Tá Alan Desmond den bharúil go mb’fhéidir go bhfeicfimid roinnt na córach i réimsí na himirce faoi dheireadh má éiríonn le cruinniú áirithe sna Náisiúin Aontaithe an mhí seo chugainn (DF).
Is minic go mbíonn caint ar chúrsaí imirce dírithe ar na daoine a bhaineann tír nua amach agus an tslí a dtéann an inimirce seo i gcion ar an tír athbhaile. Ach tá tuiscint sa lá atá inniu ann ar an idirnasc idir rudaí a tharlaíonn go hidirnáisiúnta. Tá a fhios againn gur minic rudaí atá déanta nó á ndéanamh ag tíortha athbhaile is cúis le himircigh aghaidh a thabhairt ar na stáit sin. Thairis sin, glactar leis nach ar na tíortha athbhaile amháin a dtéann an ghluaiseacht seo daoine i bhfeidhm. Bíonn torthaí is iarmhairtí na himirce le sonrú go géar i dtíortha bundúchais na n-imirceach chomh maith.
Is leis an dearcadh leathan cuimsitheach seo a bhaineann an trácht atá le cloisteáil le blianta anuas ar cheist na himirce is na forbartha. Cé go bhfuil suim acadúil san ábhar seo ó aimsir Adam Smith, níl spéis curtha ag lucht déanta beartas ann ach go dtí le déanaí. Aithníonn an coincheap seo go bhféadfaí agus go mba chóir eisimirce ón domhan forásach a chur chun sochair don chuid sin den chruinne, agus ní hamháin don Iarthar. Aithníonn sé go gcuireann imircigh le forbairt na dtíortha saibhre is gur minic a bhíonn forbairt na dtíortha bunaidh thíos leis nuair a théann saoránaigh oilte thar lear.
Tá sé intuigthe ón gcoincheap seo go bhfuil a leithéid de rud is freagrachtaí domhanda ann agus is é domhan níos córa atá mar cheann de na cuspóirí ag daoine a chuireann coincheap na himirce is na forbartha ar aghaidh.
Iarrachtaí Idirnáisiúnta chun Cúrsaí Imirce is Forbartha a Chomhordú
Mar thoradh ar iarrachtaí ag an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe laistigh de na Náisiúin Aontaithe, eagraíodh an chéad Idirphlé Ardleibhéil de chuid na NA i 2006 d’fhonn gnéithe ilchineálacha den imirce is an fhorbairt a chíoradh. Chuir an tIdirphlé leis an gcomhdhearcadh go bhféadfadh idir stáit ghlactha (.i. athbhaile) is stáit bhunaidh (.i. céad bhaile), mar aon leis na himircigh féin, ar ndóigh, tairbhiú den imirce dá gcuirfí na beartais chearta i bhfeidhm. Ar na tionscnaimh a d’eascair as an Idirphlé cuireadh an Fóram Domhanda maidir le hImirce agus Forbairt (FDIF) ar bun.
Is é atá i gceist leis an FDIF ná go dtagann lucht déanta beartas ó gach cearn den domhan le chéile uair sa bhliain chun tosaíochtaí, dúshláin is deiseanna i réimse na himirce is na forbartha a aithint is a phlé le chéile agus le páirtithe leasmhara. Is próiseas neamhfhoirmiúil é an FDIF, áfach, atá lasmuigh de struchtúir na NA is níl aon dualgas dlíthiúil ag baint leis na cinntí a thógtar mar chuid den phróiseas seo.
Tá roinnt constaicí ag baint leis na hiarrachtaí idirnáisiúnta seo chun imirce is forbairt a chur in oiriúint dá chéile. Ar an gcéad dul síos, tá easpa soiléireachta maidir leis na bunaidhmeanna atá ag polasaithe i réimse na himirce is na forbartha. Constaic eile ná nach dtaitníonn le stáit roinnt de na moltaí atá déanta ag na NA sa réimse seo. Cé go bhfuil plé polasaí déanta ar cheisteanna áirithe atá curtha chun cinn ag na NA cosúil le cosaint imirceach, imirce idir tíortha bochta agus gné na hinscne den imirce, níl an tsuim chéanna ag tíortha móra glactha sa togra go ligfí do níos mó oibrithe dul ar imirce go dtí na tíortha sin, oibrithe ar bheagán oiliúna san áireamh.
Léiríonn na constaicí seo an deacracht a bhaineann le comhaontú agus comhdhearcadh a bhaint amach ag an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe i réimse chomh conspóideach leis an imirce ina mbíonn drogall ar stáit aon phioc dá gcumhacht a thabhairt suas. Rud eile, a léiríonn an dara constaic, ná go bhféachann stáit shaibhre ar fhorbairt mar mheán chun imirce ó thíortha bochta a laghdú. Is dearcadh earráideach é seo. Is amhlaidh go dtagann méadú ar líon na ndaoine a fhágann tíortha bochta i ndiaidh do na tíortha sin leibhéal áirithe forbartha a bhaint amach mar gurb acmhainn do níos mó daoine tabhairt faoi fhiontar na himirce.
Focal Mór agus Droch-Chur leis?
Ina fhianaise sin go léir, an fiú a bheith dóchasach go ndéanfar aon dul chun cinn le linn an dara Idirphlé Ardleibhéil de chuid na NA a bheidh ar siúl 3 – 4 Deireadh Fómhair? Tá an tÉireannach Peter Sutherland ina Ionadaí Speisialta de chuid Ard-Rúnaí na NA um Imirce agus ba eisean a mhol bunú an GFIF i 2006. Dar leis go n-éireoidh le cruinniú Dheireadh Fómhair má thagtar chun comhghéillte maidir le plean gníomhaíochta a chruthóidh córas imirce idirnáisiúnta níos sábháilte a chosnaíonn cearta na n-imirceach, a chuireann leas geilleagair na bpáirtithe éagsúla chun cinn is a chuireann imircigh os comhair an phobail mar bhaill thábhachtacha den tsochaí, seachas mar dhaoine atá freagrach as fadhbanna sóisialta.
Ní beag an dúshlán atá roimh an dara Idirphlé Ardleibhéil mar sin. Ach dá mhéad an dúshlán roimh an lucht déanta beartas a thagann le chéile i Nua-Eabhrac an mhí seo chugainn is ea is mó a thairbheoimid go léir as má éirionn leo spriocanna Sutherland a bhaint amach.