AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Neamhaird an rialtais ar an bpobal
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Tá go leor de phobal na hAstráile i gcoinne ionsaí a dhéanamh ar an Iaráic ach is beag aird atá ag an rialtas orthu, a deir Dáithí Ó Colchúin.

Íomhá
An léirsiú mór i Melbourne, 14 Feabhra, ar ghlac suas le 150,000 duine páirt ann
Íomhá
Cuid de na léirseoirí a bhí páirteach i mórshiúl Sydney

Tar éis an mhéid atá ráite ag an rialtas faoi na cúiseanna atá acu le cogadh a throid in aghaidh na hIaráice, bhí deis ag an bpobal a dtuairim féin a thabhairt i lár mhí Feabhra agus ní raibh drogall ar bith orthu an deis a thapú. I léirsithe ar fud na tíre, dúirt an pobal os ard nach raibh muinín ar bith acu i bpolasaí an rialtais.

Bhí 50,000 páirteach i mBrisbane, 150,000 i Melbourne, 250,000 i Sydney agus na mílte eile i gcathracha eile - breis is 500,000 ar fad. Ba iad seo na léirsithe ba mhó san Astráil ó aimsir an chogaidh i Vítneam i dtús na seachtóidí.

B’fhéidir gurbh é an rud ba mhó a chuir iontas ar dhaoine ná go raibh formhór na sluaite a bhí ag máirseáil i gcoinne na cogaíochta, cuma an raibh údarás na Náisiún Aontaithe ag baint leis nó nach raibh. Fuair Simon Crean, ceannaire an fhreasúra, é sin amach nuair a labhair sé leis an slua i mBrisbane, daoine nach raibh mórán measa acu ar pholasaí an Lucht Oibre - go mbeadh cogadh ceart go leor dá mbeadh na Náisiúin Aontaithe ag tacú leis.

Dúirt iarcheannaire airm amháin go gcuirfeadh sé imní air go raibh an oiread sin daoine i gcoinne an chogaidh cé nár thosaigh sé fós. Níor tháinig fuadar ceart faoin bhfeachtas i gcoinne an chogaidh i Vítneam go dtí roinnt blianta tar éis don troid tosú. Níl dearmad déanta fós ag lucht an airm ar an tarcaisne agus an masla a tugadh do chuid mhaith acu nuair d’fhill siad ón gcogadh sin, cogadh nach raibh tacaíocht an phobail aige.

Maidir leis an rialtas, lig siad orthu nach raibh mórán suime acu i dtuairimí na sluaite agus nach mbeadh tionchar dá laghad ag an líon daoine a bhí i láthair ar dhearcadh an rialtais. Pé cinneadh a bhí le déanamh ag an rialtas, dhéanfaí é ar mhaithe le “leas na tíre”. Dúirt John Howard nárbh eol dó go bhféadfaí tuairim an phobail a oibriú amach ó léirsithe den tsórt sin agus go raibh cuid mhaith den phobal a d’aontaigh leis féin ach nach rabhadar chomh glórach sin. Ach nuair a thug Bob Browne, ceannaire na nGlasach, dúshlán an rialtais reifreann a ghairm faoin gceist, ní raibh moill ar bith ar an rialtas a rá nach dtarlódh sé sin.

Is léir go bhfuil mífhoighid ag teacht ar Howard le daoine atá chomh hamaideach sin nach bhfuil siad ar aon intinn leis. Dúirt sé go bhfuil na daoine a bhí ag léirsiú ag tabhairt uchtaigh do Saddam Hussein agus nach bhfuil dabht ar domhan faoi sin. Ní rómhaith a thaithnigh an méid sin leis na daoine a bhí ag iarraidh ar an rialtas éisteacht leo.

Is beag nach gcuirfeadh Howard de Valera i gcuimhne dhuit - ní gá dó ach breathnú isteach ina chroí féin le meon na ndaoine a thuiscint.

Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.