Féachann Colm Mac Séalaigh chun tosaigh go dtí craobhchomórtas na hiománaíochta agus déanann iarracht buaiteoirí na bliana seo a thuar.
Is nós é an t-am seo den bhliain ag lucht leanúna na gcluichí Gaelacha féachaint chun cinn i dtreo chluichí móra an tsamhraidh sa pheil agus san iomáint. Cé nach bhfuil an tSraith Náisiúnta ach díreach i ndiaidh tosú, is ar na comórtais chraoibhe is mó a bheidh aird daoine dírithe, go mórmhór ó Lá Fhéile Pádraig amach. Maidir le cúrsaí iománaíochta, cé nach ionann bua sa tSraith Náisiúnta agus cinnteacht faoi bhua a bhaint amach sa Chraobhchomórtas ina dhiaidh sin, is díol spéise gur bhuaigh Tiobraid Árann agus Cill Chainnigh an dá chomórtas sin i 2001 agus 2002 fé seach. Léirigh an dá chontae sin gur féidir éacht a dhéanamh agus an dá phríomhchomórtas a bhuachaint nuair atá foireann den scoth i gceist.
Bítear ag maíomh go minic gur cuma faoin tSraith Náisiúnta ach, dáiríre, is ullmhúchán iontach é don Chraobhchomórtas a leanann é, go mórmhór agus an dá chomórtas á n-imirt sa bhliain chéanna anois, murab ionann agus an seanchóras a bhí ann nuair a thosaíodh an tSraith Náisiúnta i mí Dheireadh Fómhair. Is fearr i bhfad an socrú atá anois ann agus, dar ndóigh; déanann córas an chúldorais an séasúr iomána agus peile i bhfad níos spéisiúla toisc go mbíonn go leor contaetha fós san áireamh suas go dtí mí Iúil.
Cúrsaí iomána a bheas faoi chaibidil san alt seo. Má théimid timpeall na gCúigí agus tosú le Cúige Uladh, is cóir a rá i dtosach go bhfuil an-chreidiúint ag dul do mhuintir Aontroma as ucht caighdeán na hiomána a choinneáil ard i gCúige Uladh bliain i ndiaidh bliana. Thug Aontroim an-taispeántas i gcoinne Thiobraid Árann in 2002 agus is dóigh gurb iad a bhuafaidh Craobh Uladh arís i mbliana, cé go bhfuil sé ionann is cinnte go ndéanfaidh foirne Dhoire agus an Dúin an-iarracht stádas churaí Uladh a bhaint d’fhir na nGleannta. Creidim féin, áfach, go bhfuil borradh in Aontroim faoi láthair agus go mbuafaidh siad Craobh Uladh. Ina dhiaidh sin, áfach, nílim cinnte go bhfuil an láidreacht agus an teacht i láthair atá riachtanach i bhfoireann Aontroma chun an ceann is fearr a fháil ar fhoirne áirithe níos faide ó dheas agus Craobh na hÉireann a bhaint amach, cé go mba bhreá liom féin dá ndéanfadh.
Cill Chainnigh arís
Maidir le Cúige Laighean, is deacair do dhuine a chur ina luí air féin go dtiocfaidh aon athrú suntasach ar thorthaí na gcluichí i gcomórtas leis an bhliain seo caite. Is dóigh go dtiocfaidh Áth Cliath nó Laois as na réamhbhabhtaí chun aghaidh a thabhairt ar Chill Chainnigh i gcluiche leathcheannais Laighean. In ainneoin go raibh bua breá ag Áth Cliath ar Chill Chainnigh i gCorn an Bhreatnaigh le déanaí, is é is dóichí ná go mbeidh Cill Chainnigh róláidir dóibh nó do Laois ar an 8 Meitheamh. Uíbh Fhailí v Loch Garman sa chluiche leathcheannais eile - dhá fhoireann iad seo atá lag faoi láthair agus i mbun atógáil foirne. Is deacair a rá cé bhuafas, ach ní móide go mbuafaidh ceachtar acu ar Chill Chainnigh ina dhiaidh sin.
I gCúige Mumhan, beidh an Clár i gcoinne Thiobraid Árann sa chéad bhabhta agus is dóigh go mbeidh coimhlint ghéar eatarthu, ach muna mbíonn cúpla tosach nua ar fónamh aimsithe ag Contae an Chláir gan mhoill, ní móide go mbuafaidh siad ar Thiobraid Árann i mbliana. Is é an fhadhb ó thaobh fhoireann an Chláir de ná go bhfuil siad ag brath an iomad ar a leathchúlaí iontach láir, Seáiní Mac Mathúna, chun scóranna a fháil dóibh ó phocanna saora i bhfad amach, agus is é sin an fáth nach mbuafaidh siad tada arís i mbliana.
Buafaidh Port Láirge ar Chiarraí agus ansin tabharfaidh siad aghaidh ar Luimneach. Seo cluiche an-spéisiúil: curaí na Mumhan i gcoinne churaí na hÉireann faoi 21 le trí bliana anuas. D’fhéadfadh Luimneach bob a bhualadh ar Phort Láirge sa chluiche seo mar tá an-imreoirí óga acu agus bainisteoir nua, Daithí Ó Catháin, a threoraigh na foirne faoi 21. Ach, é sin ráite, is dóigh go seasfaidh taithí a mbua in 2002 do Phort Láirge sa chás seo agus go sroichfidh siad Cluiche Ceannais na Mumhan arís i mbliana.
