AR NA SAOLTA SEO
Conradh d’Oibrithe Imirce
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

Léiríonn Alan Desmond thíos gur beag beann mhuintir an AE agus mhuintir oileán seo ‘na naomh is na n-ollamh’ ar an duine a thiocfas anall ag obair inár measc sa phost a mbeadh drogall orainn féin tabhairt faoi.

Tá an imirce idirnáisiúnta ar cheann de na gnéithe is suntasaí den domhandú. Áirítear go bhfuil tuairim is 200 milliún duine ag cur fúthu i dtíortha nach a dtíortha dúchais iad sa lá atá inniu ann agus is féidir talamh slán a dhéanamh de gur beag tír ar dhroim an domhain nach bhfuil an imirce seo dulta i gcion air. Is tír bhunaidh, tír idirthurais, nó tír cheann scríbe é beagnach gach tír agus is iomaí tír a bhfuil trí ghné na himirce ar siúl ann.

Níl ríomh ar an mbuntáiste a bhaintear as an imirce seo, ar ndóigh. Tá leas sóisialta is geilleagair thíortha bunaidh is cheann scríbe á chur chun cinn ag an imirce le fada an lá. Bíonn scileanna oibrithe iasachta ag teastáil ó stáit shaibhre is dhaibhre ar na saolta seo. Ligeann imircigh do mhórán tíortha riachtanais an mhargadh fostaíochta a shásamh agus an daonra dúchais ag dul anonn in aois nó scileanna nua ag teastáil mar gheall ar dhul chun cinn teicneolaíochta, nó mar gheall ar athruithe eile i ndálaí an mhargaidh. Is minic, leis, a dhéanann imircigh an obair nach ndéanfaidh an pobal dúchais, an obair 3-D mar a thugtar air sa Bhéarla: salach, contúirteach is táireach.

Daoine seachas Earraí

Ach ní oibrí gach imirceach. As an 200 milliún atá timpeall na cruinne, meastar gur oibrithe iad 90 milliún díobh, rud a fhágann go bhfuil suas le 110 milliún nach bhfuil ag obair. Leanaí is cleithiúnaithe aosta iad a bhformhór seo gan amhras.

Léiríonn líon seo na n-imirceach idirnáisiúnta nach n-oibríonn gur daoine daonna iad imircigh thar aon rud eile. Bíodh is gur minice a dhéantar iad a phlé mar chuid riachtanach nó neamhriachtanach den mhargadh, is daoine iad inimircigh a bhfuil cearta daonna acu agus ba chóir na cearta sin a chosaint.

Is amhlaidh, áfach, nach gcosnaítear na cearta sin mar ba chóir. Ós rud é go mbíonn na himircigh seo lasmuigh dá stáit féin, bíonn siad níos mó i mbaol na drochíde is an dúshaothraithe. Níl an reachtaíocht ná na struchtúir oiriúnacha ag roinnt mhaith tíortha ceann scríbe chun coinníollacha maithe oibre is cosaint na gceart a chinntiú d’imircigh. Is minic a fhéachtar ar oibrithe imirceacha mar fhoinse saothair atá saor is solúbtha. Ní foláir nó go bhfuil scéalta cloiste ag gach Éireannach faoi inimircigh a oibríonn i mbialanna, abair, nó sa tionscal tógála ar thuarastal nach nglacfadh Éireannach leis.

iarrachtaí éagsúla ar siúl, áfach, chun dínit is cearta imirceach idirnáisiúnta a chumhdach. Ar 18 Mí na Nollag 1990, mar shampla, ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe leis an gConradh Idirnáisiúnta um Chosaint Chearta Oibrithe Imirce Uilig agus Bhaill a dTeaghlach.

