ach is mór an trua nach ndeachaigh Michael D. sa rás i 2004 agus ba mhaith liom é a fheiceáil mar iarrthóir i 2011.”
Is fíor go bhfuil an t-eiteach tugtha ag Ivana cheana féin don Pháirtí. “Dhiúltaigh mé seasamh mar iarrthóir sna toghcháin Eorpacha i mbliana.” Ach bunoscionn leis an eiteach sin, ghlac sí le hainmniúchán an Pháirtí dul sa rás ar shuíochán Tony Gregory san fhothoghchán i mBaile Átha Cliath Lárnach. Ba ar son an phrionsabail a rinne sí é sin, áfach.
Mná Polaitíochta
Tá rannpháirtíocht agus ionadaíocht na mban sa chóras polaitíochta ar cheann den iliomad ábhar a mbíonn Ivana ag plé leo agus is é an dearcadh atá aici ar an ábhar seo is cúis leis an gcinneadh a thóg sí dul san iomaíocht i mí an Mheithimh. “Tá sé deacair do mhná ainmniúchán a fháil ó na páirtithte polaitíochta mar iarrthóirí Dála. Níor fhéad mé gan glacadh leis an ainmniúchán mar sin, go háirithe ós rud é gur thuig mé gur feachtas gearr a bheadh ann nach gcuirfeadh isteach rómhór ar an saol teaghlaigh.”
Is é an éacht is mó atá déanta ag Ivana agus í ina Seanadóir, dar léi féin, ná ócáid a eagrú chun páirteachas ban i gcúrsaí polaitíochta a chomóradh. “Thoiligh John O Donoghue, an Ceann Comhairle, seomra na Dála a oscailt lá amháin i mí na Nollag anuraidh agus thug mé cuireadh do gach iarbhall den Oireachtas a bhí ina bean agus fós beo filleadh ar Theach Laighean in éineacht le gach bean a bhfuil suíochán Oireachtais aici faoi láthair. Thaispeáin sé sin an chuma a bheadh ar an Dáil dá mba mhná iad leath na dteachtaithe – tógadh grianghraif, ar ndóigh, agus is íomhá an-chumhachtach é an méid sin ban a fheiceáil sa Dáil. “Mná Oireachtais 1918 – 2008” ba theideal don ócáid, ba é 1918 an chéad uair a bhí ceart ag mná vóta a chaitheamh agus ba ansin a toghadh an Chuntaois Markiewicz, an chéad bhean a toghadh ina TD nó ina Fheisire.”
Tá Ivana an-bhródúil as an toradh a bhí ar lá na mban. “Táthar chun rud éigin mar gheall ar an ócáid a chur ar shiollabas an chúrsa Oideachas Saoránaíoch Sóisialta Polaitiúil. Chomh maith leis sin, táim i mo bhall den Chomhchoiste um Dhlí agus Ceart agus mar thoradh ar an ócáid i mí na Nollag, tá an Comhchoiste chun Fochoiste um Rannpháirtíocht na mBan sa Pholaitíocht a chur ar bun agus ullmhóidh an Fochoiste sin plean gníomhaíochta.”
Is gá a leithéid de phlean, dar le hIvana, toisc gur scannalach ráta na mban in Éirinn atá gníomhach sa chóras polaitíochta. “Níl ach 13% de Theachtaí Dála ina mná. Ciallaíonn sé sin go bhfuil Éire sa 87ú háit ar domhan ó thaobh ráta na mban sa pharlaimint de. Tá formhór de thíortha na hEorpa chun tosaigh orainn. Tá an scéal sa Bhreatain i bhfad níos fearr mar roimh thoghchán 1997, thug Páirtí an Lucht Oibre dúnghaois ghníomhaíochta dhearfach isteach agus tá aithris á déanamh ar an dúnghaois sin ag ceannaire na gCoimeádach, David Cameron, anois.”
