Tá Balor in éad le May Mac Ránais, údar bheathaisnéis Íosa Mhic Ghiolla Mháire, ar éirigh leis Saddam a ruaigeadh ó leathanaigh tosaigh an Sunday Dependent.
Tá a fhios ag an saol mór gur féidir rudaí a rá nach bhfuil cead ag daoine a chur i scríbhinn. Tá rialacha agus dlíthe ann a chinneann agus a riarann a leithéid. Dar le saineolaithe na Roinne Éadóchais go bhfuil cead ag muintir Chonamara bheith “ag fáil sean” sa chaint ach go gcaithfidh siad “éirí sean” ar páipéar. Tá cead ag muintir Ghaoth Dobhair “teacht back” i ndiaidh dóibh an teach tábhairne a fhágáil le “graithe” a dhéanamh, ach is “gnó” a dhéanann siad más cúrsaí páipéir a bhíonn i gceist agus ansin bíonn orthu “teacht ar ais”. Bhris bean de bhunadh na Rinne a “caidhncín” nuair a thit sí agus í “ag raidhnce thaidhmpeall”, ach nuair a bhí sí ag scríobh na litreacha gearáin chuig a dlíodóir fuair sí locht ar an cheol damhsa, díreach mar a dhéanann gach aon duine eile.
Fear mór gramadaí é Balor na Súile Nimhe agus na Teanga Binne agus na Gramadaí Cruinne (cé nach bhfuil briathar ar bith san abairt sin!) Tuigeann sé go maith go bhfuil ainmfhocail fhirinscneacha sa Ghaeilge agus ainmhfhocail bhaininscneacha ann (nó inti?) Is iomaí teanga ar domhan a bhfuil foirm neodrach den ainmfhocal inti (nó ann?), ach chan an Ghaeilge. Bhíodh ainmfhocail neodracha sa teanga san am fadó, sular thosaigh eitleáin mhíleata Mheiriceá ag tuirlingt in Aerfort na Sionainne. Chuir sin deireadh leis an neodracht sa scríobh, cé go bhfuil cead é a úsáid sa chaint, go fóill. Ní róshásta a bhí Balor faoin athrú seo ar theanga a shinsear. Léirigh sé a mhíshástacht ag ollchruinniú na Náisiún Aontaithe. Beidh cuimhne ag gach mac máthar ar an tacaíocht a fuair sé ó ionadaithe thíortha uilig an domhain nuair a cheap sé na nathanna cáiliúla: “Tír gan teanga, tír gan ainmfhocal” agus “Tír gan foirm neodrach, tír gan mhagairlí”.
Ós ag caint dúinn ar mhagairlí agus ar a n-uireasa, bhí léirsiú mór i mBaile Átha Cliath ar an mhí seo caite. Chruinnigh na céadta milliún duine isteach go lár na cathrach le héisteacht le Michael Dee Ó Daighdeal Dum agus a chairde ag gearán faoi rud a cheadaigh siad féin nuair a bhí siad in oifig. Tá a fhios ag madaí na sráide cé a bhí ag caint, nó is minic a d’fhulaing muid a mbladar roimhe seo; ach, cé a bhí ag éisteacht? D’fhoghlaim Balor nath úr Béarla agus é ag iarraidh an méid seo a fháil amach. Bhí an nath ag gach tuairisceoir raidió, teilifíse agus nuachtáin - seachas Foinse - agus iad ag trácht ar lucht an léirsithe: “The People of Middle Ireland” a bhí ann! Bhí Balor náirithe. Níor thuig sé go raibh an oiread sin daoine ina gcónaí thart faoi lár na tíre. Bhí a fhios aige go raibh clú agus cáil idirnáisúnta ar Bhaile Átha Luain mar áit bhreithe c’ainm atá air, an t-amhránaí - ní Joe Dolan - an boc eile, an Cúnta - ní Monte Christo, McCormack. Bhí a fhios ag Balor gur thuig Saddam Ó hOisín féin an tábhacht bheartach mhílteata a bhaineann leis an seachbhóthar (An maith leat an ceann sin, a eagarthóir?), agus an Comanchero Grill and Lounge Bar fá lár an bhaile. Ach anois tá clú de shórt eile ar fad ar an cheantar! Seo iad laochra na hÉireann, na daoine atá sásta dúshlán Sheoirse Sceach a thabhairt, agus Chóilín Poll agus Condo Leasing Rice. Nach hiad atá misniúil? Nach cróga? Nach acu atá na magairlí?
Agus ós ag caint dúinn arís ar mhagairlí; lá i ndiaidh an léirsithe bhí príomhleathanaigh na nuachtán Domhnaigh ar fad breac le pictiúir de na léirsithe agus le tuairiscí ar na hagóidí síochánta a eagraíodh ar fud an domhain - gach nuachtán ar chlár na cruinne ach amháin… The Sunday Dependent. Cad é a bhí mar phríomhscéal acu sin??? Inseoidh mé daoibh: May Mac Ránais ag cothú trioblóide idir Íosa Mhic Ghiolla Mháire agus An Seanadóir Navid Doris ar mhaithe lena leabhar úr a dhíol; scéal a bhí chomh mórchúiseach gur dhíbir sé Géarchéim na hIaráice isteach in aice leis na leathanaigh spóirt. Tá May i ndiaidh beathaisnéis Íosa a scríobh agus dar leis go bhfuair sé spléachadh ar na dialanna. Suimiúil! mmmmm! Ba leor sin leis an *Dependo *a chur ar mire. An bhfuil rud ar bith nach ndéanfadh May leis an leabhar úr seo a dhíol?
Tá rún ag Balor dul i dteagmháil le May le ceacht nó dhó a fháil. Ba bhreá leis a ainm féin a fháil ar phríomhleathanach Beo Ar Éigean. Seans ar bith? Ar Éigean! Nach breá an rud é bheith Beo!.