San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Pól Ó Frighil, An Gaeláras, Doire.
- Cén ról atá agat féin sa Ghaeláras agus cén fhad atá tú sa phost?
Ceapadh mé i mí na Samhna 2002 mar Bhainisteoir Scéime le Scéim Tógála Caipitiúla a fhorbairt a bhfuil “Lárionad Teanga, Ealaíon, Cultúr agus Gnó” mar chuspóir aici. Roimhe sin, bhí mé ag obair mar Oifigeach Forbartha ag an Ghaeláras, ó bhí 1999 ann, ar thionscadal a raibh sé mar aidhm aige áiseanna agus seirbhísí ríomh-éascaithe a chur ar fáil do phobal na Gaeilge i nDoire, trí theanglann agus ríomharlann a bhunú sa Ghaeláras.
- Cén uair a bunaíodh An Gaeláras agus cé a bhunaigh é?
D’fhás An Gaeláras ó Chraobh Cholm Cille de Chonradh na Gaeilge. Bhunaigh grúpa gníomhaithe teanga an chraobh seo sa bhliain 1983 leis an Ghaeilge a chur chun cinn i measc phobal Dhoire agus leis an ráchairt a bhí ann ag an am ar ranganna Gaeilge a shásamh. Rinneadh comhlacht teoranta den Ghaeláras sa bhliain 1999 nuair a ceapadh Gearóid Ó hEára mar Stiúrthóir ar an ghrúpa. Rinneadh athstruchtúrú ar an eagraíocht agus tá líon na n-oibrithe agus réimse na seirbhísí Gaeilge i ndiaidh fás ó shin.
- Cén fáth ar bunaíodh é?
Bunaíodh An Gaeláras chun lárphointe teagmhála Gaeilge a chur ar bun do phobal an Iarthuaiscirt. Cuireadh clár oideachais Ghaeilge le chéile faoi stiúir Choláiste an Phobail, a reáchtálann ranganna Gaeilge ag gach leibhéal don phobal, agus atá ag dul ó neart go neart. Mar chuid dár soláthar seirbhísí, osclaíodh siopa leabhar Gaeilge, teanglann agus ríomharlann (ina reáchtáiltear cúrsaí i dTeicneolaíocht an Eolais trí Ghaeilge) agus cuireadh tús le tionscadail forbartha Ghaeilge, le stocaireacht teanga a dhéanamh agus pleanáil straitéiseach don Ghaeilge agus do phobal na Gaeilge. Chuir muid suíomh gréasáin ar bun agus thug muid polasaí “rochtain oscailte” isteach don phobal áitiúil.
- Cén obair a dhéanann An Gaeláras anois?
Is cloch choirnéil é An Gaeláras do phobal na Gaeilge san Iarthuaisceart. Tá sraith tionscadal ag feidhmiú faoi scáth na heagraíochta. Tá Coláiste an Phobail ag reáchtáil ranganna Gaeilge ar bhonn laethúil do 75 mac léinn ó cheantar Dhoire. Tá ár dtionscnamh Oideachais Ealaíon, Bláthanna, ag eagrú cúig fhéile in aghaidh na bliana agus ag cur cultúir agus teanga i láthair an phobail. Tá scéim dhátheangachais, Doire le Dúchas agus í lonnaithe sa Ghaeláras, ag gaelú chathair Dhoire le comharthaíocht dhátheangach sráide agus tráchta; tá 105 comhartha le feiceáil ar ár sráideanna dá bharr. Tá siopa leabhar agus ceardaíochta - Ogmios - ag soláthar áiseanna do scoileanna agus do chliaint ar fud fad na tíre agus tá tionscadal ceannródaíoch, Gairm, ag freastal ar riachtanais oiliúna gairmiúla phobal na Gaeilge agus ag cur na Gaeilge chun cinn sa áit oibre. Tá bácús agus caife dátheangach oscailte le dhá bhliain anuas a thugann deis d’fhoglaimeoirí agus do dhaoine a bhfuil suim acu sa teanga bualadh isteach agus atmaisféar lán-Ghaeilge a bhlaiseadh. Tá An Gaeláras ag pleanáil athstruchtúrú agus tá muid chun ár soláthar seirbhísí a leathnú arís. Tá sé i gceist againn Cultúrlann a bhunú i lár chathair Dhoire a bheas mar Lárionad Teanga, Ealaíon, Cultúr agus Gnó agus a bheas mar shaineiseamláir do ghníomhaithe Gaeilge fud fad an oileáin. I rith an bliana seo caite, bhí sé le feiceáil gur tháinig méadú mór ar thionscadail, líon foirne agus imeachtaí an Ghaelárais. Tá forbairt eacnamaíoch ár n-eagraíochta ag leanstan ar aghaidh go tapa agus scéimeanna úra agus fiontair ghnó á dtosú.
- Cén maoiniú a fhaigheann sibh ón stát gach bliain? An leor é mar dheontas?
Faigheann An Gaeláras tacaíocht go príomha ó Fhoras na Gaeilge, ó Chomhairle Chathair Dhoire agus ón Oifig Forbartha Áitiúil (DSD). Ba dheas, cinnte, dá mbeadh méadú ar mhéid na ndeontas seo ach tá muid buíoch as an tacaíocht atá á fáil againn ónár n-urraí.
- Cén fáth a bhfuil an t-airgead seo tuillte ag an Ghaeláras?
Feidhmíonn An Gaeláras ag leibhéal an phobail, ar mhaithe leis an phobal agus, mar sin, is airgead é an maoiniú a fhaigheann muid a théann go díreach le leas an phobail a dhéanamh. Is iad na struchtúir atá á gcruthú againne anois a bheas mar dhúshraith d’fhorbairt na Gaeilge sa todhchaí. Inár dtuairim féin, tá muidne ag déanamh obair mhór leis an teanga seo a chaomhnú ar dhóigh straitéiseach agus tá gnéithe láidre trasteorann agus trasphobail le feiceáil inár gcuid gníomhaíochtaí.
- Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an ionad agus leis an eagraíocht?
Is iad na laigí atá ag baint linn ná na dúshláin a gcaithfidh gach eagraíocht Ghaeilge déileáil leo ó thaobh stádas mionlach na teanga de ach, níos mó ná sin, tá an dúshlán níos géire agus níos deacra do ghníomhaithe Gaeilge sa Tuaisceart. Oibríonn muid in ainneoin na gclaontachtaí atá inár n-éadan agus in éadan na teanga, agus tá muid gníomhach in obair thrasphobail chun dearcadh daoine a athrú agus chun rannpháirtíocht an phobail iomláin a éascú.
Tá muid láidir ionainn féin. Tá foireann éifeachtach gníomhach anseo a bhfuil fréamhacha láidre acu sa phobal.
- Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag an Ghaeláras faoi cheann cúig bliana.
Inmharthanacht eacnamaíoch agus shóisialta. Cur i ngníomh bheartais, mholtaí agus threoir Chomhaontú Aoine an Chéasta agus na gCairteanna Eorpacha. Ár n-ionad nua Teanga, Ealaíon, Cultúr agus Gnó a bheith beo bríomhar sa phobal chun riachtanais an phobail Ghaeilge a shásamh agus chun cur lenár n-aidhm cathair dhátheangach a dhéanamh de chathair Dhoire.
- Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge?
Go dtabharfaí aitheantas cuí don Ghaeilge agus go ndéanfaí cathair chultúrtha dhátheangach de Dhoire i rith ár saoil.
Tá tuilleadh eolais le fáil faoin Ghaeláras ag: www.gaelaras.ie