Tá méadú mór tagtha ar líon na ndaoine atá ag tógáil an druga cócaon, ach níl iarracht cheart á déanamh ag an stát dul i ngleic leis an bhfadhb. Tuairisc ó Dhónall Ó Maolfabhail.
Tá dhá mhí imithe in 2003 agus tá an Garda Síochána tar éis dhá oiread den druga cócaon a aimsiú i mbliana is a d’aimsigh siad le linn na bliana ar fad anuraidh. Ábhar imní é an méadú suntasach atá tagtha ar úsáid cócaoin sa tír le gairid. An mhí seo chugainn, tuigtear do *Beo! *go gcuirfidh an Garda Síochána tús le staidéar nua náisiúnta le heolas a bhailiú maidir le leibhéal úsáide an druga cócaon in Éirinn.
Ní inniu ná inné a thosaigh daoine sa tír seo ag baint úsáide as cócaon. I 1980 chúisigh na gardaí 50 duine dá bharr. Cé gur tháinig titim, de réir mar a chuaigh na hochtóidí ar aghaidh, i líon na ndaoine a cúisíodh, tháinig méadú sa líon andúileach cócaoin a bhí ag freastal ar an Ionad Cóireála do Lucht Mí?Úsáide Drugaí. I 1986, d’fhreastail trí dhuine dhéag ar an ionad ach faoi 1988 bhí 29 andúileach cócaoin ag freastal air. Mar sin féin, ba bheag a líon i gcomparáid le líon na n-andúileach hearóine.
De réir an Dr. John O’Connor, ó Bhord na nIonad Cóireála do Lucht Mí?Usáide Drugaí, go dtí le gairid chinntigh an praghas ard a bhí ar chócaon gur dream meánaicmeach, leithéidí dochtúirí, dlíodóirí agus daoine sna meáin chumarsáide, ab ea formhór na ndaoine a d’úsáid cócaon. Daoine le hairgead, ar thaitin sé leo, anois agus arís agus iad i mbun scléipe, beagáinín den phúdar bán a tharraingt isteach trí na gaosáin. I gcás a bhformhór, bhí sé faoi smacht acu agus ba é an toradh ba mheasa ná go ndéanfaidís dochar éigin dá srón.
Is léir ón méid cócaoin atá á ghabháil ag gardaí le tamall anuas go bhfuil níos mó den druga sa tír ná mar a bhí riamh cheanna. Dhá chileagram déag a gabhadh an mhí seo caite. Is ar an ábhar seo go bhfuil sé beartaithe ag Aonad Taighde na nGardaí, i bpáirt le hAonad Drugaí na nGardaí, staidéar náisiúnta a dhéanamh ar úsáid cócaoin in Éirinn.
Is beag nach bhfuil cócaon ar fáil chomh héasca agus chomh saor le raithneach na laethanta seo. Ar nós druga ar bith, a deir an tUasal O’Connor, nuair a mhéadaíonn an soláthar méadaíonn an t-éileamh. Léirigh staidéar a choimisinigh an clár “Prime Time”, agus a craoladh ar RTÉ le gairid, go bhfuil úsáid cócaoin i measc aos óg meánaicmeach na tíre níos forleithne ná riamh. Fuair an staidéar seo rian cócaoin sna leithris i ngach ceann den 20 teach tábhairne meánaicmeach a roghnaigh siad i mBaile Átha Cliath. Deir Stephen Rowan, stiúrthóir an Rutland Centre, a chabhraíonn le handúiligh, go bhfuil cur amach aige le deireanas ar dhaoine óga a bhí €40,000 i bhfiacha de bharr cócaoin.
Ceantair faoi mhíbhuntáiste
Ach ní i measc lucht na meánaicme amháin atá cócaon á úsáid na laethanta seo. Is léir anois go bhfuil cócaon ag déanamh dul chun cinn i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste. Titim i bpraghas an chócaoin, mar aon le ganntanas hearóine, is cúis cuid mhór leis seo. Is ón Afganastáin a thagann an chuid is mó de hearóin an domhain agus nuair a d’fhógair iarcheannaire na dTaleban, Mullah Omar, ar an 27 Iúil 2000 go raibh cosc as sin amach ar fhás an phlanda opium, bhí ganntanas hearóine ar fud an domhain dá bharr. Méadaíodh ar an soláthar cócaoin leis an mbearna seo sa mhargadh a líonadh. Deir Tony Geoghegan ón Merchant’s Quay Project, a chabhraíonn le handúiligh drugaí ó cheantair atá faoi mhíbhuntáiste, gurb é hearóin fós an druga is mó úsáide, ach go bhfuil méadú ag teacht ar úsáid cócaoin. Idir Eanáir agus Iúil 2001 phléigh a eagraíocht le 147 andúileach a bhí ag úsáid héaróine agus cócaoin in éineacht le chéile. Mhéadaigh seo go 214 don tréimhse chéanna in 2002.