Maidir le Corcaigh, a imreoidh i gcoinne Thiobraid Árann (má bhuann siadsan ar an gClár), ní fios cén chaoi a mbeidh siad ach tá siad faoi bhrú cheana féin. Chuadar ar stailc ag tús na bliana agus beidh chuile dhuine ag coinneáil súil ghéar orthu mar gheall air sin, féachaint a mbeidh siad níos fearr ná mar a bhí siad anuraidh nuair ba léir nach raibh cúrsaí ar fónamh sa champa. Muna mbuann siad beidh ceisteanna á gcur agus fiosrúcháin ar bun i dtábhairní ar fud an chontae!
Sílim féin go mbuafaidh Tiobraid Árann Craobh na Mumhan, cuma cé a bheas ina gcoinne. Is foireann óg iad fós agus a lán taithí acu ar ócáidí móra iomána. Tá imreoirí den scoth acu, leithéidí Thomáis Uí Dhuinn agus Eoin Uí Cheallaigh, agus beidh sé deacair iad a chloí. Má tá laige acu b’fhéidir gur easpa luais in áiteanna áirithe atá ann, mar a léirigh Port Láirge i gCluiche Ceannais na Mumhan anuraidh.
Níl ach foireann amháin i gConnachta, is é sin Gaillimh, agus tá bainisteoir nua acu, is é sin Conchúr Ó hAodha, captaen ‘87 agus ‘88. Fear a raibh an-mheas air mar imreoir agus mar chaptaen agus tá an-fhonn air Craobh na hÉireann a buachaint arís, an uair seo mar bhainisteoir. Gníomh stairiúil a bheadh ansin, dar ndóigh, ach ní dóigh liom go dtarlóidh sin i mbliana. In ainneoin go bhfuil rogha mhór iománaithe iontacha ag Contae na Gaillimhe, déarfainn go mbuafaidh ceann de na contaetha móra orthu, is é sin Cill Chainnigh, Tiobraid Árann nó Corcaigh, nuair a chasfar ar a chéile iad. Tá an tuairim sin bunaithe ar an míbhuntáiste mór atá ag Gaillimh i gcomórtas le foirne eile: easpa cluichí crua go luath sa séasúr craoibhe.
Láidir go fisiciúil
Cé go bhfuil córas an chúldorais againn le roinnt blianta anuas, agus Craobh na hÉireann buaite uair amháin ag foireann a d’aimsigh eochair an dorais sin (Uíbh Fhailí i l998), ní dóigh liom féin go stopfaidh aon fhoireann eile Tiobraid Árann nó Cill Chainnigh i mbliana ó Chraobh na hÉireann a bhaint amach (seachas má chastar ar a chéile iad roimh an gcluiche ceannais, dar ndóigh). Tá an dá fhoireann seo an-láidir go fisiciúil. Tá an-iomáint acu agus tá imreoirí an-speisialta acu. Cuimhnigh ar an taispeántas breá idir an dá chontae sin i mí Lúnasa na bliana seo caite agus níor mhiste a leithéid a fheiceáil arís i mbliana. É sin ráite, ba bhreá linn ar fad dá dtiocfadh foireann eile chun cinn agus seilbh a fháil ar Chorn Mhic Cárthaigh. Agus cá bhfios nach dtarlóidh sé sin mar, tar éis an tsaoil, nach é iontas agus díol spéise cúrsaí spóirt ná go dtarlaíonn an toradh gan choinne agus an t-éacht glórmhar nuair nach mbíonn súil againn leo.
Ach tar éis an chuir agus an chúitimh ar fad, beidh m’airgeadsa ar Chill Chainnigh agus ar Thiobraid Árann a bheith sa Chraobh agus an bua a bheith arís ag Cill Chainnigh. Cén fáth sin? Mar tá sé ina rún daingean ag foireann Chill Chainnigh, mar a admhaíonn Brian Cody, bainisteoir na gCat, gradam ar leith a bhaint amach dóibh féin agus an stair a scríobh tríd an dara Craobh as a chéile a bhreith leo. Is deacair Cill Chainnigh a stopadh nuair atá an fonn sin orthu agus má tá aon fhoireann in ann é a dhéanamh is iad Tiobraid Árann an fhoireann sin.
In 2001, ba iad Tiobraid Árann an fhoireann ab fhearr (níor chaill siad aon chluiche) agus in 2002 is ag Cill Chainnigh a bhí an stádas sin. Beidh an bheirt acu ag déanamh a seacht míle dícheall a chruthú gurb iad is fearr in 2003. Dá bhrí sin, is é mo thuairim féin go láidir gurb iad an dá chontae úd, sean-naimhde traidisiúnta na hiomána agus caomhnóirí an chreidimh, a bheas san iomaíocht ar an dara Domhnach de mhí Mheán Fómhair seo chugainn agus gur ag fir Chill Chainnigh a bheas an bua ar an lá sin.
Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós.