TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAELTACHT BHEO
Inis Mór
Seán Ó Flaithearta Seán Ó Flaithearta

Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Seán Ó Flaithearta ar Inis Mór, Oileáin Árann.

Íomhá
Íomhá
Dún Aonghasa ón aer
Íomhá
Íomhá

Is é Inis Mór, nó Árainn, mar a thugann muid air, an ceann is mó de thrí oileán Árann. Tá sé suite timpeall tríocha míle amach ó chathair na Gaillimhe agus naoi míle ó chósta Chonamara. Cónaíonn timpeall 850 duine ar an oileán seo.

Sa seanchas, deirtear gur Loch Lurgan a thugtaí, uair amháin, ar an áit a bhfuil Cuan na Gaillimhe sa lá atá inniu ann. Rud é seo a thugann le fios go raibh na hoileáin ceangailte uair le Contae na Gaillimhe ar thaobh amháin agus Contae an Chláir ar an taobh eile. Is cinnte gur mar seo a bhí sé timpeall 10,000 bliain ó shin, san Oighearaois Dheireanach.

cloch aoil ar Árainn agus cloch eibhir i gConamara, rud a dhéanann an tírdhreach sa dá áit neamhchosúil. Sciar den Bhoireann is ea na trí oileán Árann. Tá an saibhreas céanna dúlra againn dá bharr sin. Bhí ceangal ariamh ag Inis Mór le Conamara sa mhéid go mbíodh gá móin a thabhairt isteach i mbáid seoil. Bhíodh daoine ag taisteal isteach agus amach sna báid seo ar feadh na mblianta. Bhíodh stró agus anró agus éiginnteacht ag baint leis an mbealach seo taistil.

Chuir Bord na gCeantar Cúng, faoi rialtas Shasana, seirbhís rialta ar fáil as Gaillimh chuig na hoileáin ag tús an fichiú haois. Thugadh an bád dhá chuairt ar an trí oileán agus ba thuras fada farraige é seo. Nuair a bhíodh mé féin ag taisteal go Gaillimh sna seascaidí ba mhinic go raibh mé sé huaire an chloig ar an bhfarraige.

Tá muid breá sásta le caighdeán na mbád farantóireachta a théann go hInis Mór na laethanta seo. Bíonn tú cinnte den turas agus bíonn compóirt agat. Is iad Island Ferries an comhlacht is mó a chuireann seirbhís ar fáil, agus tá sé bhád acusan. Thosaigh Inis Mór Ferries dhá bhlian ó shin agus cuireann siadsan seirbhís rialta ar fáil freisin. Tá seirbhís aeir ag na hoileáin as Indreabhán i gConamara chomh maith.

Léann agus spioradáltacht

Tagann go leor daoine go hInis Mór sa lá atá inniu ann. Bhí uair go raibh cáil ar an oileán ó thaobh an léinn agus na spioradáltachta de. Bhí go leor mainistreacha ar an oileán agus thagadh daoine ar oilithreacht chuig an oileán. Tá go leor iarsmaí de na mainistreacha seo le feiceáil fós. Ba é Naomh Éanna an naomh ba cháiliúla a bhí ar Árainn. Bhí go leor eile ann freisin, ina measc Naomh Ciarán agus Naomh Colm Cille.

Is féidir lorg an duine ar an oileán a fheiceáil siar go dtí an Tréimhse Mheigiliteach. Thóig an dream seo daoine Brú na Bóinne agus Knowth in Éirinn agus Stonehenge i Sasana timpeall 4,000 bliain ó shin. Tá Tuamaí Meigiliteacha, nó mar a thugtar orthu sa seanchas, Leaba Dhiarmada agus Gráinne, le feiceáil ar Árainn, chomh maith le spéicí fada atá fágtha ón ré sin. Is iad na dúnta Ceilteacha atá ar an oileán is mó a tharraingíonn daoine inniu. Tá dhá chineál dúin ann: dúnta cosanta agus dúnta cónaí. Is é Dún Aonghasa an dún is mó ar a bhfuil triall na ndaoine. Is dún é seo atá tógtha ar bharr aille ar aghaidh an Atlantaigh. Creidtear gur dún é a d’úsáideadh ag na Ceiltigh nuair a bhíodh siad faoi ionsaí. Tá tuairim eile ann gur cineál teampaill a bhí ann chun na déithe a adhradh. Is é mo bharúil féin ná gur dún cosanta a bhí ann.

Tá dún cosanta eile ar an taobh thoir den oileán darb ainm Dún Dubhchathair. In aice leis an dún seo tá na poill séidte. Is séard atá iontu seo ná poill sa talamh timpeall céad méadar ó bharr na haille. Bíonn an fharraige ag séideadh aníos tríothu sa gheimhreadh. Tá creimeadh na gaoithe, na haimsire agus na farraige ag leá na cloiche aoil agus mar sin tá an t-oileán ag laghdú ó lá go lá. Tá dhá shampla mhaithe de na dúnta cónaí le feiceáil ar Inis Mór freisin, sin Dún Eochla agus Dún Eoghanachta.

