AR NA SAOLTA SEO
Ré an aineolais
Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill

Tá sé in am ag an Rialtas an tAcht um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh níos cuimsithí, dar le hUinsionn Mac Dubhghaill, seachas a bheith ag iarraidh é a choilleadh.

Íomhá
An Taoiseach, Bertie Ahern
Íomhá
Cruinniú den chomh-aireacht, Meitheamh 2002

Nuair a bhí Binse Fiosrúcháin na Mairteola ina shuí aon bhliain déag ó shin dúirt a chathaoirleach, an Breitheamh Hamilton, nár ghá an fiosrúchán costasach sin a chur ar bun an chéad lá riamh. Dá mba rud é, a dúirt sé, gur thug airí rialtais freagraí oscailte macánta ar cheisteanna áirithe a cuireadh orthu sa Dáil bheadh an t-eolas ar fad againn.

Lean an binse fiosrúcháin sin ar aghaidh go mí an Mheithimh 1993. Níor foilsíodh Tuarascáil Hamilton go dtí Lúnasa 1994. An costas iomlán? £35 milliún, sa seanairgead Éireannach. Níl a fhios agam go cruinn cé mhéad euro a bheadh ann, dá ndéanfaí an tsuim sin a aistriú agus dá gcuirfí san áireamh an boilsciú sa chostas maireachtála ó 1994 i leith, ach ní shamhlóinn go mbeadh mórán soinseála agat as €60 milliún i dtéarmaí an lae inniu. Costas scairdeitleáin don Taoiseach, abair, nó cúpla céad leaba in ospidéil na tíre.

Is sna téarmaí airgeadais seo ba chóir breathnú ar phleananna an Rialtais chun an tAcht um Shaoráil Faisnéise a choilleadh. Faoi mar a sheasann sé i láthair na huaire, tiocfaidh foráil thábhachtach nua i bhfeidhm i rith mhí Aibreáin. Faoin bhforáil seo, beidh cead ag an bpobal teacht ar mheamraim rialtais agus ar cháipéisí eile a cuireadh faoi bhráid cruinnithe den chomhair-eacht, cúig bliana i ndiaidh na gcruinnithe sin. Tabharfaidh sé léargas nua dúinn ar chinntí conspóideacha a rinne an Rialtas.

Go praiticiúil, is éard a chiallaíonn sé ná go mbeidh muid in ann teacht ar na cáipéisí a bhí os comhair an Rialtais nuair a glacadh le Leabhar na Meastachán don bhliain 1999. Beidh an meamram rialtais a bhaineann leis an gcinneadh cinniúnach faoin “Bertie Bowl” ar fáil faoi dheireadh 2004. Beidh na cáipéisí a bhaineann le cinneadh an Rialtais faoi chásanna mhí-úsáid ghnéasach na hEaglaise - is é sin, go seasfaidh an stát formhór na gcostas - ar fáil am éigin sa bhliain 2007, nuair is cinnte go mbeidh an scéal seo fós ina ábhar spéise ag an bpobal.

Dar leis an Taoiseach beidh an fhoráil nua seo, má ligtear di teacht i bhfeidhm, ina bac ar dhea-eagrú gnóthaí an Rialtais. Sin an chúis atá aige chun an fhoráil a leasú agus tréimhse ama níos faide ná cúig bliana a thabhairt isteach.

Tuigim dó, go pointe. Ach i dtíortha eile, an tSualainn mar shampla, tig le saoránach ar bith siúl isteach in oifigí an rialtais agus meamraim a bhaineann le cruinnithe rialtais *an lá roimhe sin *a léamh. Nó tig leis dul chuig suíomh gréasáin an rialtais agus an clár oibre a léamh ó chompord a oifige féin.

Smaoinigh air: an lá roimhe. Níl muid ag caint faoi rudaí a tharla cúig bliana ó shin, nó deich mbliana ó shin, ach faoi chinntí an lae inné, agus cibé páipéarachas a bhaineann leis a bheith ar fáil go hoscailte don phobal. Má tharlaíonn sé sna tíortha Lochlannacha, cén fáth nach féidir leis tarlú abhus?

Seanmheon na rúndachta

Nuair a baineadh neamhspleáchas teoranta amach don Saorstát i 1922, glacadh scun scan leis an gcóras riaracháin stáit a bhí ann. Bhí ciall leis sin, ag an am. Bhí an tír ina ceas, agus ní raibh na scileanna riaracháin ann chun tosú as an nua le córas dúchasach dár gcuid féin. Cé is móite de roinnt athruithe - cuireadh brú ar mhúinteoirí an Ghaeilge a fhoghlaim, cuir i gcás - fágadh cúrsaí cuid mhaith faoi mar a bhí faoi réimeas na Sasanach.

Droch-thoradh amháin air sin, ar ndóigh, ná gur fágadh seanmheon na rúndachta in áit, luachanna ón ré Victeoiriach a chabhraigh le daoine coimeádacha greim a fháil ar an gcumhacht agus í a choinneáil ar feadh i bhfad. D’fhág sin a lorg go tréan ar riaradh an stáit ar feadh an chuid is mó den 20ú haois, agus tá an lorg ann go fóill.

argóint theibí é seo nach mbaineann leis an ngnáthdhuine. Cuireann rúndacht an státchórais costaisí ollmhóra orainne, ar go leor bealaí. In áit féachaint le srianta nua a chur ar dhaoine ba chóir don Rialtas scóip an Achta a leathnú - go dtí an Garda Síochána, abair, nó réimsí eile den chóras nach dtagann faoin Acht go fóill.

Tig leat na costaisí díreacha a mheas, nó cuid acu, trí bhreathnú ar líon na mbinsí fiosrúcháin a cuireadh ar bun ó aimsir Hamilton i leith. Bheadh roinnt céadta milliún euro ansin. Ach bíonn costaisí indíreacha ann, chomh maith, nach féidir a mheas chomh héasca sin. Baineann siad lenár stádas mar thír fhorbartha chomhaimseartha atá in ann teacht i dtír ar an réabhlóid chumarsáide chun postanna d’ardchaighdeán a chruthú. Chun é sin a dhéanamh go héifeachtach, ní mór dúinn saol poiblí a chruthú ina dtugtar tús áite don smaoineamh cruthaitheach seachas seanghréasán na gcarad. Ní mór dúinn a bheith in ann teacht ar an eolas chun cinntí an Rialtais a scrúdú go mion, agus páirt ghníomhach a ghlacadh sa daonlathas seo a mbíonn muid chomh bródúil as agus muid ag seanmóireacht faoin Iaráic i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

Ré an eolais a thugtar go minic ar ré seo an idirlín agus an cheamarafóin. Ré an aineolais atá fós i réim i bhfoirgintí an Rialtais, faraor, ré Victeoiriach na rúndachta agus an chogair mhogair. Tá sé thar am an rúndacht seo a scuabadh chun siúil, agus solas a chaitheamh ar chuile chúinne dorcha atá fanta i dtithe an stáit.

Is as Baile Átha Cliath é Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois agus ag obair mar shaoririseoir. Chaith sé seal ag obair mar eagarthóir Gaeilge an Irish Times.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.