Tá níos mó agus níos mó seandaoine i Meiriceá ag tabhairt aghaidhe ar phobail scoir dheisceart na tíre, ach tá míbhuntáistí ag baint leis an fheiniméan seo, dar le Mary Beth Taylor, a bhfuil cur amach aici ar cheann de na pobail seo, The Villages i Florida.
Mar Mheiriceánach i mo chónaí i mBaile Átha Cliath, níor ghlac sé i bhfad orm na difríochtaí éadoimhne idir an dá thír a thabhairt faoi deara. “What’s the craic?” in áit “What’s up?”; “lads,” ní “guys”; “brilliant” seachas “awesome”; agus an nós atá ag daoine a rá go nglaofaidh siad ort nuair atá sé i gceist acu teachtaireacht téacs a sheoladh chugat.
Tá cosúlachtaí go leor idir Éire agus na Stáit Aontaithe, go háirithe ó thaobh na teanga de (in ainneoin an bhéarlagair), ach feictear dom go bhfuil difríochtaí radaiceacha i gceist chomh maith, ar leibhéal níos doimhne cultúrtha.
Ní hionann an dá thír ó thaobh méid agus costais mhaireachtála de, rud a mhéadaíonn ar na difríochtaí idir an dá chultúr, go háirithe maidir le tábhacht an teaghlaigh. Feictear dom go bhfanann na teaghlaigh Éireannacha le chéile ar feadh tréimhsí níos faide, fiú tar éis do pháistí single aosacht a bhaint amach, de bharr go bhfuil tithe chomh daor sin, agus de bharr go bhfuil an tír chomh beag. Ní hionann an cás i Meiriceá, áit a mbítear ag súil le daoine óga bogadh amach as an bhaile nuair a bhíonn siad timpeall ocht mbliana déag, go háirithe más mian leo dul chun na hollscoile. Measaim go mbíonn ceangal níos dlúithe idir baill an teaghlaigh Éireannaigh, mar sin, agus nuair a bhogann na páistí fásta amach sa deireadh, tá claonadh acu fanacht gar do theach na dtuismitheoirí, agus an baile inar tógadh iad.
Ní hionann an cás sna Stáit Aontaithe, áit a bhfuil cultúr imirceach i gceist ó bunaíodh an tír. Taobh amuigh de na Bundúchasaigh, is inimircigh an chuid eile de dhaonra na tíre, nó sliocht inimirceach, nó sliocht na ndaoine a tugadh chun na tíre i gcoinne a dtola. Is as áit éigin eile, mar sin, formhór na Meiriceánach, agus tá áit lárnach ag na sinsir i bhfad siar i *psyche *mhuintir na tíre.
Ach, in ainneoin na béime láidre seo ar fhréamhacha cultúrtha, is náisiún gan fréamhacha é Meiriceá ar go leor slite. Bítear ag súil, beagnach, leis na baill éagsúla den teaghlach a bheith ina gcónaí i bhfad óna chéile. Ní fheictear go bhfuil aon rud aisteach faoin dóigh nach bhfeiceann na páistí fásta a dtuismitheoirí ach cúpla uair sa bhliain - ag Thanksgiving, an Nollaig, agus an Cháisc, go hiondúil. Is beag duine, de mo ghlúinse go háirithe, atá ag cur fúthu sa cheantar céanna inar tógadh iad, agus is lú duine arís atá ina chónaí sa cheantar inar rugadh a sheantuismitheoirí.
Pobail scoir
Gan amhras, is cinnte go gcuireann an tslí a bhfágann na daoine óga an baile ag lorg oideachais agus fostaíochta le timthriall seo an díláithriúcháin, agus ní eisceacht ar bith mé féin. Ach cuireann an ghlúin níos sine Meiriceánach leis an díláithriú seo fosta, go háirithe iad siúd a bhfuil baint acu le feiniméan sin na bpobal grianbhruite do lucht scoir, atá le fáil go forleathan i Meiriceá ach ar beag trácht atá orthu in Éirinn.
