Tugann Alan Desmond cur síos san alt seo ar na deacrachtaí agus na contúirtí atá roimh an inimirceach a thagann go hÉirinn lasmuigh den dlí.
Tá inimircigh ag cur fúthu gan cead i mbeagnach gach stát ar domhan. Inimircigh neamhdhleathacha a thugtar ar na daoine seo go coitianta, ach, ar chúiseanna éagsúla, is fearr liom féin an téarma inimircigh lasmuigh den dlí. Gan ach cúis amháin a lua, ní féidir do neach daonna a bheith neamhdhleathach. Fáth maith eile leis an téarma “inimircigh neamhdhleathacha” a sheachaint ná nár ciontaíodh an chuid is mó de na daoine seo in aon choir in aon chor. Is téarma míchruinn mífhéaráilte é sa mhéid go gcuireann sé sinn ag smaoineamh ar choirpigh chontúirteacha, cé gur gnáthdhaoine iad tromlach na n-inimirceach seo nach bhfuil uathu ach deis a fháil ar shaol níos fearr.
Trasnaíonn na hinimircigh seo an teorainn go folaitheach uaireanta, nó tugtar inimirceach ar dhuine mar gheall ar cháipéisí bréige. Ach i gcomhthéacs an Aontais Eorpaigh is na Stát Aontaithe, meastar gur daoine iad formhór na n-inimirceach seo a ligeadh isteach go dleathach ar an gcéad dul síos ar bhonn víosa, cuirim i gcás, ach nach ndeachaigh abhaile nuair a bhí an víosa sin istigh.
Sna Stáit Aontaithe faoi láthair tá suas le 11.5 milliún inimirceach lasmuigh den dlí agus meastar go bhfuil 2 milliún díobh ar a laghad san Aontas Eorpach. Luaitear an uimhir 30,000 in Éirinn féin. Is léir, ar ndóigh, gur deacair líon na n-inimirceach seo a áireamh go cruinn. Is dual do na daoine seo a laghad teagmhála is féidir a bheith acu le húdaráis an Stáit.
Contúirt an Neamhaitheantais
Is é sin croílár na faidhbe i saol na n-inimirceach seo. Ós rud é nach bhfuil cead dleathach acu a bheith i pé stát ina bhfuil siad, is féidir leis na húdaráis iad a dhíbirt as an tír. Tá an bhagairt seo ar na rudaí is mó a théann i gcion ar shaol na n-inimirceach lasmuigh den dlí agus le barr eagla roimh ordú díbeartha, is minic a dhéanann na daoine seo cinneadh nach bhfuil chun a leasa. Ní thugann siad cuairt ar an dochtúir nuair ba chóir dóibh, ní théann siad i muinín na ngardaí nuair a ghoidtear rudaí uathu, nuair a ionsaítear iad ar an tsráid, nuair a éignítear iad. Ní dhéantar gearán nuair nach n-íoctar leo an pá atá ag dul dóibh. Is iomaí fostóir a thuigeann gur féidir íde na muc is na madraí a thabhairt d’inimirceach a bhfuil eagla air roimh na húdaráis.
Réiteach amháin ar cheist na n-inimirceach lasmuigh den dlí ná stádas dleathach a thabhairt dóibh, nó san nath teicniúil a úsáidtear i réimse an dlí is an riaracháin, iad a thabhairt chun rialtachta. Is iomaí áiteamh maith is féidir a chur chun cinn ar son an bhirt seo, go háirithe i gcás inimirceach a bhfuil a lán ama tugtha acu i Stát áirithe agus i gcás daoine a bhfuil naisc teaghlaigh acu leis an tír ina bhfuil siad ag cur fúthu go neamhdleathach.
Seachas cúiseanna a bhaineann le cearta an duine, d’fhéadfadh tabhairt chun rialtacha inimirceach lasmuigh den dlí a bheith chun sochair an Stáit. Más go dleathach a bheidh siad ag obair, beidh cáin á híoc acu. Nuair nach mbeidh bagairt na díbeartha le cur san áireamh, ní bheidh eagla orthu roimh údaráis an Stáit. Rud eile de, sábhálfar an Stát ar na costais arda a bhaineann le gníomh na díbeartha.
An t-áiteamh is mó a dhéantar i gcoinne úsáid an bhirt seo ná go spreagann sé daoine an teorainn a thrasnú go neamhdhleathach agus súil acu go dtabharfar chun rialtachta iad má éiríonn leo. Pointe eile a dhéanann lucht cáinte an bhirt seo ná gurb ionann tabhairt chun rialtachta agus duais a bhronnadh ar lucht briste an dlí.
Éagsúlacht Tionscadal
Maidir leis an gcéad áiteamh, níl mórán fianaise le cur leis. Tá an chuma ar an scéal gurb é is mó a tharraingíonn inimircigh isteach i dtír ná éileamh ar oibrithe sa tír sin. Maidir leis an dara pointe, is cinnte go bhfuil an dlí briste ag duine a thagann trasna na teorann gan cead nó a fhanann i dtír i slí nach bhfuil ag teacht le coinníollacha na víosa atá nó a bhí aige. Ach bristear an dlí lá i ndiaidh lae i ngach áit ó cheann ceann na cruinne nuair a sháraítear an teorainn luais, nuair nach stoptar ag an solas dearg, nuair a pháirceáiltear in áiteanna nach ceadmhach páirceáil. An aontódh éinne go mba chóir daoine a chur i ngéibheann mar gheall ar an iompar seo? An mbeadh téarma ar an leaba chláir as sárú na luasteorann ag teacht le prionsabal na comhréireachta?
Is lú comhréireacht fós atá ag baint le hordú díbeartha a thabhairt do dhuine nach bhfuil sáraithe aige ach teorainn stáit nó téarmaí víosa. Má tá duine ag cur faoi i dtír le roinnt blianta, teaghlach, post agus naisc eile aige leis an tír sin, ba chóir ligean dó fanacht. Dá fhaide é ag cur faoi ann agus dá mhéad naisc atá aige leis an tír is ea is láidre an t-éileamh atá aige ar stádas dleathach a ligfeadh dó gan glacadh le drochchoinníollacha ó fhostóírí neamhscrupaill is maireachtáil gan eagla a bheith air roimh theagmháil le húdaráis an stáit.
Ní hionadh, mar sin, go bhfuil formhór mór de bhaill an Aontais Eorpaigh tar éis dul i muinín tionscadail éagsúla a thugann inimircigh lasmuigh den dlí chun rialtachta. Tá an tríú scéim dá leithéid díreach tagtha chun deiridh sa Pholainn, agus tá feachtas ar siúl in Éirinn faoi láthair ar son scéim den sórt seo a chur ar siúl, dhá cheist a phléifear sa chéad alt eile an mhí seo chugainn.