Tá spéis ag grúpaí eile sa tír dea-shampla na Cultúrlainne i mBéal Feirste a leanúint agus ionaid Ghaeilge a bhunú.
»»»Foilsíodh an cúigiú cnuasach dánta leis an fhile Corcaíoch Louis de Paor le gairid. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoina shaothar, faoina chuid oibre mar Stiúrthóir ar Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus faoin uaigneas a bhaineann le bheith ag saothrú i ngort an léinn Ghaeilge.
»»»Tá sé in am ag an Rialtas an tAcht um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh níos cuimsithí, dar le hUinsionn Mac Dubhghaill, seachas a bheith ag iarraidh é a choilleadh.
»»»Tá níos mó agus níos mó seandaoine i Meiriceá ag tabhairt aghaidhe ar phobail scoir dheisceart na tíre, ach tá míbhuntáistí ag baint leis an fheiniméan seo, dar le Mary Beth Taylor, a bhfuil cur amach aici ar cheann de na pobail seo, The Villages i Florida.
»»»Measann Tom Deignan go bhfuil íoróin ag baint leis an dóigh a bhfuil an sceimhlitheoireacht ag bagairt ar chlár bliantúil a thugann páistí ó Thuaisceart Éireann trasna go Meiriceá ar saoire chun faoiseamh a thabhairt dóibh ón fhoréigean sa bhaile.
»»»Thug Ciara Nic Gabhann cuairt le déanaí ar thaispeántas in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA) i mBaile Átha Cliath le Corcaíoch nach dtugtar mar ainm air ach John. Tá blianta fada caite ag John in ospidéal meabhairghalair agus tá úire ag baint lena shaothar nach mbíonn le fáil chomh minic sin san ealaín.
»»»Deir céatadán ard de dhaonra Ghalicia go bhfuil siad in ann an teanga dhúchasach, Galego, a scríobh, ach tá drogall ar an dream óg í a labhairt, mar a mhíníonn Carmen Rodríguez.
»»»Cé gurbh as Éirinn tuismitheoirí Paula Kehoe, níor chuala sí trácht riamh ar an nGaeilge agus í ag éirí aníos san Astráil. Nuair a thug sí cuairt ar Éirinn den chéad uair i lár na nóchaidí, áfach, chuaigh an teanga agus an cultúr go mór i gcion uirthi.
»»»Tá an cláirseoir Cormac De Barra ag seinm ceoil go proifisiúnta anois le trí bliana déag anuas. Labhair sé le hAntaine Ó Faracháin faoina chuid oibre sna meáin chumarsáide nuair a bhí sé óg agus faoin saghas saoil atá aige mar cheoltóir.
»»»Tá go leor de phobal na hAstráile i gcoinne ionsaí a dhéanamh ar an Iaráic ach is beag aird atá ag an rialtas orthu, a deir Dáithí Ó Colchúin.
»»»Tá Balor in éad le May Mac Ránais, údar bheathaisnéis Íosa Mhic Ghiolla Mháire, ar éirigh leis Saddam a ruaigeadh ó leathanaigh tosaigh an Sunday Dependent.
»»»Tá ag teip ar fhormhór na gcomhlachtaí atá ag iarraidh seirbhísí agus earraí a dhíol ar an idirlíon aon bhrabús a dhéanamh, ach d’fhéadfadh na gutháin shoghluaiste a bheith mar chuid den réiteach ar an bhfadhb seo sa todhchaí. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Pól Ó Frighil, An Gaeláras, Doire.
»»»Tá méadú mór tagtha ar líon na ndaoine atá ag tógáil an druga cócaon, ach níl iarracht cheart á déanamh ag an stát dul i ngleic leis an bhfadhb. Tuairisc ó Dhónall Ó Maolfabhail.
»»»Tá an tSlí Oidhreachta Éireannach i Learpholl mar chuimhneachán ar na céadta míle de mhuintir na hÉireann a tháinig i dtír sa chathair, go háirithe le linn bhlianta an Ghorta Mhóir. Tá Tony Birtill tar éis féachaint ar bhróisiúr nua atá á fhoilsiú an mhí seo ina dtugtear eolas faoin tslí oidhreachta seo.
»»»In ainneoin na bhfadhbanna ar fad atá ag Béal Feirste, braitheann Liz Curtis níos sábháilte ansin faoi láthair ná i Londain.
»»»Tá dhá ainmniúchán faighte ag an amhránaí Mundy i nGradaim Cheoil Meteor na bliana seo. Féachann Eva Stack siar ar shaol an cheoltóra seo nár chaill dóchas, fiú tar éis do Sony deireadh a chur lena chonradh agus é ag obair ar a dhara halbam.
»»»Seo sliocht as Máire Mhic Ghiolla Íosa - Beathaisnéis le Ray Mac Mánais, beathaisnéis údaraithe Uachtarán na hÉireann. Tugadh cead don údar, múinteoir Gaeilge an Uachtaráin, a dialanna pearsanta a léamh agus dul trína páipéir phríobháideacha. Déanann an leabhar cur síos ar a saol ó rugadh í go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtarán i 1997. I sliocht na míosa seo, tá cur síos ar ionsaí a rinneadh ar theach mhuintir Mháire i mBéal Feirste i 1972.
»»»Bíonn spárálaí scáileáin de ghrianghraif as ceantar Gaeltachta le fáil i ngach eagrán de Beo. An mhí seo: Cill Áirne, Contae Chiarraí.
»»»Féachann Colm Mac Séalaigh chun tosaigh go dtí craobhchomórtas na hiománaíochta agus déanann iarracht buaiteoirí na bliana seo a thuar.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: polaitíocht na háite oibre.
»»»D’fhógair an UDA sos cogaidh ag deireadh na míosa seo caite ach ní chreideann Robert McMillen go bhfuil siad dáiríre faoi.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.