Tá an cláirseoir Cormac De Barra ag seinm ceoil go proifisiúnta anois le trí bliana déag anuas. Labhair sé le hAntaine Ó Faracháin faoina chuid oibre sna meáin chumarsáide nuair a bhí sé óg agus faoin saghas saoil atá aige mar cheoltóir.
Antaine Ó Faracháin: Cé go bhfuil aithne agamsa ort mar cheoltóir, tá taithí agat freisin ar obair raidió agus ar an aisteoireacht, a Chormaic. Nach fíor dhom?
Cormac De Barra: Is fíor. Bhí baint ag mo mhuintir i gcónaí leis an raidió agus leis an teilifís toisc go raibh cónaí orthu cóngarach do RTÉ. Tharla lá amháin go raibh Seán Ó Grianna ar an nguthán ag lorg mo sheanathar chun dráma raidió a dhéanamh agus mise a d’fhreagair an guthán - bhíos tuairim is a cúig nó a sé. Agus sula raibh seans agam a rá leis, “Fan soicind, gheobhaidh mé duine éigin duit” ar seisean liom: “An mbeadh spéis agat a bheith ar mo chlár raidió liom?” B’in mar a fuaireas mo chéad éisteacht riamh! Dheineas dráma raidió.
AÓF: Bhí tú ar an teilifís chomh maith agus gan tú ach i do leaidín óg an t-am sin freisin, nach raibh? Inis dom faoi sin.
CDeB: Dheineamar an-chuid sceitseanna ar chlár d’fhoghlaimeoirí Gaeilge darbh ainm “Anois is Arís”. Bhíos i mo thaibhse agus bhíos i mo Dracula uair amháin agus bhíodh £20 á fháil agam agus gan mé ach ocht mbliana d’aois! Agus ba sinne na páistí ar an gclár “Dilín Ó Deamhas” agus ba í Mamó ar an gclár a sheinn agus a chan ar an gclár ár Mamó féinig. Dheineamar sé chlár sa ló. Sin sé amhrán. Mar sin d’fhoghlaimíomar na hamhráin “Láirín Ó Lúrtha”, “Dilín Ó Deamhas” féinig, “Trup, Trup, a Chapaillín”, agus mar sin de.
A: Inis dom faoi do chuid cláirseoireachta anois. Tá roinnt duaiseanna bainte agat, nach bhfuil?
CDeB: Thosaíos leis an bhFeis Cheoil i mBaile Átha Cliath agus chuaigh mé siar go Féile Uí Chearbhalláin i Ros Comáin ina dhiaidh sin. Cuireadh chuig an bhFeis Cheoil mé gach bliain. Slí an-mhaith é sin chun na néaróga a bhaint ó dhuine. Bhínn chomh neirbhíseach sin ar dtúis. Agus ansan, ar deireadh thiar, do bhuas an diabhal rud i 1989 agus ansan i 1990 dheineas Corn Uí Chearbhalláin!
AÓF: Agus an bhfuil aon chleas agat le fáil réidh leis na néaróga?
CDeB: An cleas is fearr, atá faighte amach agam, ná fios a bheith agat i do cheann féin go bhfuil pé port atá le seinnt agat ar eolas go maith agat.
AÓF: An fearr leat a bheith ag seinm le daoine eile?
CDeB: Ó thaobh na néaróga de is fusa go mór a bheith le beirt nó triúr eile ar an stáitse. Mé féin agus Anne Marie O’Farrell déanaimid an-chuid le chéile le dhá chláirseach, dhá chruit. Má theipeann nóta nó dhó ort, rud a tharlaíonn go minic dúinn go léir, má bhíonn duine éigin eile leat bhuel … agus a mhalairt má theipeann orthusan … Taca aigne níos mó a bhíonn ann. Tá sé chomh tábhachtach céanna a cheapadh go bhfuil an duine eile ann chun cabhrú leat.
AÓF: An bhfuil tú ag maireachtáil ar an gcláirseach go hiomlán anois nó an bhfuil post eile agat, “post ceart”?
CDeB: Bhí post agam sa teilifís. Dheineas mo chéim sna meáin chumarsáide. Chaitheas cúpla bliain leis sin agus ansan fuaireas seans a bheith ag obair le Hazel O’Connor, an t-amhránaí punk. Táimid ag dul ar chamchuairt timpeall Shasana i gceann cúpla seachtain. Dheineamar deich lá ag an bhFéile Imeallach i nDún Éideann. Bhuaileas léi deich mbliana ó shin agus mé ag obair le Micheal Scott ar dhráma de chuid W B Yeats.
AÓF: Cathain a thosaigh tú ag seinm na cláirsí go proifisiúnta? An bhfuil sé éasca slí bheatha a bhaint amach sa cheol agus ar an gcláirseach amháin?