Is éard atá sna pobail do lucht scoir i Meiriceá ná “sráidbhailte” do dhaoine atá dulta anonn in aois, daoine as cúlra uas-mheánaicmeach nó ardaicmeach, de ghnáth. Níl cead ach ag daoine atá ar pinsean fanacht sna hollionaid seo, ionaid atá scartha amach ó ghnáthphobal na nglúnta difriúla, agus a bhfuil a bhformhór i réigiún Grianchreasa na Stát Aontaithe, ceantar ina bhfuil Florida, Arizona, agus Las Vegas, Nevada. Is minic a bhíonn na pobail seo in aice le trá nó le galfchúrsa agus, formhór na ndaoine a mhaireann iontu, is dream iad ó stáit eile a d’fhág a dteaghlach, a seanchairde agus an stíl mhaireachtála a bhí acu ar feadh blianta fada le cur fúthu ansin.
Cé go bhfuil tithe altranais do sheandaoine le fáil in Éirinn, agus grúpaí gníomhaíochtaí a dhéanann freastal ar riachtanais daoine níos sine, níl an bhéim chéanna ar phobail lánaimseartha cónaithe atá cruthaithe go speisialta do lucht scoir. Dealraíonn sé, ón mhéid atá feicthe agam, go bhfanann seandaoine in Éirinn sa phobal inar tógadh iad de ghnáth, gur nós leo cónaí ina mbaile féin nó le baill den teaghlach.
Tá The Villages i lár stát Florida ar cheann de na pobail do lucht scoir is mó a mheallann daoine sna Stáit Aontaithe agus is léiriú maith é ar an saghas áite a bhíonn i gceist sna pobail seo sa réigiún Grianchreasa. “An Baile is Cairdiúla do Lucht Scoir” an mana a úsáideann The Villages, agus cuirtear béim ann ar stíl mhaireachtála “gníomhach”. Meallann an áit lucht scoir níos óige - tá a bhformhór sna caogaidí nó sna seascaidí. Cé nach bhfuil The Villages in aice na farraige, níl cósta Florida ach níos lú ná dhá uair an chloig ón áit, agus tá an t-ionad breac le galfchúrsaí agus le linnte snámha. Is ó stáit eile formhór na ndaoine atá ag cur fúthu san áit, agus tagann daoine ó thíortha eile, fiú, le teacht i dtír ar na háiseanna agus ar an stíl mhaireachtála a chuireann The Villages ar fáil.
Cosnaíonn tithe The Villages idir $70,000 - $300,000, agus is é an cur síos a thugtar orthu ná “tithe íseal-chothabhála i stíl villa”, rud a thugann am breise do na háitritheoirí “sult a bhaint as stíl mhaireachtála The Villages.” Tá The Villages i seilbh teaghlaigh le daichead bliain anuas agus deirtear san ábhar bolscaireachta gur “pobal riartha” atá i gceist, a bhfuil sé mar sprioc aige cuidiú le daoine “an aisling atá acu maidir le stíl mhaireachtála thaitneamhach, ar phraghas réasúnta” a bhaint amach. Cuirtear breis is 400 caitheamh aimsire ar fáil, ina measc imeachtaí cultúrtha agus spóirt, rud a chiallaíonn go mbíonn atmaisféar ionaid saoire i gceist go leanúnach san áit.
Chomh maith leis na háiteanna cónaithe, tá réimse leathan eaglaisí, bialann, siopaí grósaera, agus siopaí ginearálta i The Villages chomh maith. Tá stáisiún teilifíse dá chuid féin ag an ollionad seo, mar aon le stáisiún raidió agus nuachtán. Tá a n-airgeadra féin acu, fiú amháin - “Village Dollars” - ach, gan amhras, glactar le gnáthairgeadra Mheiriceá sna gnólachtaí áitiúla chomh maith. Tá lár an bhaile, ar ceantar beag é, mar chroílár an phobail. D’fhéach lucht a fhorbartha le cearnóg baile mhóir seanfhaiseanta a athchruthú, sa dóigh is go mbraithfeadh muintir na háite go raibh siad ag maireachtáil i sráidbhaile beag ina raibh “stíl mhaireachtála níos simplí agus níos taitneamhaí” ná mar atá le fáil áiteanna eile.
