AR NA SAOLTA SEO/SEAL LE LIZ
Ag maireachtáil faoi scáth na himní agus na heagla
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

In ainneoin na bhfadhbanna ar fad atá ag Béal Feirste, braitheann Liz Curtis níos sábháilte ansin faoi láthair ná i Londain.

Íomhá
Ar an mhórshiúl síochána i mBéal Feirste, 15 Feabhra
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Ar an mhórshiúl síochána i mBéal Feirste, 15 Feabhra
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Caoimhe Butterly ag caint sa Chultúrlann i mBéal Feirste faoi chruachás na bPalaistíneach
Grianghraf: Liz Curtis

Agus mé ag fanacht sa seomra imeachta ag Aerfort Heathrow i Londain ar na mallaibh, ar mo bhealach ar ais go Béal Feirste, chuala mé fear ag caint ar a ghuthán soghluaiste agus é an-tógtha.

“Chonaic mé a lán tancanna agus saighdiúirí,” a dúirt sé. “Bhí siad achan áit.”

Shíl mé gur duine de chuid na meán a bhí ann, agus é ag caint faoi *coup-d’état *thar sáile, nó rud éigin mar sin. Ach ar an nuacht teilifíse níos moille, dúradh gur Heathrow féin a bhí i gceist, agus na húdárais ag súil le hionsaí sceimhlitheoireachta ar eitleán.

Ní nach hionadh go bhfuil muintir Londan an-bhuartha. I ndiaidh cúpla lá ansin, bhí mé sásta teacht ar ais go Béal Feirste. Tá foláirimh bhréige faoi bhuamaí againne go fóill anseo, ionsaithe le buamaí píoba agus ionsaithe lámhaigh pionóis. Ach in ainneoin sin go léir, cuireann an t-atmaisféar thall i bhfad níos mó imní orm.

Dúradh go bhfuil daoine i Londain ag bailiú buidéal uisce mar go bhfuil siad buartha go gcuirfidh míleataigh Ioslamacha nimh sa soláthar uisce. Agus cad é a d’fhéadfadh sceimhlitheoirí a dhéanamh leis na traenacha faoin talamh, atá contúirteach go leor cheana féin?

Is í an mhórimní sin cuid den fáth, dar liom, a raibh níos mó ná milliún duine amuigh ar shráideanna Londan ar an 15 Feabhra. Ní hamháin nár mhaith leo go rachadh a rialtas i mbun cogaíochta gan cúis cheart, ach níl siad ag iarraidh maireachtáil faoi scáth na himní agus na heagla. Tuigtear go forleathan go bhfuil na míleataigh Ioslamacha i bhfad níos contúirtí ná na Poblachtánaigh Éireannacha, mar is cuma leo má bhfaigheann siad féin bás nó má mharaíonn siad sibhialtaigh.

Scata breá

Tháinig scata breá amach ar an mhórshiúl i mBéal Feirste ar an 15 Feabhra fosta. Bhí An Ascaill Ríoga dubh le daoine - dúirt na nuachtáin go raibh 15,000 nó níos mó i láthair. Sin líon an-mhór in áit chomh bheag, ina bhfuil dearcadh chomh hinbhreathnaitheach sin.

Bhí a lán mac léinn ar an mhórshiúl, agus daoine as ceantracha éagsúla sa chathair, agus níos faide ar shiúl. Tháinig grúpa ó Dhoire a rinne “mórshiúl ar son na síochána” go Béal Feirste, a ghlac ceithre lá.

De ghnáth baineann mórshiúlta sa chathair le taobh amháin nó taobh eile den phobal - fir bhuí nó poblachtánaigh - agus siúlann na rannpháirtithe i línte fada. Bíonn gnáth-mhórshiúl trasphobail amháin ann gach bliain, ar Lá Bealtaine, lá idirnáisiúnta na n-oibrithe, ach ní thagann ach scata beag amach.