I gcás na n-andúileach seo, meascann a bhformhór an cócaon le huisce agus cuireann isteach ina gcuid fola é le hinstealladh. Cuid eile acu iompaíonn siad é ina crack agus caitheann é ar nós toitín, ach níl ach fíorbheagán acu seo a thógann é tríd a srón. Is éard atá i crack ná cócaon meascaithe le sóid bhácála agus uisce, agus ansin téite. Tá fianaise ann go méadaíonn *crack *an claonadh chun foréigin i ndaoine. Má dhéanann cócaon dul chun cinn sna ceantair seo, dar leis an Uasal Geoghegan, is dócha go rachaidh sé as smacht ar bhealach nach bhfuil tar éis tárlú, go fóill ar aon nós, i measc lucht na meánaicme. Níl aon ábhar ceimiceach ar nós meatadóin fós aimsithe ach oiread is féidir a thabhairt d’andúiligh cócaoin.
Cúis imní eile is ea an méid airgid a chaitheann andúiligh cócaoin, fiú i gcomparáid le handúiligh hearóine. Bíonn níos mó den druga ag teastáil ón andúileach atá tugtha don chócaon ná mar a bhíonn i gcás andúileach héaróine. Níl sé neamhghnách do dhuine 15 instealladh a thabhairt dó féin in aghaidh an lae, agus costas de thart ar €40 an ceann orthu. Is é an toradh a bheidh air seo ná go dtiocfaidh méadú ar an ráta coireachta freisin.
Is beag áit sa tír a bhfuil an fhadhb drugaí níos measa ann ná mar atá i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Lár Theas. De réir Teachta Dála Shinn Féin, Aonghus Ó Snodaigh, a bhain suíochán amach sa cheantar sin anuraidh, ní léir go bhfuil an rialtas seo dáiríre faoi fhadhb na drugaí. Mar fhreagra ar cheist ón Uasal Ó Snodaigh ar an 11 Nollaig 2002, dúirt an tAire Dlí agus Cirt Michael McDowell go raibh sé oiread gardaí sa bhrainse speisialta is atá san Aonad Náisiúnta Drugaí. Ní hamháin sin, ach ainneoin Chonradh Aoine an Chéasta, gur ceapadh trí dhuine dhéag breise sa bhrainse speisialta i mí na Nollag 1998, rud a chiallaíonn go bhfuil 323 ann faoi láthair, i gcomparáid le 51 san Aonad Náisiúnta Drugaí.
Measann Ó Snodaigh go bhfuil an rialtas seo níos tógtha le cúrsaí paraimíliteacha agus le cúrsaí tráchta ná mar atá siad le cúrsaí drugaí. Arís, más fíor don Aire Dlí agus Cirt, tá 22 garda i mBaile Átha Cliath Lár Theas ar dhualgas tráchta, áit nach bhfuil ach 14 fostaithe le plé le cúrsaí drugaí. Is féidir glacadh leis, mar sin, nach bhfuil ach thart ar chúig gharda ag obair ar fhadhb na ndrugaí sa cheantar sin ag aon am amháin. I gCathair Chorcaí tá 23 garda ag plé le trácht, i gcomparáid le 19 atá fostaithe le plé le drugaí.
Is spéisiúil freisin, sa tuarascáil is déanaí ar chúrsaí drugaí ó Rannóg Stáit Stát Aontaithe Mheiriceá, go gcáintear údaráis na tíre seo as gan a bheith ag déanamh dóthain leis an chósta a chosaint ó dhrugaí ag teacht isteach sa tír. Anuas air sin, deir an tuarascáil nach bhfuil an tAcht Ceartais Choiriúil, 1999 á chur i bhfeidhm i gceart. De réir an Achta seo, caithfear deich mbliana príosúnachta a ghearradh ar aon duine a chúisítear le luach breis agus €10,000 drugaí ina sheilbh. Ach sa chéad leath de 2000, bhí sé chás a chuaigh os comhair na cúirte inar chóir go dtabharfaí ar a laghad an téarma éigeantach deich mbliana príosúnachta, ach nár tugadh.
Agus flúirse cócaoin ar an margadh, tá fianaise ann go bhfuil méadú ag teacht arís ar sholáthar hearóine an domhain ó chuir an tIarthar Comhghuaillíocht an Tuaiscirt i gcumhacht san Afganastáin. Thóg sé tamall an-fhada ar údaráis an stáit seo dul i ngleic i gceart leis an léirscrios a rinne an druga héaróin anseo sna hochtóidí. Muna ngníomhaíonn údaráis an stáit go tapa anois, beidh cath dhá oiread níos deacra acu, cath nach bhfuil aon chinnteacht ann go mbuafaidh siad é.
As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag d’fhoilseacháin éagsúla.