Éalú
Gan amhras, cuireann timpeallacht mar seo ar chumas daoine atá éirithe as a bpost saol compordach a bheith acu agus éalú ó dhomhan mór an bhrú tráchta agus na drochaimsire. Cuireann pobail mar The Villages ar chumas daoine níos sine na blianta deireanacha dá saol a chaitheamh i dtimpeallacht réchúiseach, ina bhfuil an bhéim ar chaitheamh aimsire lánaimseartha. Is féidir le daoine a chaith blianta fada ag tógáil páistí tithe móra teaghlaigh a fhágáil ina ndiaidh, agus faoiseamh a fháil ó na costais arda chothabhála a bhaineann leo. De bharr chultúr imirceach na Stát Aontaithe, imíonn an chuid is mó den dream óg i bhfad ó bhaile, agus bogann go leor de chairde lucht pinsin go ceantar eile chomh maith; d’fhágfaí leo féin iad, mar sin, murach áiteanna mar The Villages. Sna pobail seo do lucht scoir, ar a laghad bíonn siad i gcuideachta daoine atá san aoisghrúpa céanna leo agus ón chineál céanna cúlra, iad go léir ag lorg cairde nua agus buaine éigin i mblianta deiridh a saoil.
In ainneoin na mbuntáistí seo, áfach, tá tionchar diúltach ag feiniméan na bpobal scoir seo ar chultúr Mheiriceá chomh maith. Déanann ollionaid mar The Villages, a bhfuil a bhformhór lonnaithe i ndeisceart na Stát Aontaithe ar fad, creimeadh ar an snaidhm idir baill éagsúla teaghlach agus nóisean an bhaile. Tá an t-achar idir baill na dteaghlach forleathnaithe sa tír ag fás leis, agus cinntíonn na háiteanna seo i bhfad ar shiúl, ina gcónaíonn tuismitheoirí agus seantuismitheoirí, nach mbeidh siad ina gcuid lárnach de shaol laethúil a bpáistí agus a ngarpháistí a thuilleadh.
Is féidir an argóint a chur chun cinn chomh maith go gcabhraíonn na pobail scoir seo, in ainneoin go bhféachann siad le stíl mhaireachtála thaitneamhach a chur ar fáil, le heaschoiteannú a dhéanamh ar na seandaoine sa tsochaí. De bharr go gcónaíonn daoine níos sine in ollionaid ina bhfuil cosc ar dhaoine nach bhfuil aois áirithe bainte amach acu, agus atá deighilte amach ón chuid eile den phobal, gona ghlúnta éagsúla, tagann laghdú ar an idirphlé idir an dá ghrúpa, agus méadaíonn ar an bhaol go dtarlóidh míthuiscintí idir an dá aoischultúr.
Gan dabht, is féidir le daoine a saol a chaitheamh mar is mian leo. Ach dealraíonn sé ó mhana The Villages, “An Baile is Cairdiúla i Florida do Lucht Scoir”, go bhfuil daoine de shíor ag iarraidh an baile foirfe a aimsiú, ag iarraidh an chuid dheireanach sin den bhrionglóid *clichéd *Mheiriceánach a bhaint amach. Ach cé go bhfuil cuma an-fhoirfe ar an socrú - is é sin, ag maireachtáil i réigiún na síorshaoire, i bhfad ó chúraimí teaghlaigh agus an chuid eile den domhan - b’fhéidir nach seo an rogha is fearr do Mheiriceá. Tá oiread Meiriceánach ann, idir shean agus óg, lena sloinnte dúbáilte, fleiscín-scartha, a bhíonn de shíor ag lorg a fréamhacha agus eolais faoina ngéaga ginealaigh - dealraíonn sé go mbíonn muid i gcónaí ag lorg fhreagra na ceiste sin, “Cé muid féin?”
Ach b’fhéidir go mbeadh sé níos fearr dá mbreathnódh muid isteach ionainn féin. B’fhéidir nár cheart dúinn bogadh trasna na tíre chun teacht ar an Phobal is Cairdiúla do Lucht Scoir is féidir le hairgead a cheannach, mar shampla, ach gur chóir dúinn smaoineamh ar céard go díreach atá i gceist le baile ceart: an teaghlach, cairde, cúlra, stair. Seans dá ndéanfadh muid an méid sin, go mbeadh barúil níos fearr againn cé muid féin, fiú sa náisiún seo ina bhfuil daoine chomh scaipthe sin, agus ina bhfuil na roghanna seo gan teorainn maidir le stíl mhaireachtála, roghanna a bhíonn go minic ina mbac ar dhaoine.
Is as Georgia ó dhúchas í Mary Beth Taylor. Fuair sí a gcuid oideachais in Ollscoil Georgia agus Ollscoil Oxford. Tá céim BA aici sa Bhéarla agus i Staidéar na mBan, agus tá sí ag déanamh cúrsa iarchéime sa Bhéarla sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath faoi láthair. Is de bhunadh Éireannach í.