Measann Tom Deignan go bhfuil íoróin ag baint leis an dóigh a bhfuil an sceimhlitheoireacht ag bagairt ar chlár bliantúil a thugann páistí ó Thuaisceart Éireann trasna go Meiriceá ar saoire chun faoiseamh a thabhairt dóibh ón fhoréigean sa bhaile.
D’fhás Ciara Walsh aníos i mBéal Feirste, mar sin tuigeann sí cad é atá i gceist le bheith i do chónaí i gcathair ina bhfuil teannas. Le roinnt blianta anuas anois, éalú ón sceimhlitheoireacht atá sna samhraí atá caite ag Walsh i Nua-Eabhrac le Jack agus Anne Monahan ó New Dorp. Anois, tá cúrsaí athraithe. Is cathair thar a bheith neirbhíseach í Nua-Eabhrac faoi láthair de bharr na bhfoláireamh faoin sceimhlitheoireacht.
Ar ndóigh, tá iarracht déanta ag an Mhéara Mike Bloomberg agus ag ceannairí eile polaitiúla daoine a chur ar a suaimhneas. Is mian leo go leanfadh bunadh na cathrach orthu ag freastal ar a gcúraimí laethúla, agus teastaíonn uathu go leanfadh turasóirí orthu ag teacht chun na cathrach. Ach níl mórán ráite go dtí seo faoi chláracha mar The Irish Political Prisoners’ Children’s Holiday (IPPCH), a thugann páistí ó cheantair i mBéal Feirste ina bhfuil leibhéal ard foréigin go cathair Nua-Eabhrac. Chíonn siad sin atá bainteach leis an chlár seo an íoróin atá ag baint leis an dóigh a bhfuil áit atá in ainm is faoiseamh a thabhairt ón sceimhlitheoireacht faoi bhagairt anois í féin ag foréigean den chineál céanna.
Deir go leor daoine atá ag obair leis an IPPCH go mbeidh an samhradh seo rud beag difriúil. “Faoi láthair níl mé róbhuartha faoin chogadh atá á bhagairt i gcoinne na hIaráice,” a dúirt Ciara Walsh óna teach cónaithe i mBéal Feirste. “Ach má théann cúrsaí chun donais, beidh imní orm a bheith i Nua-Eabhrac.”
Faoi láthair, cibé, tá Walsh ag súil go mór le cúpla seachtain a chaitheamh le muintir Monahan, a bhí i measc timpeall 300 aoi a bhí i láthair an mhí seo caite ag an 19ú dinnéar bliantúil a bhí ag IPPCH Staten Island. De réir Lou Cummiskey, Comhordaitheoir Réigiúnach/Ball de Bhord Náisiúnta an IPPCH, is iad an dinnéar agus an damhsa sin an príomhbhealach atá ag an IPPCH leis an $750 a bhailiú a bhíonn ag teastáil le gach páiste a thabhairt trasna go Meiriceá. Ach in ainneoin an rince, an spraoi agus an bhailiú airgid go léir a bhí i gceist ag an ócáid seo, agus a bheidh le fáil ag ócáidí eile de chuid an IPPCH a bheas ann roimh an samhradh, beidh an bhagairt ón sceimhlitheoireacht, atá ag méadú leis, ina ábhar gruama machnaimh. Tá Cummiskey, mar aon le go leor daoine eile, ag súil go dtiocfaidh maolú ar an bhagairt seo, sa dóigh is gur féidir leis an páistí ó Bhéal Feirste agus iad siúd atá ag tabhairt aire dóibh sult a bhaint as a n-am luachmhar le chéile.
“Tháinig gach páiste anseo a bhí in ainm is a theacht sa samhradh tar éis 11 Meán Fómhair,” a deir sé. Ach chuir sé in iúl gur dhiúltaigh máthair amháin a raibh a beirt iníonacha i Nua-Eabhrac in 2001 ligean dóibh teacht ar ais. Bhí imní uirthi go mbeadh an cineál céanna trioblóide ann is a bhíonn le fáil i mBéal Feirste de ghnáth.
“Le cúnamh Dé, beidh na bagairtí mar chuid den stair faoin am a thiocfaidh an samhradh,” a deir Cummiskey. “Is dócha nach mbeidh a fhios againn cén tionchar a bheas acu ar chinneadh na dteaghlach Éireannach a gcuid páistí a chur trasna an samhradh seo go dtí go bhfeicfidh muid cad é a tharlóidh san Iaráic, sin mar a tharlaíonn rud ar bith. Tá súil agam, má bhíonn cogadh ann, go mbeidh sé thart go han-sciobtha ar fad. I bhfad roimh theacht na bpáistí i mí an Mheithimh.”