Conradh na nOibrithe Imirce

Is é atá sa Chonradh seo ná creatlach leathan a thugann treoir do stáit chun cearta imirceach a urramú le linn do bheartais imirce a bheith á bhforbairt is á gcur i bhfeidhm. Leagann an Conradh síos íoschaighdeáin chosanta maidir le cearta sibhialta, geilleagair, polaitiúla, sóisialta is cultúir agus moltar do stáit a gcuid reachtaíochta féin a chur in oiriúint do na caighdeáin sin. I mbeagán focal, aithníonn an Conradh nach tráchtearraí indiúscartha iad imircigh ach daoine daonna a bhfuil cearta acu is a bhfuil soghontacht faoi leith ag baint leo toisc iad bheith lasmuigh dá stáit dhúchais. De réir an Chonartha, cuirim i gcás, chaithfí cóireáil leighis éigeandála a chur ar fáil d’imircigh bonn ar aon le saoránaigh agus bheadh ceart chun oideachais ag leanaí na n-oibrithe Imirce gan aird ar stádas dlíthiúil.

Is conradh fada uileghabhálach é Conradh na nOibrithe Imirce a chuimsíonn gach gné de phróiseas na himirce ó chúrsaí ullmhúcháin, earcaíochta is imeachta sa tír bhunaidh go cúrsaí fostaíochta sa tír cheann scríbe agus ath-lánpháirtiú sa tír bhunaidh sa chás go bhfillfí abhaile. Tá roinnt mhaith dá bhfuil le fáil ann ráite cheana i gconarthaí idirnáisiúnta eile a bhaineann le cearta an duine, ach chomh maith leis sin pléann an conradh seo le cúrsaí comhoibrithe idir stáit maidir le malartú eolais, ceist na himirce neamhrialta agus smuigleáil is gáinneáil i ndaoine. Tháinig an Conradh i bhfeidhm i 2003 i ndiaidh do 20 stát é a dhaingniú. Bíonn ar gach stát conarthach tuairiscí rialta a chur faoi bhráid an Choiste Mhonatóireachta ag tabhairt cuntais ar na hiarrachtaí a rinneadh chun forálacha an Chonartha a chur i bhfeidhm. Bíonn seans ag eagraíochtaí neamhrialtais a dtuairimí féin faoi thuairisc an stáit a nochtadh chuig an gCoiste, leis, agus i ndiaidh scrúdú na dtuairiscí, eisíonn an Coiste conclúidí agus moltaí a dhíríonn aird ar bhuanna is ar theipeanna an stáit chonarthaigh maidir le cur i bhfeidhm an Chonartha. Tá 22 stát eile i ndiaidh Conradh na nOibrithe Imirce a dhaingniú ó 2003 i leith, rud a fhágann go bhfuil 42 stát conarthach i láthair na huaire. Ach níl oiread is ceann amháin de bhallstáit an Aontais Eorpaigh ina measc.

Béalchrábhadh Eorpach?

Cé gur nós le muintir na hEorpa tíortha éagsúla timpeall an domhain a cháineadh mar gheall ar shárú ar chearta an duine, tá an chuma ar an scéal nach bhfuilimid chomh buartha sin faoi chearta na ndaoine a thagann chun na hEorpa chun tabhairt faoin obair nach ndéanfaimidne. Agus fiche bliain le sleamhnú thart i mbliana ó ghlac Comhthionól na Náisiún Aontaithe Conradh na nOibrithe Imirce ar 18 Mí na Nollag 1990, tá feachtas achainí ar siúl ag eagraíochta éagsúla atá ag iarraidh ar gach ceann de 27 ballstát an Aontais an Conradh a dhaingniú.Tá sínithe á mbailiú le breis is mí anuas agus gan ach faoi bhun 3000 faighte go dtí seo. Níl fiú an leathchéad síniú ó oileán na naomh is na n-ollamh in ainneoin an leasa a baineadh as an inimirce le breis is deich mbliana, gan trácht ar an iliomad Éireannach a d’fhág a dtír dhúchais leis na cianta cairbreacha. Nárbh fhearrde na himircigh sin a leithéid de chonradh a bheith i bhfeidhm lena linn? Tá an achainí le síniú anseo: Migrants Convention . Tá fáilte romhat bualadh isteach ann lena shíniú.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.