CÚINNE NA nEALAÍON
Ealaín ón taobh amuigh
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Thug Ciara Nic Gabhann cuairt le déanaí ar thaispeántas in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA) i mBaile Átha Cliath le Corcaíoch nach dtugtar mar ainm air ach John. Tá blianta fada caite ag John in ospidéal meabhairghalair agus tá úire ag baint lena shaothar nach mbíonn le fáil chomh minic sin san ealaín.

Íomhá
Saothar de chuid John the Painter: Jet Plane, Blue, Red, Yellow, Green, Boxes, Arrows, on Grand Parade, Chinese Version, 1997
Íomhá
Flower Pots le John the Painter

Nuair a thagann muid ar an saol seo bíonn síol beag cruthaitheach ionainn ar fad. Is féidir le páistí óga iad féin a chur i iúl gan náireteorainn. Léiríonn siad a ndomhan go hoscailte agus le soineantacht.

Is minic, áfach, a chailleann muid an tsaoirse seo de réir mar a thagann muid i méadaíocht. Múnlaíonn an tsochaí thart timpeall orainn ár bhfuinneamh cruthaitheach, éiríonn muid cotúil agus cosantach maidir le muid féin a chur in iúl go pearsanta agus go macánta. Díríonn muid ár n-aird ar rudaí eile.

Tá dream inár measc, áfach, nach bhfuil aon mhúnlú déanta ar a spiorad cruthaitheach agus a dtagann a gcuid ealaíne ó fhoinse iomasach.

Deirtear go minic go bhfuil an ealaín chomhghnásach traochta agus marbhánta, i ndáiríre nach bhfuil mórán rudaí ann nár déanadh cheana féin. Cruthaíonn na healaíontóirí a oibríonn faoin ainm Outsider Art go bhfuil bealach eile ann.

Is ealaín í an Outsider Art a chruthaíonn dream atá ar imeall ár sochaí de bharr mhíbhuntáiste éigin, meabhairghalar nó mar go bhfuil siad difriúil. Is é an rud atá i gcoiteann acu ná nach bhfuil aon rud eile acu ina saol seachas an cíocras seo chun iad féin a chur in iúl trí mhéan na healaíne. Is minic nach mbíonn aon oiliúint fhoirmeálta ag na daoine seo agus is dá bharr seo go bhfuil an saothar a dhéanann siad chomh spreagúil agus gan mhóiréis.

Bhí an Francach Jean Dubuffet (1901-1985) ar dhuine de na chéad ealaíontóirí a thug tacaíocht agus aitheantas don chineál seo saothair. Chum sé an téarma Art Brut, ealaín amh, mar gur mhothaigh sé gur shaothar é a tháinig díreach ón tsícé agus nach raibh truaillithe ag gnáis an phobail.

Fuinneamh

Léiríonn saothar John the Painter, atá le feiceáil in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA) i mBaile Átha Cliath faoi láthair, fuinneamh atá gan srian agus lán spleodair. Tá suas le 35 píosa le feiceáil sa taispeántas, cuid acu déanta ar sheanbhráilliní nó ar ghiotaí cairtchláir. Léiríonn roinnt acu áiteanna stairiúla i gcathair Chorcaí (baile dúchais John) agus tá cuid eile acu bunaithe ar phatrúin shiméadracha.

Tá John faoi chúram na seirbhísí síciatracha ó a bhí na seascaidí ann agus is taobh amuigh den ghnáthshaol atá a thaithí phearsanta. Is beag oideachas foirmeálta a fuair sé ina óige agus ní bhfuair sé oiliúint sna meáin riamh. Tháinig deis chun cinn dó áit a thógáil i gceardlanna ealaíne a d’eagraigh an Cork Community Artslink agus is ón seans seo a fuair John the Painter a ghlór mar ealaíontóir.

Thug an próiseas cruthaitheach bealach do John le cur síos a dhéanamh ar na mothúcháin agus ar na smaointe a bhí aige. Tá a shaothar lán dathanna spleodracha agus is ceiliúradh é ar an saol seo. Tá go leor de na pictiúir dírbheathaisnéiseach, iad bunaithe ar chathairdhreach Chorcaí, áit ar oibrigh sé mar bhuachaill teachtaireachtaí sular cuireadh san ospidéal é. Tá comharthaí suntasacha ón chathair, ar nós Ardeaglais Naomh Fionnbarra nó dealbh an Athar Maitiú, le feiceáil ina chuid pictiúr agus iad ar fad tarraingthe óna chuimhne.

Is saothar pléascánta é seo atá neamheaglach agus amh. Tá sé déanta ar ábhair éagsúla, páipéar balla agus páipéar donn, cuir i gcás - ábhair athchúrsáilte a bhfuil beatha le brath iontu.

Ardaíonn an taispeántas ceisteanna faoi fhiúntas oiliúint fhoirmeálta sna healaíona agus cé acu a gcuireann a leithéid bac ar an phróiseas cruthaitheach. Spreagann sé dochas agus áthas gur osclaíodh doras do John mar seo.

Beidh an taispeántas John the Painter le feiceáil in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA), Baile Átha Cliath go dtí 8 Meitheamh 2003.

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.