CDeB: Thosaíos i 1990. Bíonn ort a bheith ag múineadh chomh maith le bheith ag seinnt, is dóigh liom, chun slí bheatha a thuilleamh as.
AÓF: Inis dom faoi na háiteanna ar sheinn tú iontu. Bhí tú sa tSeapáin agus sa Spáinn cúpla bliain ó shin, nach raibh?
CDeB: I 1990 chaitheas sé mhí in Osaka. Bhí taispeántas mór ar siúl ag timpeall 79 dtír ar fad. Bhíos ann ag seinnt ceithre huaire sa ló, seachtain lá na seachtaine, ar feadh sé mhí nach mór! Bhí spórt agam ach bhí sé dian. An rud ab fhearr ná gur thugadar go Tóiceo mé chun seinnt don Impire agus don Bhanimpire sa phálás! Bhíos chomh neirbhíseach sin ina dhiaidh! Bhíos dírithe ar an ábhar a bhí romham ach ní fhéadfainn ithe i gceart ar feadh trí lá. Bhuail sé mé ina dhiaidh! Dhá bhliain ina dhiaidh sin bhí EXPO mór eile ann sa Spáinn. Is cuimhin liom lá amháin go ndúradar liom go raibh an bhanríon ag teacht. “Nílim chun seinnt di siúd!” a dúirt mé. “Ní hea” a dúirt siad “Banríon na Spáinne!” Sheinn mé di siúd go deimhin!
AÓF: An dtugann tú ceadail aonair in Éirinn?
CDeB: I mbliana beidh mé féin agus Anne-Marie O’Farrell ag seinnt sa Cheoláras Náisiúnta le linn na Féile Pádraig, ar an Satharn, 15 Márta.
AÓF: Bíonn tú ag seinm in éindí le hAnne-Marie O’Farrell go minic agus tá sí ar an dlúthdhiosca leat. Inis dom fúithi sin.
CDeB: Chuamar go Páras le chéile anuraidh agus chuamar go hAmstardam blianta ó shin mar chuid de Shiopóisiam Eorpach na gCruitirí. Tá *repertoire *Gaelach, barócach agus clasaiceach againn le chéile, meascán. Agus táimid ar tí taifeadadh ceart a dhéanamh le chéile ar deireadh thiar thall, an bheirt againn, tar éis deich mbliana agus níos mó ag gabháilt de stuif le chéile!
AÓF: Céard eile atá amach romhat anois nó an bhfuil aon tionscadal spéisiúil eile idir lámha agat faoi láthair?
CDeB: Beidh mé ag obair le Brian Kennedy sa BBC i mBéal Feirste go gairid, istoíche amárach, ar amhrán nó dhó don tsraith atá aige siúd faoi chúrsaí ceoil. “Lakes of Coolfin” ceann de na hamhráin atá i gceist agus beidh mé dhá thionlacan.
AÓF: An bhfuil tú i ngrá?
CDeB: Níl faoi láthair! Bím ag taisteal chomh minic san. Ní mhaireann faic i bhfad! Táim den tuairim anois go gcaithfidh mé socrú síos sa bhaile sula socraím síos in aon slí eile. Beidh mé siúlach scéalach an fhad is a oireann sé dom. Má éirím bréan de sin, chífimid! Tabharfaidh mé freagra eile ar do cheist ansan, b’fhéidir!
AÓF: An mbíonn tú cantalach riamh?
CDeB: Is deacair cur as dom ach nuair a tharlaíonn sé, fan amach uaim.
AÓF: Cén ceoltóir is fearr leat ar an domhan?
CDeB: Ana-cheist! Faoi láthair, Máirtín O’Connor. Is aoibhinn liom an t-anam atá ina chuid seanma. Ach ó thaobh na gcruitirí de, Máire Ní Chathasaigh.
AÓF: An mbíonn am ar bith ann nuair nach maith leat bheith ag seinm?
CDeB: Bíonn. Is annamh é. De ghnáth ar maidin! Ach is aoibhinn liom a bheith ag seinnt tar éis meán oíche agus bíonn na comharsana béal dorais ag gearán. Nuair a thagann an cnag ar an doras is ansan a bhím cantalach!
AÓF: Cén chomhairle a chuirfeá ar cheoltóir óg?
CDeB: Gan éirí as, is cuma cad a tharlaíonn, más aoibhinn leat a bheith ag seinnt.
Tá an dlúthdhiosca Barcó le Cormac De Barra ar fáil ó Cheirníní Cladaigh agus Celtic Note i mBaile Átha Cliath. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gceol, téigh chuig: www.cormacdebarra.com
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Cormac ag: cormacdebarra@hotmail.com
Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.