Creidtear go raibh cónaí ar dhaoine timpeall ar na dúnta seo i gclachain os cionn dhá mhíle bliain ó shin. Tá roinnt samplaí de na clachain le feiceáil timpeall an oileáin. Tá an ceann is fearr acu seo, a dtugtar Clachan na Carraige air, i gCill Mhuirbhí.

Daoine léannta

Rinne daoine léannta a mbealach chuig Inis Mór síos trí na blianta agus bhain cuid acu úsáid as mar chúlra dá gcuid scríbhneoireachta. Thug scríbhneoirí mar John Millington Synge agus William Butler Yeats cuairt ar an oileán agus tháinig Pádraig Mac Piarais agus go leor eile de lucht Athbheochan na Gaeilge go hÁrainn timpeall céad bliain ó shin. Tharraing péintéirí mar Patrick Keating agus Elizabeth Rivers cáil ar an oileán lena gcuid pictiúr, a thaispeáin saol agus áilleacht na háite.

Nuair a rinne Robert Flahery an scannán *Man of Aran *sa bhliain 1934, chuir sé an t-oileán ar mhapa an domhain. Thug an pictiúr seo léiriú ar an saol crua a bhí ag na daoine ag an am. Thaispeáin sé daoine ag cur chun farraige i gcurach canbháis agus an dainséar a bhí ag dul leis seo. Thug se léiriú ar an nganntan cré a bhí ar Árainn agus thaispeáin sé muintir an oileáin ag déanamh talaimh, ag baint úsáide as feamainn, fód agus gaineamh. Is féidir an saol seo a bhlaiseadh fiú inniu.

Tharraing an scríbhneoir Liam Ó Flaithearta aird idirnáisiúnta ar an gceantar lena chuid leabhra: an leabhar gearrscéalta *Dúil *i nGaeilge; *Famine, The Informer, Skerret, Thy Neighbour’s Wife *agus leabhra eile i mBéarla. Ba mórfhile na Gaeilge é Máirtín Ó Direáin ar feadh cuid mhaith den chéad seo caite. Ba chabhair é cuairt a thabhairt ar an oileán chun tuiscint níos doimhne a fháil ar a gcuid scríbhneoireachta. Níos deireanaí sa fichiú haois, d’fhoilsigh Breandán Ó hEithir agus scríbhneoirí eile saothar liteartha a choinnigh an t-oileán sa nuacht.

Bhí cáil ar an oileán ariamh maidir leis an damhsa, an ceol agus an amhránaíocht. Is í Treasa Ní Mhiolláin an t-amhránaí is cáiliúla dá bhfuil againn faoi láthair.

Suaimhneas

Nuair a imíonn tú den chosán idir Cill Rónáin agus Dún Aonghasa bíonn deis agat suaimhneas shaol an oileáin a bhlaiseadh. Má thagann tú chun féachaint ar bhláth ar charraig is ar chloch beidh deis agat an chloch aoil is an dríodar eibhir, a bhí in íochtar an oighir a leáigh timpeall 10,000 bliain ó shin, a fheiceáil. Beidh freisin cuid de na 400 bláth difriúil atá ag fás ar Árainn le feiceáil agat. Nuair a bhíonn an ceadharlach earraigh faoi bhláth bíonn úire san aer.

Ceann de na rudaí is mó a mbainim féin taitneamh as anseo ar Inis Mór ná bheith ag snámh sa bhfarraige úrghlan ghorm ag Cill Mhuirbhigh. Tá “bratach ghorm” ag an trá seo mar aitheantas ar ghlaineacht na háite, agus ar shábháilteacht na trá.

Tugann aer úr na spéire agus spreagadh na farraige beocht agus ritheadh fola duit a spreagann chun machnaimh tú. Tá an oscailt farraige seo atá gardáilte ag Dún Aonghasa, neamhthruaillithe i ndomhan atá lán brú agus aighnis, agus daoine faoi dheifir. Ba shuaimhneas, síocháin agus sástacht a bhí ó na Ceiltigh a thóg na dúnta fadó. Is iad na rudaí céanna atá uathu siúd a thugann cuairt orainn inniu chun saol an oileáin a bhlaiseadh. Is breá an rud, mar a deir an file Máirtín Ó Direáin, siúl cois trá “sa gciúnas séimh” maidin is trathnóna, ar oileán mara.

D’oscail Coláiste Gaeilge do dhaoine óga i bhFearann an Choirce sa bhliain 1984. Tagann daoine as gach cearn den tír ann sa samhradh chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Osclóidh ionad do dhaoine fásta i nGort na gCapall, an baile inar rugadh an scríbhneoir Liam Ó Flaithearta, sa bhliain 2004. Cuirfidh an t-ionad seo cúrsaí ar fáil do dhaoine fásta sa teanga, sa cheol agus sa tseandálaíocht, sa gcaoi go mbeidh deis acu a scíth a ligint ar an oileán, saor ó bhrú agus ó fhuadar na cathrach.

Tá gach eolas le fáil faoi chúrsaí Gaeilge ar Inis Mór ach glaoch ar (099) 61264 (ríomhphost: colodir@indigo.ie)

Uimhreacha úsáideacha eile:

Island Ferries (091) 568903; island@iol.ie; www.aranislandferries.com Inis Mór Ferries (091) 566535 Aer Árann (091) 593034; aerarann@iol.ie; , www.aerarann.ie

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.