Ach cén fáth a bhfuil an scéal chomh olc sin in Éirinn an lae inniu agus an t-oideachas, neamhspleáchas is na deiseanna céanna ag na mná is a bhíonn ag na fir? “Is feiniméan cultúrtha é ar shlí amháin. Sa lucht dlí, gur i gcás, tá níos mó cailíní ná buachaillí ag gabháil do chúrsaí dlí ach tosaíonn na mná ag éirí as nuair a shroicheann siad na lárthriochaidí agus leanaí á mbreith dóibh. Bíonn ról ag fir i mbreith leanaí chomh maith, ar ndóigh, ach ní théann sé i bhfeidhm ar shlí bheatha an fhir a oiread sin. I gcúrsaí polaitíochta is gnách nach dtoghtar daoine go dtí go mbíonn breis is tríocha bliain acu, agus is ag an bpointe sin a chuirfidh an bhean tús lena saol mar mháthair. Tá sé fíordheacair leanaí a thógáil agus san am céanna a bheith ag plé leis an dlí, nó an pholaitíocht, nó le haon phost a mbíonn uaireanta fada ag baint leis. Ach anuas air sin, níor thug aon pháirtí polaitíochta in Éirinn faoi chlár ghníomhaíochta dearfach i ndáiríre. Is é Páirtí an Lucht Oibre an páirtí is fearr ó thaobh na gníomhaíochta dearfaí de, agus tá céatadán na mban atá ina n-ionadaithe poiblí de chuid an Pháirtí níos airde ná i bpáirtithe eile, ach níl an céatadán sin sásúil go fóill.”
An Ghaeilge, ar ceal
Cé gur as Béarla atá suíomh idirlín Ivana, tá cúpla abairt Ghaeilge ar an leathanach tosaigh a chuireann in iúl go bhfuil “beagáinín Gaeilge agam, ach táim ag obair air!” Arbh fhíor a rá nach bhfuil sna habairtí sin ach béalghrá? “Bhíodh fáinne airgid agam nuair a bhí mé ar an mbunscoil in iarthar Chorcaí. Tá meath mór tagtha ar mo chuid Gaeilge, áfach, agus ní fhéadfainn a mhaíomh gur cainteoir maith mé a thuilleadh.”
Ach nach gceapann sí go mba chóir di a bheith ina cainteoir maith ós rud é gur ionadaí poiblí í in oifig a bunaíodh ar bhonn Bhunreacht na hÉireann, doiciméad a leagann amach gurb í an Ghaeilge príomhtheanga oifigiúil an Stáit. “Ba mhaith Gaeilge níos fearr a bheith agam. Reáchtálann siad ranganna teanga anseo san Oireachtas do na baill ar suim leo feabhas a chur a gcuid Gaeilge agus tá sé ar intinn agam freastal ar na ranganna sin nuair a bheidh na leanaí níos sine.”
Maidir leis na moltaí a rinneadh i dTuarascáil Mhic Cárthaigh i leith (nó, i gcoinne) na Gaeilge, feictear d’Ivana go bhfuil ciall ag baint le roinnt díobh. “Is deacair seasamh air go n-aistreofaí gach foilseachán oifigiúil go Gaeilge mura bhfuil éileamh air, go háirithe agus gearrthaí siar á ndéanamh i ngach réimse eile. B’fhearr na rudaí a bhfuil ráchairt orthu a aistriú. Is ar bhonn na fianaise is cóir cinneadh a dhéanamh.”
Am Saor
Is iomaí glao ar Ivana, gan aon agó, ach mar sin féin bíonn am aici a scíth a ligean chomh maith. “Tá saol sóisialta an-ghníomhach agam. Tá a lán cairde agam nach bhfuil bainteach le cúrsaí polaitíochta ach le cúrsaí ceoil agus ealaíne. Bhíodh cónaí orm in aon árasán le duine a rith clubanna oíche cáiliúla sa Redbox anseo i mBaile Átha Cliath sna nóchaidí ar a dtugtaí ‘Powder Bubble.’ Tá an duine céanna bainteach le Alternative Miss Ireland atá fós i mbarr a réime. Bím ag dul amach go minic mar sin, cé nach chomh minic sin a théim go dtí na clubanna oíche a thuilleadh!” (http://www.irishtimes.com/indepth/slideshows/alternative-miss-ireland/)Dá mbeadh gach duine dár bpolaiteoirí leath chomh éirimiúil fuinniúil is atá Ivana, b’fhearrde sinn go léir é, idir shaoránach is inimirceach.