Bhí an seanfheachtasóir Éamonn McCann i measc na gcainteoirí ar an ardán. Chuir sé daoine ag bualadh bos agus ag gáire nuair a dúirt sé: “Bush and Blair can say what they want, but Ulster says ‘No’!”

Dúirt sé gurbh í seo an agóid ab fhearr a chonaic sé riamh i mBéal Feirste, mar bhain sí leis an domhan mór taobh amuigh, agus seans go dtiocfadh rud iontach maith ar ais as “to our wee patch here”.

Roimh an mhórshiúl, bhí an scannán *Bowling for Columbine *ar siúl i bPictiúrlann na Ríona, nó an QFT mar a thugtar uirthi, ar feadh roinnt seachtainí.. Chuaigh a lán daoine ann le hé a fheiceáil. Is rud neamhchoitianta é sin fosta, mar de ghnáth ní théann mórán daoine go dtí an QFT, cé gur pictiúrlann an-mhaith atá inti.

Shíl mé gurbh é *Bowling For Columbine *an scannán polaitiúil is fearr a chonaic mé le fada an lá. Muna bhfaca tú é, molaim duit é a fheiceáil. Is é Michael Moore, a scríobh an leabhar clúiteach *Stupid White Man *faoi George Bush, nach bhfuil léite agam go fóill, a stiúraigh an scannán.

Is é Columbine ainm na scoile i gColorado inar scaoileadh chun báis dhá dhalta dhéag agus múinteoir sa bhliain 1999. Cuireann an scannán síos ar chultúr na ngunnaí sna Stáit Aontaithe, agus an dóigh ina maireann daoine faoi scáth na himní agus na heagla an t-am ar fad.

Scrúdaítear an nasc idir cultúr na ngunnaí agus gnéithe eile den tsochaí, mar an t-impiriúlachas agus an ciníochas, agus easpa córais mhaith leasa shóisialaigh. Cé go bhfuil ábhar an-dáiríre sa scannán, tá sé bríomhar greannmhar fosta.

An fhadhb lárnach

Agus an rírá agus ruaille buaille uilig ar siúl faoin Iaráic, tá dearmad á dhéanamh ar an fhadhb lárnach sa Mheánoirthear: Stát Iosrael. Sin tír nach dtugann aird ar bith ar rúin na Náisiún Aontaithe, nó ar chearta daonna na bPalaistíneach. Tá roinnt mhaith arm ollscriosta ag Iosrael fosta.

Ach maireann Iosrael faoi chosaint na Stát Aontaithe agus le hairm agus airgead uathu. Ní bhíonn George Bush ná Tony Blair ag tabhairt amach fúthu - rud a thaispeánann cé chomh fimíneach is atá siad agus iad ag cáineadh an deachtóra Saddam Hussein.

Tháinig Caoimhe Butterly, a chaith tamall maith i gceantar Palaistíneach, go Béal Feirste ar na mallaibh. Bhí sí ag tabhairt cuidithe do dhaoine ansin, agus iad faoi ionsaí ag fórsaí armtha Iosrael.

Thug Caoimhe caint sa Chultúrlann ar Bhóthar na bhFál, agus bhí an amharclann ansin plódaithe. Chuir sí i gcuimhne dúinn cé chomh huafásach is atá fulaingt na bPalaistíneach, agus iad tréigthe ag an phobal idirnáisiúnta.

“Tá Iosrael i mbun córais cinedheighilte an-bhrúidiúil,” arsa Caoimhe. “Caithfidh daoine san iarthar rud inteacht a dhéanamh faoi go práinneach.”

Luaigh sí íomhá thréan a d’úsáid cailín Palaistíneach a casadh uirthi, agus í ag caint faoi dhearcadh a pobail:

“Is é an crann ológ siombail s’againne. Tá fréamhacha doimhne aige, agus tamhan láidir freisin. Síneann sé i dtreo an tsolais. Tá na torthaí searbh ach tá siad maith.”

Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.