Tá Cummiskey den tuairim go bhfuil an méid atá ráite ag an Mhéara Bloomberg an-chiallmhar ar fad. “Mar atá ráite go minic ag ár gceannairí sa rialtas, caithfidh muid leanúint orainn ag déanamh iarrachta ár saol a chaitheamh mar a dhéanann muid i gcónaí.”
Cinneadh
Tá baint ag Cummiskey leis an IPPCH le beagnach 20 bliain. “Chuaigh cairde liom isteach san IPPCH. D’iarr siad orm freastal ar an dinnéar bliantúil. Ba ag an damhsa sin a rinne mé féin agus mo bhean Pat cinneadh a bheith páirteach san eagraíocht tar éis pictiúirí a fheiceáil de na páistí ag caint le cuid de na hurraí. Cén fáth? Mheas muid, díreach, gur rud deas a bhí ann a leithéid a dhéanamh do na páistí,” a dúirt Cummiskey, a fhaigheann an-sásamh go fóill nuair a fheiceann sé an tslí a dtéann Nua-Eabhrac i bhfeidhm ar na páistí as Tuaisceart Éireann. “Cuireann méid mór Nua-Eabhrac iontas an domhain ar na páistí. “Níl a leithéid de chathair acu in Éirinn,” a dúirt sé.
Dar le Ciara Walsh: “Ceann de na chéad rudaí a rith liom tar éis Nua-Eabhrac a bhaint amach ná go raibh sé ní ba ghlaine ná mar a mheas mé a bheadh sé! Tá a fhios agam nár cheart a leithéid a rá, ach mheas mé ó bheith ag féachaint ar an teilifís go raibh an chathair salach agus an-dainséarach. Chuir sé áthas orm nach raibh ceachtar den dá rud sin fíor. Bhí lúcháir orm fosta nuair a fuair mé amach go raibh na páistí ansin a bhí ar comhaois liom féin an-chairdiúil. Níl a fhios agam cad é a raibh mé ag súil leis ach bhí cúthaileacht orm agus mé ag bualadh leo. Ní raibh mé ach trí bliana déag nuair a chuaigh mé chuig muintir Monahan ar dtús agus is dócha gur aois dheacair í sin.
“Ní raibh mé buartha faoi bheith ag fanacht le teaghlach Meiriceánach mar go raibh a fhios agam go raibh siad bainteach leis an chlár le roinnt blianta sular shroich mise an áit agus mheas mé go mbeadh tuiscint mhaith acu ar na cúrsaí seo.”
Ba mhór an trua dá ndéanfadh bagairtí na sceimhlitheoirí díobháil don obair atá déanta ag Walsh, Cummiskey, muintir Monahan, agus go leor daoine eile i Nua-Eabhrac a bhfuil dua caite acu leis an IPPCH.
Tá roinnt páistí tar éis fanacht le Cummiskey féin agus lena bhean Pat, duine a tháinig sé bliana as a chéile ina measc.
“Tugann muid ‘ár n-iníon uchtaithe’ uirthi,” a deir Cummiskey, a bhfuil ceathrar clainne agus seisear garpháistí aige, agus a bhfuil cónaí air i New Dorp Beach. “Tá sí pósta anois agus tá beirt pháistí dá cuid féin aici. Tá muid i dteagmháil le chéile go fóill.”
Is iad na caidrimh den chineál seo a fhásann idir daoine an chúis go bhféachann na rannpháirtithe ar chláracha an IPPCH mar rud atá an-tábhachtach. ("Bíonn cuid de mo chairde ag magadh fúm,” a admhaíonn Ciara Walsh, “mar go dtugaim ‘mo theaghlach i Meiriceá’ ar mhuintir Monahan.") Ag féachaint siar ar a céad tréimhse i Meiriceá, dúirt Walsh: “Den chuid is mó, níor labhair daoine linn faoi chúrsaí in Éirinn, rud a bhí go maith, mar go dtéann páistí ansin le héalú ó gach rud agus le dearmad a dhéanamh ar na fadhbanna sa bhaile.” Tá gach duine ag súil gur mar sin a leanfaidh cúrsaí.
Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an *Irish Voice i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é.*