AR NA SAOLTA SEO
Na Seoltáin Abhaile
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

Tharraing sláimíní airgid na n-imirceach a sheoltar abhaile go seasta, aird Alan Desmond. Sláimíní deasa nuair a áirítear le chéile iad. Seoltar suim 8 billiún as an bhFrainc gach aon bhliain.

Íomhá
An tAire Eric Besson
le David Monniaux, Vicipéid
Íomhá
Léiriú ar imirce na cruinne
CIA ar Vicipéid
Íomhá
'thiar sa mbaile' i dTáidsíceastáin
le 'Baba Steve', Steve Evans, Flickr

Ag tús na míosa seo caite rinne MoneyGram International, ar comhlacht aistrithe airgid é, comhaontú le gnólachtaí Francacha a mhol Aire Inimirce na Fraince, Eric Besson. Is é an aidhm atá leis an gcomhaontú seo ná seirbhísí aistrithe airgid a chur ar fáil sa líonra ionad díolta is mó san Fhrainc, is é sin siopaí tobac. Cuirfidh sé seo ar chumas an 6 milliún inimirceach atá san Fhrainc airgead a chur abhaile trí na siopaí seo ar gnách leo ticéid bhus, breisiú creidmheasa is táirgí nach iad a cheannach iontu.

Dea-Mhéin an Aire

Níl iontas le déanamh de go raibh rud éigin le rá ag an Aire Inimirce faoin gcomhaontú seo agus an méid sin airgid á sheoladh abhaile ag inimircigh in aghaidh na bliana: 8 billiún €uro, suim is mó ná buiséad chúnamh forbartha na Fraince.

saor in aisce a aistrítear airgead inimirceach thar lear, ar ndóigh. Is amhlaidh go leagtar táillí arda ar na haistrithe seo, fiú ar na cinn is lú. Ní hannamh a iarrann comhlachtaí príobháídeacha 20% den tsuim a aistrítear agus bíonn rátaí suntasacha ag na bainc, leis.

Rinne an tAire Besson iarracht dul i ngleic leis na rátaí iomarcacha seo mí na Bealtaine nuair a bhuail sé le hionadaithe na gcomhlachtaí aistrithe airgid is mó. D’éirigh leis gealltanas a mhealladh ó roinnt díobh go n-ísleofaí na táillí atá á n-éileamh acu faoi láthair.

Dar le Besson go dtairbheoidh inimircigh den chomórtas sa mhargadh a leanfaidh an comhaontú a rinne MoneyGram International le gnólachtaí Francacha mí an Mheithimh. Bhí monaplacht ag Western Union sa réimse seo san Fhrainc go dtí anois, ach más i ngach ré siopa tobac a bheidh seirbhís aistrithe airgid le fáil, bheifí ag súil le táillí i bhfad níos iomaíche.

Aistriú Cúraim?

Tá seans, áfach, nach de ghrá na n-inimirceach amháin atá a ladar curtha ag rialtas na Fraince sa scéal seo. Dar le Besson gur maith an rud é comhaontú MoneyGram International mar gur mian leis an rialtas forbairt i dtíortha bunaidh na n-inimirceach a chur chun cinn. Ach ba é an léamh a bhí ag roinnt daoine ar an mian uasal seo ná go dteastaíonn ón bhFrainc cúram na forbartha i dtíortha bochta a bhogadh ó leibhéal an rialtais go leibhéal na n-inimirceach féin. Ní foláir nach aon chomhtharlú é caint den saghas seo agus an laghdú atá ag teacht ar bhuiséid chúnaimh na dtíortha saibhre le blianta beaga anuas.

Ach pé athrú a thiocfaidh ar an gcúnamh forbartha a chuireann an Domhan Thiar ar fáil, ba dheacair áibhéil a dhéanamh ar an tábhacht atá le seoltáin i dtíortha daibhre is forbraíochta.

Luach na Seoltán

Tá roinnt réigiún i Mailí, mar shampla, atá ag brath, beagnach go hiomlán, ar sheoltáin a theacht abhaile as tíortha eile. Ba ionann seoltáin na bliana 2009 agus breis is ceathrú den olltáirgeacht intíre sa Liobáin, sa Táidsíceastáin, sa Mholdóiv agus i dtíortha nach iad. An bhliain chéanna sin, b’fhiú 414 billiún dollar na seoltáin a cuireadh timpeall an domhain. Ós rud é gurbh fhiú breis is 443 billiún dollar na seoltáin a cuireadh abhaile i 2008, is féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil an cúlú geilleagair domhanda dulta i gcion ar imircigh timpeall na cruinne agus ar an méid airgid a thugann siad dá dteaghlaigh.

