AR NA SAOLTA SEO
Féile Scannáin na Veinéise
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

Bhain Alan Desmond an-sult as breis is scór go leith scannán a fheiceáil le linn Féile Scannáin na Veinéise. Níl sé ach ina thús agus beidh sé ar ais ann.

Íomhá
Claudia Cardinale
(le RR Auctions ar Vicipéid)
Íomhá
Fonda
(leis an LATimes.com ar Vicipéid)
Íomhá
Scarlett Johansson Féile Scannáin na Veinéise
(© Silvia Bahl)
Íomhá
Daniel Radcliffe, Féile Scannáin na Veinéise
(© Silvia Bahl)
Íomhá
George Clooney Féile Scannáin na Veinéise
(© Silvia Bahl)

Níor luaithe na chéad teidil chreidiúna le feiceáil ar an scáileán nuair a thosaigh leath den lucht féachana ag ligean fuaimeanna arda míshásaimh astu a bhí le cloisteáil in ainneoin an bualadh bos a bhí á thabhairt ag an leath eile den slua a bhí bailithe le chéile i Sala Grande i bPálás an Chineama ar Lido na Veinéise. Ba i gcomhair premiere idirnáisiúnta Under the Skin, an chéad scannán le beagnach deich mbliana ón stiúrthóir Jonathan Glazer, a bhí an lucht féachana seo tagtha le chéile. B’fhéidir gur bhraith lucht cáinte an scannáin go raibh sé de cheart acu a dtuairim dhiúltach ar shaothar Glazer a chur in iúl go soiléir in ard a nguthanna agus €45 íoctha acu as an ticéad iontrála.

Ach má ghoill an torann cáinteach ar Scarlett Johansson, príomhaisteoir an scannáin, ní raibh sé le haithint uirthi. Ní dhearna sí ach a ceann a chromadh mar chomhartha buíochais leis an lucht féachana sular treoraíodh amach as an bpictiúrlann í chun na ngluaisteán le fuinneoga dorchaithe a bhí ag feitheamh léi is lena comhthionól den mheitheal aisteoirí a bhí in éineacht léi.

Díreach mar a rinne na scórtha aisteoirí is stiúrthóirí eile le linn 70ú Féile Scannán na Veinéise, a bhí ar siúl ó 28 Lúnasa go 7 Meán Fómhair, shiúil Johansson suas síos ar an mbrat urláir dearg lasmuigh de Phálás an Chineama roimh thaispeáint Under the Skin. Scríob sí a síniú ar phíosaí páipéir a bhí á sá ina treo ag na céadta a bhí cruinnithe ag na bacainní ísle a bhí curtha suas os comhair Phálás an Chineama, foirgneamh mór leathan a fhéachann amach ar an Muir Aidriad. Rud a tharraing aird faoi leith an domhain agus Johansson ar an gcairpéad dearg an babhta seoan fáinne gealltanais ar a méar aici. Ba é seo an chéad uair di é a chaitheamh go poiblí.

Scannáin mhóra, scannáin bheaga is scannáin fhaisnéise

Níorbh iad scannáin mhóra nua, piardaí móra agus a bhfáinní móra amháin a bhí le feiceáil le linn na féile seo, áfach. Chomh maith le míle suíochán an Sala Grande i bPálás an Chineama agus an 1700 suíochán a líonadh lá i ndiaidh lae i Pala Biennale, foirgneamh a tógadh go sonraíoch i gcomhair na féile, bhí hallaí féachana eile a bhí níos lú is níos teolaí inar taispeánadh scannáin gan na réaltaí móra, nó gan réaltaí móra na linne seo pé scéal é.

I dteannta Sala Grande i bPálás an Chineama tá Sala Pasinetti thíos staighre in íoslach beag. Is ar éigean atá slí suí do cheithre scór sa seoimrín seo, ach ba anseo a bhí seoda beaga gleoite le fáil don té ar spéis leis an ealaín a dhéantar ar bheagán airgid gan mórán cainte. Ba léir, áfach, nach maith le gach duine an saghas seo scannánaíochta ón méid daoine a shiúil amach as an scannán impriseanaíoch Cambódach-Astrálach Ruin, scéal léanmhar grá inar ghlac daoine nach aisteoirí iad na príomhróil.

I Sala Vopli bhí spléachadh le fáil ar bheagnach 30 seanscannán a bhfuil athchóiriú déanta ar na priontaí. Tuigim anois gur beag rud is fearr is féidir a dhéanamh go luath maidin Domhnaigh ná féachaint ar Henry Fonda is Victor Mature mar Wyatt Earp is Doc Holliday i sárshaothar John Ford My Darling Clementine (1946). Chonaic mé Vaghe Stelle dell’Orsa de chuid Luchino Visconti tráthnóna Luain, ach is dócha gur beag lá den tseachtain ná tréimhse den lá nach bhfuil oiriúnach don scannán atmaisféarach seo atá ar maos le meafair dhorcha is le gnaoi neamhdhomhanda Claudia Cardinale.

Seachas fáinne gealltanais Scarlett Johansson ba é ba mhó a tharraing aird le linn na féile ná an scannán ar ar bronnadh an Leon Óir, príomhdhuais na féile. Déanann Sacro GRA cur síos ar shaol daoine éagsúla a chónaíonn nó a oibríonn faoi scáth an Grande Raccordo Anulare, an cuarbhóthar a ritheann mar chiorcal timpeall na Róimhe. Ba é a mhúscail suim thar an ngnáth i mbronnadh an Leon Óir ar an saothar seo ná gurbh é an chéad uair riamh a bhuaigh scannán faisnéise an phríomhdhuais.

Lido na Veinéise

Neamh ar thalamh í an Fhéile seo don té atá craiceáilte faoi na scannáin, gan aon dabht. Ach ní hiad na scannánghealta amháin a thairbhíonn den Fhéile. Déanann bunadh na háite go maith as an imeacht bliantúil. Ligtear seomraí is arasáin ar cíos ar phraghsanna seafóideacha agus déantar brabús maith as rothair a chur ar fáil do lucht freastail na Féile ar an oileán a dtugtar Lido air.

Oileán caol fada é an Lido a thugann foscadh do Mhurlach na Veinéise ón Muir Aidriad is nach bhfuil ach turas báid 5 nóiméad ó phríomhoileán na Veinéise. Agus na laethanta fós brothallach te sa Veinéis ag tús Mheán Fómhair ní i hallaí féachana dorcha amháin a fhanann cuairteoirí ar an bhFéile Scannáin. Bíonn na sluaite le feiceáil i rith an lae ag siúl suas síos sráideanna cúnga an Lido, cóin gelato ina nglaic acu, boladh uachtar gréine uathu agus iad ag triall ar an trá nó ar cheann den iliomad bialanna atá daite timpeall an oileáin.

Ba ar na scannáin amháin a bhí mé féin dírithe, áfach, agus le linn choicís na féile d’éirigh liom 32 as breis is céad saothar a fheiceáil. Curiarracht ar féidir bheith sásta leis, ach ceann a bheidh mé ag iarraidh a shárú an bhliain seo chugainn!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.