CÚINNE NA nEALAÍON
Mundy: meáite ar cheol a dhéanamh
Eva Stack Eva Stack Eva Stack

Tá dhá ainmniúchán faighte ag an amhránaí Mundy i nGradaim Cheoil Meteor na bliana seo. Féachann Eva Stack siar ar shaol an cheoltóra seo nár chaill dóchas, fiú tar éis do Sony deireadh a chur lena chonradh agus é ag obair ar a dhara halbam.

Íomhá
Íomhá

Is as Biorra, Co. Uíbh Fháilí é Mundy. Bhain sé cáil idirnáisiúnta amach i 1996 nuair a bhí amhrán dá chuid, “To You I Bestow” óna chéad albam, Jellylegs, ar fhuaimrian scannán Baz Luhrman Romeo *+ *Juliet. Dhíol sé 50,000 cóip den dlúthdhiosca áirithe sin ar fud na cruinne agus díoladh 11 milliún cóip den albam Romeo + Juliet. Agus ní raibh sé ach fiche bliain d’aois ag an am sin! Tá dhá albam eisithe aige go dtí seo agus tá sé ar dhuine de na ceoltóirí neamhspleácha is fearr a bhfuil ag éirí leis in Éirinn na laethanta seo.

Ba é Mundy duine de na *buskers *a bhíodh ag seinm ar Shráid Grafton i mBaile Átha Cliath ag tús na nóchaidí. Bíonn ceol beo le cloisteáil i gcónaí ar an tsráid sin ach bhí dream ag seinm ann i 1992 a bheadh lárnach i saol ceoil na hÉireann deich mbliana ina dhiaidh sin. Tá sé deacair é seo a shamhlú anois ach bhíodh leithéidí Mundy, Glen Hansard ó The Frames, Mic Christopher ó The Mary Janes, Damien Dempsey, Nina Hynes, Paddy Casey agus daoine nach iad ag seinm ar Shráid Grafton ag an am.

Bhí an t-ádh ar Mundy. Fuair sé tairiscint ón gcomhlacht ceirníní ollmhór Sony tar éis dó a bheith ag seinm ag ceann d’oícheanta Dave Murphy do chumadóirí amhrán san International Bar i mBaile Átha Cliath. Ghlac sé leis an gconradh sin agus ba é Sony a d’eisigh a chéad albam. D’éirigh go maith leis an albam sin agus bhí sé in ann maireachtáil ar an airgead a shaothraigh sé as ar feadh cúpla bliain.

Agus é i mbun oibre ar an dara halbam, áfach, chuir Sony deireadh leis an gconradh. Níor chuir sé sin lagmhisneach ar Mundy, áfach, mar a tharlódh i gcás daoine eile. Chaith sé tamaill ag taisteal i Meiriceá Theas agus lean sé air ag scríobh. I rith an ama sin a chum sé na hamhráin a bheadh ar an albam *24 Star Hotel *ina dhiaidh sin. Bhí an-chuid éiginnteachta ina shaol le linn na tréimhse seo agus tá sé sin le cloisteáil sna hamhráin.

Tá tionchar na mbuskers le brath ar amhráin Mundy, amhráin atá binn, ceolmhar agus nach bhfuil ag brath go mór ar thionlacan láidir. Oibríonn siad fiú agus é ina aonar ag canadh lena ghiotár. Cé go mbíonn banna ar an stáitse leis de ghnáth is amhránaí aonair é i ndáiríre ag a bhfuil liricí an-phearsanta. Ag tagairt don am a chaith sé i Meiriceá Theas, mar shampla, canann sé: “If we go to Mexico will it get better … Promise me this will get better and it’ll heal in the bright weather”. Bíonn sé ag canadh faoi rudaí dáiríre agus faoi thubaistí a bhain dó, ach fós féin éiríonn leis a bheith dearfach agus ceol a chur ar fáil a thógann an croí.

Dhá bhliain

*22 Star Hotel *an t-ainm a bhí ar dtús ar an albam is deireanaí uaidh, mar gheall ar é a bheith an aois sin nuair a thosaigh sé ag obair air. Faoin am a bhí an dlúthdhiosca críochnaithe aige, áfach, bhí sé ceithre bliana is fiche d’aois, mar sin chinn sé ar an teideal a athrú. Dhá bhliain tar éis dó an t-albam a chríochnú bhí sé fós ina luí i dtarraiceán sa mbaile aige de bharr nach raibh sé in ann tacaíocht airgid a fháil ó éinne. Ansin a shocraigh sé a chomhlacht ceirníní féin, camcor (sin ainm na habhann i mBiorra), a bhunú. Chuir sé an t-albam *24 Star Hotel *amach é féin i mí Aibreáin 2002, sé bliana tar éis a chéad iarrachta.

Tá ag dul ó neart go neart ó shin. Bíonn sé ag seinm thar lear go leanúnach sa Ghearmáin, sa Fhrainc, sna Stáit Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe. Tá sé ag brath *24 Star Hotel *a eisiúint san Astráil gan mhoill agus tá súil aige go mbeidh sé ar fáil in áiteanna eile ina dhiaidh sin. Is féidir leis an Olympia i mBaile Átha Cliath a líonadh gan fadhb ar bith, mar a rinne sé aimsir na Nollag, agus cloistear a chuid amhrán go minic ar an raidió. Deir sé féin: “Is éard is gá a dhéanamh ná tréad a fháil a bheas sásta innilt ar do chuid féir. Nuair a éiríonn leat é sin a fháil, bíonn sé éasca ceirníní a chur amach, ceapaim!”

sraith nua teilifíse faoin gceol comhaimseartha Éireannach, “Other Voices: Songs From a Room” á craoladh ar RTÉ ó bhí 25 Feabhra ann. Rinneadh taifeadadh ar na cláracha thíos sa Daingean i gContae Chiarraí agus is é Glen Hansard ó The Frames, seanchara le Mundy, atá á chur i láthair gach seachtain. Beidh Mundy féin le feiceáil air amach anseo.

Chomh maith leis sin beidh na Gradaim Ceoil Meteor á mbronnadh ar an 3 Márta. Tá Mundy ainmnithe le haghaidh dhá cheann de na gradaim seo: an tAmhránaí Fir Éireannach is Fearr agus an tAlbam Éireannach is Fearr (24 Star Hotel). Agus mé ag caint leis an bhfear féin le déanaí dúirt sé go raibh sé sásta an cineál seo aitheantais a fháil. “Spreagann sé thú agus cuireann sé fuinneamh breise ionat,” a dúirt sé.

Agus é ag caint faoi staid an cheoil Éireannaigh faoi láthair, bhí an méid seo le rá ag Mundy: “Ceapaim go bhfuil an *scene *ceoil in Éirinn go han-mhaith anois ó thaobh an ghnó de. Ní féidir le rud ar bith na hÉireannaigh a stopadh ó bheith ag déanamh ceoil agus ceirníní. Tá sé inár gcuid fola agus inár gcroí - an áit ar cheart dó a bheith.”

Tá níos mó eolais le fáil faoi Mundy ag www.mundy.ie

Is as Baile Átha Cliath í Eva Stack. Tá sí ag obair le Glór na nGael sa chathair sin agus bíonn clár roc-cheoil as Gaeilge aici ar an stáisiún áitiúil Spin FM (103.8 FM) gach Domhnach idir 5.45 - 6.45 p.m.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.