Airgead agus Luachanna nach É

Ba mhinic a bhí tuairimí le cloisteáil gur bheag tairbhe fhadtréimhse a bhaineann muintir inimirceach i dtíortha bunaidh as na seoltáin a thugtar dóibh, ach de réir taighde a rinneadh sna hOileáin Fhilipíneacha, nuair a fhaightear seoltáin, tagann méadú ar scolaíocht leanaí, laghdú ar shaothar leanaí agus ceannaítear earraí marthanacha.

Ach fairis an t-aistriú airgid agus an buntáiste a bhaintear as, téann saol agus taithí inimirceach as baile i bhfeidhm ar an saol teaghlaigh sa tír bhunaidh i slite eile, leis. Cuireann siad béasa, cleachtais, taithí agus ealaí sóisalta ar ais go dtí a dtíortha dúchais chomh maith. Seoltáin shóisialta atá tugtha ag an socheolaí Peggy Levitt ar an ngné seo.

Scaiptear na seoltáin shóisialta seo nuair a fhilleann inimircigh ar a n-áiteanna dúchais, pé acu é ar cuairt nó ar bhonn fadtéarmach, trí ghlaonna gutháin, ríomhphoist, litreacha is blaganna agus nuair a thugann muintir is cairde inimirceach cuairt orthu. Ar ndóigh, treisíonn seoltáin shóisialta i réimse na polaitíochta, an creidimh, na hinscne, agus i réimsí nach iad, béasa agus luachanna cultúrtha a bhíonn i gcúrsaíocht timpeall an domhain de bharr na teilifíse agus an idirlín.

Seoltáin idir Mhaith is Olc

Sa taighde atá déanta ag Peggy Levitt ar dhaoine a bhog ó Bhoca Canasta, baile sa Phoblacht Dhoiminiceach, go Bostún SAM, is léir go bhfuil an dearcadh is na tuairimí a sheoltar abhaile gach pioc chomh tábhachtach leis an airgead féin. I gcás na n-inimirceach ó Bhoca Canasta, bhailigh siad airgead i gcomhair tionscadal sa bhaile a raibh taithí acu orthu sna Stáit cosúil le stáisiún dóiteáin agus áiseanna spóirt.

Ní raibh na hinimircigh féin sásta na tionscadail seo a mhaoiniú ar bhonn fadtéarmach, áfach, is cuireadh brú ar oifigigh rialtais tacaíocht éigin a sholáthar. Ní éileodh duine nár fhág Boca Canasta riamh a leithéid de chúnamh ar na húdaráis, ach de bharr na taithí a fuarthas i mBostún, iarradh cabhair ar an rialtas agus géilleadh ar deireadh thiar thall, don éileamh. Ar ndóigh, ní gá gur rud maith é gach seoltán sóisialta. D’fhéadfadh roinnt daoine i dtíortha forbraíochta a bheith den tuairim go gcuireann imircigh luachanna abhaile a chuireann ceadaíocht ghnéasach chun cinn, a bhaineann an bonn den saol teaghlaigh is a chuireann béim ar chúrsaí tomhaltachais.

Ach is rud dhá bhealach é na seoltáin shóisialta agus d’fhéadfadh taithí agus luachanna inimirceach dul i gcion ar na tíortha a gcuireann siad fúthu iontu chomh maith. Is minic gur tábhachtaí le muintir tíortha forbraíochta an saol teaghlaigh agus an creideamh, mar shampla, agus ní hannamh a ghlacann siad páirt níos gníomhaí i saol a bpobail ná mar is gnách le daoine sa Domhan Thiar.

Ní dhéanfaí iontas de dá dtarraingeodh muintir na dtíortha saibhre na nósanna seo níos mó chucu féin agus an cúlú geilleagair ag cur ar chumas daoine idirdhealú a dhéanamh idir rudaí atá tábhachtach dáiríre agus rudaí nach bhfuil. D’fhéadfadh ceachtanna den saghas seo a bheith gach pioc chomh luachmhar do mhuintir an Domhain Thiar leis an airgead a sheolann inimiricigh abhaile.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.